Árd
—aidiacht nó dubh-bhriathar
1.
áit árd, teach árd, cnoc árd etc.
a.
+–
Is aoirde de bheagán an teach s'aghainne ná teach se'agaí(bh)se (aoirde = áirde = foghar 'oyr-de')
'Sé'n cnoc is aoirde igConamara é sin.
TUILLEADH (1) ▼
Is aoirde Seán ná mise etc.
·
Tá taoille árd anocht ann = tá sí aníos go maith faoi'n gcladach.
Tá scoth-thaoille árd go maith indiu ann.
·
Tá'n ghrian go h-árd ar an aer = tá'n lá ársuighthe amach.
Is maith árd ar an aer, bhí an ghrian shul ó d'eiri(gh) sé indiu.
b.
+–
Nuair ab íseal dó-san, b'árd domsa (is minic a' leagan seo 'sna sean-scéalta) = nuair a bhí seisean sa ngleann bhí mise ar an árd; bhí sé cinnt air a thoidheacht suas liomsa; bhí tosach agamsa i gcomhnuidhe air
Nuair ab íseal do Phádraic, b'árd do Shéamus.
TUILLEADH (2) ▼
Nuair ab árd domsa, b'íseal dó-san, agus chinn air dubh a's dubh mé 'scothadh.
Nuair ab íseal do'n phóilidhe, b'árd do'n tinncéar, agus choinnigh sé an tosach sin i gcomhnuidhe air.
c.
+–
Chuartuigh mé go h-íseal a's go h-árd iad, a's chinn orm a bhfaghail in aon áit = chuartaigh mé ingleann a's ar árd iad, agus ní raibh mé indon iad fhaghail; chuartaigh mé is 'chuile áit iad, a's chinn orm iad fhaghail, aindeoin sin.
Tá siad tóruighthe go h-íseal a's go h-árd agham, ó's sé'n dá mhara chéile dhom é.
TUILLEADH (2) ▼
Níor fhágadar míor meacan go h-íseal a's go h-árd nár thóruigheadar, a's dheamhan amharc a fuaireadar a' dá chaora 'na dheidh sin.
Níl aon-ghiodán íseal ná árd nach raibh mé, fé'int a bhfuíghinn iad, a's chinn orm 'na dheidh sin.
+–
Níl aon-amharc orrab íseal ná árd (in íseal ná in árd) = in aon áit; chor a' bith.
Shiubhail mé íseal a's árd le dhá lá, a's ní raibh agham ach bonnaidheachaí, de bharr mo chuid trioblóide = shiubhail mé chuile áit a' tóruigheacht, ach sin é 'raibh dhá bharr agham.
TUILLEADH (1) ▼
Níor fhága sé íseal ná árd, gan ionnsuighe a' lorg mná, agus bhí sé chomh maith dhó fanacht ar leic a' tealla(igh) mar ní phósfadh bean a' bith é.
2.
a.
+–
Ar chuir sé an bhó chomh h-árd sin; ar chuir sé an oiread sin í; ar thairg sé an méid sin airgid uirre.
Caithfe sé igcomhnuidhe an phighinn is aoirde a bhaint amach ar chuile shórt = an phighinn báirr.
TUILLEADH (4) ▼
Ní dhíolfa sí siúd tada gan a' phighinn is aoirde a fhaghail = airgead mór.
Is aige bheidheas an phighinn is aoirde igcomhnuidhe = 'sé is daoire a leanfas thú faoi 'chuile shórt (ighinn bairr).
'Sé chuir an phighinn ab aoirde an gamhain = 'sé is mó 'thairg air.
Is beag a' baol uirre siúd, é 'chuir an phighinn is aoirde.
b.
+–
Tá sé árd sa saoghal anois = é saidhbhir, deis agus maoin aige.
Ní bhreathnóchadh sé ar na daoine chor a' bith, ó d'eirigh sé árd sa saoghal.
TUILLEADH (5) ▼
Chonnaic sé an dá shaoghal, agus bíodh sé buidheach má tá sé árd sa saoghal anois.
'Sé 'tá ag eirghe árd sa saoghal ag na daoine.
Bhain(f)idhe leagan as duine tí (ní) b'aoirde 'sa saoghal ná é = bocht(ochth)aidhe é.
Bíodh sé buidheach do'n té d'fhága árd sa saoghal é.
'Sí udhachta Mheiriocá d'fhága árd sa saoghal é — sí sin.
c.
+–
'Bhfuil sé siúd árd i bposta? = 'bhfuil posta mór aige.
Chuala mé go raibh sé an-árd i bposta, le scath(amh) anuas.
TUILLEADH (9) ▼
D'eirigh sé árd i bposta le goirid.
