Árd-aingeal
—
aingeal árd.
·
Mícheál Árd-Aingeal.
'Sé Mícheál Árd-Aingeal a chuaidh a' chongnamh do dhia in aghaidh an diabhail.
Árd-aingeal in iontrálacha eile (3)
→
aer
Nuair a bhí Dia a' caitheamh Aingeal an Uabhair agus na h-aingle eile amach as na Flaithis, dubhairt Mícheál Árd-aingeal leis, dhá leanfadh Sé Dhá láimh, gur gearr go mbeadh na Flaithis bánuighthe Aige. 'Mar tá siad bíodh siad, mar sin' a deir Dia. Agus an chuid acab a bhí in Ifreann, d'fhanadar ann; an chuid acab a bhí ar Neamh, d'fhanadar ann, agus an chuid acab a bhí idir a' t'aer 'sa' talamh d'fhanadar ann, agus tá siad idir a' t-aer a's a' talamh ó shoin (Sliocht as scéal faoi 'n gcaoi ar caitheadh Aingeal an Uabhair as na Flaithis).
→
anam
Meádhfa Mícheál Árd-Aingeal 'chuile anam annsiúd, agus má tá indán's gur mó dhá chionnta ná dhá dheagh-oibreachaí, síos go h-Ifreann a chuirfear é (badh é sin baramhail na ndaoine faoi'n mBreitheamhnas — go meádhfadh Mícheál Árd Aingeal chuile anam, agus dhá mbadh truime a chionnta ná a dheagh oibreachaí go dtligfidhe síos go h-Ifreann é; féach leat "na Críocha Déigheannacha, le lide fhaghail faoi na scálaí" seo).