Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Asarlaidheacht
mar atá i bhFoclóir an Duinnínigh.
+
Níl léigheamh ná innseacht scéil ar a chuid asarlaidheachta-sin; níl righeachan a' bith le na chuid asarlaidheachta.
Chonnaic mise draoidheadóirín de 'Freemason' inGaillimh, agus ní raibh cinneadh le na chuid asarlaidheachta. Dhathóchadh sé na cártaí istigh in do láimh as comhair do dhá shúl.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí asarlaidheacht eicínt aige go ndearna sé coileaichín de'n bheairtín fraoigh (rud é seo atá i gceist i sean-scéal).