Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
araoid
ní fhéadaim an focal seo a fháil i bhFoclóir an Duinnínigh, ainneoin gur focal ríchoitianta amach is amach é i gCois Fharraige
1.
ceist, caidéis, cleite comhrá ná achrainn; bleid.
a.
+
Ná cuir araoid ar bith air — ná cuir ceist, caidéis, bleid ná eile air
Is beag an araoid a chuirfeadh sé ar aon duine eile ach gur airigh sé mise faoina neart.
TUILLEADH (23) ▼
Duine dána a chuirfeas araoid ar bith ar shagart: déanaidís a mbealach féin.
Ní fhéadaim an bóthar a shiúl nach gcaithfidh sé araoid a chur orm.
Má ghlacann tú comhairle an duine doscúiche, ní chuirfidh tú araoid beag ná mór air.
Fainic a mbeadh an oiread de chathú ort agus go gcuirfeá araoid ar bith uirthi sin, dubh bán ná dubh buí: tá drochtheanga aici lena tarraingt ort.
Ní hé an ribín réidh é an buachaill siúd le araoid ar bith a chur air; is olc an ailím é le araoid ar bith a chur air.
Is mairg dhuit a chuaigh ag dréim le araoid ar bith a chur air.
Beidh muid reicthe aici siúd má cuirtear araoid ar bith uirthi.
B'fhearr dhuit pian in do bholg ná araoid a chur ormsa
Is beag an araoid a chuir mé air, ach cár fhága tú an t-anglóir i gcónaí.
Ná cuir ceist ná araoid air; má tá suim in do shláinte agat.
Nach mór a chaithfidís araoid a chur air ach an oiread le scéal.
Níor chomaoin d'fhear na tíre seo araoid ar bith a chur ar fhear an tsléibhe mar is fada go gcuirfeadh seisean aon araoid air.
Níor chuir mé a leathoiread sin araoid air.
Ar chuir sé aon araoid ort faoin bhfeamainn a thógáil
Níor chuir sé a dhath araoid orm agus ní mór dhó fhéin nár chuir.
Nach maith gur ort a chaithfeadh sé araoid a chur tharas a bhfuil eile ag teacht ann.
Chuir na póilíos araoid eicínt air ach fuair siad beagán sásaimh.
Má tá fúibh araoid ar bith a chur air, is fhearr broicneáil cheart a thabhairt dó.
Má chuireann sé aon araoid ormsa, gheobhaidh sé rud ar a shon.
Níor chuir sé aon araoid orm ach níor thug mé a údar (a ábhar, a dheis srl.) dhó.
Níor dhúirt mé drúcht ná báisteach leis agus nach maith a chaithfeadh sé araoid a chur orm ina dhiaidh sin.
Is mór an araoid a chuir tú air go deimhin!
Má chuireann sé araoid ar bith ormsa, ní bheidh aige ach malrait.
+
Is beag araoid é sin ar aon duine — is beag é a araoid ar aon duine
Dhá dhonacht sa diabhal a gcáil, ligfidís thart gan araoid thú, ní hé sin do na bacaigh eile é.
TUILLEADH (1) ▼
Scaoil sé thart mé gan araoid ar bith ó Dhia anuas.
b.
·
Ar chuir an gamhain aon araoid ort
Má chuireann an mada sin thíos ag M. B. aon araoid ormsa feasta, déanfaidh mise scéala air do na póilíos.
2.
gnaithe; saothar; aird (Ros Muc — níl an chiall seo i gCois Fharraige).
·
Thar éis an talamh a shocrú agus a thriomú, 'sé an leasú a bheas cóiriúil don chúlán atá siad le chur an bhliain sin a gcéad araoid eile ('Obair is Luadhainn' — lch 74. Colm Ó Gaora.)

araoid in iontrálacha eile (50+)

 
Feicfidh tú fhéin nach gcuirfidh sé aon araoid ormsa. Tá an faitíos mór air ón uair údan ar bhuail mé dual na droinne air
 
fios
Má chuireann tú aon araoid air sin beidh a fhios agat é. Tabharfaidh sé siúd faoi na foraí dhuit é
 
focal
Shíl mé go sceanfaí é. Dhá gcloistheá é ag caint le na hamhais sin thiar. Níl modh focail ar bith aige. Mharóidís an té a bheadh tláth leo, ach diabhal araoid ar bith a chuir siad airsean théis nach raibh sé ag tabhairt sásaimh ar bith faoin domhan dóibh
 
