Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
anlacan
ánlacan: a fada i gConamara go hiondúil i bhfocla den tsórt seo go háirid roimh n, nn, r, l, nó ll .i. ceann, meall, leann srl. = adhnlacan
seanchill, reilig: roinnt uaigheanna le chéile: burial plot.
+
Tá anlacan mór ar Chnoc Leitir Caocháin — cineál seanchille; áit a mbeadh daoine curtha ón tseanaimsir
Deir siad gur fathachaí (fathaigh) atá curtha san anlacan atá ann — deirtear (is iondúil deir siad i leaba deirtear i gCois Fharraige agus an fheidhm cheannann chéanna leis)
TUILLEADH (1) ▼
Ná bain leis an anlacan sin nó ní móide gur fearrde thú é — comhairle ar dhuine a raibh sé de rún aige anlacan a chartadh amach