antlás
—
ampla; saint sa saol; uafás oibre nó cráite i ndiaidh an airgid, nó uafás agus deifir ag ithe (Cois Fharraige).
+–
Murach an antlás a bheith ann, ní bheadh an oiread sin cuthach oibre air — murach é bheith amplúch nó uafásach chuig an saol, ní bheadh fíbín oibre air mar atá
Tá an antlás ann ó rugadh é agus dheamhan mórán dhá shlacht air — tá uafás oibre agus saint sa saol aige ó rugadh é, agus níor chuir sin tada ann dó i gcosúlacht
TUILLEADH (2) ▼
Tá an oiread antláis san athair agus nach bhfuil gair ag an gclainn foras ná suaimhneas a dhéanamh.
Bhí an antlás san athair agus níor fhága an mac slis ná dual di ina dhiaidh — tá an mac amhlaidh freisin
+–
Antlás ar fad é — tá sé an-amplúch amach is amach
Níl a leithide (a mhacasamhail) faoin mbogha bán le antlás — níl duine faoin saol chomh hamplúch leis
TUILLEADH (3) ▼
D'imigh an diabhal ar an antlás céanna. Níl duine dhá ngéilleann di nach duine réidh é (fc. imigh) — níl aon duine dhá mbíonn an iomarca sainte nó ampla ag siúl leis nach maraíonn é fhéin le obair ag iarraidh airgid a dhéanamh.
Tá sé ar an antlás céanna ariamh, agus céard atá dhá bharr aige — tá an tsaint ann ó rugadh é agus ní dhearna sí aon cheo a chur ann dó
Faigh thusa fear antláis ina chónaí — ní ligeann an fear santach aon scíth
·
A ghiolla an antláis! — sin é thabharfaí ar dhuine a bheadh amplúch nó santach
Sin é féin giolla an antláis — déarfaí le duine amplúch é nuair a thráchtfaí air
+–
Mura n-éirí feamainn leis, ní cheal antláis é — mura bhfaighe sé feamainn, ní d'uireasa ampla é
Dhá mhéad antláis é, is beag í a chuid éadála — duine a bheadh an-amplúch agus nach n-éireodh mórán ailpe leis ina dhiaidh sin
TUILLEADH (5) ▼
Dhá laghad antláis é, tá an saol ag féithiú leis — níl sé amplúch ná santach ná uafásach ag obair, agus ainneoin sin, tá an oiread aige le duine a bheadh
Mura bhfaighe mé mo ghreim (greím adeirtear i gConamara — greim Achréidh) d'uireasa antláis, níl mé dhá iarraidh — mura n-éirí liom mo bheatha a shaothrú gan a bheith ró-amplúch, níl mé ag iarraidh í a shaothrú.
Dhá mhéad dhá bhfaighidh sé, is amhlaidh is mó antlás é.
Dhá mhéad antláis é, is furasta cur chuige anois — dhá amplúiche dhá bhfuil sé, tá sé sách croite anois (is beag atá sé in ann a dhéanamh)
Is beag antlás é, a Thiarna — níl sé amplúch ná santach
+–
Murach a chuid antláis, ní bheadh an súnás (saobhnós) sin air i gcónaí (súnás = fonn, fíbín, nó teaspach oibre; a bheith luaineach nó ag imeacht go corrmhéiniúil le broid oibre)
Murach a chuid antláis, ní bheadh sé ar an táirm chéanna ó mhaidin go faoithin agus ó Luan go Satharn — murach é bheith fíorshantach, ní bheadh sé ag obair síoraí.
TUILLEADH (10) ▼
Théis (thar éis) a chuid antláis, ní bhfaighidh sé ach leithead a dhroma sa deireadh — gheobhaidh sé bás ar ball agus ní bheidh dhe mhaoin an tsaoil aige ach an uaigh (théis — Cois Fharraige; thréis — Iarthar Chonamara, ach cloistear 'réis in áiteachaí in iarthar Chonamara — Ros Muc. Tá léis ag daoine i gCois Fharraige agus in áiteachaí ar fud Chonamara. Tá théise an-choitianta i gCamas, Ros Muc agus siar Iorras Aithneach)
Is gearr (is beag) an (de) lón dhó an antlás ar an lá deireanach — ní dhéanfaidh a chuid ampla mórán maitheasa dhó lá a bháis.