Chonaic mé seanfhear ann a bhí foirgthe leis an aois, agus má bhí fhéin, ba é a bhí coilgneach. Dheamhan mórán araoid ar bith a chuaigh air nuair ba mhian leis maide a chur ina (ár) mbéal
 
Ná cuir araoid ar bith air. Tá sé sin te friochanta. Cá dtriallfaidh sé anois? Dheamhan a fhios aige fhéin sin chreidim, ach é i ndiaidh a chinn roimhe mar sin
 
Ná cuir araoid ar bith air sin. Sin é úll na haithne. Dar príosta má chuirinns (má chuireann tú) ní leat a ghabhfas. Tá marú duine air sin. Tabharfaidh sé na físeachaí agus an pínneachaí corra dhuit feicfidh tú fhéin air.
 
Ní feasach mé beirthe ná beo cén fáth atá aige a bheith chomh coimhthíoch leis an teach seo agus atá sé. Shílfeá nach araoid ná múisiam ar bith a chuir muid ariamh air, mura bhfuil i ndán is gurb é a bhealach é.
 
Má chuireann tú araoid ar bith ar an gcoinicéar siúd, ní bheidh agat ach malrait, ní bheidh sin. Mar sin, 'sé mo chomhairle dhuit ligean di ar fad. Níl buille ar bith is fhearr ná an buille réidh
 
Madadh sách colgach é má airíonn sé duine cuideáin, ach an té a mbeadh aithne aige air, dheamhan ar mhiste dhó a bheith ag dul faoi is thairis go brách mar nach gcuirfeadh sé aon araoid air.
 
colg
Níor mhaith dhuit aon araoid a chur air an uair sin, má tá i ndán is go raibh colg air, agus b'annamh leis nach mbeadh.
+
conán
Is réchúiseach an conán fir é. Níl araoid aige ar aon duine.
TUILLEADH (2) ▼
'Sé Seán fhéin a bhí as bealach. Murach gurb é, dheamhan baol a bheadh ar an gconán siúd araoid ná éileamh a chur air.
Dheamhan duine beo a thiocfadh ag cur aon araoid ar an gconán sin, mura mbeadh an cat mara ar fad air — créatúr bocht nach mbíonn i dtroid ná i mbruíon, ná nach raibh ariamh.
 
An té atá cuntanósach, agus a iompraíos é fhéin go múinte, ní rachaidh aon araoid air in aon áit.
 
Ní ligfeadh sé an bhodóg chéileog laglabhartha as naoi bpunt. Nuair a chonaic mise nach ligfeadh, níor chuir mé aon araoid air tí (ní) ba mhó.
 
Gearrchaile cúirialta í sin, agus gan araoid ná aighneas aici ar aon duine ach a bealach fhéin a dhéanamh.
+
Ní fhéadfá a ghabháil an bealach aige nach gcuirfeadh sé araoid ort — níl gair ag duine an bealach a shiúl aige nach gcuirfidh sé aighneas air.; ní fhéadfaidh duine an bóthar a shiúl (bóthar ar bith) nach mbeidh sé ina éadan.
TUILLEADH (2) ▼
Níor cheart do dhuine aon araoid a chur ar fhear bóthair ná bealaigh agus gan a fhios aige cén uair a chasfaí é fhéin in áit strainséara.
Ní dhearna sé a leathcheart leat — droimeáil mhaith a thabhairt duit — agus a fhusacht duit do bhealach fhéin a dhéanamh agus gan araoid beag ná mór a chur air.
 
beann
B'fhearr dhuit an t-áibhirseoir a tharraingt ort ná é má tá i dán is nach bhfuil beann aige ort, ach má tá, d'fhéadfá do rogha rud a rá leis agus ní chuirfeadh sé éileamh ná araoid ort.
 
beart
Déan do bheart fhéin, agus ná cuir araoid ar bith ar an duine bocht sin. Ní beag dhó sin mar atá sé cheana.
 
coiric
Is drochmhúinte an éadáil aon araoid a chur air siúd má bhíonn aon deoir sa gcoiricín aige go háirid.
 
crinn
Dar mo choinsias, má chuireann sé mórán araoide ar Sheán gheobhaidh sé cnáimh le crinneadh uaidh.
 
Dar brí an leabhair muise, sin é an cuimleachán a fhóbair an teach a chur thrína chéile. Níorbh fhiú le duine ar bith araoid a chur air. Murach sin, gheobhadh sé faoi na foraí é, agus ba é a dhéanamh leis é freisin.
 
beo 1
Múinfidh sin thú aríst gan aon araoid a chur air sin chomhuain is a bheas tú beo aríst.
 
