Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Imnidhe
Ím-rí (Con.) Im-rí (Achr.)
cineál sgátha nó faitchís gur thárluigh nó go dtárlócha nidhthe áithride, narbh ait leat tárlachtáil.
+
Bhí imnidhe uirre agus is aice a bhí ughdar.
Ná bíodh imnidhe ar bith ort faoi, ní bhainfidh duine ar bith leis.
TUILLEADH (31) ▼
Bhí lán a cruite d'imnidhe uirre, gurb é a mharbhú ar an mbóthar a déanfaidhe.
Tá ar gceart imnidhe orainn, agus gan tusa a bheith ag cur tuille orainn = duine a dhéanfadh nó adéarfadh rud eicín leis an imnidhe a mhéadú.
I dteannta gach's a raibh d'imnidhe air, chuir fear an phosta tuille air.
Is bocht an rud í an imnidhe, go bhfoire Dia orainn = fágann an imnidhe duine in ainriocht.
Dheamhan imnidhe ormsa ná cuid d'imnidhe.
Dheamhan a dhath ariamh imnidhe a bheadh ar sin dhá dtuiteadh an t-aer.
Is aoibhinn do'n té nach mbíonn aon-imnidhe air
Nach aoibhinn duit nach gcuirfeadh tada imnidhe ort.
Sighle: Shílfeá go bhfuil imnidhe eicínt ort anocht;Siubhán: Nach bocht dhom sin, agus Seán gan a theacht fós.
Nach bocht dom imnidhe a bheith orm, agus nar facthas aon-amharc imbealach ná indearmad le dhá [lá] air = is suarach an t-iongnadh go bhfuil imnidhe orm.
Imnidhe orm nó dhíom, is beag an mhaith dhom thusa anois
Tá mo sháith imnidhe orm agus ceart agam air = tá mo dhíol imnidhe orm agus a ughdar agam.
Dhá mbadh imnidhe bheadh uirre, ní ag imtheacht le teasbach ar fud na tíre a bheadh sí.
Tabhair an leabhar go raibh imnidhe ormsa aréir.
Nóirín: Céard atá ort a mhama; [Mama:] Tá'n imnidhe, ní ceasacht ar Dhia, agus ní measa rud eile.
Sí an imnidhe an galra is measa a bhí ar aon-duine ariamh.
Bhí sí ag leigint imnidhe uirre fhéin
Shílfeá mar a mbeadh aithne agad uirre, gur uirre a bhí imnidhe an domhain = bhí sí ag leigean imnidhe uirre mar dhóigh dhe.
Níl a dhath imnidhe ó Dhia anuas air! (Ó neamh; dhá bhfaca tú ariamh, agus rl.)
Má bhí imnidhe air, níor leig sé sin chugamsa (liomsa) = má bhí imnidhe air, ní raibh gothadh air, ná níor dhubhairt sé tada liomsa faoi.
Nuair a chuala sé an méid sin, chuir sé fearr a's barr imnidhe air, idteannta a raibh air cheana = tuille.
Is beag aice siúd imnidhe orainn nó dhínn = ní miste léithe, má bhíonn imnidhe orainn, nó nach mbíonn.
Ní beag a bhfuil imnidhe orra agus gan imnidhe a bheith orainne = tá imnidhe ar cuid mhaith daoine, agus ní ceart dúinne a bheith ag cur tuille leo.
Is beag an dochar dhom imnidhe a bheith orm, agus nach bhfuil fhios agam an beo marbh é = ní h-iongnadh ar bith imnidhe a bheith orm, agus gan fhios agam nach marbh atá sé.
Má's cúrsaí imnidhe é, tá sé chomh córa dhúinn uilig imnidhe a bheith orainn leatsa = má's rud é go bhfuil imnidhe ortsa, ba cheart go mbeadh imnidhe ar an gcuid eile againn chomh maith (le foighid a chur induine, nó le na chuid imnidhe a mharbhú, deirtear é — deirtear ar bheagán sásaimh é freisin)
Má's in é an scéal é, is suarach an t-iongnadh dhuit imnidhe a bheith ort = má tá an scéal mar adeir tú, ní h-iongnadh ar bith go bhfuil imnidhe ort.
