Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Árd
ainm-fhocal
1.
áit chrochta, alt, carcair, tulach, cnoc, mám. An-choitchiannta in ainmneacha áiteacha go h-áirid ar bhóithrí. Ní go minic a tugtar é ar chnocáin in garrdhantaí ach le iad a chuir igcoimhmheas le ísleáin, nó leis a' talamh faoi gcuairt. Ach ní abruightear aon-uair, go mbeadh cnoc, ná cnocán sa mbóthar. Árd, alt, carcair, trosca, máimín adeirtear. 'Séard adeirtear le ainmneachaí áiteacha ar bhóithrí freisin — Árd Throsca na gCapall, Árd na Bántruinne, Árd Dhoire Locháin, Árd Iothlainn Shéamuis, Áirdín a' Bhóthair, Árd Chnocán na gCeirteachaí (Cnocán na gCeirteachaí atá ar an áit féin, ach cuirtear isteach Árd, faoi go bhfuil sé sa mbóthar), Áirdín a' Diomalla, an t-Árd Mór, Árd na Críche Duibhe, Árd Chloch a' Tortáin, etc.
a.
+
Ní chreidfeá go bhfuil áirdín a' bhóthair chomh géar, go mbeitheá leath-bheala(igh) in 'aghaidh.
'Sé díol a' diabhail é Árd Bhearna le géireacht.
TUILLEADH (7) ▼
Tá caitheamh le fána mór (ceann le fána mór) in Árd Bhearna.
Ag dul síos Árd Dhoire Locháin a bhí mé a's é 'déanamh lae.
Tháinic sé anuas a' t-árd agus teannadh leis (faoi).
Níor fhága Áirdín a' Diomalla, dhá laghad é, tada in mo chomhnuidhe ionnam.
'Sé do chloch-neart an 'bicycle' a chur in aghaidh Árd a' Tighe Mhóir.
'Sé sean-eire capaill a' bith, tonna a thabhairt Árd Bhearna.
Tá capall aige, nach bhfuil tolgán a' bith aice, chúig chéad fhichead, a thabhairt aníos a' t-Árd Mór.
+
Tá an-árd ann (dubh-árd, scoth-árd maith, etc)
Tá árd sa mbóthar ann.
TUILLEADH (21) ▼
Ard géar go maith é.
Sé'n t-árd is géire ar bhóithrí é.
Is olc an éadáil a' t-árd seo ag putógaí falamha = is deacair do dhuine bhfuil ocras air a dhul in aghaidh.
Ar éigin a sháruigh mé suas a' t-árd = ar éigin a bhí mé indon a dhul in aghaidh.
Rinne mé puca dhe leath-bealaigh suas a' t-árd = scoth mé é, nó bhuail mé amach é, ar rothar, ar chapall etc.
Dhá mbeadh a' t-árd seo dhíot (thart, caithte agad, bailighthe maoluighthe etc), ní aire(ochth)á an chuid eile de'n aistir.
Bhailigh sé soir a' t-árd, mar bheadh Dia dhá rádh leis.
Ní árd géar é, ach tá tarraingt mhór ann = níl aon-fhánán mór ann, ach is árd an-fhada é.
Maran árd géar fhéin é, tá sé ag eirghe in t'aghaidh i gcomhnuidhe.
Marach a' tsíorruidheacht a bhí ionnam, ní dhéanfainn a' t-árd chor a' bith = marach a' seasamh, nó'n teacht aniar a bhí ionnam chinnfeadh orm a dhul in aghaidh an aird.
Shrian sé soir a' t-árd bog, te = chuaidh sé soir a' t-ard faoi shiubhal, agus é de rún aige, a dhul in áit, nó rud eicínt áithrid a dheanamh.
Bhí gearradh faoi ag (d)ul le fána an aird.
Níl aon-árd mór ann, cé's moite de Throsca na gCapall, ach sháróchadh na h-áirdíní beaga thú.
