Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ard
aidiacht nó dobhriathar
1.
áit ard, teach ard, cnoc ard srl.
a.
+
Is airde de bheagán an teach s'againne ná teach s'agaibhse (airde, foghar oyr-de)
'Sé an cnoc is airde i gConamara é sin.
TUILLEADH (1) ▼
Is airde Seán ná mise srl.
·
Tá taoille ard anocht ann — tá sí aníos go maith faoin gcladach
Tá scoth-thaoille ard go maith inniu ann.
·
Tá an ghrian go hard ar an aer — tá an lá ársaithe amach
Is maith ard ar an aer a bhí an ghrian shul ó d'eirigh sé inniu
b.
+
Nuair ab íseal dósan, b'ard domsa (is minic an leagan seo sna seanscéalta) — nuair a bhí seisean sa ngleann bhí mise ar an ard; bhí sé ag cinnt air a theacht suas liomsa; bhí tosach agamsa i gcónaí air
Nuair ab íseal do Phádraic, b'ard do Shéamas
TUILLEADH (2) ▼
Nuair ab ard domsa, b'íseal dósan, agus chinn air dubh agus dubh mé a scoitheadh.
Nuair ab íseal don phóilí, b'ard don tincéar, agus choinnigh sé an tosach sin i gcónaí air
c.
+
Chuardaigh mé go híseal agus go hard iad agus chinn orm a bhfáil in aon áit — chuardaigh mé i ngleann agus ar ard iad agus ní raibh mé in ann iad a fháil; chuardaigh mé i chuile áit iad agus chinn orm iad a fháil ainneoin sin
Tá siad tóraithe go híseal agus go hard agam ós 'sé an dá mhar a chéile dhom é.
TUILLEADH (2) ▼
Níor fhágadar míor meacan go híseal agus go hard nár thóraíodar, agus dheamhan amharc a fuaireadar an dá chaora ina dhiaidh sin.
Níl aon gheadán íseal ná ard nach raibh mé, féint a bhfaighinn iad, agus chinn orm ina dhiaidh sin.
+
Níl aon amharc orthub íseal ná ard (in íseal ná in ard) — in aon áit; chor ar bith
Shiúil mé íseal is ard le dhá lá agus ní raibh agam ach bonnaíochaí de bharr mo chuid trioblóide — shiúil mé chuile áit ag tóraíocht, ach sin é a raibh dhá bharr agam
TUILLEADH (1) ▼
Níor fhága sé íseal ná ard gan ionsaí ag lorg mná agus bhí sé chomh maith dhó fanacht ar leic an teallaigh, mar ní phósfadh bean ar bith é.
2.
a.
+
Ar chuir sé an bhó chomh hard sin; ar chuir sé an oiread sin í; ar thairg sé an méid sin airgid uirthi.
Caithfidh sé i gcónaí an phínn is airde a bhaint amach ar chuile shórt — an phínn bairr
TUILLEADH (4) ▼
Ní dhíolfaidh sí siúd tada gan an phínn is airde a fháil — airgead mór
Is aige a bheas an phínn is airde i gcónaí — 'sé is daoire a leanfas thú faoi chuile shórt (pínn bairr)
'Sé a chuir an phínn ab airde an gamhain — 'sé is mó a thairg air
Is beag an baol uirthi siúd é a chur an phínn is airde.
b.
+
Tá sé ard sa saol anois — é saibhir, deis agus maoin aige
Ní bhreathnódh sé ar na daoine chor ar bith ó d'éirigh sé ard sa saol.
TUILLEADH (5) ▼
Chonaic sé an dá shaol, agus bíodh sé buíoch má tá sé ard sa saol anois.
'Sé atá ag éirí ard sa saol ag na daoine.
Bhainfí leagan as duine tí (ní) b'airde sa saol ná é — bochtófaí é
Bíodh sé buíoch don té a d'fhága ard sa saol é.
'Sí uachta Mheiriceá d'fhága ard sa saol é — 'sí sin.
c.
+
An bhfuil sé siúd ard i bposta? — an bhfuil posta mór aige
Chuala mé go raibh sé an-ard i bposta le scaitheamh anuas.
TUILLEADH (9) ▼
D'éirigh sé ard i bposta le gairid.
Ba cheart go mbeadh sé an-ard i bposta anois, más fíor dhi seo thoir.
Murach a raibh d'fhabhar aige, ní bheadh sé chomh hard sin i bposta, mar ní raibh a dhíol foghlama aige le aghaidh aon cheann posta den rath.
Dhá airde dhá bhfuil sé i bposta, fágfaidh an t-ól a chosa nite mura n-éirí sé as.
'Sé is airde acub ar fad (i bposta)
Tá an posta is airde san ospidéal aige.
Tá sé ard sa dlí — tá posta mór aige a bhaineanns leis an dlí