Má chuireann tú aon araoid orthub sin, tiocfaidh siad sa mbile buaic ort, dhá dtéadh sé céad bliain.
 
biorach 1
Is olc biorach an laisceach í sin má chuireann duine araoid ar bith uirthi.
 
bocht 2
Ná cuir araoid ar bhocht ná ar nocht, ar íseal ná ar uasal. Is maith an rud do chuile dhuine a bhealach fhéin a dhéanamh, agus i nDomhnach, is sách rite a théanns sé le cuid de na daoine.
 
Dhá bhfaigheadh sé cead bollaireachta leis mar sin, 'sé a bhuac é, ach gan aon araoid thairis sin a chur air!
 
Níor mhaith dhuit araoid ná aighneas ar bith a chur ar an mbolmán sin roimhe seo, ach tá sé roinnt mínithe le gairid anuas.
 
Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agam, ní chuirfinn araoid ar bith air — tá aiféala anois orm gur chuir mé chuige ná uaidh
 
Ná cuir araoid ar bith air muran leat bruithshléacht agus sceanach a bheith ar fud an tí. Má bhíogann sé sin agat (chugat), ní hé an ribín réidh é le míniú anuas aríst.
 
Séiplíneach óg a bhuail faoi agus é ar an gceird sin, ag bánú tithe agus ag déanamh créatúlachta ar bhaintreachaí. Níor chuir an séiplíneach aon araoid air gur ionsaigh sé fhéin é i dtosach. Ansin dúirt an séiplíneach leis go mbeadh an féar fós ag fás ar urlár a pharlúis. Tháinig an méid sin isteach fíor. Níl cloch ar fhuaid an tí mhóir inniu (scéal faoi thiarna talúna a ndearna séiplíneach eascainí air más fíor)
 
buail
Murach gurb é an mí-ádh mór fhéin a bhuail thú, ní chuirfeá araoid ar bith ar an sclamhaire sin.
 
buille
Ná cuir mórán araoide air anocht, arae tá sé buille cantalach.
 
bunán
Ná cuir araoid ar bith ar an mbunán sin mar tá sé faoi dhó chomh láidir leat
 
burla
Dhá laghad araoid dhá gcuire tú ar an mburla mór, is amhlaidh is fhearr duit fhéin — tá an drochmhúineadh agus an staiciúlacht ann.
 
ainm
Nach é an náire bhruite é go bhfuil cead aige chuile dhuine a bhaint as a ainm agus gan lá araoide dhá chur air.
 
aire
Mura dtuga sé aire dhó fhéin agus gan aon araoid a chur ormsa, tabharfaidh mise faoi na fabhraí (foraí adeirtear — Cois Fharraige; fabhraí — Iarthar Chonamara) dhó é
+
amach
Shílfeá nár chuir muid araoid ar bith air agus d'fhan sé amach ina dhiaidh sin — d'fhan sé uainn; thug sé cúl don teach seo.
TUILLEADH (1) ▼
Ní chuirfidh sé aon araoid ormsa uaidh seo amach, deirimse leat.
 
Tá sé ag ceapadh amach nach ceart araoid ar bith a chur air fhéin faoi thada — dar leis fhéin nach ceart araoid ar bith a chur air faoi thada
+
anam
Má chuireann sé aon araoid ar mhac an pheata den tsráid seo, 'sé an t-anam a bhainfeas as, feicfidh sé fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Le hanam do mhairbh, ná cuir aon araoid ar aon duine síos ansin.
 
Sin anduine, agus ná cuir araoid ar bith air.
 
Murach ina antlachán é, ní chuirfeadh sé araoid ar bith ar a chuid feamainne — murach é bheith santach, ní bhacfadh sé le feamainn an fhir eile, beag ná mór
 
ard 2
Níor chuir mé níos airde ná sin d'araoid air — sin é ar chuir mé d'araoid air
 
fearg
Chuaigh sé chun feirge liom ar scáth an méid sin araoide a chur air
 
Tá sé chomh francaithe leis an diabhal le tada a iarraidh air, ná araoid ar bith a chur air. Dar fia, ní dochtúr é le aghaidh na háite. Bhídís tíriúil go leor roimhe seo ach ná bac leo anois
 
fás 2
M'anam muise go bhfaighidh an t-iasc cead fáis ar scáth a gcuirfidh muid d'araoid air. Níor chaith mé aon urchar iascaigh anois le dhá bhliain