Araoid
—Ní fhéadaim an focal seo a fhaghail i bhfoclóir an Duinnínigh, aindeoin gur focal rí-choitcheannta, amach 's amach é igCois-Fhairrge
1.
ceist, caidéis, cleite comhrádha ná achrainn; bleid.
a.
+–
Ná cuir araoid a' bith air = ná cuir ceist, caidéis, bleid ná eile air.
Is beag an araoid a chuirfeadh sé ar aon-duine eile, ach gur airigh sé mise faoi na neart.
TUILLEADH (23) ▼
Duine dána a chuirfeas araoid a' bith ar shagart: déanaidís a mbealach féin.
Ní fhéadaim a' bóthar a shiubhal, nach gcaithfe sé araoid a chuir orm.
Má ghlacann tú comhairle an duine doscúdha(igh), ní chuirfe tú araoid beag ná mór air.
Fainic a' mbeadh an oiread de chathú ort, a's go gcuirfeá araoid a' bith uirre sin, dubh bán ná dubh buidhe: tá droch theanga aice le na tarraingt ort.
Ní hé an ribín réidh é an buachaill siúd le araoid a' bith a chuir air; is olc an ailím é le araoid a' bith a chuir air.
Is mairg dhuit a chuaidh a' dréim le araoid a' bith a chuir air.
Beidheamuid reicthe aice siúd, má cuirtear araoid a' bith uirre.
B'fhearr dhuit pian in do bholg ná araoid a chuir ormsa
Is beag an araoid a chuir me air, ach cá'r fhága tú an t-anglóir i gcomhnuidhe.
Ná cuir ceist ná araoid air; má tá suim in do shláinte agad.
Nach mór a chaithfidís araoid a chuir air, ach an oiread le scéal.
Níor chumaoin d'fhear na tíre seo araoid a' bith a chuir ar fhear a' tsléibhe, mar is fada go gcuirfeadh seisean aon [araoid] air.
Níor chuir mé a leath-oiread sin araoid air.
Ar chuir sé aon-araoid ort, faoi'n bhfeamuinn a thóigeál (thógáil)
Níor chuir sé a dhath araoid orm, agus ní mór dhó fhéin nar chuir.
Nach maith gur ort a chaithfeadh sé araoid a chur, (fh)arrus a bhfuil eile 'teacht ann.
Chuir na póilíos araoid eicínt air, ach fuair siad beagán sása(imh).
Má tá fúib araoid a' bith a chuir air, is fhearr bruicneáil cheart a thabhairt dó.
Má chuireann sé aon-araoid ormsa, gheobhfa sé rud ar a shon.
Níor chuir sé aon-araoid orm, ach níor thug mé 'ughdar ('adhbar, a dheis etc) dhó.
Níor dhubhairt mé drúcht ná báisteach leis, agus nach maith a chaithfeadh sé araoid a chuir orm 'na dheidh sin.
Is mór an araoid a chuir tú air, go deimhin!
Má chuireann sé araoid a' bith ormsa, ní bheidh aige ach malrait.
+–
Is beag araoid é sin, ar aonduine = is beag é 'araoid ar aonduine.
Dhá dhonacht sa diabhal a gcáil, leigfidís thart gan araoid thú, ní hé sin do na baca(igh) eile é.
TUILLEADH (1) ▼
Scaoil sé thart mé gan araoid a' bith ó dhia anuas.
b.
·
Ar chuir an gamhain aon-araoid ort.
Má chuireann an mada sin thíos ag M. B. aon araoid ormsa, feasta, déanfa mise scéala air do na póilíos.
2.
gnaithe; saothar; áird (Rosmuc — níl an chiall seo igCois-Fhairrge).
·
Th'réis an talamh a shocrú, a's a thriomú, 'sé an leasú a bheas cóireamhail do'n chúlán, atá siad le chur an bhliadhain sin, a gcéad araoid eile (Obair a's Luadhainn — l. 74. Colm Ó Gaora.)
