ard
—ainmfhocal
1.
áit chrochta, alt, carcair, tulach, cnoc, mám. An-choitianta in ainmneacha áiteacha go háirid ar bhóithrí. Ní go minic a tugtar é ar chnocáin i ngarrantaí ach le iad a chur i gcóimheas le ísleáin nó leis an talamh faoi gcuairt. Ach ní abraítear aon uair go mbeadh cnoc ná cnocán sa mbóthar. Ard, alt, carcair, troscaigh, máimín adeirtear. Séard adeirtear le ainmneachaí áiteacha ar bhóithrí freisin — Ard Throscaigh na gCapall, Ard na Bántrainne, Ard Dhoire Locháin, Ard Iothlainn Shéamais, Airdín an Bhóthair, Ard Chnocán na gCeirteachaí (Cnocán na gCeirteachaí atá ar an áit féin, ach cuirtear isteach Ard faoi go bhfuil sé sa mbóthar), Airdín an Diomalaigh, an tArd Mór, Ard na Críche Duibhe, Ard Chloch an Tortáin, srl.
a.
+–
Ní chreidfeá go bhfuil Airdín an Bhóthair chomh géar go mbeifeá leath bhealaigh ina aghaidh.
'Sé díol an diabhail é Ard Bhearna le géireacht.
TUILLEADH (7) ▼
Tá caitheamh le fána mór (ceann le fána mór) in Ard Bhearna.
Ag dul síos Ard Dhoire Locháin a bhí mé agus é ag déanamh lae.
Tháinig sé anuas an t-ard agus teannadh leis (faoi)
Níor fhága Airdín an Diomala, dhá laghad é, tada in mo chónaí ionam.
'Sé do chlochneart an bicycle a chur in aghaidh Ard an Tí Mhóir.
'Sé seaneire capaill ar bith tonna a thabhairt Ard Bhearna.
Tá capall aige nach bhfuil tolgán ar bith aici chúig chéad fhichead a thabhairt aníos an t-Ard Mór.
+–
Tá an-ard ann (dubhard, scothard maith, srl.)
Tá ard sa mbóthar ann.
TUILLEADH (21) ▼
Ard géar go maith é.
'Sé an t-ard is géire ar bhóithrí é.
Is olc an éadáil an t-ard seo ag putógaí folamha — is deacair do dhuine a bhfuil ocras air a dhul ina aghaidh
Ar éigean a sháraigh mé suas an t-ard — ar éigean a bhí mé in ann a dhul ina aghaidh
Rinne mé puca dhe leath bealaigh suas an t-ard — scoith mé é, nó bhuail mé amach é, ar rothar, ar chapall srl.
Dhá mbeadh an t-ard seo dhíot (thart, caite agat, bailithe, maolaithe srl.), ní aireofá an chuid eile den aistir.
Bhailigh sé soir an t-ard mar a bheadh Dia dhá rá leis.
Ní ard géar é, ach tá tarraingt mhór ann — níl aon fhánán mór ann, ach is ard an-fhada é
Muran ard géar fhéin é, tá sé ag éirí in t'aghaidh i gcónaí.
Murach an tsíoraíocht a bhí ionam, ní dhéanfainn an t-ard chor ar bith — murach an seasamh nó an teacht aniar a bhí ionam, chinnfeadh orm a dhul in aghaidh an aird.
Shrian sé soir an t-ard bog te — chuaigh sé soir an t-ard faoi shiúl agus é de rún aige a dhul in áit nó rud eicínt áirid a dhéanamh
Bhí gearradh faoi ag dul le fána an aird.
Níl aon ard mór ann, cé is moite de Throscaigh na gCapall, ach sháródh na hairdíní beaga thú.
Aird uileag é an bóthar céanna — tá sé faoi aird ar fad
Tá an gleann líonta acub anois cab ar chab leis an airdín — tá siad cothrom
Bainfidh an t-ard sin siar asat é — tabharfaidh sé fuílleach le déanamh dhuit a dhul ina aghaidh
D'fhéach an t-ard amach é — thug sé é; níor fhága sé tada ina chónaí ann
Ní raibh puth dhá anáil aige i ndiaidh an aird.
Bhí sé sách séidte de bharr an aird.
Bhí cúnamh maith den ard déanta aici nuair a thug sí uaithi — capall a chlis ag dul in aghaidh aird.
