Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
asarlaíocht
mar atá i bhFoclóir an Duinnínigh.
+
Níl léamh ná inseacht scéil ar a chuid asarlaíochta sin; níl ríochan ar bith lena chuid asarlaíochta
Chonaic mise draíodóirín de Freemason i nGaillimh agus ní raibh cinneadh lena chuid asarlaíochta. Dhathódh sé na cártaí istigh in do láimh os comhair do dhá shúl
TUILLEADH (1) ▼
Bhí asarlaíocht eicínt aige go ndearna sé coileachín den bheairtín fraoigh (rud é seo atá i gceist i seanscéal)

asarlaíocht in iontrálacha eile (4)

 
Tá asarlaíocht eicínt ag Sasana nach mbeadh a fhios ag aon duine. Ach hé brí céard é féin, ní bhuailfear í ar chaoi ar bith an fhad is a bheas grian ag dul deiseal
 
Bíonn draíocht agus asarlaíocht ag a leithidí sin
 
dris
Mura ndeachaigh tú faoi dhris tá asarlaíocht eicínt agat le na cártaí. Cén t-ádh atá ort go dteagann cóisir mhámhasaí agat i gcónaí agus chuile dhuine eile feidheartha. Bí san airdeall air ansin a Sh. faitíos a gcuirfeadh sé scailp iontu. Poc amach iad
 
Chuaigh ag an Sasanach ar an nGearmánach sa gcogadh deiridh, agus is cosúil gurb amhlaidh a bheas sé anois freisin. Beannacht Dé dhuit! Tá asarlaíocht eicínt ag Sasana nach féidir a bualadh. Ní féidir muis