Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
An-talás (an-tlás?)
ampla; sainnt sa saol; uathbhás oibre nó cráidhte indiaidh an airgid, nó uathbhás agus deifir ag ithe (Cois Fharraige).
+
Marach an an-tlás a bheith ann, ní bheadh an oiread sin cuthach oibre air = marach é bheith amplúdhach nó uathbhásach (ch)uig an saoghal, ní bheadh fíbín oibre air mar tá.
Tá'n an-tlás ann ó rugadh é, agus dheamhan mórán dhá shlacht air = tá uathbhás oibre, agus sainnt sa saoghal aige ó rugadh é, agus níor chuir sin tada ann dó i gcosamhlacht.
TUILLEADH (2) ▼
Tá an oiread an-tláis 'san athair, agus nach bhfuil goir ag an gclainn, forus ná suaimhneas a dhéanamh.
Bhí an antlás 'san athair agus níor fhága an mac slis ná dual di in a dhiaidh = tá an mac amhla freisin.
+
An-tlás ar fad é = tá sé an-amplúdhach amach 's amach.
Níl a leithide (a mhacsamhail) faoi'n mbogha bán le an-tlás = níl duine faoi'n saoghal chomh h-amplúdhach leis.
TUILLEADH (3) ▼
D'imthigh an diabhal ar an an-tlás céadna. Níl duine dhá ngéilleann di, nach duine réidh é (féach imthigh) = níl aon-duine dhá mbíonn an iomarca sainnte nó ampla a' siubhal leis, nach marbhuigheann é fhéin le obair ag iarraidh airgid a dhéanamh.
Tá sé ar an an-tlás céadna ariamh, agus céard tá dhá bharr aige = tá'n tsainnt ann ó rugadh é, agus ní dhearna sí aon-cheo a chuir ann dó.
Fagh thusa fear an-tláis in a chomhnuidhe = ní leigeann an fear sanntach aon-scíth.
·
A ghiolla an an-tláis! = sin é thiubhar(f)aí ar dhuine a bheadh ampludhach nó sanntach.
Sin é féin giolla an an-tláis = déarfaí le duine ampludhach é nuair a thrácht(f)aí air.
+
Mara n-eirighe feamuinn leis, ní cheal an-tláis é = mara bhfagha sé feamuinn, ní d'uireasbha ampla é.
Dhá mhéad an-tláis é, is beag í 'chuid éadála = duine a bheadh an-ampludhach, agus nach n-eireochadh mórán ailpe leis, in a dhiaidh sin.
TUILLEADH (5) ▼
Dhá laghad an-tláis é, tá'n saoghal a' féithiú leis = níl sé ampludhach ná sanntach ná uathbhásach ag obair, agus aindeoin sin, tá'n oiread aige le duine a bheadh.
Mara bhfagha mé mo ghreím (greím adeirtear i gConamara — greim Achréidh) d'uireasbha an-tláis, níl mé dhá iarra(idh) = mara n-eirighe liom mo bheatha a shaothrú gan a bheith ro-ampludhach, níl mé ag iarra(idh) í 'shaothrú.
Dhá mhéad dhá bhfuighe sé, is amhla is mó an-tlás é.
Dhá mhéad an-tláis é, is furasta cur (ch)uige anois = dhá ampludhaighe dhá bhfuil sé, tá sé sáthach craithte anois (is beag atá sé indon a dhéanamh).
Is beag an-tlás é, a Thighearna = níl sé ampludhach ná sanntach.
+
Marach a chuid an-tláis, ní bheadh an súnás (saobhnós?) sin air i gcomhnuidhe (súnás = fonn, fíbín nó teasbach oibre; a bheith luaithneach nó ag imtheacht go corr-mhéineamhail le broid oibre)
Marach a chuid an-tláis, ní bheadh sé ar an táirm chéadna ó mhaidin go faoithin agus ó Luan go Satharn = marach é bheith fíor-shanntach, ní bheadh sé ag obair síorruidhe.