Badh cheart go mbeadh sé an-árd i bposta anois, má's fíor dhi seo thoir.
Marach a raibh d'fhabhar aige, ní bheadh sé chomh h-árd sin i bposta, mar ní raibh a dhíol foghluim' aige l'aghaidh aon-cheann-posta de'n rath.
Dhá aoirde dhá bhfuil sé i bposta, fágfa an t-ól a chosa nighte mara n-eirighe sé as.
'Sé is aoirde aca(b) ar fad (i bposta)
Tá'n posta is aoirde 'san ospuidéal aige.
Tá sé árd sa dlighe = tá posta mór aige a bhainea(nn)s leis a' dlighe.
Tá sé árd 'sna póilíos
Tá sé árd 'sna Flaithis, má tá duine 'bith.
+–
Tá sé an-árd i bhfoghluim, chuala mé = tá sé an-fhoghlumta
Cé'n chaoi ar fhéad sé a dhul chomh h-árd sin i bhfoghluim, mara raibh airgead ag a mhuinntir le cailleadh leis.
TUILLEADH (3) ▼
Níl aon mháighistir scoile sa tír adeir siad is aoirde i bhfoghluim ná é.
Tá'n ínntreacht (inntleacht) aige le dhul árd i bhfoghluim, má thogruigheann sé fhéin sin.
Chaith sé cheithre bliadhna 'g (d)ul (ch)uig coláiste, agus tá sé chomh h-árd in ealadhain a's tá sé i bhfoghluim dhá bharr.
·
Má tá an ceann céadna árd idtada, as árd indiabhluidheacht atá sé = is dearg ealadhantóir, nó duine an-imeartha críochnuighthe é.
3.
+–
Tá sé dhá mhíle go h-árd = tá sé dhá mhíle go maith; tá sé cuid mhaith le cois dhá mhíle.
Tá sé sé mhíle go h-árd as seo go Bearna.
TUILLEADH (8) ▼
Bhí mo mhuic-sa deich gclocha go h-árd. Níl fhios agam nach mbadh goire d'aon-chloich dhéag í.
Scrománach mór diabhalta é. Tá sé na sé troighthe go h-árd.
Níl na sé bliadhna déag sáruighthe fós aige, agus tá sé cheana, sé troighthe go h-árd = go maith as cíonn sé-troighthe.
Ní fhéadfadh sé gan a bheith na cheithre scóir go h-árd.
M'anam go bhfuil sí go h-árd as cionn deich mbliadhna fichead.
Cé'n chainnt sin ort. Ba mhaith an sean-pháiste é an oidhche 'phós mé. Tá sé an scór go h-árd.
Cuimhnigheann J. L. ar oidhche na Stoirme Móire. Caithfe sé go bhfuil sé an céad go h-árd.
Tá sé na cheithre clocha déag go h-árd.
4.
+–
Labhair sé amach go h-árd = de ghlór maith
Bhí sé 'caoineadh go h-árd acmhuínneach (féach acmhuínneach).
TUILLEADH (8) ▼
Bhí sé a' gol chomh h-árd a's bhí in a cheann = chomh maith a's bhí sé indon
Bhí sé 'screadach chomh h-árd a's bhí in a cheann.
Níor tháinic iabh air ach a' béiciúch chomh h-árd a's bhí in a cheann.
Leig sé allar as chomh h-árd a's bhí in a cheann.
Bhí sé screadach in árd a chinn = chomh h-árd a's bhí sé indon.
Bhí sé fuagairt in árd a chinn.
Chloisfeá go mín réidh socair thiar ag ceann an bhóithrín é, labhair sé chomh h-árd sin
Is aoirde an glór atá agad fhéin, ná aghamsa le glaodhach air.
+–
Dubhairt sé amach go h-ard é = sa gcaoi go gcloisfeadh 'chuile dhuine é. Ní raibh ceilt a' bith aige air.
Ná h-abair amach go h-árd é, faitchíos a' gcloisfeadh a' chuid eile é.
TUILLEADH (1) ▼
'Annsin labhair a' t-éinín, agus bhí réalta na maidne go h-árd (líne as "Péarla dheas a' tSléibh Bháin).
5.
+–
Ní dhearna mé ariamh níos aoirde ná beannú dhó = bheannuigh mé dhó, ach sin é an méid; ní raibh mé a' cainnt ariamh leis thairis sin.
Níor chuir mé níos aoirde ná sin d'araoid air = sin é ar chuir mé d'araoid air.
TUILLEADH (10) ▼
Níor dhubhairt mé níos aoirde ná sin leis, ach chreidim nar bheag (dh)om sin.
Ná cuir níos aoirde ná sin de cheist air, má ghlacann tú mo chomhairle-sa = ná h-abair níos mó ná sin leis.