Tá a chuid antláis ar iarraidh anois — déarfaí é le duine a bhí an-uafásach ag obair ariamh agus a bhí buailte suas anois agus gan meas mór ag aon duine go srianfadh sé thríd.
Is suarach í a ailp anois, théis a chuid antláis — duine ag iarraidh dol fheamainne a alpú fré chéile dhó fhéin agus nuair a chuaigh an baile uilig ina héadan, ba bheag é a chuid de.
Is mó atá a chuid antláis a mhilleadh ná a leasú faoi — is mó atá an tsaint a chur as ná a chur ann dó; déarfaí le duine, cuirim i gcás, a bheadh chomh huafásach nó chomh santach ag obair agus go rithfeadh sé uirthi maolscríobach agus nach dtabharfadh sé leathdhéanamh uirthi; nó duine a bheadh ag iarraidh na pínne is airde ar mhargadh, agus go gcinnfeadh air díol beag ná mór dhá bharr sin.
Bheadh a dhá oiread brá gill air murach a chuid antláis féin — bheadh a dhá oiread saibhris aige tharas mar atá aige, murach é bheith ró-amplúch
Ní mórán is fearrde é a chuid antláis — níl aon sochar dhá bharr aige, dhá amplúiche é.
Ní donaide é a chuid antláis; is fearrde é a chuid antláis
Is mór an t-ionadh gur lig a chuid antláis dó an ruaig tinnis sin a ligean thairis — duine amplúch a mb'éigean dó fuireacht istigh le tinneas
Go mba leis fhéin uainne a chuid antláis! — bhíadh ag caint faoi dhuine a bhí an-santach agus an-amplúch agus dúradh seo as greann le tabhairt i gceist nár iarr an comhluadar a bhí i láthair a bheith santach ná uafásach chuig an obair.
+–
Ní ligfeadh an t-antlás dó suí síos go gcaitheadh sé a phíopa.
'Sé an t-antlás a thug talamh dó — murach a chuid ampla agus sainte, ní bheadh sé caillte agus curtha anois; mharaigh sé é féin ag obair le teann ampla
TUILLEADH (13) ▼
'Sé an t-antlás a chuir faoin gcréafóig fiche bliain roimh an am é.
Má dhéanann antlás dó é, beidh airgead aige
Níl ann ach na cheithre eite, agus sin antlás a rinne an méid sin dó — níl ann ach go bhfuil sé i ndiaidh a chéile agus murach saint sa saol, agus neart uafáis, ní bheadh sé amhlaidh.
'Sí an antlás a d'fhága ar bhruach na huaighe é.
Má thugann antlás go flaithis é, tiocfaidh sé ann ar chosa bacóide (ar leathchois, ag sodarnaíl, ina sheanrith) — duine a bheadh an-amplúch, d'fhéadfaí seo a rá faoi.
D'fhága an antlás a séala air — duine a bheadh buailte suas, lagtha, nó tabhartha de bharr oibre agus luaine
Ní obair (n)ach antlás a rinne dhó é — dúradh faoi dhuine a raibh a sháith de mhaoin an tsaoil aige; b'ait leis an gcainteoir a chur i gcéill nach le obair a chuir sé i dtoll a chéile í ach le obair agus saint i dteannta a chéile.
