imní
—ím-rí, Conamara; im-rí, Achréidh
—
cineál scátha nó faitís gur tharlaigh nó go dtarlóidh nithe áiride nárbh ait leat tarlachtáil.
+–
Bhí imní uirthi agus is aici a bhí údar
Ná bíodh imní ar bith ort faoi, ní bhainfidh duine ar bith leis
TUILLEADH (31) ▼
Bhí lán a cruite d'imní uirthi gurb é a mharú ar an mbóthar a déanfaí
Tá ár gceart imní orainn agus gan tusa a bheith ag cur tuillidh orainn — duine a dhéanfadh nó adéarfadh rud eicín leis an imní a mhéadú
I dteannta gach is a raibh d'imní air, chuir fear an phosta tuilleadh air
Is bocht an rud í an imní, go bhfóire Dia orainn — fágann an imní duine in ainriocht
Dheamhan imní ormsa ná cuid d'imní
Dheamhan a dhath ariamh imní a bheadh air sin dhá dtiteadh an t-aer
Is aoibhinn don té nach mbíonn aon imní air
Nach aoibhinn duit nach gcuirfeadh tada imní ort
Síle: Shílfeá go bhfuil imní eicínt ort anocht; Siobhán: Nach bocht dhom sin agus Seán gan a theacht fós
Nach bocht dom imní a bheith orm agus nár facthas aon amharc i mbealach ná i ndearmad le dhá lá air — is suarach an t-ionadh go bhfuil imní orm
Imní orm nó dhíom, is beag an mhaith dhom thusa anois
Tá mo sháith imní orm agus ceart agam air — tá mo dhíol imní orm agus a údar agam
Dhá mba imní a bheadh uirthi, ní ag imeacht le teaspach ar fud na tíre a bheadh sí
Tabhair an leabhar go raibh imní ormsa aréir
Nóirín: Céard atá ort a mhama; Mama: Tá an imní, ní ceasacht ar Dhia, agus ní measa rud eile
'Sí an imní an galra is measa a bhí ar aon duine ariamh
Bhí sí ag ligint imní uirthi fhéin
Shílfeá mura mbeadh aithne agat uirthi gur uirthi a bhí imní an domhain — bhí sí ag ligean imní uirthi, mar dhóigh dhe
Níl a dhath imní ó Dhia anuas air! (ó neamh; dhá bhfaca tú ariamh, srl.)
Má bhí imní air, níor lig sé sin chugamsa (liomsa) — má bhí imní air, ní raibh gotha air ná níor dhúirt sé tada liomsa faoi
Nuair a chuala sé an méid sin chuir sé farasbarr imní air i dteannta a raibh air cheana — tuilleadh
Is beag aici siúd imní orainn nó dhínn — ní miste léithe má bhíonn imní orainn nó nach mbíonn
Ní beag a bhfuil imní orthu agus gan imní a bheith orainne — tá imní ar cuid mhaith daoine agus ní ceart dúinne a bheith ag cur tuillidh leo
Is beag an dochar dhom imní a bheith orm agus nach bhfuil a fhios agam an beo marbh é — ní hionadh ar bith imní a bheith orm agus gan fhios agam nach marbh atá sé
Más cúrsaí imní é, tá sé chomh córa dhúinn uilig imní a bheith orainn leatsa — más rud é go bhfuil imní ortsa, ba cheart go mbeadh imní ar an gcuid eile againn chomh maith {{(le foighid a chur i nduine, nó lena chuid imní a mharú, deirtear é — deirtear ar bheagán sásaimh é freisin)
Más in é an scéal é, is suarach an t-ionadh dhuit imní a bheith ort — má tá an scéal mar adeir tú, ní hionadh ar bith go bhfuil imní ort
Is mairg dhomsa a mbeadh imní orm, scáth a raibh d'imní ar a bhean fhéin — is mór an díth chéille dhomsa a bheith in imní faoi, agus gan imní ar bith ar éigean ar a bhean
Cén imní sin ort a dhuine? — níl call imní ar bith dhuit
Tá imní an mhí-áidh air — an-imní
Deirimse imní leat a dhuine! Siúd í a bhfuil imní uirthi! — tá an-imní críochnaithe uirthi
Sin í an imní eile atá uirthi sin! — ag ligean uirthi atá sí, níl imní ar bith uirthi
+–
Faraor gan mo chuid imní ort
Mo chuid imní ort! (sórt eascaine)
TUILLEADH (1) ▼
Liam: Tá imní orm!; Nóra: Imní as ort! (sórt eascaine; ná raibh an rath ort féin ná ar do chuid imní; níl call imní dhuit)
+–
Tá imní uirthi faoina fhad is atá Seán amuigh
Pádraic: Chinn orm an t-asal a fháil; An Mháthair: Ní hé t'asal is measa liom, ach an imní atá orm faoi Sheán nach dtáinig abhaile fós.
