Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ardán
ní go minic a baintear leas as sa gcaint
cnocán, tulach, talamh crochta; ard i mbóthar.
+
Tá ardán sa ngarraí — cnocán
Seas ar an ardán údaí thiar agus glaoigh chun a ndinnéar orthub
TUILLEADH (4) ▼
Is mór an t-ardán atá sa mbóthar ansin
Ní fhéadfá an t-ardán garbh sin a chur
Tá ardán maith ann
"Tá mo theach ar an ardán agus a dhá cheann sa ngaoith; agus cead rince ar na bóithrí le stóirín mo chroí" (sliocht as Taobh thall den Chlaí Teorann)
·
Tá leathardán maith ann — leathard nó ard réasúnta
Scothardán mór go maith é — tá an t-ard mór go maith

ardán in iontrálacha eile (2)

 
Rugadar isteach ar a chéile — lámh in íochtar, lámh in uachtar agus lámh uaisle na coraíocht. Rinneadar ardán den isleán agus bogán den chruán gur thugadar toibreachaí fíoruisce thrí lár na leacrachaí glasa le neart a gcuid coraíochta. Nuair a bhí an ghrian ag dul faoi tráthnóna, tháinig an spideoigín ar an gcraoibh. 'A mhic na scolóige,' adeir sí, 'níl fear do chaointe ná do shínte le fáil.' Ansin, thug mac na scolóige cor don fhathach agus chuir sé go corrógaí sa leic é. An darna cor, chuir sé go cóngar an uicht agus a mhuiníl é. 'Fóill ort a ghaiscígh,' adeir an fathach. 'Lig m'anam liom agus tabharfaidh mé mo chlaíomh solais agus m'each caol dubh duit a bhéarfadh ar an ngaoith Mhárta a bheadh roimpi agus nach mbéarfadh an ghaoth Márta a bheadh ina diaidh uirthi (cuid de chulaith gaisce na seanscéal)
 
Níl an capall in ann an t-ualach sin a thabhairt in aghaidh Ardán Ch. Gh. agus níl aon mhaith dhuit a dhul thar a fulaing léithe