TUILLEADH (10) ▼
Th'éis (thar éis) a chuid an-tláis, ní bhfuighe sé ach leithead a dhroma sa deire = gheobha sé bás ar ball agus ní bheidh dhe mhaoin a' tsaoghail aige, ach an uaigh (th'éis — Cois Fhairrge. thréis — Iarthar Chonamara, ach cloistear 'réis in áiteachaí in Iarthair Chonamara — Rosmuc. Tá léisag daoine i gCois-Fhairrge agus in áiteachaí ar fud Chonamara. Tá théise an-choitcheannta i gCamus, Rosmuc agus siar Iorrus-Aithneach)
Is gearr (is beag) an (de) lón dhó, an an-tlás ar an lá deireannach = ní dhéanfa a chuid ampla mórán maitheasa dhó lá a bháis.
Tá a chuid an-tláis ar iarraidh anois = déarfaidhe é le duine a bhí an-uathbhásach ag obair ariamh, agus a bhí buailte suas anois agus gan meas mór ag aon-duine go srianfadh sé thríd.
Is suarach í 'ailp anois th'éis a chuid an-tláis = duine ag iarraidh dul fheamuinne 'alpughadh fré chéile dhó fhéin, agus nuair a chuaidh an baile uilig in a h-éadan ba bheag é a chuid de.
Is mó atá a chuid an-tláis a mhilleadh ná a leasú faoi = is mó atá an tsainnt a chuir as ná a chuir ann dó; déarfaí le duine, cuirim i gcás, a bheadh chomh h-uathbhásach nó chomh sanntach ag obair, agus go rithfeadh sé uirre maolscríobach agus nach dtiubharfadh sé leath-dheanamh uirre; nó duine a bheadh ag iarraidh na pighne is aoirde ar mhargadh, agus go gcinnfeadh air díol beag ná mór dhá bharr sin.
Bheadh a dhá oiread bráigíll air, marach a chuid an-tláis féin = bheadh a dhá oiread saidhbhris aige tharus mar tá aige, marach é bheith ro-amplúdhach (tharus = farrus.)
Ní mórán is fearrde é a chuid an-tláis = níl aon-sochar dhá bhárr aige, dhá ampludhaighe é.
Ní donaide é a chuid an-tláis; is fearrde é a chuid an-tláis
Is mór an t-íongnadh gur leig a chuid an-tláis dó, an ruaig tinnis sin a leigean thairis = duine ampludhach a mb'éigin dó fuireacht istigh le tinneas.
Go mbadh leis fhéin uainne a chuid an-tláis! = bhíodhadh a' cainnt faoi dhuine a bhí an-sanntach agus an-amplúdhach agus dubhradh seo as greann, le tabhairt i gceist nar iarr an comhluadar a bhí i láthair, a bheith sanntach ná uathbhásach (ch)uig an obair.
+
Ní leigfeadh an t-an-tlás dó, suidhe síos go gcaitheadh sé a phíopa.
Sé'n t-an-tlás a thug talamh dó = marach a chuid ampla agus sainnte ní bheadh sé caillte agus curtha anois; mharbhuigh sé é féin ag obair le teann ampla.
TUILLEADH (13) ▼
Sé'n t-an-tlás a chuir faoi'n gcréafóig fiche bliadhain roimh an am é.
Má dhéanann an-tlás dó é, beidh airgead aige
Níl ann ach na cheithre eite, agus sin an-tlás a rinne an méid sin dó = níl ann ach go bhfuil sé indiaidh 'chéile agus marach sainnt sa saoghal, agus neart uathbháis, ní bheadh sé amhla.
'Sí'n an-tlás a d'fhága ar bhruach na h-uaighe é.
Má thugann an-tlás go Flaithis é, tiocfa sé ann ar chosa-bacóide (ar leath-chois, a' sodarnaighil, in a shean-rith) = duine a bheadh an-ampludhach, d'fhéadfaidhe seo a rádh faoi.
D'fhága an an-tlás a séala air = duine a bheadh buailte suas, lagtha nó tabhartha, de bhárr oibre, agus luadhainne.
Ní obair (n)ach an-tlás a rinne dhó é = dubhradh faoi dhuine a raibh a sháith 'mhaoin an tsaoghail aige; b'ait leis an gcainnteoir a chuir i gcéill, nach le obair a chuir sé idtoll a chéile í, ach le obair agus sainnt i dteannta 'chéile.