Tá sé ard sna póilíos
Tá sé ard sna flaithis, má tá duine ar bith.
+
Tá sé an-ard i bhfoghlaim, chuala mé — tá sé an-fhoghlamtha
Cén chaoi ar fhéad sé a dhul chomh hard sin i bhfoghlaim mura raibh airgead ag a mhuintir le cailleadh leis.
TUILLEADH (3) ▼
Níl aon mháistir scoile sa tír adeir siad, is airde i bhfoghlaim ná é.
Tá an intreacht (intleacht) aige le dhul ard i bhfoghlaim má thograíonn sé fhéin sin.
Chaith sé cheithre bliana ag dul chuig coláiste agus tá sé chomh hard in ealaín agus atá sé i bhfoghlaim dhá bharr.
·
Má tá an ceann céanna ard i dtada, is ard i ndiabhlaíocht atá sé — is deargealaíontóir nó duine an-imeartha críochnaithe é
3.
+
Tá sé dhá mhíle go hard — tá sé dhá mhíle go maith; tá sé cuid mhaith le cois dhá mhíle
Tá sé sé mhíle go hard as seo go Bearna.
TUILLEADH (8) ▼
Bhí mo mhuicse deich gclocha go hard. Níl a fhios agam nach mba gaire d'aon chloich dhéag í.
Scrománach mór diabhalta é. Tá sé na sé troithe go hard.
Níl na sé bliana déag sáraithe fós aige, agus tá sé cheana sé troithe go hard — go maith os cionn sé troithe
Ní fhéadfadh sé gan a bheith na cheithre scóir go hard.
M'anam go bhfuil sí go hard os cionn deich mbliana fichead.
Cén chaint sin ort. Ba mhaith an seanpháiste é an oíche a phós mé. Tá sé an scór go hard.
Cuimhníonn J. L. ar oíche na Stoirme Móire. Caithfidh sé go bhfuil sé an céad go hard.
Tá sé na cheithre clocha déag go hard.
4.
+
Labhair sé amach go hard — de ghlór maith
Bhí sé ag caoineadh go hard acmhainneach (fc. acmhainneach)
TUILLEADH (8) ▼
Bhí sé ag gol chomh hard agus a bhí ina cheann — chomh maith agus a bhí sé in ann
Bhí sé ag screadach chomh hard agus a bhí ina cheann.
Níor tháinig iamh air ach ag béiciúch chomh hard agus a bhí ina cheann.
Lig sé allar as chomh hard agus a bhí ina cheann.
Bhí sé ag screadach in ard a chinn — chomh hard agus a bhí sé in ann
Bhí sé ag fuagairt in ard a chinn.
Chloisfeá go mín réidh socair thiar ag ceann an bhóithrín é, labhair sé chomh hard sin
Is airde an glór atá agat fhéin ná agamsa le glaoch air
+
Dúirt sé amach go hard é — sa gcaoi go gcloisfeadh chuile dhuine é. Ní raibh ceilt ar bith aige air
Ná habair amach go hard é, faitíos a gcloisfeadh an chuid eile é.
TUILLEADH (1) ▼
"Ansin labhair an t-éinín agus bhí réalta na maidne go hard" (líne as Péarla dheas an tSléibh Bháin)
5.
+
Ní dhearna mé ariamh níos airde ná beannú dhó — bheannaigh mé dhó, ach sin é an méid; ní raibh mé ag caint ariamh leis thairis sin
Níor chuir mé níos airde ná sin d'araoid air — sin é ar chuir mé d'araoid air
TUILLEADH (10) ▼
Níor dhúirt mé níos airde ná sin leis, ach chreidim nár bheag dhom sin.
Ná cuir níos airde ná sin de cheist air má ghlacann tú mo chomhairlese — ná habair níos mó ná sin leis
Ní dhearna mé níos airde ná sin, agus thugadar chun cúirte mé ina dhiaidh sin.
Níor chuir mé acub (chucu) ná uathub níos airde ná sin agus bhíodar le buile chuthach liom.
Níor dhúirt mé drúcht ná báisteach léithe níos airde ná iarraidh uirthi gan a cuid beithíoch a ligean i mbradaíl orm, agus d'éirigh sí ina coileachín agam ina dhiaidh sin.
Níor labhair mé ariamh níos airde ná trí fhocal cainte leis.
Ní fhaca mé ariamh an ceann céanna tíos (níos) airde ná uair nó dhó.
Ní raibh mé ariamh in Uachtar Ard níos airde ná uair amháin a ndeachaigh mé ar aonach ann.
Níor thaobhaigh mé an teach aici ariamh ó shin níos airde ná uair nó dhó.
Is beag an airde atá aige sin ar an bhfaoistin, níos airde ná uair nó dhó gach bliain.