Áird uiliog é an bóthar céadna = tá sé faoi áird ar fad.
Tá'n gleann líonta aca(b) anois cab ar chab leis an áirdín = tá siad cothrom.
Bainfe an t-árd sin siar asad é = tiubharfa sé fuighleach le déanamh dhuit a dhul in 'aghaidh.
D'fhéach a' t-árd amach é = thug sé é; níor fhága sé tada in a chomhnuidhe ann.
Ní raibh puth dhá anáil aige indiaidh an aird.
Bhí sé sáthach séidthe de bharr an áird.
Bhí congnamh maith de'n árd déanta aice, nuair a thug sí uaithe = capall a chlis ag dul in aghaidh aird.
Tá'n bóthar faoi mhion-áird uiliog = tá an cuimse árd beag ann. (Mion-árda freisin — iolraidh — aird nó árda)
·
Tá siad leis an árd a bhaint as = é 'dheanamh cothrom leis an ísleán.
Tá sé i gceist go mbainfear na h-árda uiliog as Bóthar na Gaillimhe anois.
+
Chinn uirre an t-ualach a thabhairt in aghaidh an aird.
Chlis capall Sheumais in aghaidh an aird = ní raibh sí indon a' t-ualach a tharraingt in aghaidh an aird.
TUILLEADH (2) ▼
Ní gan í gan ó, a dhul in aghaidh an aird sin (aird = foghar oyaird)
Ní bhfuair sé craith(eadh) a' bith an 'bicycle' a chur in aghaidh an aird.
+
B'éigin dó tuirlingt in ucht an aird = b'éigin dó ísliú (de'n rothar, de'n chapall etc.) 'san áit is géire, nó is mó 'bhfuil dronn amach ar an árd.
Ní raibh sé in don a dhul thar uchtóig an aird.
TUILLEADH (5) ▼
Ní dhéanfa mé mullach an áird, (bárr an áird, ceann an aird druim an aird etc) choidhchin = ní bheidh mé indon mullach an aird a shroicheachtáil.
Tá an-fheiceál ag duine soir amach ó bharr an aird = d'fheicfeá soir ar fad ó mhullach an aird.
Tá amharc agad siar uiliog go léireach, ó dhruim an áird = d'fheicfeá siar uile go léir ó mhullach an aird.
Ní raibh tada le reic agam uaidh, agus muid ar bharr an aird = bhí sé ionann's suas liom.
Ba bheag le ag bun an aird a bhí mé nuair a scothadar mé = ní mórán le go raibh mé ag bun an aird, nuair a chuadhadar tharm amach.
+
Tá a theach ar an árd.
Tá a theach in áit aerach ar mhullach an aird.
TUILLEADH (1) ▼
Go mbadh teach ar an árd do theach! (mallacht — bheadh teach ar an árd feiceálach, agus gheobhfadh chuile dhuine caidéis dhó).
b.
·
Bhí sé sa tair(n)gearacht go mbeadh a' gleann chomh mór leis an árd (nó cnoc is iondamhla bheith ann) = go mbeadh an duine bocht chomh maith leis an duine saidhbhir, nó nach mbeadh bocht ná saidhbhir ann, ach mar a' chéile.
c.
·
Bliadhain na n-Árd = roinnt bliadhan ó shoin leig an Riaghaltas airgead amach le na h-árda a bhaint as bóthar Chois-Fhairrge, "Bliadhain na n-Árd" a thugtar ar a' mbliadhain sin ó shoin.
2.
·
Tá árd in a dhruim = sórt cruite
Tá árd ins a' teach = áit a mbeadh pluic amach ar thaobh a' tighe.