Tá an bóthar faoi mhion-aird uileag — tá an cuimse ard beag ann. (mionarda freisin — iolraidh — aird nó árda)
·
Tá siad leis an ard a bhaint as — é 'dhéanamh cothrom leis an ísleán
Tá sé i gceist go mbainfear na harda uileag as Bóthar na Gaillimhe anois
+–
Chinn uirthi an t-ualach a thabhairt in aghaidh an aird.
Chlis capall Shéamais in aghaidh an aird — ní raibh sí in ann an t-ualach a tharraingt in aghaidh an aird
TUILLEADH (2) ▼
Ní gan uídh gan óidh a dhul in aghaidh an aird sin (aird, foghar = oyaird)
Ní bhfuair sé croitheadh ar bith an bicycle a chur in aghaidh an aird.
+–
B'éigean dó tuirlingt in ucht an aird — b'éigean dó ísliú (den rothar, den chapall srl.) san áit is géire nó is mó a bhfuil dronn amach ar an ard.
Ní raibh sé in ann a dhul thar uchtóig an aird.
TUILLEADH (5) ▼
Ní dhéanfaidh mé mullach an aird choíchin (barr an aird, ceann an aird, droim an aird srl.) — ní bheidh mé in ann mullach an aird a shroicheachtáil
Tá an-fheiceáil ag duine soir amach ó bharr an aird — d'fheicfeá soir ar fad ó mhullach an aird.
Tá amharc agat siar uileag go léireach ó dhroim an aird — d'fheicfeá siar uile go léir ó mhullach an aird
Ní raibh tada le reic agam uaidh agus muid ar bharr an aird — bhí sé ionann is suas liom
Ba bheag le ag bun an aird a bhí mé nuair a scoitheadar mé — ní mórán le go raibh mé ag bun an aird nuair a chuadar tharam amach
+–
Tá a theach ar an ard.
Tá a theach in áit aerach ar mhullach an aird.
TUILLEADH (1) ▼
Go mba teach ar an ard do theach! (mallacht — bheadh teach ar an ard feiceálach agus gheobhadh chuile dhuine caidéis dhó)
b.
·
Bhí sé sa tairngreacht go mbeadh an gleann chomh mór leis an ard (nó cnoc is iondúla bheith ann) — go mbeadh an duine bocht chomh maith leis an duine saibhir, nó nach mbeadh bocht ná saibhir ann ach mar a chéile
c.
·
Bliain na nArd — roinnt bliain ó shin lig an rialtas airgead amach le na harda a bhaint as bóthar Chois Fharraige, "Bliain na nArd" a thugtar ar an mbliain sin ó shin
2.
·
Tá ard ina dhroim — sórt cruite
Tá ard sa teach — áit a mbeadh pluic amach ar thaobh an tí
ard in iontrálacha eile (50+)
Bhí mise ag teacht aníos an Daingean lá agus chonaic an fear fobhairne a bhí agam — S. Gh. — na breilleogaí léin sin. Ba bheag nár thit sé as a sheasamh. Ba é búm an tseoil mhóir a choinnigh ar a chosa é. Ara diabhal aird ar bith a thug mise orthu!
→
foilsigh
Ba deacair dóibh an t-ádh a bheith orthu, go mba leo fhéin uainne é. Shíl siad go raibh siad ina rith seoil ceart críochnaithe anois. Bhí a dhá láimh timpeall ar an saol. Ach is ag Dia is fhearr a fhios. Foilsíonn Dia an chneámhaireacht agus an míscrupall i gcónaí. Is fada ar an saol mé agus níl aon lá ó tháinig cuimhne dhom nach amhlaidh a fheicim é. Chuala tú an scéal faoin bhfear a chonaic fear eile ag marú duine agus dhá chur i ngan fhios. Mhionnaigh sé agus mhóidigh sé mura bhfoilsíodh Dia é nach mbeadh aon aird aige fhéin ar Dhia níos mó. D'fhan mar sin. Chonaic sé go raibh an saol ag féithiú leis an té a rinne an marú … Sin é an chaoi a raibh sé. Bhí fear eile marbh cheana ag an té a maraíodh. Nach maith gur fhoilsigh Dia an choir sin!