Féach freisin

ard in iontrálacha eile (50+)

 
Ní hé t'fhearachtsa S. chor ar bith. Tá aird aige sin ar a ghnaithe
 
Bhí mise ag teacht aníos an Daingean lá agus chonaic an fear fobhairne a bhí agam — S. Gh. — na breilleogaí léin sin. Ba bheag nár thit sé as a sheasamh. Ba é búm an tseoil mhóir a choinnigh ar a chosa é. Ara diabhal aird ar bith a thug mise orthu!
 
Ba deacair dóibh an t-ádh a bheith orthu, go mba leo fhéin uainne é. Shíl siad go raibh siad ina rith seoil ceart críochnaithe anois. Bhí a dhá láimh timpeall ar an saol. Ach is ag Dia is fhearr a fhios. Foilsíonn Dia an chneámhaireacht agus an míscrupall i gcónaí. Is fada ar an saol mé agus níl aon lá ó tháinig cuimhne dhom nach amhlaidh a fheicim é. Chuala tú an scéal faoin bhfear a chonaic fear eile ag marú duine agus dhá chur i ngan fhios. Mhionnaigh sé agus mhóidigh sé mura bhfoilsíodh Dia é nach mbeadh aon aird aige fhéin ar Dhia níos mó. D'fhan mar sin. Chonaic sé go raibh an saol ag féithiú leis an té a rinne an marú … Sin é an chaoi a raibh sé. Bhí fear eile marbh cheana ag an té a maraíodh. Nach maith gur fhoilsigh Dia an choir sin!
+
Tá teach follasach aige. Teach ceann slinne, agus é ar an ard ag béal an bhóithrín. Ní fhéadfá a dhul amú air
TUILLEADH (1) ▼
Siopa follasach atá aige. Tá sé i lár na sráide agus airde agus méid aige ar a bhfuil de shiopaí eile sa tsráid. Feicfidh tú an t-éadach ar an bhfuinneoig
 
Ach meas tú cén chaoi a maireann a bhfuil ag iarraidh a gcodach i nGaillimh chor ar bith? Tá an baile mór foirgthe anois. Foirgthe ceart. Ní ghabhfá dhá choisméig nach mbeadh duine ag dilleoireacht ort. Agus iad chomh spleách chomh anóiteach! Sea agus cuid acu beathaithe bláfar! Ar ndóigh is den tsonas an achainí, ach den donas a bheith dhá freagairt. M'anam an té a thabharfadh aird orthu siúd gur ghearr gurb é mála na déirce a bheadh air fhéin!
 