TUILLEADH (4) ▼
Is mairg a mbeadh imní air fút — níor chóir do dhuine imní a bheith air fút mar níor bhaol duit, nó má ba bhaol, níorbh fhiú an imní thú
Ní fiú a leathoiread sin imní a bheith ort faoi rud fánach mar sin
Ná bíodh imní ar bith ort faoi. Cuir ceirín den dearmad leis — ná cuimhnigh chor ar bith air
Nach beag an lua aige aon imní a bheith air faoin gcapall (fc. luath)
+–
Ní bhíonn an imní gan a hanó fhéin — nuair a bhíos imní ar dhuine, ní bhíonn sé ar a chóir féin: ní fhéadann sé tada a dhéanamh, beatha a chaitheamh agus dá réir sin
Ní imní gan údar í — tá imní orm agus fáth maith agam leis
TUILLEADH (21) ▼
Ní imní gan ábhar atá agam — tá údar le mo chuid imní
Níl call imní ar bith dhuit. Tiocfaidh sé fós anocht — níl aon chruóg duit a bheith priaclach mar tiocfaidh sé uair eicínt anocht
Níl call ar bith imní dhuit
Níl aon chruóg imní dhuit
Caith thart (dhíot) an imní
'Sí an imní chéanna a liath mo cheann fiche bliain roimh an am
Is olc an earra (an eallach, an éadáil) í an imní chéanna.
Is bocht an éadáil í mar imní
Caith thart í mar imní
Ní mórán somhaoine do dhuine imní — ní dhéanann sé aon mhaith don duine fhéin ná d'údar a chuid imní
Bheadh ciall imní, ach bhí sí i gcruth titim as a seasamh leis an mbail a bhí uirthi
Ná raibh an séan ar an imní céanna, ní mó ná beo mé aici (Íochtar Chonamara)
Is breá a thagas an imní di — nuair a bhíos imní uirthi, tá sí in ann í a ligean lena hais agus cuireann sí barr dathúlachta uirthi, nó tugann sí farasbarr siúil di nó saghdann sí tréith cáilíocht eicín den tsórt sin a bhaineas léithe. Le greann is iondúla adeirtear an leagan seo, agus go háirid, má tá galamaisíocht, floscaí, áibhéil nó cuid suntais ag gabháil le imní an té a bheadh i gceist. Ní bhíonn ann ach go ligeann an duine imní air fhéin
Níor mharaigh an imní ariamh é (fc. maraigh) — ní mórán imní a chuirfeadh rud ar bith air; is beag aige an imní
Ní ligfeadh an imní dó corraí amach — ní rachadh sé amach as an teach le teann imní (fc. lig)
Ní fhaightear cairde ón imní — ní thugann an imní aon ionú uaithi; tagann sí d'aon iarraidh. Rí-annamh a cloistear é, ach bhíodh sé ag corr-sheandhuine
Cén imní a bhain dó? (dhe) — cén imní a bhí air; céard a bhí de rún nó d'fhonn air a dhéanamh
Bíodh ciall agat agus ná géill don imní — ná lig an imní in do ghaire: ná bac le imní a bheith ort
Tagann an imní uaithi féin — tagann sí gan aon údar agus gan duine ar bith ag tabhairt ghotha uirthi.
Ní hionann an imní agus tada eile. Téann sí thríot ar fad.
