Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
anóiteach
1.
priaclach, imníoch. Ní bhíonn ciall ocrach leis mar aidiacht i gConamara. fc. imní.
a.
+
'Sí a bhí anóiteach go dtáinig sé — bhí sí priaclach imníoch
Ní fhaca mé aon dhuine ariamh a bhí chomh himníoch anóiteach léithe.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sí an-anóiteach agus gan fhios cén fáth
b.
·
Is diabhaltaí anóiteach í, scáth an t-achar atá sé amuigh
2.
casaoideach, fuasaoideach.
+
Tá tú dubh-anóiteach chuile oíche sa mbliain — déarfaí le páiste é a mbeadh sé ag cinnt ort a bhréagadh agus a bheadh ag fuasaoid tinnis agus donachta
Tá sí anóiteach mar sin chuile lá ariamh
TUILLEADH (9) ▼
Neart peataíochta atá air. Murach gurb ea, ní bheadh sé chomh hanóiteach agus atá sé (páiste a bhíos ag gol agus ag casaoid)
Ní bheadh sé chomh hanóiteach sin, deirimse leat, dá roinntí an tslat leis — dhá dtugtaí an tslat dó (dhá mbuailtí é), d'éireodh sé as an gcantal agus as an bpeataíocht
Nach beag an lua agat a bheith chomh hanóiteach sin chuile uair eile. Ní thiocfaidh táirm ar bith ort go dtaga duine isteach — is beag an baol a bheith ar an abhlóireacht sin nuair a bhíonns an teach fúinn féin againn. Ní thosóidh tú i gceart go dteaga duine eicínt isteach.
Dhá mbeadh gasúr chomh hanóiteach sin agamsa, bheadh scéal aige air — dhá mbeadh duine de mo chlainnse cantalach drisíneach mar sin, mhúinfinnse é. Bheadh rud ar a shon aige; gheobhadh sé rud ar a shon; gheobhadh sé luach a chuid cantail; roinnfí an tslat leis srl.
Ní chloisfeá méir i gcluais aige, bhí sé chomh hanóiteach sin
Níl aon lá ariamh nach bhfuil sí anóiteach agus is beag an clóic atá uirthi ina dhiaidh sin — bíonn sí ag fuasaoid i gcónaí ariamh agus is maith an mhaise dhi é ina dhiaidh sin
Dhá mbeadh sí chomh hanóiteach sin agamsa, a chead sin a bheith aici — ní thabharfainn aon aird ar a cuid casaoide
Tá mé reicthe aige, tá sé chomh hanóiteach sin (déarfadh máthair le páiste é; tá mé thíos sa talamh aige, tá sé chomh casaoideach sin)
Níl sé chomh hanóiteach lena ligean amach — níl sé chomh dona is a ligeanns sé air fhéin

Féach freisin

anóiteach in iontrálacha eile (5)

 
Ach meas tú cén chaoi a maireann a bhfuil ag iarraidh a gcodach i nGaillimh chor ar bith? Tá an baile mór foirgthe anois. Foirgthe ceart. Ní ghabhfá dhá choisméig nach mbeadh duine ag dilleoireacht ort. Agus iad chomh spleách chomh anóiteach! Sea agus cuid acu beathaithe bláfar! Ar ndóigh is den tsonas an achainí, ach den donas a bheith dhá freagairt. M'anam an té a thabharfadh aird orthu siúd gur ghearr gurb é mála na déirce a bheadh air fhéin!
 
Is tú atá imníoch anóiteach — priaclach, corrmhéiniúil; má tá údar ar bith casaoide agat, ní baol nach gcuirfidh tú i gcos ard é; ní bheidh béal marbh ort má tá aon cheo ag goilliúint ort. Deirtear an leagan seo go minic le páistí a bhíos ag síorghlámhóid má bhíonn anó ar bith orthu, cuirim i gcás oiread dhá laghad tinnis nó ocrais
 
Murach go bhfuil láimh isteach eicínt acub le Sasana, ní bheidís chomh hanóiteach fúithi agus atá siad — murach go bhfuil siad i gcomhar le Sasana, ní chuirfeadh sí an oiread imní orthub
 
Is beag an fhulaingt atá aici. Mura dteagadh ach éasc beo ina cois, bheadh sí chomh hanóiteach agus dhá mba ag saothrú báis a bheadh sí
 
Ní cás dó é má tá sé ar a sheanléim aríst. Tá sé luath láidir bail ó Dhia agus ó Mhuire air, agus ní bhfaigheadh sé tolgán ar bith i rud fánach den tsórt sin. Ach diabhal mé an aos óg féin go gcaitheann siad deachma na sláinte a íoc freisin, chomh maith le seanriadairí mar mé féin arb é mo chrann é feasta choíchin a bheith anóiteach. Dheamhan a fhios agamsa nach goilliúnaí aríst an óige ar an saol seo ná na seandaoine