+
Tá teach follasach aige. Teach ceann slinne, agus é ar an ard ag béal an bhóithrín. Ní fhéadfá a dhul amú air
TUILLEADH (1) ▼
Siopa follasach atá aige. Tá sé i lár na sráide agus airde agus méid aige ar a bhfuil de shiopaí eile sa tsráid. Feicfidh tú an t-éadach ar an bhfuinneoig
→
freagair
Ach meas tú cén chaoi a maireann a bhfuil ag iarraidh a gcodach i nGaillimh chor ar bith? Tá an baile mór foirgthe anois. Foirgthe ceart. Ní ghabhfá dhá choisméig nach mbeadh duine ag dilleoireacht ort. Agus iad chomh spleách chomh anóiteach! Sea agus cuid acu beathaithe bláfar! Ar ndóigh is den tsonas an achainí, ach den donas a bheith dhá freagairt. M'anam an té a thabharfadh aird orthu siúd gur ghearr gurb é mála na déirce a bheadh air fhéin!
Tá sé ag líochán an chosáin ina diaidh sin leis an fhad seo aimsire agus gan d'aird aici sin air ach an oiread is dhá mba madadh é. An leadhb! Breá nach ligeann sé di fhéineacht nuair nach bhfuil sí ag tabhairt aon ugach dó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
→
fág gan
Shílfeá gur mór an díth céille atá air a dhul ag cur anró air fhéin ag baint fheamainne le curach, agus dalladh feamainn dubh — airde crann loinge dhi — thíos ansin thíos aige ar chóngar. Ach ní minic leis an gceann céanna gan an chontráil a dhéanamh. Oibríodh sé leis. Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur. Sin é a fhearacht aige sin é
→
fáinne
Chuaigh inín an rí suas go dtí an fhuinneoig ab airde sa gcaisleán agus d'fhéach sí i bhfáinne na feiceála agus chonaic sí an Gruagach ag teacht agus naoi n-iomairí agus naoi n-eitrí aige i ngach coisméig, agus chúig ghleann i ngach truslóig
+
→
fána
Bhí sé ag dul síos le fána an aird (an chnoic)
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an bád s'againne ard sa ngaoith agus an chuid eile scaitheamh maith le fána
→
fán
Níor cheart dó aird a thabhairt ar athair ná ar mháthair, ach a dhul agus a pósadh ó thaitnigh sí leis. Ní phósfaidh ceachtar acu anois go brách feicfidh tú, ach iad ag dul i bhfán ar a chéile mar sin choíchin
→
fánán
Bhí sé ceart go leor sna fánáin ach b'éigean dhom na haird ar fad a shiúl. Bhí an-ghála in m'aghaidh
→
cab
Tá an fánán aníos líonta (le clocha) aníos cab ar chab le ucht an aird. Is beag an caitheamh le fána a bheas ann ach iad siúd a bheith réidh leis.
Shíl mé gur céad fear a bhí ag teacht nuair a chuala mé an chantaireacht ag Casadh an Aird. Cé bheadh agam ann, ach Nell agus Bríd!
+
→
carcair
Is mór an charcair d'ard é.
TUILLEADH (2) ▼
Carcair dhiabhalta d'ard é T. na gC.
Tá bóthar an tsléibhe sin faoi arda agus faoi charcaireachaí as éadan.
Dhá ndéantaí an scéal a cheartú agus a chur i ngéill (i gcéill?) dó, chaithfeadh sé airde a thabhairt air.
Is olc an chinnireacht a fuair an créatúr. Fágadh ina dhílleachta an-óg é, agus dheamhan mórán airde a thug muintir na seanmháthar air, rud nach milleán orthub agus an cluiche a bhí acub fhéin ann.
→
cinnire
Ar ndóigh, mura dtuga tú aon airde ar chinnire an phobail, tá sé mór againne a dhul i gcleithiúnas aon chomhairle a chur ort
→
ciste
Fhóbair ciste a bheith faighte ag mo sheanathair sa gcnocán sin thiar. Neach a tháinig go dtí é agus adúirt leis a dhul ann, ach ní dhearna sé a chomhairle, arae is fear de mhuintir Dh. a thug sé leis i leaba C. Bhí leac an phota nochtaithe acub nuair a tháinig an marcach — marcach a bhí chomh hard leis an aer — go dtí iad, agus d'fhuagair sé orthub staonadh. Sin é a raibh na thimpeall. D'fhan an ciste mar sin ariamh ó shin, agus chreidim go bhfanfaidh, ar ár son s'againne.
Ara lig de do chuid clabaireacht, agus ná bí do mo bhodhrú léithe. Dheamhan aithne ort nach dtabharfaidh daoine aird ort.