An-imní — mór-imní
+–
Tá a croí ina béal le imní anseo ó thit oíche
Tá sé marbh le teann imní
TUILLEADH (1) ▼
Tomás: Bhí Seán Liam dallta ar meisce aréir; Micil: Dallta le imní a bhí sé ('sí an imní a chuir sa gcruth é a raibh sé a fhearacht is dá mbeadh sé óltach)
+–
Tá sí ag baint faid as a cuid imní — d'aon úim ligeann sí imní uirthi nuair a bhíos údar a himní thart
Ná tabhair lá airde ar a cuid imní — ná bac lena cuid imní: má tá údar imní aici, is údar fánach é
TUILLEADH (1) ▼
Ná géill dá cuid imní — ná tabhair aon aird ar a cuid imní
+–
An té a mbuaileann an imní cheart é, ní thugann sí foras ná suaimhneas dó — nuair a thagas fíorimní ar dhuine, ní bhíonn aon chónaí air, ach ag imeacht anonn is anall agus intinn chorrach aige
Bhuail imní í faoi nach raibh Peadar ar fáil — tháinig an imní uirthi mar thiocfadh sí ina racht
TUILLEADH (4) ▼
Nuair a bhuaileas imní mise, ní fhanann ithe mo chodach ionam
Is beag an imní a bhuailfeadh thú agus mise amuigh! (ní bheadh aon imní ort fúmsa!)
Bhuail imní mé, agus bhuail sí go maith mé, nuair a bhain sé an dó dhéag agus gan aon chosúlacht teacht air
Bhuail imní mé, agus thabharfá imní uirthi, ní ag ceasacht ar Dhia é!
+–
in imní
Bhí mé in imní fúithi ar feadh an lae — bhí imní orm mar gheall uirthi
Bím i gcónaí in imní agat — is údar imní dom thú i gcónaí
TUILLEADH (3) ▼
Beidh mé in imní mura dtaga tú in am
Tá sí in imní ar bheagán údair
Tá sé ina imní críochnaithe air — fíorimní
+–
faoi imní: in imní; imní a bheith ort.
Ná fág faoi imní mé anocht mar fhágas tú i gcónaí. Bí isteach abhaile roimh am codlata — má bhíonn tú amuigh tar éis an ama sin, beidh imní orm mar a bhíos orm i gcónaí agus thú amuigh
D'fhága sé faoi imní mé ar feadh an lae
TUILLEADH (1) ▼
B'fhearr do dhuine caillte curtha ná i gcónaí faoi imní.
+–
ag déanamh imní: ar intinn duine; de rún ag duine.
Céard atá ag déanamh imní dhuit anois — cén imní atá ort: céard atá fút a dhéanamh
Séard a bhí ag déanamh imní dó, an bhféadfadh sé a dhul ag an gceol — bhí sé de rún aige a dhul ag an damhsa. (Ceol = damhsa, céilí. Sin a tugtar air in áiteachaí i gConamara — Ros Muc). Ach ní raibh a fhios aige an bhféadfadh sé a dhul ann nó nach bhféadfadh
TUILLEADH (6) ▼
'Sé a raibh ag déanamh imní dó, an rothar — sin é eile a raibh ag cur síos leis
Mura bhfuil ag déanamh imní duit ach sin, ní bhainfidh sé codladh na hoíche dhíot — ní chuirfidh an méidín sin mórán as duit
Dá mbeadh do ghnaithe (ghra) ag déanamh imní dhuit ní anseo a bheifeá
Dá mbeadh do chuid leabhar ag déanamh imní dhuit, sa mbaile ina n-éadan a bheifeá
Níorbh fhiú an oiread imní é agus a rinneadh faoi
Ná déanadh sin imní ar bith dhuit
+–
Níl ag cur imní air (ag déanamh imní dhó) ach mná
Pósadh atá ag cur imní anois air — tá fonn agus rún pósta aige
TUILLEADH (3) ▼
Cúrsaí mná atá ag cur imní air
Ná cuireadh an méid sin imní ort
Ná lig don scéal sin imní a chur ort
+–
chun imní: teacht chun imní
Tá sé teacht chun imní uirthi — tá imní ag teacht uirthi
Tiocfaidh sé chun imní uirthi ar ball, feicfidh tú féin! — tiocfaidh imní uirthi amach anseo agus feicfidh tusa sin (beidh sé follasach agat)
TUILLEADH (2) ▼