Araoid in iontrálacha eile (50+)
→
faitíos
Feicfidh tú fhéin nach gcuirfidh sé aon-araoid ormsa. Tá an faitíos mór air, ón uair údan ar bhuail mé dual na druinne air
→
fios
Má chuireann tú aon-araoid air sin beidh a fhios agad é. Tiúrfaidh sé siúd faoi na foraí dhuit é
→
focal
Shíl mé go sceannfaí é. Dhá gcloistheá é ag caint le na hamhais sin thiar. Níl modh focail ar bith aige. Mharóidís an té a bheadh tláth leó, ach diabhal araoid ar bith a chuir siad airsean th'éis nach raibh sé ag tabhairt sásamh ar bith faoin domhan dóibh
→
foirgthe
Chonnaic mé sean-fhear ann, a bhí foirghe leis an aois, agus má bhí fhéin, ba é a bhí coilgneach. Dheamhan mórán araoid ar bith a chuaigh air, nuair ba mhian leis maide a chur in u (ar) mbéal
Ná cuir araoid ar bith air. Tá sé sin te friochanta. Cá dtriallfaidh sé anois? Dheamhan a fhios aige fhéin sin chreidim, ach é indiaidh a chinn roimhe mar sin
Ná cuir araoid ar bith air sin. Sin é úll na haithne. Dar príosta má chuirinns (má chuireann tú) ní leat a ghabhfas. Tá marú duine air sin. Tiúrfaidh sé na físeachaí agus an pínneachaí corra dhuit feicfidh tú fhéin air.
Ní feasach mé beirthe ná beo cé'n fáth atá aige a bheith chomh coimhightheach leis a' teach seo a's atá sé. Shílfeá nach araoid ná múisiam a' bith a chuir muid ariamh air, mara bhfuil indán's gurb é a bhealach é.
Má chuireann tú araoid a' bith ar a' gcoinicéar siúd, ní bheidh agad, ach malrait, ní bheidh sin. Mar sin, 'sé mo chomhairle dhuit leigean di, ar fad. Níl buille ar bith is fhearr ná'n buille réidh
→
colgach
Madadh sáthach colgach é, má airigheann sé duine coideáin, ach a' té 'mbeadh aithne aige air, dheamhan ar mhiste dhó a bheith ag dul faoi a's thairis go bráth, mar nach gcuirfeadh sé aon-araoid air.
→
colg
Níor mhaith dhuit aon-araoid a chuir air an uair sin, má tá indán's go raibh colg air, a's b'anna(mh) leis, nach mbeadh.
+
→
conán
Is réidhchúiseach a' conán fir é. Níl araoid aige ar aon-duine.
TUILLEADH (2) ▼
'Sé Seán fhéin a bhí as bealach. Marach gurab é, dheamhan baoghal a bheadh ar a' gconán siúd, araoid ná éiliughadh a chuir air.
Dheamhan duine beo a thiocfadh a' cur aon-araoid ar a' gconán sin, mara mbeadh a' catmara ar fad air — créatúr bocht nach mbíonn idtroid ná imbruighin, ná nach raibh ariamh.
An té atá contanásach, a's a iomchruigheas é fhéin go múinte, ní racha aon-araoid air, in aon-áit.
Ní leigfeadh sé an bhudóg chéileog lag labhartha as naoi bpunt. Nuair a chonnaic mise nach leigfeadh, níor chuir mé aon-araoid air tí (ní) ba mhó.
Gearr-chaile coimhriaghalta í sin, a's gan araoid ná aighneas aice ar aon-duine, ach a bealach fhéin a dheanamh.
+
→
bealach
Ní fhéadfá a ghabhail a' bealach aige, nach gcuirfead sé araoid ort = níl goir ag duine an bealach a shiubhal aige, nach gcuirfe sé aighneas air.; ní fhéadfa duine an bóthar a shiubhal (bóthar ar bith) nach mbeidh sé in' éadan.
TUILLEADH (2) ▼
Níor cheart do dhuine aon-araoid a chuir ar fhear bóthair ná bealaigh, a's gan-fhios aige cé'n uair a chas(f)aidhe é fhéin, in áit strainséara.
Ní dhearna sé a leath-cheart leat — druimeáil mhaith a thabhairt duit — a's 'fhusacht duit do bhealach fhéin a dhéanamh, a's gan araoid beag ná mór a chuir air.
→
beann
B'fhearr dhuit a' t-aidhbheirseoir a tharraingt ort ná é, má tá indán’s nach bhfuil beann aige ort, ach má tá, d’fhéadfá do rogha rud a rádh leis, a's ní chuirfeadh sé éiliughadh ná araoid ort.
→
beart
Déan do bheart fhéin, a's ná cuir araoid a' bith ar a' duine bocht sin. Ní beag dhó sin, mar 'tá sé cheana.
→
coiric
Is droch-mhúinte an éadáil aon-araoid a chur air siúd, má bhíonn aon-deoir sa gcoirricín aige go h-áithrid.
