Aogall
—aoibheall? dearbh-námhaid > dearg-námhaid. doirbh > doirg. aoibheall > aogall. B'fheidir gurab é an t-athrú urlabhruidheachta sin is cionntaighe leis
—
áthas, glionndar, ríméad, bród, lóchrann croidhe.
+–
Tá aogall ar mo chroidhe = tá bród, glionndar, nó athas orm.
Níor chuir aon-cheo ariamh aogall ar mo chroidhe mar chuir a' méid sin.
TUILLEADH (2) ▼
Chuir sé aogall ar mo chroidhe é 'fheiceál a' dealú leis uainn ar fad.
Badh aogall ar mo chroidhe an giodán talmhana sin a bhaint amach aríst.
+–
Ní fhaca tú an oiread aogaill ar aon-duine ó cruthuigheadh tú, a's bhí air, nuair a chonnaic sé an méid sin ag eireachtáil dom.
Bhí aogall a's fonn gáiridhe orra(b).
TUILLEADH (3) ▼
Bhí aogall eicínt indiu(bh) air, rud ab annamh leis.
D'aithneochthá air go raibh aogall air, a's chomh geal-gháireach a's 'bhí sé.
Má bhí aogall air faoi, níor leig sé amach liomsa é.
+–
Tháinic aogall orm, nuair a chonnaic mé dhá liúradh é.
Is beag a' rud a chuirfeadh aogall ar pháiste.
TUILLEADH (2) ▼
Rud de'n tsórt sin a chuirfeadh aogall air, ceart go leor.
Tiocfa aogall leis an olc ar a' gceann céadna = dhéanfadh sé gáiridhe leis an olc; glionndar a chuirfeadh lear na comharsan air.
·
Cé'n t-ughdar aogaill atá agad anois? = céard é fáth do ghlionndair?