Árdán
—Ní go minic a baintear leas as sa gcainnt
—
cnocán, tulach, talamh crochta, ard i mbóthar.
+–
Tá árdán sa ngarraidhe = cnocán.
Seas ar an árdán údaidh thiar, agus glaoidh 'na ndinnéar orrab.
TUILLEADH (4) ▼
Is mór a' t-árdán atá sa mbóthar annsin.
Ní fhéadfá an t-árdán garbh sin a chur.
Tá árdán maith ann.
'Tá mo theach ar an árdán a's a dhá cheann sa ngaoith; a's cead rinnce ar na bóithrí le stóirín mo chroidhe' (sliocht as "Taobh thall de'n Chlaidhe Teorann").
·
Tá leath-árdán maith ann = leath-árd, nó árd réasúnta.
Scoth-árdán mór go maith é = tá'n t-árd mór go maith.
Árdán in iontrálacha eile (1)
→
íochtar
Rugadar isteach ar a chéile — lámh in iochtar, lámh in uachtar agus lámh uaisle na carruidheacht. Rinneadar árdán de'n isleán agus bogán de'n chruadhán, gur thugadar toibreachaí fíor-uisce thrídh lár na leacrachaí glasa, le neart a gcuid carruidheachta. Nuair a bhí an ghrian a' dul faoi trathnóna tháinic an spideoigín ar an gcraoibh; 'A mhic na scolóige' adeir sí, 'níl fear do chaointe ná do shínte le fághail.' Annsin thug mac na scolóige, cor do'n fhathach, agus chuir sé go corrógaí sa leic é. An darna cor chuir sé go comhngar (cúmhngar) an uicht a's a mhuiníl é. 'Fóill ort a ghaiscidhigh' adeir an fathach. 'Leig m'anam liom, agus tiubharfa mé mo chlaidheamh soluis, agus m'each caol dubh duit a bhéarfadh ar a 'ngaoith Mhárta a bheadh roímpe, agus nach mbéarfadh an ghaoth Márta a bheadh in a diaidh uirre (cuid de chulaith gaisce na sean-scéal)