Féach freisin

Árd in iontrálacha eile (50+)

 
Tá teach follasach aige. Teach ceann slinne, agus é ar an árd ag béal an bhóithrín. Ní fhéadfá a dhul amú air
 
fána
Bhí an bád se'againne árd san ngaoith agus an chuid eile scathamh maith le fánaidh
 
cab
Tá'n taoille cab ar chab leis a' mbóthar thoir ag an D. Mh. anocht. = tá sí bord ar bhord leis a' mbóthar; chomh h-árd leis an mbóthar.
 
Bhí an canndáluidhe a' fuagairt chomh h-árd a's bhí in a cheann.
+
Is mór a' charcair d'árd é.
TUILLEADH (1) ▼
Carcair dhiabhalta d'árd é T. na gC.
 
ciste
Fhobair ciste a bheith faighte ag mo shean-athair 'sa gcnocán sin thiar. Neach a tháinic go dtí é a's adubhairt leis a dhul ann, ach ní dhearna sé a chomhairle, arae is fear de mhuinntir Dh. a thug sé leis i leaba C. Bhí leac a' phota nochtuighthe aca(b), nuair a tháinic an marcach — marcach a bhí chomh h-árd leis an aer — go dtí iad, a's d'fhuagair sé orra(b) staonadh. Sin é 'raibh na thimcheall. D'fhan a' ciste mar sin ariamh ó shoin, a's chreidim go bhfanfa, ar ar son se'aghainne.
 
Coireocha sé ar a' gcliamhain leat, má éisteann tú leis, ach dheamhan a mbeadh fhios agad, dhá n-abru(ighth)eá aon-cheo leis, nach shéard a dhéanfadh sé a dhul ar ais, a's chuile smid a innseacht dó. 'Aon mhuinntir amháin iad Muinntir Árd-Raithin' bíodh fhios agad.
 
Ní bheadh aon-ghé choideáin, in éindigh le na géadhbha se'agaibhse. Airighim imthighthe le seachtmhain í, a's níl fhios agham ó árd-bhonnaidheachaí an chatmara, cá ndeacha sí, marab é an sionnach a thárlóchadh leis í.
 
Bhuail a' t-ocras céadtach mé — sliabh gortach nó rud eicínt — ar Árd Bh. an T. M., a's shíl mé dheamhan a' baile a d'fheicfinn go bráth. Marach leisce é 'dhúiseacht, ghabhfainn isteach go dtí P. Ph. go bhfaghainn roisín bidh a dhúinfeadh mo ghoile go dteagainn abhaile.
+
Tá'n t-árd leath-bealaigh síos go bóthar.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé leath-bealaigh go claidhe, go h-árd.
+
beann
Is maith árd ó thalamh í círín (stuaic) na binne.
TUILLEADH (1) ▼
Tá 'chaon bhinn sléibhe dhá bhfaca muid ann chomh h-árd leis an aer.
 
Bhuail mé de chrigín é, mar bhuailfeá páiste, a's meastú nar thosuigh sé ag gol chomh h-árd 's 'bhí 'na cheann.
 
coiric
Tá sé chomh h-árd le coirricín a' Teampaill Mhóir = speiricín.
 
Frompáinín de bhean a bhí sa máthair, ach má badh eadh fhéin, ní chasfaidhe aon-bhean in do shiubhal ionnsuighe ort, ba cuisnighe ná í. Bhí a shliocht uirre: aindeoin a bhfuair si d'anró a's de sclábhuidheacht, mhair sí go raibh sí go h-árd le cois na cheithre scóir.
 
beo 1
Níl firnéad an bhéil bheo díob le baint as margadh. 'Aon-mhuinntir amháin iad muinntir Árd-Raithin' mar adeireadh P. Mh. fadó, a's é a' sciolladóireacht ar na cliamhaineachaí.
 
Is deas a' beodhchan gaoithe atá ann, ó árd-trathnóna.
 
binse
Má tá tú ro-árd annsin, suidh fút ar a' mbinnse = teinteán nó "hob".
+
bior
Tá sé chomh h-árd le bior (speiricín) a' Teampaill Mhóir.
TUILLEADH (2) ▼
Is geall le bior próiste é — clifeartach (cleithbheart-ach?) mór árd caol.
Scaoinn mhór árd í, a's gan bior-eanga uirre = bean shínte, chaol í, a's gan aon-fheoil uirre.
+
aer
Tá sé chomh h-árd leis an aer = rud árd a' bith, duine, cnoc nó eile.
TUILLEADH (4) ▼
Nuair a bhí Dia a' caitheamh Aingeal an Uabhair agus na h-aingle eile amach as na Flaithis, dubhairt Mícheál Árd-aingeal leis, dhá leanfadh Sé Dhá láimh, gur gearr go mbeadh na Flaithis bánuighthe Aige. 'Mar tá siad bíodh siad, mar sin' a deir Dia. Agus an chuid acab a bhí in Ifreann, d'fhanadar ann; an chuid acab a bhí ar Neamh, d'fhanadar ann, agus an chuid acab a bhí idir a' t'aer 'sa' talamh d'fhanadar ann, agus tá siad idir a' t-aer a's a' talamh ó shoin (Sliocht as scéal faoi 'n gcaoi ar caitheadh Aingeal an Uabhair as na Flaithis).
Tá'n ghrian go h-árd ar an aer fós (nó árd ar a' spéir).
Bíonn an ghrian árd ar an aer agus a' lá ársuighthe go maith, shul is mian leis an leaba fhágáil.
Tá a bharr an-árd in aer.
+
buail
Bhuail cuaibhtheach de'n ghaoth timceallach sin mé ar árd J. S. a's dheamhan mórán a' bith, nar árduigh sí idir chlár a's chuinneog de lom a' bhóthair mé.
TUILLEADH (2) ▼
Bhuail tuirse mé árd-trathnóna, a's dheamhan filleadh ná feacadh a bhí goir agham a dheanamh aige.
'Bhuailfinn boc báire chomh h-árd leis a' ngealaigh' (as "Taimín" amhrán de chuid Chonamara).
+
'Sé a dhéanfas an buinneán fir, má mhaireann dó. Tá sé chomh h-árd len' athair cheana.
TUILLEADH (1) ▼
Ní scarfa an chruach ar chuma ar bith. Tá sí ina buinneán árd.
 
