Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Árd-cheann
an ceann-feadhain; an duine is measa; duine nach bhfuil cinneadh 'bith le'na chuid diabhlaidheachta.
+
Sin árd-cheann = droch-dhuine (ar a' mbealach a bheadh i gceist.).
Tá sé sin ar na h-árd-cheanna = níl a leithide eile ann; 'sé is measa dhíob uiliog.
TUILLEADH (6) ▼
Ní árd-cheann go dtí é; tabhair árd-cheann air.
Sin é an t-árd-cheann atá ar na diabhail uiliog.
'Sé an t-árd-cheann ar a' mbaile sin thiar uiliog é = sé is measa díob ar fad.
Fág sa ngearradh dhíob é sin. 'Sé an t-árd-cheann ar a' bhfuil ann aca(b) é.
D'imthigh an diabhal air, marab é, an t-árd-cheann é.
Níl aon-árd cheann orra(b) ach é = níl aon-duine aca chomh dona leis: 'sé an ceann-feadhain é; 'sé atá as a gcionn

Árd-cheann in iontrálacha eile (9)

 
Bhí an canndáluidhe a' fuagairt chomh h-árd a's bhí in a cheann.
 
Bhuail mé de chrigín é, mar bhuailfeá páiste, a's meastú nar thosuigh sé ag gol chomh h-árd 's 'bhí 'na cheann.
+
ard 2
Marach a raibh d'fhabhar aige, ní bheadh sé chomh h-árd sin i bposta, mar ní raibh a dhíol foghluim' aige l'aghaidh aon-cheann-posta de'n rath.
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sé a' gol chomh h-árd a's bhí in a cheann = chomh maith a's bhí sé indon
Bhí sé 'screadach chomh h-árd a's bhí in a cheann.
Níor tháinic iabh air ach a' béiciúch chomh h-árd a's bhí in a cheann.
Leig sé allar as chomh h-árd a's bhí in a cheann.
 
'Mara n-íoca tú m'árd-chíos liom atá amuigh a(gh)am le seacht mbliadhna, bainfe mé do cheann a's do choiméad beatha dhíot' adubhairt sé.
 
Beidh sé in a árd-cheann amach annseo agus cho drisíneach agus atá sé cheana féin. Bhí muid thíos ann an oíche cheana agus bhí sé ag ealadhain le slat-mhaide a bhí aige agus fhobair ná gur bhain sé an tsúil as M. B. leis, hébrí cé'n sórt sníomh a bhí aige air. Rug an mháthair ar an maide len a bhaint dhe, agus ba é an droch-pheata é. Thosuigh sé ag gabhail ingeallta a mhic ó, agus ar éigin a cuireadh foighid ar bith ann an uair nach bhfuigheadh sé cead a chomhairle féin. Nach gceapfá go bhfuil sé sin drisíneach!