Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ardcheann
an ceann feadhain; an duine is measa; duine nach bhfuil cinneadh ar bith lena chuid diabhlaíochta.
+
Sin ardcheann — drochdhuine (ar an mbealach a bheadh i gceist.)
Tá sé sin ar na hardcheanna — níl a leithide eile ann; 'sé is measa dhíobh uileag
TUILLEADH (6) ▼
Ní ardcheann go dtí é; tabhair ardcheann air
Sin é an t-ardcheann atá ar na diabhail uileag
'Sé an t-ardcheann ar an mbaile sin thiar uileag é — 'sé is measa díobh ar fad
Fág sa ngearradh dhíobh é sin. 'Sé an t-ardcheann ar a bhfuil ann acub é
D'imigh an diabhal air, murab é an t-ardcheann é
Níl aon ardcheann orthub ach é — níl aon duine acu chomh dona leis; 'sé an ceann feadhain é; 'sé atá os a gcionn

ardcheann in iontrálacha eile (1)

 
Beidh sé ina ardcheann amach anseo agus chomh drisíneach agus atá sé cheana féin. Bhí muid thíos ann an oíche cheana agus bhí sé ag ealaín le slatmhaide a bhí aige agus fhóbair ná gur bhain sé an tsúil as M. B. leis, hé brí cén sórt sníomh a bhí aige air. Rug an mháthair ar an maide lena bhaint dhe, agus ba é an drochpheata é. Thosaigh sé ag gabháil i ngeallta a mhic ó, agus ar éigean a cuireadh foighid ar bith ann nuair nach bhfaigheadh sé cead a chomhairle féin. Nach gceapfá go bhfuil sé sin drisíneach!