Tá sé ag líochán an chosáin ina diaidh sin leis an fhad seo aimsire agus gan d'aird aici sin air ach an oiread is dhá mba madadh é. An leadhb! Breá nach ligeann sé di fhéineacht nuair nach bhfuil sí ag tabhairt aon ugach dó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
 
Fágfaidh an bhóithreoireacht ag caitheamh na miotán é. Níl aird ar bith aige ar a ghnaithe
 
Shílfeá gur mór an díth céille atá air a dhul ag cur anró air fhéin ag baint fheamainne le curach, agus dalladh feamainn dubh — airde crann loinge dhi — thíos ansin thíos aige ar chóngar. Ach ní minic leis an gceann céanna gan an chontráil a dhéanamh. Oibríodh sé leis. Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur. Sin é a fhearacht aige sin é
 
fág
Sin é a d'fhága go dona é; a bheith ag tabhairt aird uirthi sin
 
Chuaigh inín an rí suas go dtí an fhuinneoig ab airde sa gcaisleán agus d'fhéach sí i bhfáinne na feiceála agus chonaic sí an Gruagach ag teacht agus naoi n-iomairí agus naoi n-eitrí aige i ngach coisméig, agus chúig ghleann i ngach truslóig
+
fána
Bhí sé ag dul síos le fána an aird (an chnoic)
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an bád s'againne ard sa ngaoith agus an chuid eile scaitheamh maith le fána
 
fán
Níor cheart dó aird a thabhairt ar athair ná ar mháthair, ach a dhul agus a pósadh ó thaitnigh sí leis. Ní phósfaidh ceachtar acu anois go brách feicfidh tú, ach iad ag dul i bhfán ar a chéile mar sin choíchin
 
Bhí sé ceart go leor sna fánáin ach b'éigean dhom na haird ar fad a shiúl. Bhí an-ghála in m'aghaidh
 
cab
Tá an fánán aníos líonta (le clocha) aníos cab ar chab le ucht an aird. Is beag an caitheamh le fána a bheas ann ach iad siúd a bheith réidh leis.
 
Shíl mé gur céad fear a bhí ag teacht nuair a chuala mé an chantaireacht ag Casadh an Aird. Cé bheadh agam ann, ach Nell agus Bríd!
 
Sin é an phínn is airde a tairgíodh air ag an gcantáil.
 
Bhí an cantálaí ag fuagairt chomh hard agus bhí ina cheann
+
Is mór an charcair d'ard é.
TUILLEADH (2) ▼
Carcair dhiabhalta d'ard é T. na gC.
Tá bóthar an tsléibhe sin faoi arda agus faoi charcaireachaí as éadan.
 
Dhá ndéantaí an scéal a cheartú agus a chur i ngéill (i gcéill?) dó, chaithfeadh sé airde a thabhairt air.
 
Is olc an chinnireacht a fuair an créatúr. Fágadh ina dhílleachta an-óg é, agus dheamhan mórán airde a thug muintir na seanmháthar air, rud nach milleán orthub agus an cluiche a bhí acub fhéin ann.
 
Ar ndóigh, mura dtuga tú aon airde ar chinnire an phobail, tá sé mór againne a dhul i gcleithiúnas aon chomhairle a chur ort
 
ciste
Fhóbair ciste a bheith faighte ag mo sheanathair sa gcnocán sin thiar. Neach a tháinig go dtí é agus adúirt leis a dhul ann, ach ní dhearna sé a chomhairle, arae is fear de mhuintir Dh. a thug sé leis i leaba C. Bhí leac an phota nochtaithe acub nuair a tháinig an marcach — marcach a bhí chomh hard leis an aer — go dtí iad, agus d'fhuagair sé orthub staonadh. Sin é a raibh na thimpeall. D'fhan an ciste mar sin ariamh ó shin, agus chreidim go bhfanfaidh, ar ár son s'againne.
 
Ara lig de do chuid clabaireacht, agus ná bí do mo bhodhrú léithe. Dheamhan aithne ort nach dtabharfaidh daoine aird ort.
 
B'fhurasta a aithinte dhuit, dhá mbeadh aon aird ar do ghnaithe agat, gurb in é a d'éireodh dó. Ní áit ar bith a leithide de rud a leagan ar forbhás ar chlaibín an chomhra. Ceannóidh tú ceann nua anois, muis!
 
