Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
aogall
aoibheall? dearbh-namhaid > deargnamhaid, doirbh > doirg, aoibheall > aogall: b'fheidir gurb é an t-athrú urlabhraíochta sin is ciontaí leis.
áthas, gliondar, ríméad, bród, lóchrann croí.
+
Tá aogall ar mo chroí — tá bród, gliondar, nó athas orm
Níor chuir aon cheo ariamh aogall ar mo chroí mar a chuir an méid sin.
TUILLEADH (2) ▼
Chuir sé aogall ar mo chroí é a fheiceáil ag dealú leis uainn ar fad.
Ba aogall ar mo chroí an geadán talúna sin a bhaint amach aríst.
+
Ní fhaca tú an oiread aogaill ar aon duine ó cruthaíodh tú agus a bhí air nuair a chonaic sé an méid sin ag éireachtáil dom.
Bhí aogall agus fonn gáirí orthub.
TUILLEADH (3) ▼
Bhí aogall eicínt inniu(bh) air, rud ab annamh leis.
D'aithneofá air go raibh aogall air agus chomh gealgháireach agus a bhí sé.
Má bhí aogall air faoi, níor lig sé amach liomsa é
+
Tháinig aogall orm nuair a chonaic mé dhá liúradh é.
Is beag an rud a chuirfeadh aogall ar pháiste.
TUILLEADH (2) ▼
Rud den tsórt sin a chuirfeadh aogall air ceart go leor.
Tiocfaidh aogall leis an olc ar an gceann céanna — dhéanfadh sé gáirí leis an olc; gliondar a chuirfeadh lear na comharsan air
·
Cén t-údar aogaill atá agat anois? — céard é fáth do ghliondair?