An-shóighteach
1.
priaclach, imnidheach. (Ní bhíonn ciall ocrach leis mar aidiacht igConamara). (Féach "imnidhe").
a.
+–
'Sí bhí an-shóighteach go dtáinic sé = bhí sí priaclach, imnidheach.
Ní fhaca mé aon-dhuine ariamh a bhí chomh h-imnidheach an-shóighteach léithe.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sí an-an-shóighteach agus gan fhios cé'n fáth.
b.
·
Is diabhaltaidhe an-shóighteach í, scáth an t-achar atá sé amuigh.
2.
casaoideach, fuasaoideach.
+–
Tá tú dubh-an-shóighteach chuile oidhche sa mbliadhain = déarfaí le páiste é 'mbeadh sé 'cínnt ort a bhréagadh agus a' bheadh a' fuasaoid tinnis a's donachta.
Tá sí an-shóighteach mar sin chuile lá ariamh
TUILLEADH (9) ▼
Neart peatuidheachta atá air. Marach gurab eadh, ní bheadh sé chomh h-anshóighteach a's tá sé (páiste a bhíos a' gol a's a' casaoid)
Ní bheadh sé chomh h-anshóighteach sin, deirimse leat, dá roínntí an tslat leis = dhá dtugtaí an tslat dó, (dhá mbuailtí é) d'eireochadh sé as a' gcantal a's as a' bpeatuidheacht.
Nach beag a' luath agad a bheith chomh h-anshóighteach sin 'chuile uair eile. Ní thiocfa táirm a' bith ort go dtaga duine isteach = is beag a' baoghal a bheith ar an amhlóireacht sin nuair a bhío(nn)s a' teach fúinn féin againn. Ní thoiseocha tú i gceart go dteaga duine eicínt isteach.
Dhá mbeadh gasúr chomh h-anshóighteach sin agamsa, bheadh scéal aige air = dhá mbeadh duine de mo chlainn-sa cantalach drisíneach mar sin, mhúinfinnse é (bheadh rud ar a shon aige; gheobhadh sé rud ar a shon; gheobhadh sé luach a chuid cantail; roínn(f)í an tslat leis etc).
Ní chloisfeá méir igcluais aige, bhí sé chomh h-anshóighteach sin
Níl aon-lá ariamh nach bhfuil sí an-shóighteach, agus is beag a' clóic atá uirre in a dheidh sin = bíonn sí fuasaoid i gcomhnuidhe ariamh, agus is maith an mhaise dhi é, ina dheidh sin.
Dhá mbeadh sí chomh h-anshóighteach sin agamsa, a chead sin a bheith aice = ní thiubhrainn aon-áird ar a cuid casaoide.
Tá mé reicithe aige, tá sé chomh h-anshóighteach sin (déarfadh máthair le páiste é; tá mé shíos sa talamh aige, tá sé chomh casaoideach sin).
Níl sé chomh h-an-shóighteach le na leigean amach = níl sé chomh dona agus a leigea(nn)s sé air fhéin.
Féach freisin
→
imní