Bunastáinín íseal é an fear, ach scaoinn mhór árd í an bhean atá aige.
 
A' tarraingt aniar ar árd Iothlainn Sheumais dom, bhuail a' t-ocras céadtach mé gan aon-aireachtáil, agus fhobair dhom tuitim imbun mo chos = tháinic sé de phlimp, agus gan aon-ughdar aige.
 
aire
Furast' aithinte gur beag atá ar t'aire, a' léigheamh páipéir nuaidheachta, agus an ghrian go h-árd ar a' spéir fós.
 
airigh
Níor airigh mé blas de, go dtí árd-trathnóna indé
 
M'anam nach hí an chreafóg aireamhail is fhearr a raibh barr uirre imbliadhna chor a' bith. Nuair a bhí mé a' cur sa bPáircín Árd annsin thuas, bhí na buird dóighte innte, a's dar príosta is ait na fataí a bhí innte in a dheidh sin.
+
amach
Bhí sé soir amach ag árd Dhoire Locháin, nuair a scoth mé é.
TUILLEADH (3) ▼
Ar a dhul soir ar Árd-Dhoire Locháin dúinn, bhog muid amach = ghéaruigh muid sa siubhal.
Chorruigh sé amach, nuair a bhí sé chomh fada le árd-Iothlainn Sheumais.
Amach annseo sa samhradh, caithfe mé seársa a thabhairt go h-Uachtar Árd, mar tá sé caithte in mo chloigeann le fada agham.
+
anam
Meádhfa Mícheál Árd-Aingeal 'chuile anam annsiúd, agus má tá indán's gur mó dhá chionnta ná dhá dheagh-oibreachaí, síos go h-Ifreann a chuirfear é (badh é sin baramhail na ndaoine faoi'n mBreitheamhnas — go meádhfadh Mícheál Árd Aingeal chuile anam, agus dhá mbadh truime a chionnta ná a dheagh oibreachaí go dtligfidhe síos go h-Ifreann é; féach leat "na Críocha Déigheannacha, le lide fhaghail faoi na scálaí" seo).
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé réasúnta indé, ach tháinic barr air, tuairim's árd-trathnóna. A' dul 'un donacht atá sé ó shoin, a's tá sé in achar an anama amach a's amach anois.
+
anuas
Bhí mé anuas thar Árd Throsca na gCapall shul má rug an oidhche orm = bhí mé níos goire ná etc. níos goire do'n taobh ó dheas.
TUILLEADH (3) ▼
Bhí teannadh liom anuas a' t-árd = le fána an aird.
Bhí mé anuas go maith an t-árd, nuair a leagadh mé = go maith le fána an aird.
Anuas amach as Uachtar Árd é = tá Uachtar-Árd — an áit ar b'as é — an-fhada suas (nó ó thuaidh) as seo.
 
anáil
Má chrochann sé an ceann chomh h-árd sin, tiubharfa sé anáil bhreagh do'n teach.
 
'Sé aingeal an Uabhair a' t-árd-dhiabhal atá in Ifreann anois.