Is mairg dhomsa a mbeadh imnidhe orm, sgáth a raibh d'imnidhe ar a bhean fhéin = is mór an díthchéille dhomsa a bheith in imnidhe faoi, agus gan imnidhe ar bith ar eigin ar a bhean.
Cé'n imnidhe sin ort a dhuine? = níl call imnidhe ar bith dhuit.
Tá imnidhe an mhió-ádha air = an-imnidhe
Deirimse imnidhe leat a dhuine! Siúd í a bhfuil imnidhe uirre! = tá an-imnidhe críochnuighthe uirre.
Sin í an imnidhe eile atá uirre sin! = ag leigean uirre atá sí, níl imnidhe ar bith uirre.
+
Faraor gan mo chuid imnidhe ort
Mo chuid imnidhe ort! (sórt easgaine).
TUILLEADH (1) ▼
Liam: Tá imnidhe orm!; Nóra: Imnidhe as ort! (sórt easgaine; ná raibh an rath ort féin ná ar do chuid imnidhe; níl call imnidhe dhuit)
+
Tá imnidhe uirre faoi'n' fhad's tá Seán amuigh
Pádraic: Chinn orm an t'asal a fhaghail; An Mháthair: Ní hé t'asal is measa liom, ach an imnidhe atá orm faoi Sheán, nach dtáinig abhaile fós.
TUILLEADH (4) ▼
's mairg a mbeadh imnidhe air fút = níor chóir do dhuine imnidhe a bheith air fút, mar níor bhaol duit, nó má ba bhaol, níorbh fhiú an imnidhe thú.
Ní fiú a leath-oiread sin imnidhe a bheith ort faoi rud fánach mar sin
Ná bíodh imnidhe ar bith ort faoi. Cuir ceirín de'n dearmad leis = ná cuimhnigh chor ar bith air.
Nach beag an luath aige aon-imnidhe a bheith air faoi'n gcapall (féach "luath")
+
Ní bhíonn an imnidhe gan a h-anshógh fhéin = nuair a bhíos imnidhe ar dhuine, ní bhíonn sé ar a chóir féin: ní fhéadann sé tada a dhéanamh, beatha a chaitheamh agus dá réir sin.
Ní imnidhe gan ughdar í = tá imnidhe orm agus fáth maith agam leis.
TUILLEADH (21) ▼
Ní imnidhe gan adhbhar atá agam = tá ughdar le mo chuid imnidhe.
Níl call imnidhe ar bith dhuit. Tiocfa sé fós anocht = níl aon chruadhóg duit a bheith priaclach mar tiocfa sé uair eicínt anocht.
Níl call ar bith imnidhe dhuit.
Níl aon-chruadhóg imnidhe dhuit.
Caith thart (dhíot) an imnidhe.
Sí an imnidhe chéadna a liath mo cheann fiche bliadhain roimh an am
Is olc an earra (an eallach, an éadáil) í an imnidhe chéadna.
Is bocht an éadáil í mar imnidhe.
Caith thart í mar imnidhe.
Ní mórán samhaoine do dhuine imnidhe = ní dhéanann sé aon mhaith do'n duine fhéin ná d'ughdar a chuid imnidhe.
Bheadh ciall imnidhe, ach bhí sí i gcruth tuitim as a seasamh leis an mbail a bhí uirre
Ná raibh an séan ar an imnidhe céadna, ní mó ná beo mé aice (Íochtar Chonamara).
Is breagh a thagas an imnidhe di = nuair a bhíos imnidhe uirre, tá sí indon í a leigean le na h-ais, agus cuireann sí barr dathamhlachta, uirre nó tugann sí fearr a's barr siubhail di, nó saghdann sí treith cáilidheacht eicín de'n tsórt sin a bhaineas léithi. (le greann is iondamhla adeirtear an leagan seo, agus go h-áithrid, má tá gailimaisidheacht, flosgaí, áidhbhéil nó cuid sunntais ag gabhail le imnidhe an té a bheadh i gceist. Ní bhíonn ann ach go leigeann an duine imnidhe air fhéin)
Níor mharbhuigh an imnidhe ariamh é (feach "marbhuigh") = ní mórán imnidhe a chuirfeadh rud ar bith air; is beag aige an imnidhe.