Tháinig cupla lá faoi Fhéile Sin Seáin anuraidh agus bhí siad chomh coimhthíoch le laethantaí na Riabhaí. I nDomhnach, fhóbair gur fhuadaíodh mé as an bPáircín Aird ansin thuas!
 
Bíonn an dream sin siar ag saighdeoireacht nó ag coinnleoireacht chuile oíche anois ó buaileadh síos ceann na maor. Dheamhan mórán airde ag na maortha eile orthub, ní nach ionadh, ó tharla nach bhfuil tada dhá gcaillteamas fhéin leis.
 
Coireoidh sé ar an gcliamhain leat má éisteann tú leis, ach dheamhan a mbeadh a fhios agat, dhá n-abraíteá aon cheo leis, nach éard a dhéanfadh sé a dhul ar ais agus chuile smid a inseacht dó. Aon mhuintir amháin iad Muintir Ard Raithin bíodh a fhios agat.
 
coirt
Tá airde coirte ar do theanga.
 
Bíonn sé coitianta go maith anois i S. Th. théis gur uair sna naoi n-aird a thagadh sé ann roimhe seo.
 
conán
Is mór is fhiú conán socair sásta mar sin, nach mbeidh aird aige ar thada ach a ghnaithe a dhéanamh.
 
cora
Caitheann sibh cosamar fataí amach ansin chuile lá agus dheamhan aird agaibh air, ach é fhágáil ansin ina chora. Gheobhtaí rud eicínt le caitheamh a chur ann, murach go ligeann sibh amú é.
 
An bhfuil a fhios céard atá le déanamh leis an asal sin, cosacáin a chur air, agus a smut a bhualadh ar a chois tosaigh ina aice sin. Mura múine sin é, caith le gunna é. Níl aon gharraí ar an mbaile nach bhfuil ina bhéal in airde aige.
 
Bhuail an t-ocras céatach mé — sliabh gortach nó rud eicínt — ar Ard Bh. an T. M., agus shíl mé dheamhan an baile a d'fheicfinn go brách. Murach leisce é a dhúiseacht, ghabhfainn isteach go dtí P. Ph. go bhfaighinn raisín bídh a dhúnfadh mo ghoile go dteagainn abhaile.
+
Má thugann tú aird ar a chuid cóipíse sin, is gearr go mbeidh tú chomh dona leis fhéin. Cluais (cluas) bhodhar a bhí agat a thabhairt dó.
TUILLEADH (2) ▼
Lig de do chuid cóipíse anois, arae níl aon duine ag tabhairt airde ort.
Cén somhaoine dhuit a bheith ar chóipís den tsórt sin. Ní thabharfaidh aon duine lá aird' ort.
 
Ba mhór an chóisir bainse í. Bhí carrannaí ó Mhullach an Aird go dtí Gleann an Fhóidín, agus ar ndóigh mo léan, bhí J. i dtosach cóisireach. Dheamhan gnaithe a dhéanfaí dhá uireasa.
 
bannaí 1
Níl airde ar bith le fáil ag bannaí béil sa dlí mura mbí aon scríbhinn ná aon fhianaisí ann.
+
D'fhiafraigh mé fios an bhealaigh de scrománach mór a raibh a dhroim le balla aige agus má d'fhiafraigh fhéin, is beag an aird a thug sé orm.
TUILLEADH (4) ▼
Tabhair airde ar sin agus cuirfidh sé ar bhealach do leasa thú! — bealach a bhasctha atá i gceist
Is beag an airde a bhéarfas sé sin ar aon duine atá ar mhaithe leis ná a chuirfeadh ar bhealach a leasa é.
Tá an t-ard leath bealaigh síos go bóthar.
Tá sé leath bealaigh go claí go hard.
+
beann
Is maith ard ó thalamh í círín (stuaic) na binne.
TUILLEADH (1) ▼
Tá chaon bhinn sléibhe dhá bhfaca muid ann chomh hard leis an aer.
 
Bhuail mé de chnigín é mar bhuailfeá páiste, agus meas tú nár thosaigh sé ag gol chomh hard is a bhí ina cheann.