Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

acmhainneach (8)

 
An bhfuil a fhios agat áit ar bith a mbeadh ciseadóir a dhéanfadh cupla ciseog agus ciseán dhom. Ó d'imigh S. Mh., dheamhan duine istigh ar an mbaile acmhainneach ar bhuinne ciseáin a thógáil.
 
ard 2
Bhí sé ag caoineadh go hard acmhainneach (fc. acmhainneach)
 
B'acmhainneach an teach é sin tamall, ach tá sé tugtha anuas anois
 
Deile céard iad ach deargbhréaga! Meas tusa an raibh fear ar bith ariamh acmhainneach ar sheacht míle farraige théachtaithe a chaitheamh de léim! Ach deir siad ina dhiaidh sin nach raibh fiannaíocht agus diabhlaíocht in éindí ariamh
 
Séard atá agatsa a dhéanamh, an clár sin a chaitheamh amuigh faoin gréin go ceann míosa. Má tá sé giúirinneach féin, tá an teas agus an aimsir bhreá acmhainneach ar a dhul chun maitheasa dhó
 
dream
Céard a bheadh dream beag caillte mar sin acmhainneach ar a dhéanamh
 
Tháinig faoileán droimeannach ansin ar an tsráid ar ball beag, agus diabhal easna dhó nár ardaigh leis sceallóg d'fhata: fataí a (ár) mbéilí a bhí mé a fhuarú. Thosaigh sé ag scréachaíl chomh hacmhainneach agus a bhí sé in ann, agus lig sé an fata uaidh aríst. Dhóigh sé é cheapfainn!
 
Bíonn an clabaire sin ar an nathaíocht sin dólámh. Is acmhainneach uaidh daoine eile a chur in árachaigh a chéile, má thugann siad aird ar bith air. Shaighdfeadh sé dhá chrígh Mhuire ina chéile