Ní dhearna mé níos aoirde ná sin, a's thugadar 'un cúirte mé ina dheidh sin.
Níor chuir mé aca(b) (chucu) ná uatha(b) níos aoirde ná sin, a's bhíodar le buile chuthach liom.
Níor dhubhairt mé drúcht ná báisteach léithe, níos aoirde ná iarraidh uirre gan a cuid beithidheach a leigean i mbraduighil orm, a's d'eirigh sí 'na coilichín agam 'na dheidh sin.
Níor labhair mé ariamh níos aoirde ná trí fhocal cainnte leis.
Ní fhaca mé ariamh an ceann céadna tíos (níos) aoirde ná uair nó dhó.
Ní raibh mé ariamh in Uachtar Árd, níos aoirde ná uair amháin, a ndeacha mé ar aonach ann.
Níor thaobhuigh mé an teach aice ariamh ó shoin níos aoirde ná uair nó dhó.
Is beag an áirde atá aige sin ar a' bhfaoistean, níos aoirde ná uair nó dhó gach bliadhain.
Árd in iontrálacha eile (50+)
Tá teach follasach aige. Teach ceann slinne, agus é ar an árd ag béal an bhóithrín. Ní fhéadfá a dhul amú air
→
cab
Tá'n taoille cab ar chab leis a' mbóthar thoir ag an D. Mh. anocht. = tá sí bord ar bhord leis a' mbóthar; chomh h-árd leis an mbóthar.
→
ciste
Fhobair ciste a bheith faighte ag mo shean-athair 'sa gcnocán sin thiar. Neach a tháinic go dtí é a's adubhairt leis a dhul ann, ach ní dhearna sé a chomhairle, arae is fear de mhuinntir Dh. a thug sé leis i leaba C. Bhí leac a' phota nochtuighthe aca(b), nuair a tháinic an marcach — marcach a bhí chomh h-árd leis an aer — go dtí iad, a's d'fhuagair sé orra(b) staonadh. Sin é 'raibh na thimcheall. D'fhan a' ciste mar sin ariamh ó shoin, a's chreidim go bhfanfa, ar ar son se'aghainne.
→
coirigh
Coireocha sé ar a' gcliamhain leat, má éisteann tú leis, ach dheamhan a mbeadh fhios agad, dhá n-abru(ighth)eá aon-cheo leis, nach shéard a dhéanfadh sé a dhul ar ais, a's chuile smid a innseacht dó. 'Aon mhuinntir amháin iad Muinntir Árd-Raithin' bíodh fhios agad.
→
cuideáin
Ní bheadh aon-ghé choideáin, in éindigh le na géadhbha se'agaibhse. Airighim imthighthe le seachtmhain í, a's níl fhios agham ó árd-bhonnaidheachaí an chatmara, cá ndeacha sí, marab é an sionnach a thárlóchadh leis í.
Bhuail a' t-ocras céadtach mé — sliabh gortach nó rud eicínt — ar Árd Bh. an T. M., a's shíl mé dheamhan a' baile a d'fheicfinn go bráth. Marach leisce é 'dhúiseacht, ghabhfainn isteach go dtí P. Ph. go bhfaghainn roisín bidh a dhúinfeadh mo ghoile go dteagainn abhaile.
+
→
bealach
Tá'n t-árd leath-bealaigh síos go bóthar.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé leath-bealaigh go claidhe, go h-árd.
+
→
beann
Is maith árd ó thalamh í círín (stuaic) na binne.
TUILLEADH (1) ▼
Tá 'chaon bhinn sléibhe dhá bhfaca muid ann chomh h-árd leis an aer.
→
cnigín
Bhuail mé de chrigín é, mar bhuailfeá páiste, a's meastú nar thosuigh sé ag gol chomh h-árd 's 'bhí 'na cheann.
Frompáinín de bhean a bhí sa máthair, ach má badh eadh fhéin, ní chasfaidhe aon-bhean in do shiubhal ionnsuighe ort, ba cuisnighe ná í. Bhí a shliocht uirre: aindeoin a bhfuair si d'anró a's de sclábhuidheacht, mhair sí go raibh sí go h-árd le cois na cheithre scóir.
→
beo 1
Níl firnéad an bhéil bheo díob le baint as margadh. 'Aon-mhuinntir amháin iad muinntir Árd-Raithin' mar adeireadh P. Mh. fadó, a's é a' sciolladóireacht ar na cliamhaineachaí.
+
→
bior
Tá sé chomh h-árd le bior (speiricín) a' Teampaill Mhóir.
TUILLEADH (2) ▼
Is geall le bior próiste é — clifeartach (cleithbheart-ach?) mór árd caol.
