ardaigh le
—
a.
+–
D'árdaigh sé leis é — thug sé leis é; tharlaigh sé leis é; ghoid sé é (amantaí)
'Ní do do ghoid atá mé a ghairleog, ach do t'ardú liom' — sin é an rud adúirt an fear a ghoid an ghairleog. Tá leigheas sa ngairleoig ach níl aon mhaith í a ghoid. Ciallaíonn an leagan sin go minic nach maith leis an duine a rá go bhfuil sé ag déanamh rud as an mbealach, cuir i gcás, goid; uaireanta — ní do do ghoid atá mé a ghairleog, ach do do tharlú liom
TUILLEADH (4) ▼
Sé fearacht an fhir fadó agatsa é — ní do do ghoid atá mé a ghairleog, ach do t'ardú liom.
Nach é an dá mhar a chéile é sin agus é a ghoid. Sin é — ní do do ghoid atá mé a ghairleog, ach do t'ardú liom.
Bhain sé amach é, agus ina dhiaidh sin, bhí sé ag iarraidh an dubh a chur ina gheal ort — ní do do ghoid atá mé a ghairleog, ach do t'ardú liom.
Dúirt sé nach raibh sé dhá iarraidh ach ar iasacht ach níor tháinig sé ar ais ariamh leis. Tá sé fearacht fear na gáirleoige — ní do do ghoid atá mé a ghairleog, ach do t'ardú liom'.
+–
D'ardaigh sé leis an bicycle ardtráthnóna, agus dheamhan a fhios againn céard is cor dó ó shin.
D'ardaigh sé leis chuile phínn bheag dhá raibh sa teach againn.
TUILLEADH (6) ▼
D'ardaigh Micil an capall leis faoina thóin.
Nach bhféadfaidh tú an bicycle a ardú leat chomh fada le ceann an bhóthair agus cén stró atá ort a dhul an t-aicearra ansin.
D'ardóinn liom an páipéar nuaíochta seo ach ní raibh aon ghnaithe agam an teach a thaobhachtáil aríst go deo má tá i ndán is nach bhfuil sí léite aige fhéin.
D'ardaigh iníon Mh. Bh. léithe leabhar as tá mí ó shin, agus dheamhan a dhubh ná a dhath fhéin ná an leabhar a chonaic muid ó shin.
Ardaigh leat na cártaí sin anois go beo; níl muid dhá n-iarraidh.
Fainic an n-ardófá leat aon cheo dhá bhfuil ansin anois mar beidh sé siúd le buile má airíonn sé aon cheo dhíobh ar iarraidh.
+–
D'ardaigh sé leis fear an tí seo ar maidin go moch agus níor tháinig sé ar ais ó shin.
Dheamhan ab é an oiread sin dhá fhonn a bhí ar an gceann seo imeacht murach gur ardaigh Maitiú leis é.
TUILLEADH (8) ▼
Ardaigh leat abhaile é má fhéadann tú, agus ná bíodh sé ag déanamh cíor thuaifil den teach.
Má fhéadann tú é a ardú leat as réiteach, is amhlaidh is fhearr.
D'ardaigh T. Bh. leis an iníon air agus phós sé í.
B'fhurasta do dhuine bean a ardú leis roimhe seo — imeacht léithe — ach caitheadh in aer an faisean sin.
Ní éileodh Pádraig s'againne imeacht chor ar bith murach an t-ealaíontóir eile a bheith dhá ardú leis.
Má ghéilleann tú don róithrín sin, ardóidh sé leis thú chuile oíche beo.
D'ardaigh P. Sh. leis é ar maidin, pé ar bith cén tabhairt a thugadar orthub fhéin.
Hé brí (pé ar bith) cá bhfuair tú an phaicle sin anois, b'fhearr dhuit iad a ardú leat ann, mar níl gnaoi ar bith anseo orthub.
b.
+–
D'ardaigh sé leis chuig an damhsa é — thug sé (mheall sé) chuig an damhsa
D'ardaigh sé leis fhéin abhaile óg go maith san oíche — lig sé leis fhéin abhaile; thug sé an baile air fhéin
TUILLEADH (1) ▼
D'ardaigh sé leis fhéin síos go Gaillimh.
ardaigh le in iontrálacha eile (50+)
In a bhfiolladóirí mar sin a chaith S. Ph. Sh. agus a mhuintir ag imeacht ariamh. Rud ar bith a gheobhaidís ar sliobarna — agus mura mbeadh sé te nó trom — bhí sé ardaithe leo acu. Is leitheadaí a labhróidís ná duine ar fónamh ina dhiaidh sin
→
fág i
Fágfaidh muid ina dhearmad é. Níor mhaith liom a rá gurb é a ghoid d'aon uaim a rinne sé. Murab é fearacht an fhear fadó leis an ngairleoig aige é: "ní do do ghoid atá mé a ghairleog ach do t'ardú liom".