Ní leigfeadh an imnidhe dó corruighe amach = ní rachadh sé amach as an teach le teann imnidhe (féach "leig")
Ní fhaightear cáirde ó'n imnidhe = ní thugann an imnidhe aon-ionbha uaithe; tagann sí d'aon iarraidh. (Rí-annamh a cloistear é, ach bhíodh sé ag corr shean-dhuine)
Cé'n imnidhe a bhain dó? (dhe) = cé'n imnidhe a bhí air; céard a bhí de rún nó d'fhonn air a dheanamh.
Bíodh ciall agad, agus ná géill do'n imnidhe = ná leig an imnidhe in do ghoire: ná bac le imnidhe a bheith ort.
Tagann an imnidhe uaithe féin = tagann sí gan aon-ughdar agus gan duine ar bith a' tabhairt ghothadh uirre.
Ní h-ionann an imnidhe agus tada eile. Teigheann sí thríot ar fad.
An-imnidhe = mór-imnidhe.
+
Tá a croidhe in a béal le imnidhe annseo ó thuit oidhche.
Tá sé marbh le teann imnidhe.
TUILLEADH (1) ▼
Tomás: Bhí Seán Liam dállta ar meisge aréir; Micil: Dallta le imnidhe a bhí sé (sí an imnidhe a chuir sa gcruth é a raibh sé 'fhearacht is dá mbeadh sé óltach).
+
Tá sí ag baint faid as a cuid imnidhe = d'aon úim leigeann sí imnidhe uirre, nuair a bhíos ughdar a h-imnidhe thart.
Ná tabhair lá áird' ar a cuid imnidhe = ná bac le na cuid imnidhe: má tá ughdar imnidhe aice, is ughdar fánach é.
TUILLEADH (1) ▼
Ná géill dá cuid imnidhe = ná tabhair aon-áird ar a cuid imnidhe.
+
An té 'mbuaileann an imnidhe cheart é, ní thugann sí forus ná suaimhneas dó = nuair a thagas fíor-imnidhe ar dhuine, ní bhíonn aon-chomhnuidhe air, ach ag imtheacht anonn a's anall agus intinn chorrach aige.
Bhuail imnidhe í, faoi nach raibh Peadar ar fághail = tháinig an imnidhe uirre, mar thiocfadh sí in a racht.
TUILLEADH (4) ▼
Nuair a bhuaileas imnidhe mise, ní fhanann ithe mo chodach ionnam.
Is beag an imnidhe a bhuailfeadh thú, agus mise amuigh! (ní bheadh aon imnidhe ort fúmsa!)
Bhuail imnidhe mé, agus bhuail sí go maith mé, nuair a bhain sé an dó dhéag, agus gan aon-chosamhlacht teacht air.
Bhuail imnidhe mé, agus thiubharfá imnidhe uirre, ní ag ceasacht ar Dhia é!
+ in imnidhe.
Bhí mé in imnidhe fúithe ar feadh an lae = bhí imnidhe orm mar gheall uirre.
Bím igcomhnuidhe in imnidhe agad = is ughdar imnidhe dom thú igcomhnuidhe.
TUILLEADH (3) ▼
Beidh mé in imnidhe mara dtaga tú in am
Tá sí in imnidhe ar bheagán ughdair.
Tá sé in imnidhe críochnuighthe air = fíor-imnidhe.
+ faoi imnidhe = in imnidhe; imnidhe a bheith ort.
Ná fág faoi imnidhe mé anocht, mar fhágas tú i gcomhnuidhe. Bí isteach abhaile roimh am codlata = má bhíonn tú amuigh taréis an ama sin, beidh imnidhe orm, mar bhíos orm i gcomhnuidhe, agus thú amuigh.
D'fhága sé faoi imnidhe mé ar feadh an lae.
TUILLEADH (1) ▼
B'fhearr do dhuine caillte, curtha, ná igcomhnuidhe faoi imnidhe.
+ ag deanamh imnidhe = ar intinn duine; de rún ag duine.
Céard tá ag déanamh imnidhe dhuit anois = cé'n imnidhe atá ort: céard atá fút a dhéanamh.
'Séard a bhí ag deanamh imnidhe dó, a bhféadfadh sé a dhul ag an 'gceol' = bhí sé de rún aige a dhul ag an damhsa. (Ceol = damhsa, céilidhe. Sin a tugtar air in áiteachaí i gConamara — Rosmuc), ach ní rabh fhios aige a bhféadfadh sé a dhul ann nó nach bhféadfadh.