Ní bheidh sé uaidh, má fhaghann an-tlás dhó é = ní bheidh sé dhá uireasbha, má dhéanann sainnt dó é.
Dhá mbeadh sé a' séideadh sneachta séidthe, ní leigfeadh an-tlás dó eirigh as obair.
Fágfa an an-tlás céadna cnead sa ngoile aige; fágfa an an-tlás céadna fead sa ngoile aige = buailfidhear suas é, de bharr sainnte.
Sí an an-tlás a thiubhras giorrachan saoil dó = marbhócha a chuid ampla é.
'Siad na guiríní sin an an-tlás atá a' briseadh amach thríd = duine ampludhach, a raibh guiríní air.
Dhá mbeadh an tsíon seach' n-uaire díos (níos) géire, ní leigfeadh an an-tlás dó siúd, fanacht istigh = dhá mbeadh an lá seach(t) n-uaire níos measa ná tá sé, bheadh sé ag obair le neart sainnte.
+
As corp an-tláis (le teann antláis, le neart an-tláis etc) a chuaidh sé ar an bportach leithide an lae indiu = marach uathbhás oibre a bheith air, ní thiocfadh sé 'na phortaigh lá chomh mór (chomh deannachtach) leis an lá indiu.
Ní scuireann sé (d'obair) go mbíonn an ghrian uair i dtalamh, le neart an-tláis.
TUILLEADH (7) ▼
Ní túisce a gheobhfas sé lá, ná bheidheas sé amuigh in éadan na láighe, le teann an-tláis = ní túisce a dhéanfas sé lá, ná bheidheas sé amuigh ag rómhar nó ag cur, le neart ampla agus sainnt sa saoghal.}}
Tá teas an aithinne ann (ina thóin) le neart an-tláis = bíonn fíbín air a' dul ag obair le teann ampla agus sainnte.
Is ar íodhain ar éigin a bheannóchadh sé sa mbóthar duit le neart an-tláis agus uathbhás oibre.
Ní leigfeadh sé an Domhnach fhéin thairis le teann an-tláis = bhí sé ag obair ar an Domhnach le neart sainnte.
Ní leigfeadh sé múr thairis le teann an-tláis = ní rachadh sé ar fascadh ó mhúr báistighe, le teann sainnt' oibre.
Ní rug an ghrian ariamh in a leaba air, le teann an-tláis = bhíodh sé igcomhnuidhe ina shuidhe roimh ghréin le sainnt.
D'fhliuch sé é féin go corrógaí indiaidh na feamuinne, le cuthach an-tláis.
+
Ní thóigeann sé a cheann chor a' bith le an-tlás = bíonn sé ag obair i gcomhnuidhe.
Tá'n míádh corónta (crúnta adeirtear) air le an-tlás
TUILLEADH (7) ▼
Ní fhágfadh sé deoir alluis ionnad le an-tlás = mharbhóchadh sé thú dhá mbeitheá ag obair aige.
Tá allus a chuirp tugtha aige, le an-tlás = tá sé marbhuighthe ag obair, a' bailiú stóir.
Ní bheidh am aige na Flaithis a shaothrú, le na bhfuil sé ag iarraidh a shaothrú le an-tlás = cinnfe air lón a dhéanamh dá anam, de bharr a dhéine agus a oibrigheas sé le lón a dhéanamh do'n saoghal seo.
Ní thagann iabh air, ach ag obair ó mhaidin go faoithin le an-tlás.
Le an-tlás a thug sé an tuairt sin air fhéin = dhá dteigheadh duine 'na phortaigh nó 'na chladaigh, nó dhá dtugadh sé aistear fada air fhéin lá mór, déarfaí seo.
Ní fhanfadh sé leis an splainnc a thóigeál (thógáil) de do chois le an-tlás.
Má tá deifridheacht eatorra(b) is measa an mac le an-tlás ná'n t-athair
·
Tá cruit air ag an an-tlás = tá a dhruim cromtha (crúmta adeirtear i gConamara) ag uathbhás oibre.
Tá sé thíos sa talamh ag an an-tlás = tá sé snuighte caithte, tabhartha de bharr an-tláis.

Féach freisin