→
carraera
Chuala mé go raibh na carraeraí atá ar na bóithrí ag ceasacht páí an tseachtain seo ghabh thart, agus go raibh siad ag brath ar tabhairt suas mura bhfaighidís ardú. Tá siad réidh leis déarfainn. Séard a dhéanfar, na bóithrí a chaitheamh suas ar fad.
+
→
cleite
Tá E. chomh láidir le tarbh. Chonaic mise é lá an t-am a raibh an motorbicycle aige. Buaileadh suas air é thoir ag tigh D. agus bhí sé dhá shá anoir chomh fada leis an teach seo. Ba mheata leis an sá, agus dheamhan ceo a rinne sé, ach é a ardú faoin ascaill, idir chorp chleite is sciathán, gur leag sé istigh ar an urlár anseo é!
TUILLEADH (1) ▼
Ardaigh leat é, idir chorp chleite is sciathán as seo.
I nDomhnach, tá siad dhá hardú leob anois i ngan fhios ais i gcomhfhios. Maidir le go bhfuil suim acub duine dhá bhfeiceáil, dheamhan a dhath, ach an oiread is dá mba leob fhéin í. Múinfidh sin mise aríst gan mo chuid móna a chur amach ann.
→
cíos
Is olc an ceart é go mbeadh cíos agus cabhlach ar bhreaclachaí agus ar chriathraigh a shaothraigh daoine go crua le allas a gcnámh, agus togha na talúna dhá fhágáil bán. Séard a bhí a dhéanamh, an cíos a mhaitheamh ar fad dhúinne, agus ardú dhá réir a chur ar na bithiúnaigh a bhfuil na feilmneachaí bána sin acub. Ba é an deasú orthub é.
→
abhaile
Ní fhaca tú a leithide de bhail ariamh dhá chur ar dhuine. Bhí an bicycle ardaithe uaidh ag S., agus b'éigean dó siúl aníos, ainneoin gur gearr a bhí le dhul aige. Marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile a bhí ann.
→
baile
Ní bhfuair mé dubh ná dath ná tuairisc mo chaoirín amuigh ná i mbaile, ariamh ó shin. Cneámhaire eicínt a d'ardaigh leis í agus a d'ith í. Deile!
→
bealach
Tá an gnaíúlacht agus an chórtas ann ceart go leor, ach tá an bealach eile leis freisin. Mura bhfuil sé trom nó te, tá sé ardaithe leis aige.
→
cuilín
D'ardaigh sé ina ghealstoirm agus muid leath cuain. Bhí muid dhár gcaidhleadh le farraige cháite, agus cuilíní bána ar an uisce i chuile áit. B'ait na bádóirí muid agus talamh a dhéanamh chor ar bith.
→
brachán
Dheamhan ar mhiste le cuid de na daoine an saol a bheith ina bhrachán ar maidin dhá n-ardaíodh eallach.
→
adhartha
Nach sibh a shíleanns mé a bheith adhartha go scarfainn le mo gheadán talúna ar scáth scilling a ardú (seanduine a gheobhadh an pinsean iomlán — scilling thar mar a bhí sé a fháil cheana — dá dtugadh sé suas a chuid talúna amach is amach dá mhac)
→
buail ar
Sin é nach raibh i bhfad ag fáil mná sa gcruinniú. Dheamhan a ndearna sé ach siúl suas go dtí an chéad cheann a chas leis agus bleid a bhualadh uirthi agus í a ardú leis. Sin é ar chuma ar bith buailim ort agus tigim leat. Is fada go ndéanfadh fear na háite seo é in áit strainséara, ná a ligfeadh an faitíos dó a dhéanamh.