TUILLEADH (6) ▼
Sé a raibh ag déanamh imnidhe dó, an róthar = sin é eile a raibh ag cur síos leis.
Mura bhfuil ag deanamh imnidhe duit ach sin, ní bhainfe sé codladh na h-oidhche [dhíot] = ní chuirfe an méidín sin mórán as duit.
Dá mbeadh do ghnaithe (ghra) ag déanamh imnidhe dhuit ní annseo a bheitheá.
Dá mbeadh do chuid leabhar ag déanamh imnidhe dhuit, sa mbaile in a n-éadan a bheitheá.
Níorbh fhiú an oiread imnidhe é agus rinneadh faoi.
Ná déanadh sin imnidhe ar bith dhuit.
+
Níl ag cur imnidhe air (ag déanamh imnidhe dhó) ach mná.
Pósadh atá ag cur imnidhe anois air = tá fonn agus rún pósta aige.
TUILLEADH (3) ▼
Cúrsaí mná atá ag cur imnidhe air.
Ná cuireadh an méid sin imnidhe ort.
Ná leig do'n scéal sin imnidhe a chur ort.
+ teacht chun imnidhe ('un imnidhe).
Tá sé teacht 'un imnidhe uirre = tá imnidhe ag teacht uirre.
Tiocfa sé 'un imnidhe uirre ar ball, feicfe tú féin! = tiocfaidh imnidhe uirre amach annseo agus feicfe tusa sin (beidh sé follusach agad)
TUILLEADH (2) ▼
Má thagann sé 'un imnidhe ormsa, is cruadh an cás é = beidh an-ughdar imnidhe agamsa, le imnidhe a theacht orm.
Tá sé teacht 'un imnidhe air nó indáil leis (ingeall) = is beag nach raibh imnidhe air.
·
Tá'n imnidhe ag teannadh leis, anois = tá'n imnidhe ag teacht air.
Tá'n imnidhe ag priocadh leis, agus sin í an cailín aige! = tá imnidhe ag teacht air, agus sin í atá deas air é a chur' in ainriocht, nó é a chlaoidheadh.
+
Máire: Céard tá ort a Sheáin; Seán: Imnidhe an tsaoghail (bhí sé ag déanamh imnidhe fá chúrsaí a shaoghail fhéin, agus go raibh an saoghal ag dul in aghaidh, agus nach raibh sé indon a bharruidheacht)
'Sí imnidhe an tsaoghail a d'fhága mar tá tú thú = marach iomarca imnidhe faoi obair a's luadhainn, agus faoi chúrsaí do shaoghail féin, ní bheitheá in anchaoi (tinn, mió-shláinteamhail, suaidhte nó liath' b'fhéidir) mar 'tá tú.
TUILLEADH (5) ▼
Imnidhe an tsaoghail a liath mo cheann.
Is mairg a gcuirfeadh an saoghal imnidhe air.
Ní bhíonn in imnidhe an tsaoghail ach seal = ní chuireann an saoghal imnidhe orainn i gcomhnuidhe.
Tá mé pósta agus imnidhe an tsaoghail (cúram an tsaoghail freisin) orm, agus ar ndó' níl tú ag súil go mbeidhinnse ann.
Imnidhe an tsaoghail a mheathas daoine = a chlaoidheas iad, a chuireas canntal a's gruaim a's dá réir sin orra.
+ Imnidhe an tsaoghail (ciall eile) = go leor imnidhe.
Tá imnidhe an tsaoil uirre = go leor imnidhe (tabhair faoi deara gur ar "an tsaoil" a chuirtear ceann trom na béime sa gcainnt agus an chiall seo leis, agus go snadhmtar na trí fhocla le chéile agus go n-abruightear iad d'aon-iarraidh amháin; ní h-ionann sin agus is na somplaí eile réamhráidhte a bhfuil malrait céille leis an leagan. Is na somplaí sin, deirtear "imnidhe" agus saoghal mar fhocla ionnta fhéin, go mall réidh, agus comh-bhéim an ceann orra).
Tá imnidhe an tsaoghail air faoi'n gcur. = go leor imnidhe.
TUILLEADH (1) ▼
Tá imnidhe an tsaoghail mhóir air = an-imnidhe críochnuighthe.