Má thagann sé chun imní ormsa, is crua an cás é — beidh an-údar imní agamsa le imní a theacht orm
Tá sé ag teacht chun imní air nó i ndáil leis (i ngeall) — is beag nach raibh imní air
·
Tá an imní ag teannadh leis anois — tá an imní ag teacht air
Tá an imní ag priocadh leis, agus sin í an cailín aige! — tá imní ag teacht air, agus sin í atá deas air é a chur in ainriocht, nó é a chloí
+–
Máire: Céard atá ort a Sheáin; Seán: Imní an tsaoil (bhí sé ag déanamh imní fá chúrsaí a shaoil fhéin, agus go raibh an saol ag dul in aghaidh, agus nach raibh sé in ann a bharraíocht)
'Sí imní an tsaoil a d'fhága mar atá tú thú — murach iomarca imní faoi obair is luain, agus faoi chúrsaí do shaoil féin, ní bheifeá in anchaoi (tinn, míshláintiúil, suaite nó liath b'fhéidir) mar atá tú
TUILLEADH (5) ▼
Imní an tsaoil a liath mo cheann
Is mairg a gcuirfeadh an saol imní air
Ní bhíonn in imní an tsaoil ach seal — ní chuireann an saol imní orainn i gcónaí
Tá mé pósta agus imní an tsaoil (cúram an tsaoil freisin) orm, agus ar ndóigh níl tú ag súil go mbeinnse ann
Imní an tsaoil a mheathas daoine — a chloíos iad; a chuireas cantal agus gruaim agus dá réir sin orthu
+–
imní an tsaoil (ciall eile): go leor imní.
Tá imní an tsaoil uirthi — go leor imní. Tabhair faoi deara gur ar an tsaoil a chuirtear ceann trom na béime sa gcaint agus an chiall seo leis agus go snadhmtar na trí fhocla le chéile agus go n-abraítear iad d'aon iarraidh amháin; ní hionann sin agus sna samplaí eile réamhráite a bhfuil malrait céille leis an leagan. Sna samplaí sin, deirtear imní agus saol mar fhocla iontu fhéin, go mall réidh, agus comhbhéim an ceann orthu
Tá imní an tsaoil air faoin gcur — go leor imní
TUILLEADH (1) ▼
Tá imní an tsaoil mhóir air — an-imní críochnaithe
imní in iontrálacha eile (50+)
→
fios
Níorbh fhearr liom ná fios mo shaoil, dhá mbeadh sé anseo. Tá imní orm faoi. Is fada liom amuigh é.
→
framsóg
Diabhal a leithide de fhramsóg de bhean a chonaic tú in do shaol ariamh. Níl luach leithphínne ag cur imní uirthi ach damhsaí agus rabhaiteáil. Ní san aeraíl a chaill sí ar chuma ar bith é
→
cuntanós
Is fada an ceann céanna ag tuaradh an méid sin dó fhéin. Bhí sé gan cuntanós, gan cuibheas ar bith. Níl imní ar bith orm ach nár buaileadh a cheart air.
+
→
bannaí 1
Bheadh imní ar dhuine ar bith a dhul i mbannaí air faoi lán laidhre mar sin.
TUILLEADH (1) ▼
Tá S. Mh. in imní anois más é a bhí i mbannaí air, agus ní hionadh dhó.
+
→
beo 2
Ní hé a bheo ná a mharbh atá ag cur imní ar siúd ach ól agus éirí in airde.
TUILLEADH (2) ▼
Is furasta a aithinte ort nach é do bheo ná do mharbh atá ag cur imní ort agus a dhul sa gcontúirt sin.
Dhá mba é a bheo nó a mharbh a bheadh ag déanamh imní dhó, is fada amach ó na hamhais sin a d'fhanódh sé — is fada sin.
→
bocht 1
Má tá imní fhéin orm, nach bocht dom sin! Cén uair cheana a d'fhan sé amuigh go mbeadh an oíche caite thar droim mar seo.
→
bocht 2
Ná bíodh a fhios ag bocht ná ag nocht do scéal. An rud nach mbeidh a fhios acub, ní dhéanfaidh sé aon imní dhóibh.
Chuir sé an carraigín ar tuar thíos i gcorrach an chladaigh agus d'fhága sé ansin é in aon bhratscair amháin gur leáigh sé. Ach chreidim nach é is mó a bhí ag déanamh imní dhó an tráth céanna.