Ní bheidh sé uaidh má fhaigheann antlás dhó é — ní bheidh sé dhá uireasa má dhéanann saint dó é
Dhá mbeadh sé ag séideadh sneachta séidte, ní ligfeadh antlás dó éirí as obair
Fágfaidh an antlás céanna cnead sa ngoile aige; fágfaidh an antlás céanna fead sa ngoile aige — buailfear suas é de bharr sainte
'Sí an antlás a thabharfas giorrachan saoil dó — maróidh a chuid ampla é
'Siad na goiríní sin an antlás atá ag briseadh amach thríd — duine amplúch a raibh goiríní air
Dhá mbeadh an tsíon seacht n-uaire díos (níos) géire, ní ligfeadh an antlás dó siúd fanacht istigh — dhá mbeadh an lá seacht n-uaire níos measa ná atá sé, bheadh sé ag obair le neart sainte
+–
As corp antláis (le teann antláis, le neart antláis, srl.) a chuaigh sé ar an bportach leithide an lae inniu — marach uafás oibre a bheith air, ní thiocfadh sé 'na phortaigh lá chomh mór (chomh deannachtach) leis an lá inniu
Ní scoireann sé (d'obair) go mbíonn an ghrian uair i dtalamh le neart antláis.
TUILLEADH (7) ▼
Ní túisce a gheobhas sé lá ná a bheas sé amuigh in éadan na láí le teann antláis — ní túisce a dhéanfas sé lá ná bheas sé amuigh ag rómhar nó ag cur le neart ampla agus saint sa saol.
Tá teas an aithinne ann (ina thóin) le neart antláis — bíonn fíbín air ag dul ag obair le teann ampla agus sainte
Is ar inn ar éigean a bheannódh sé sa mbóthar duit le neart antláis agus uafás oibre.
Ní ligfeadh sé an Domhnach fhéin thairis le teann antláis — bhí sé ag obair ar an Domhnach le neart sainte
Ní ligfeadh sé múr thairis le teann antláis — ní rachadh sé ar foscadh ó mhúr báistí le teann sainte oibre
Ní rug an ghrian ariamh ina leaba air le teann antláis — bhíodh sé i gcónaí ina shuí roimh ghréin le saint
D'fhliuch sé é féin go corrógaí i ndiaidh na feamainne le cuthach antláis.
+–
Ní thógann sé a cheann chor ar bith le antlás — bíonn sé ag obair i gcónaí
Tá an mí-ádh corónta (crúnta adeirtear) air le antlás
TUILLEADH (7) ▼
Ní fhágfadh sé deoir allais ionat le antlás — mharódh sé thú dhá mbeifeá ag obair aige
Tá allas a choirp tugtha aige le antlás — tá sé maraithe ag obair, ag bailiú stóir
Ní bheidh am aige na flaithis a shaothrú lena bhfuil sé ag iarraidh a shaothrú le antlás — cinnfidh air lón a dhéanamh dá anam de bharr a dhéine agus a oibríos sé le lón a dhéanamh don saol seo
Ní thagann iamh air ach ag obair ó mhaidin go faoithin le antlás.
Le antlás a thug sé an tuairt sin air fhéin — dhá dtéadh duine 'na phortaigh nó 'na chladaigh, nó dhá dtugadh sé aistear fada air fhéin lá mór, déarfaí seo
Ní fhanfadh sé leis an splainc a thógáil de do chois le antlás.
Má tá difríocht eatarthub, is measa an mac le antlás ná an t-athair
·
Tá cruit air ag an antlás — tá a dhroim cromtha (crúmta adeirtear i gConamara) ag uafás oibre
Tá sé thíos sa talamh ag an antlás — tá sé snoite caite tabhartha de bharr antláis
Féach freisin
→
imigh
antlás in iontrálacha eile (6)
→
aiféala
Fágfaidh a chuid antláis in aiféala é, ó fhada go dtí é — tabharfaidh a chuid ampla nó a chuid sainte giorrachain saoil nó mhísláinte dhó, ainneoin gur fada atá sé ag rith leis (déarfaí seo le duine a mbeadh súnás air an drochlá nó a bheadh amuigh deireanach i ndiaidh feamainne, nó a shamhail)
→
dó 1
Fataí dó gréineacha (fataí dó gréine) a bhí ag an gceann céanna chuile lá ariamh mar nach ligfeadh a chuid antláis dó caitheamh leo agus a bhfódú agus a lánú mar is ceart