→
claibín
B'fhurasta a aithinte dhuit, dhá mbeadh aon aird ar do ghnaithe agat, gurb in é a d'éireodh dó. Ní áit ar bith a leithide de rud a leagan ar forbhás ar chlaibín an chomhra. Ceannóidh tú ceann nua anois, muis!
Tháinig cupla lá faoi Fhéile Sin Seáin anuraidh agus bhí siad chomh coimhthíoch le laethantaí na Riabhaí. I nDomhnach, fhóbair gur fhuadaíodh mé as an bPáircín Aird ansin thuas!
Bíonn an dream sin siar ag saighdeoireacht nó ag coinnleoireacht chuile oíche anois ó buaileadh síos ceann na maor. Dheamhan mórán airde ag na maortha eile orthub, ní nach ionadh, ó tharla nach bhfuil tada dhá gcaillteamas fhéin leis.
→
coirigh
Coireoidh sé ar an gcliamhain leat má éisteann tú leis, ach dheamhan a mbeadh a fhios agat, dhá n-abraíteá aon cheo leis, nach éard a dhéanfadh sé a dhul ar ais agus chuile smid a inseacht dó. Aon mhuintir amháin iad Muintir Ard Raithin bíodh a fhios agat.
Bíonn sé coitianta go maith anois i S. Th. théis gur uair sna naoi n-aird a thagadh sé ann roimhe seo.
→
conán
Is mór is fhiú conán socair sásta mar sin, nach mbeidh aird aige ar thada ach a ghnaithe a dhéanamh.
→
cora
Caitheann sibh cosamar fataí amach ansin chuile lá agus dheamhan aird agaibh air, ach é fhágáil ansin ina chora. Gheobhtaí rud eicínt le caitheamh a chur ann, murach go ligeann sibh amú é.
→
cosacán
An bhfuil a fhios céard atá le déanamh leis an asal sin, cosacáin a chur air, agus a smut a bhualadh ar a chois tosaigh ina aice sin. Mura múine sin é, caith le gunna é. Níl aon gharraí ar an mbaile nach bhfuil ina bhéal in airde aige.
Bhuail an t-ocras céatach mé — sliabh gortach nó rud eicínt — ar Ard Bh. an T. M., agus shíl mé dheamhan an baile a d'fheicfinn go brách. Murach leisce é a dhúiseacht, ghabhfainn isteach go dtí P. Ph. go bhfaighinn raisín bídh a dhúnfadh mo ghoile go dteagainn abhaile.
+
→
cóipís
Má thugann tú aird ar a chuid cóipíse sin, is gearr go mbeidh tú chomh dona leis fhéin. Cluais (cluas) bhodhar a bhí agat a thabhairt dó.
TUILLEADH (2) ▼
Lig de do chuid cóipíse anois, arae níl aon duine ag tabhairt airde ort.
Cén somhaoine dhuit a bheith ar chóipís den tsórt sin. Ní thabharfaidh aon duine lá aird' ort.
→
cóisir
Ba mhór an chóisir bainse í. Bhí carrannaí ó Mhullach an Aird go dtí Gleann an Fhóidín, agus ar ndóigh mo léan, bhí J. i dtosach cóisireach. Dheamhan gnaithe a dhéanfaí dhá uireasa.
→
bannaí 1
Níl airde ar bith le fáil ag bannaí béil sa dlí mura mbí aon scríbhinn ná aon fhianaisí ann.
+
→
bealach
D'fhiafraigh mé fios an bhealaigh de scrománach mór a raibh a dhroim le balla aige agus má d'fhiafraigh fhéin, is beag an aird a thug sé orm.
TUILLEADH (4) ▼
Tabhair airde ar sin agus cuirfidh sé ar bhealach do leasa thú! — bealach a bhasctha atá i gceist
Is beag an airde a bhéarfas sé sin ar aon duine atá ar mhaithe leis ná a chuirfeadh ar bhealach a leasa é.
Tá an t-ard leath bealaigh síos go bóthar.
Tá sé leath bealaigh go claí go hard.
+
→
beann
Is maith ard ó thalamh í círín (stuaic) na binne.
TUILLEADH (1) ▼
Tá chaon bhinn sléibhe dhá bhfaca muid ann chomh hard leis an aer.
→
cnigín
Bhuail mé de chnigín é mar bhuailfeá páiste, agus meas tú nár thosaigh sé ag gol chomh hard is a bhí ina cheann.