→
bruach
Má tá sé ar bhruach na huaighe, is maith greadánta an glór atá aige fós. Chuala mé aniar as an seomra inné é, ag fuagairt orthub na claíochaí i mbarr an bhaile a bhiorú a bhí sé. Sin é an buachaill a bhfuil an saol ag déanamh an imní dhó fós!
+
→
buail
Bhuail faitíos, fuacht, imní srl. é — tháinig faitíos, fuacht srl. air; tháinig sé ina fhaitíos, ina fhuacht srl. air; bhain fuacht dó; ghlac sé faitíos srl. Le "buail", bíonn sé i gceist go tagann an fuacht, faitíos, srl. go tobann, nó nach mbíonn aon tsúil leis.
TUILLEADH (1) ▼
Má bhuaileann an imní cheart duine, is gearr a bheadh sí dhá chloí
+
→
bualadh
Má tá i ndán is nach n-imeoidh an bualadh croí dhíom, cuirfidh sé chun báis le imní mé.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí bualadh croí orm le neart imní agus anbhá: is olc an saighdiúr mé i gcúrsaí den tsórt sin.
+
→
anó
Anó agus imní atá air, chuile lá san aer — bíonn sé i gcónaí priaclach
TUILLEADH (1) ▼
A anó fhéin a bhíonns ag déanamh imní do chuile dhuine. (Sna trí shampla dheireanacha seo, ní móide gur éalang ná cithréim a bheadh i gceist. Déarfaí é le rud ar bith a ghoillfeadh ar dhuine)
→
fonóid
Lig de do chuid fonóide liom anois. Tá mo cheart le déanamh agamsa thar is mná a bheith ag cur imní orm
→
fiacail
Ná bíodh imní ar bith air nach bhfuil na fiacla curtha go maith aici ar chaoi ar bith. Nuair a bhínnse ag dul siar ar an gC. fadó ar cuairt, bhí sí ina seanchailín óg an uair sin
→
fuar 2
Is deas é mo gheoisteamán! Fear fada fuar folamh. Dheamhan luach a shuipéir aige siúd. Cá bhfaigheadh sé é. Ní hé atá ag déanamh imní dhó
→
deasaigh
Deasaíodh sí isteach go maith faoina seál é, agus cén chall imní atá di faoi. Póilí ar bith a thabharfas faoi deara é, cá bhfios dó nach buidéal ola é
→
deascán
Sagart as an deascán anois a bhfuil aon laethúlacht ann mar a bhíodh sna sagairt fadó. Tá an saol rómhór ar a gcomhairle féin acu agus fuíoll na bhfuíoll acu anois. Fadó bhídís bocht agus croíúil, ach tá imní faoina gcuid saibhris orthu ar an saol seo
→
deifir
Is beag den deifir chladaigh seo atá ar Mh. Sh. Gh. Níl an rabharta ag cur mórán imní air, agus b'fhéidir gurb aige atá an ceart
→
deis
Is iad atá ar a ndeis aige. Níl talamh ná trá ag cur imní orthu, lá is nach gcuireann siad ach ceapachín amháin fhataí. Ar ndóigh féadann siad sin a bheith ag plé le poitín, chuile lá dhá n-éiríonn ar a súil
→
diaidh
Shílfeá muise, go raibh imní air go mbeadh na buachaillí báire a bhí thiar ag doras an tseomra ag cláradh na mná, mar thugadh sé corrbhreathnú cráite siar i ndiaidh a ghualann. Sin é an sórt duine é. Dar leis, tá chuile dhuine sa bhfaire ar an mbean. Ní lena breáichte é muis, ach an oiread liom féin
Tabharfaidh mise luach do chuid dilleoireachta duit: thú a chaitheamh siar a chodladh agus cead agat fanacht ansin aríst go maidin. Ag ceapadh go ligfí ag bóithreoireacht thú an tráth seo d'oíche! Ní hiad do chuid lessons a bheadh ag déanamh imní dhuit leath chomh maith. Na daoine thar bharr a gcéille agat ar an gceird sin ó tháinig oíche!
