ardaigh le
—
a.
+–
D'árduigh sé leis é = thug sé leis é; thárluigh sé leis é; ghoid sé é (amanntaí)
'Ní do do ghoid atá mé 'gháirleog, ach do t'árdú liom' = sin é an rud adubhairt a' fear a ghoid a' gháirleog. Tá leigheas sa ngáirleoig ach níl aon-mhaith í ghoid. Cialluigheann a' leagan sin go minic, nach maith leis a' duine a rádh go bhfuil sé a' déanamh rud as a' mbealach, cuir igcás goid. (Uaireannta — 'ní do do ghoid atá mé 'gháirleog, ach do do thárlú liom')
TUILLEADH (4) ▼
Sé fearacht an fhir fadó agadsa é — 'ní do do ghoid atá mé 'gháirleog, ach do t'árdú liom'.
Nach é an dá mhara 'chéile é sin a's é 'ghoid. Sin é — 'ní do do ghoid atá mé 'gháirleog, ach do t'árdú liom'.
Bhain sé amach é, agus ina dheidh sin bhí sé 'g iarraidh an dubh a chur ina gheal ort — 'ní do do ghoid atá mé 'gháirleog, ach do t'árdú liom'.
Dubhairt sé nach raibh sé dhá iarraidh ach ar iasacht, ach níor tháinic sé ar ais ariamh leis. Tá sé fearacht fear na gáirleoige — 'ní do do ghoid atá mé 'gháirleog, ach do t'árdú liom'.
+–
D'árduigh sé leis a' 'bicycle', árd-tráthnóna, agus dheamhan fhios againn céard is cor dó ó shoin.
D'árduigh sé leis 'chuile phighinn bheag dhá raibh sa teach againn.
TUILLEADH (6) ▼
D'árduigh Micil a' capall leis faoi na thóin.
Nach bhféadfa tú an 'bicycle' árdú leat chomh fada le ceann a' bhóthair, agus cé'n stróbh atá ort a dhul an t'aithgiorra annsin.
D'árdóchainn liom a' páipéar nuaidheacht' seo, ach ní raibh aon-ghna(ithe) agam a' teach a thaobhachtáil aríst go deo, má tá indán 's nach bhfuil sí léighte aige fhéin.
D'árduigh inghean Mh. Bh. léithe leabhar as, tá mí ó shoin, agus dheamhan a dhuth ná a dhath fhéin, ná an leabhar a chonnaic muid ó shoin.
Árduigh leat na cártaí sin anois go beo; níl muid dhá n-iarraidh.
Fainic a' n-árd(óchth)á leat aon-cheo dhá bhfuil annsin anois, mar beidh sé siúd le buile, má airigheann sé aon-cheo dhíob ar iarraidh.
+–
D'árduigh sé leis fear a' tighe seo, ar maidin go moch, a's níor tháinic sé ar ais ó shoin.
Dheamhan ab é an oiread sin dhá fhonn a bhí ar a' gceann seo imtheacht, marach gur árduigh Maitiú leis é.
TUILLEADH (8) ▼
Árduigh leat abhaile é, má fhéadann tú, a's ná bíodh sé 'deanamh cír-thuaithbhill de'n teach.
Má fhéadann tú é árdughadh leat as réidhteach, is amhla is fhearr.
D'árduigh T. Bh. leis an inghean air, agus phós sé í.
B'fhurasta do dhuine bean 'árdú leis roimhe seo — 'imtheacht' léithe — ach caitheadh in aer an faisean sin.
Ní éileochadh Pádraig se'aghainne imtheacht chor a' bith, marach a' t-ealadhantóir eile 'bheith dhá árdú leis.
Má ghéilleann tú do'n róithrín sin, árdó(cha) sé leis thú, 'chuile oidhche beo.
D'árduigh P. Sh. leis é, ar maidin pé'r bí cé'n tabhairt a thugadar orra(b) fhéin.
Hébrí (pé'r bith) cá bhfuair tú an phaicle sin anois, b'fhearr dhuit iad, árdú leat ann, mar níl gnaoi a' bith annseo orra(b).
b.
+–
D'árduigh sé [leis] chuig a' damhsa é = thug sé (mheall sé) chuig a' damhsa
D'árduigh sé leis fhéin abhaile óg go maith 'san oidhche = leig sé leis fhéin abhaile; thug sé an baile air fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
D'árduigh sé leis fhéin síos go Gaillimh.