ardaingeal
—
aingeal ard.
·
Mícheál Ardaingeal.
'Sé Mícheál Ardaingeal a chuaigh a chúnamh do Dhia in aghaidh an diabhail.
ardaingeal in iontrálacha eile (2)
→
aer
Nuair a bhí Dia ag caitheamh Aingeal an Uabhair agus na haingle eile amach as na flaithis, dúirt Mícheál Ardaingeal leis dhá leanfadh sé dhá láimh gur gearr go mbeadh na flaithis bánaithe aige. 'Mar atá siad bíodh siad, mar sin,' adeir Dia. Agus an chuid acub a bhí in ifreann, d'fhanadar ann; an chuid acub a bhí ar neamh, d'fhanadar ann, agus an chuid acub a bhí idir an t-aer is an talamh d'fhanadar ann, agus tá siad idir an t-aer agus an talamh ó shin (sliocht as scéal faoin gcaoi ar caitheadh Aingeal an Uabhair as na flaithis)
→
anam
Meáfaidh Mícheál Ardaingeal chuile anam ansiúd, agus má tá i ndán is gur mó dhá chionta ná dhá dhea-oibreachaí, síos go hifreann a chuirfear é (ba é sin barúil na ndaoine faoin mbreithiúnas — go meáfadh Mícheál Ardaingeal chuile anam agus dhá mba troime a chionta ná a dhea-oibreachaí go dteilgfí síos go hifreann é; féach leat Na Críocha Déanacha le leide a fháil faoina scálaí seo)