→
diomdha
Is measa dhom an méid sin imní ná diomdha mo bhliana. Shíl mé siúráilte go raibh sé cniogtha nuair nach raibh sé ag teacht
Casadh fear linn ag coirnéal na sráide. D'iarr muid an t-eolas air. Chuir sé ar an eolas muid ar mhodh, ach bhí beagán sásaimh le fáil uaidh ina dhiaidh sin. D'fhan an fear seo thíos ina éadan. Níorbh fhéidir a thabhairt uaidh. Tá an fear seo thíos an-doghrainneach nuair a thograíos sé é. Chaith sé ansin ag siúite leis agus ag cur cheisteannaí, agus é chomh barainneach má b'fhíor dó féin. Shíl mé féin gur ag tachtadh a chéile a thiocfaidís as a dheireadh. Bhí imní ag teacht orm
→
donacht
Ní beag do dhuine a dhonacht nuair a bhíos imní air, agus gan tinneas dhá bhualadh ina cheann sin
+
→
don
Don deamhain h'fhiafraí ort! Tá mé sáraithe agat. Gabh agus faigh amach é, má tá sé ag déanamh an oiread sin imní dhuit
TUILLEADH (1) ▼
Ná raibh don fhiafraí ort agus éist do bhéal! Cá bhfios domsa céard is cor dóibh, agus ní miste liom cá dtitfidh a gcodladh orthu mar ní hé a gcuid cúrsaí atá ag déanamh imní dhom
+
→
dreolán
Tá dreolán beag de mhac ansin thoir ag S. J. agus 'sé an gitín is suimiúla é dhár casadh liom ariamh. Dhá gcloistheá na mná atá ag déanamh imní dhó sin. Ní den díogha iad deirimse leat
TUILLEADH (1) ▼
Ara ab é an dreolán teaspaigh sin. Tá a cheann sin rófholamh le go mbeadh a chuid lessons ag cur aon imní air. Mo chomhairle dhuit, a chuid leabhar a dhó agus an t-iarann a chur ina láimh (iarann — láí). Deirimse leatsa go mbeidh ciall ceannaithe aige ach a bhfaighe sé cupla bliain de na léanaí deacair siúd thuas i mbarr an bhaile. Ní fhaigheann duine ar bith a chomhairleachan in aisce
Is driopásaí é ná seanfhear ag teacht abhaile ag cailín óg a mbeadh sé pósta léithe. Bíonn imní ar an seanfhear i gcónaí go n-imeoidh an cailín óg le fear eicínt eile!
→
droim
An gcreidfeá go liathfadh ceann duine de dhroim oíche — oíche amháin. Chreidfinnse é. Is mór atá imní nó faitíos cráite in ann a dhéanamh. Tá a chomharthaíocht lena chois. Chonaic mé é. Chonaic mé fear a raibh gruaig air chomh dubh leis an bhfiach. Chonaic mé é mar a d'fheicfinn inniu é, agus lá arna mhárach, ba liathcha é ná aon duine dhá bhfaca mé in mo shaol ariamh. Is fíor dhom é. Ba é an taispeánadh is mó dhá bhfuair mise ariamh é. Ní raibh oiread agus an ribe ina chomharthaíocht féin ar maidin. Tá aithne ag cuid agaibhse ar an bhfear chomh maith liomsa …
→
dálach
Go dtuga Dia ciall duit a mhic ó mo chroí. Leath na nÉireannaigh atá i Sasana, ní bhíonn a fhios acu Domhnach thar dálach, mar ní hé an Domhnach a bhíos ag cur imní orthu
→
díocas
Díocas iascaigh atá air. Ní bheadh fí na feáin air inné mura bhfágainn mo ghort agus a dhul amach in éindí leis. Chuaigh, mar is le bheith in m'amadán dom é. Dheamhan an priocadh féin a d'éirigh linn. Bhí sé ag stróiceadh liom inniu freisin, ach thug mé don diabhal é. Tá sé réidh go leor aigesean nach bhfuil imní goirt ná sléibhe air, ach ní hé sin domsa
→
dúchas
Ní raibh aon imní air ar uair a bháis ach nach dtabharfaí abhaile é agus nach gcuirfí é sa seanteampall seo thíos san áit a bhfuil a mhuintir uilig curtha. Féacha féin anois go leanann bá dúchas, mar adeir siad