→
crinn
Dar mo choinsias má chuireann sé mórán araoide ar Sheán, gheobha sé cnáimh le crinneadh uaidh.
Dar brigh an leabhair muise, sin é an cimleachán a fhobair an teach a chur thrídh na chéile. Níorbh fhiú le duine 'bith araoid a chur air. Marach sin gheobhadh sé faoi na for(bh)aí é, a's badh é a dhéanamh leis é, freisin.
Má chuireann tú aon-araoid orra(b) sin, tiocfa siad sa mbile buaic ort, dhá dteighead sé céad bliadhain.
→
bocht 2
Ná cuir araoid ar bhocht ná ar nocht, ar íseal ná ar uasal. Is maith an rud do 'chuile dhuine a bhealach fhéin a dheanamh, a's inDomhnach is sáthach righte a theighea(nn)s sé le cuid de na daoine.
Dhá bhfaghadh sé cead bollaireachta leis, mar sin, sé a bhuac é, ach gan aon-araoid thairis sin a chuir air!
→
bolmán
Níor mhaith dhuit araoid ná aighneas a' bith a chuir ar a' mbollamán sin roimhe seo, ach tá sé roinnt mínighthe le goirid anuas.
→
aiféala
Dhá mbeadh breith ar m'aithmhéala agam, ní chuirfinn araoid ar bith air = tá aithmhéala anois orm, gur chuir mé chuige ná uaidh.
Ná cuir araoid a' bith air maran leat bruighshléacht a's sceannach a bheith ar fud a' tighe. Má bhíodhgann sé sin aghad (chugad), ní hé an ribín réidh é, le míniú anuas aríst.
Séiplíneach óg a bhuail faoi, a's é ar a' gceird sin, a' bánú tighthe, a's a' déanamh créatúlacht' ar bhaintreabhachaí. Níor chuir a' séiplíneach aon-araoid air, gur ionnsuigh sé fhéin é, idtosach. Annsin dubhairt a' séiplíneach leis, go mbeadh a' féar fós a' fás ar urlár a phárlúis. Tháinic a' méid sin isteach fíor. Níl cloch ar fhuaid a' tighe mhóir indiu (scéal faoi thighearna talmhana a ndearna séiplíneach eascanaidhe air, má's fíor).
→
buail
Marach gurab é an míádh mór fhéin a bhuail thú, ní chuirfeá araoid a' bith ar a' sclamhaire sin.
→
burla
Dhá laghad araoid dhá gcuire tú ar a' mbúrla mór, is amhla 's fhearr duit fhéin — tá'n droch-(mh)úineadh a's an staiceamhlacht ann.
→
ainm
Nach hé an náire bhruithte é, go bhfuil cead aige 'chuile dhuine a bhaint as 'ainm agus gan lá araoid' dhá chuir air.
→
aire
Mara dtuga sé aire dhó fhéin, agus gan aon-araoid a chuir ormsa, tiubhra mise faoi na fabhraí (forraí adeirtear — Cois Fhairrge fabhraí — Iarthar Chonamara) dhó é.
+
→
amach
Shílfeá nar chuir muid araoid ar bith air, agus d'fhan sé amach 'na dheidh sin = d'fhan sé uainn; thug sé cúl do'n teach seo.
TUILLEADH (1) ▼
Ní chuirfe sé aon-araoid ormsa uaidh seo amach, deirimse leat.
Tá sé 'ceapadh amach, nach ceart araoid a' bith a chuir air fhéin faoi thada = dar leis fhéin, nach ceart araoid a' bith a chuir air faoi thada.
+
→
anam
Má chuireann sé aon-araoid ar mhac a' pheata de'n tsráid seo, sé'n t'anam a bhainfeas as, feicfe sé fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Le h-anam do mhairbh, ná cuir aon-araoid ar aon-duine síos annsin.
Marach in' an-tlachán é, ní chuirfeadh sé araoid a' bith ar a chuid feamuinne = marach é bheith sanntach, ní bhacfadh sé le feamuinn an fhir eile, beag ná mór.
Tá sé cho franncuithe leis an diabhal le tada a iarraidh air, ná araoid ar bith a chur air. Dar fiadh ní dochtúr é l'aghaidh na háite. Bhídís tíriúil go leór roimhe seo, ach ná bac leo anois
→
fás 2
M'anam muise go bhfuighidh an t-iasc cead fáis ar scáth a gcuirfidh muid d'araoid air. Níor chaith mé aon-urchar iascaigh anois le dhá bhliain