Féach freisin

lig

Imnidhe in iontrálacha eile (21)

 
Is fada an ceann céadna a' tuaradh an méid sin dó fhéin. Bhí sé gan contanás, gan cuibheas a' bith. Níl imnidhe 'bith orm ach nar buaileadh a cheart air.
 
Cóipís uileag é T. Mh. sin. Is mór thar a phaidreachaí atá a' cur imnidhe air.
+
bannaí 1
Bheadh imnidhe ar dhuine 'bith a dhul imbannaí air, faoi lán laidhre mar sin.
TUILLEADH (1) ▼
Tá S. Mh. in imnidhe anois, má's é 'bhí imbannuidhe air, a's ní h-iongnadh dhó.
+
beo 2
Ní hé a bheo ná a mharbh, atá a' cuir imnidhe ar siúd ach ól a's eirghe-in-áirde.
TUILLEADH (2) ▼
Is furast aithinte ort, nach hé do bheo ná do mharbh atá a' cur imnidhe ort, a's a dhul sa gcontabhairt sin.
Dhá mbadh é a bheo nó a mharbh a bheadh a' déanamh imnidhe dhó, is fada amach ó na h-amhuis sin a' d'fhanóchad sé — is fada sin.
 
bocht 1
Má tá imnidhe fhéin orm nach bocht dom sin! Cé'n uair cheana a d'fhan sé amuigh go mbeadh an oidhche caithte thar druim, mar seo.
 
bocht 2
Ná bíodh fhios ag bocht ná ag nocht do scéal. An rud nach mbeidh 'fhios aca(b), ní dhéanfa sé aon-imnidhe dhóib.
 
bruach
Má tá sé ar bhruach na h-uaighe, is maith griodánta an glór atá aige fós. Chuala mé aniar as a' seomra indé é, a' fuagairt orra(b) na claidhtheachaí imbarr a' bhaile a bhiorrú a bhí sé. Sin é an buachaill a bhfuil an saoghal a' déanamh an imnidhe dhó fós!
 
aer
Is beag an imnidhe atá air, ag imtheacht le aer a' tsaoghail.
+
buail
Bhuail faitchíos, fuacht, imnidhe etc é = tháinic faitchíos, fuacht etc air; tháinic sé in a fhaitchíos, in a fhuacht etc air; bhain fuacht dó; ghlac sé faitchíos etc" (le "buail", bíonn sé i gceist go tagann an fuacht, faitchíos, etc go tobann, nó nach mbíonn aon-tsúil leis).
TUILLEADH (1) ▼
Má bhuaileann an imnidhe cheart duine, is geárr a bheadh sí dhá chlaoidheadh.
+
Má tá indán's nach n-imtheocha an bualadh croidhe dhíom, cuirfe sé 'un báis le imnidhe mé.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí bualadh croidhe orm le neart imnidhe a's an-bháthadh: is olc a' saighdiúr mé i gcúrsaí de'n tsórt sin.
 
aire
Is bocht nach mbeadh imnidhe air, agus gna(ithe) na tíre uilig ar 'aire.
 
Dhá mbeadh imnidhe an domhain air, ní leigfeadh sé sin amach le aon-duine.
 
anam
Bhí a h-anam in a béal aice le imnidhe go dtáinic Seán.
+
anó
Anshógh agus imnidhe atá air, chuile lá san aer = bíonn sé i gcomhnuidhe priaclach
TUILLEADH (1) ▼
A anshógh fhéin a bhío(nn)s a' déanamh imnidhe de chuile dhuine. ('Sna trí shompla dheireannacha seo, ní móide gur éalang ná cithréim a bheadh i gceist. Déarfaidhe é le rud a' bith a ghoillfeadh ar dhuine).
 
imigh
D'imthigh sé faoi imnidhe.