→
buinne 1
Na heasnachaí a sáitear sa talamh i dtosach. Ansin cuirtear buinne béil air — hocht slata déag. Sin é buinne na hocht slata déag. Cuirtear aríst os a chionn sin hocht slata déag eile. Sin é an buinne láir. Slat eile a shá ansin le taobh chuile easna go gcuirfeá hocht slata déag eile ann. Sin iad na slata táis. Tógtar an buinne táis leob agus bítear dhá bhfíochán go mbíonn siad caite. Buinne tónach a chur air ansin. Nuair a bheadh sin réidh agat, na slata a bheadh sna taobhannaí a leagan anonn is anall air agus na slata éadain a fhíochán orthub sin go gcuirfeá an tóin air: i gciseoig, séard a chuirfeá, buinne in uachtar ar an gcaiseal leob sin. Séard é fíochán an chléibh — buinne hocht slata déag, fíochán nó buinne cheithre shlat, fhíochán dhá shlat. 'Sé fíochán an dá shlat am fíochán singil — níor mhór cheithre slat le aghaidh buinne. Buinne cam a chuirtear ar chléibhín ime: ardaíonn an caoladóir taobh den chliabh roimh an taobh eile (Cuir síos ar fhíochán agus ar bhuinní an chléibh ó chaoladóir — S. Ó C., é an sliocht réamhráite)
→
airde 1
D'fhága sé a bhicycle ina bhéal in airde taobh amuigh agus a fhusacht dhá rogha duine é a ardú leis — d'fhága sé go sleamchúiseach taobh amuigh é agus d'fhéadfadh duine ar bith é thabhairt leis go réidh
+
Tháinig sé isteach sa teach gan aireachtáil de shiúl oíche agus d'ardaigh sé leis a sheaneire beatha
TUILLEADH (1) ▼
Amach san oíche, d'imigh sé gan aireachtáil agus d'ardaigh sé leis a raibh de phínneachaí beaga sa sparán — d'imigh sé deireanach san oíche, i ngan fhios do chuile dhuine, agus thug sé leis pé ar bith beagán airgid a fuair sé sa sparán
+
Tabhair cúnamh dhom leis an gcléibhín seo a ardú orm.
TUILLEADH (5) ▼
Tharla nach raibh aon duine agam leis an mála a ardú orm, b'éigean dom éirí faoi.
Ní bhfuair mé mo sháith le déanamh ariamh ach an máilín sin a ardú orm fhéin.
Tá mná le fáil ann ar ardú orm — tá mná i mbarr bachall ann; is éasca bean a fháil ann
Bhí spailpíní le fáil ar an bhFaiche Mhóir inniu ar ardú orm — bhí go leor acub ann, agus b'fhurasta margadh a dhéanamh leob
Tá teach le fáil i nGaillimh anois ar ardú orm, agus is beag an dochar dhóibh agus a ndearnadh acub le gairid.
+
→
ardaigh
Ní ardaíonn sé a chloigeann ó mhaidin go faoithin ach ag obair leis ar a tháirm
TUILLEADH (17) ▼
Dhá gcuirtheá forra chainte air míle uair sa ló, ní ardódh sé a cheann le thú a fhreagairt.
Ní fhéadfaidh mé mo cheann a ardú aríst go brách le náire faoin méid sin.
Ní mian leis an gcapall an chois deiridh a ardú chor ar bith, muran tairne a thóg sí
Tá siad leis an mbóthar a ardú san áit a bhfuil na gleannta ann — a chrochadh suas; na gleannta a líonadh
Tá ardú mór ar an mballa agaibh le seachtain.
Má tá tú le ceann slinne a chur suas, ní mór dhuit ardú a chur ar an mballa.
Tá claí le n-ardú agam i mbarr an bhaile, pébrí céard a leag é.
Tá bearnaíochaí le n-ardú agus claíochaí le biorú ann.
Má théann tú ag ardú an chlaí sin, ní foláir dhuit a dhul dhó mar is ceart agus na máithreachaí in íochtar a dhaingniú. Mura ndéana tú sin, beidh sé le n-ardú aríst agat.
Tá ardú páí faighte aige le gairid
Tá an pinsean le n-ardú má cuirtear an dream seo isteach (.i. mar rialtas)
Is diabhaltaí a d'ardaigh an ghaoth le cupla uair
Níl gair agat druid a rá leis nuair atá sé ardaithe.
Má tá tú ag iarraidh é a ardú, níl agat ach a rá leis go bhfuil cruach bhreá choirce ag P. Sh. Th.
Níor mhaith liom é a ardú faitíos go dtarraingeodh sé an baile orm
Níl ceart ar bith le baint dhe ar a mheisce. San am a n-ardaíonn an t-ól air, bíonn sé ina chiseach críochnaithe.
Is éasca leis an ól ardú air.