Scaoinn mhór árd í, a's gan bior-eanga uirre = bean shínte, chaol í, a's gan aon-fheoil uirre.
+
→
aer
Tá sé chomh h-árd leis an aer = rud árd a' bith, duine, cnoc nó eile.
TUILLEADH (4) ▼
Nuair a bhí Dia a' caitheamh Aingeal an Uabhair agus na h-aingle eile amach as na Flaithis, dubhairt Mícheál Árd-aingeal leis, dhá leanfadh Sé Dhá láimh, gur gearr go mbeadh na Flaithis bánuighthe Aige. 'Mar tá siad bíodh siad, mar sin' a deir Dia. Agus an chuid acab a bhí in Ifreann, d'fhanadar ann; an chuid acab a bhí ar Neamh, d'fhanadar ann, agus an chuid acab a bhí idir a' t'aer 'sa' talamh d'fhanadar ann, agus tá siad idir a' t-aer a's a' talamh ó shoin (Sliocht as scéal faoi 'n gcaoi ar caitheadh Aingeal an Uabhair as na Flaithis).
Tá'n ghrian go h-árd ar an aer fós (nó árd ar a' spéir).
Bíonn an ghrian árd ar an aer agus a' lá ársuighthe go maith, shul is mian leis an leaba fhágáil.
Tá a bharr an-árd in aer.
+
→
buail
Bhuail cuaibhtheach de'n ghaoth timceallach sin mé ar árd J. S. a's dheamhan mórán a' bith, nar árduigh sí idir chlár a's chuinneog de lom a' bhóthair mé.
TUILLEADH (2) ▼
Bhuail tuirse mé árd-trathnóna, a's dheamhan filleadh ná feacadh a bhí goir agham a dheanamh aige.
'Bhuailfinn boc báire chomh h-árd leis a' ngealaigh' (as "Taimín" amhrán de chuid Chonamara).
+
'Sé a dhéanfas an buinneán fir, má mhaireann dó. Tá sé chomh h-árd len' athair cheana.
TUILLEADH (1) ▼
Ní scarfa an chruach ar chuma ar bith. Tá sí ina buinneán árd.
A' tarraingt aniar ar árd Iothlainn Sheumais dom, bhuail a' t-ocras céadtach mé gan aon-aireachtáil, agus fhobair dhom tuitim imbun mo chos = tháinic sé de phlimp, agus gan aon-ughdar aige.
→
aire
Furast' aithinte gur beag atá ar t'aire, a' léigheamh páipéir nuaidheachta, agus an ghrian go h-árd ar a' spéir fós.
→
airiúil
M'anam nach hí an chreafóg aireamhail is fhearr a raibh barr uirre imbliadhna chor a' bith. Nuair a bhí mé a' cur sa bPáircín Árd annsin thuas, bhí na buird dóighte innte, a's dar príosta is ait na fataí a bhí innte in a dheidh sin.
+
→
amach
Bhí sé soir amach ag árd Dhoire Locháin, nuair a scoth mé é.
TUILLEADH (3) ▼
Ar a dhul soir ar Árd-Dhoire Locháin dúinn, bhog muid amach = ghéaruigh muid sa siubhal.
Chorruigh sé amach, nuair a bhí sé chomh fada le árd-Iothlainn Sheumais.
Amach annseo sa samhradh, caithfe mé seársa a thabhairt go h-Uachtar Árd, mar tá sé caithte in mo chloigeann le fada agham.
+
→
anam
Meádhfa Mícheál Árd-Aingeal 'chuile anam annsiúd, agus má tá indán's gur mó dhá chionnta ná dhá dheagh-oibreachaí, síos go h-Ifreann a chuirfear é (badh é sin baramhail na ndaoine faoi'n mBreitheamhnas — go meádhfadh Mícheál Árd Aingeal chuile anam, agus dhá mbadh truime a chionnta ná a dheagh oibreachaí go dtligfidhe síos go h-Ifreann é; féach leat "na Críocha Déigheannacha, le lide fhaghail faoi na scálaí" seo).
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé réasúnta indé, ach tháinic barr air, tuairim's árd-trathnóna. A' dul 'un donacht atá sé ó shoin, a's tá sé in achar an anama amach a's amach anois.
+
→
anuas
Bhí mé anuas thar Árd Throsca na gCapall shul má rug an oidhche orm = bhí mé níos goire ná etc. níos goire do'n taobh ó dheas.
TUILLEADH (3) ▼
Bhí teannadh liom anuas a' t-árd = le fána an aird.
Bhí mé anuas go maith an t-árd, nuair a leagadh mé = go maith le fána an aird.
Anuas amach as Uachtar Árd é = tá Uachtar-Árd — an áit ar b'as é — an-fhada suas (nó ó thuaidh) as seo.