bain amach
1.
+–
Tá sí an-bhainte amach = an-ghiodamach, go leor talmhan fúithe í leitheadach postamhail, baramhlachaí aice ro-shean-órdha dhá h-aois, nó baramhlachaí níos déine ná bheadh ag furmhór na ndaoine.
Gasúr bunáiteach, bainte-amach é.
TUILLEADH (8) ▼
'Sé atá bainte amach againn.
Tá sí chomh bainte amach, le bean mhór.
InDomhnach tá sé siúd chomh bainte-amach leat fhéin.
Is deacair 'thú ná mé' a rádh leis, tá sé chomh bainte amach sin.
Má mhaireann dó, is gearr go mbí sé chomh bainte amach len' athair.
Tá sé chomh giodamach agus chomh bainte amach le sean-fhear agad.
Nach bainte-amach a(gh)ainn atá sé — ag iarraidh a dhul ag damh(n)saí in 'aois.
Níl aon-chailín óg sa bpobul is bainte-amach ná í.
+–
Ó bhainfeas sé siúd amach, níl aon-chuideachta go h-éag mar é = ó thosochas sé 'cainnt go spleodrach, is an-chuideachta é.
Is doiligh é 'bhaint amach ach dhá bhfághthá ar siubhal aon-uair amháin é, b'fhearr duit ag éisteacht leis, ná le píobaire.
TUILLEADH (2) ▼
Nuair a gheobhfá bainte amach é, ní féidir a bhéal a dhúnadh = ní féidir é chur na shost, ó thiocfas fonn cainnte air.
Tá sé bainte-amach 'un damhsa.
2.
+–
Sin rud a bhainfeadh cainnt amach (nuair a fiafruightear díot céard é rud eicínt, agus nach bhfuil aon-fhonn ort a innseacht céard é. Freagra é thugtar go minic ar pháistí).
Bainfe an scéal seo cainnt amach fós = beidh cainnt dhá scoilteadh dhá bharr.
TUILLEADH (19) ▼
Bainfe an garraidhe céadna cainnt amach feicfe tú féin air.
Bhain an bóithrín sin cainnt a's dlighe amach.
Is mór a' t-ár ar bhain a' liathróid amach de chainnt.
Ní bheadh fhios agad ó Dhia anuas, cé'n chaoi ar bhain rud chomh fánach sin a leath-oiread cainnte amach = go raibh rud fánach in a ughdar leis an oiread sin cainnte.
Sin é an peann a bhain an chainnt a's a' troid amach, agus leaba do mháithreachaí splannc eicínt chéille 'bheith aca(b), agus gan a bheith a' moladh le na gcloínn.
Bainfe an imirt chéadna cabaireacht amach as a dheire.
Bhain sé sin (an rud sin) cuid is mó cainnte amach ná b'fhiú é.
Deirimse cainnt leat, ach sin é 'bhain an chainnt amach!
Nach fánach a' rud a bhainea(nn)s cainnt amach, amanntaí!
Bhain an phighinn sin an oiread cailicéaracht' amach, agus gur fhobair dhóib a dhul in árachaí a chéile.
Tá'n oiread cainnte bainte amach faoi'n gclaidhe sin a leagan, a's go sílfeá gurab é gleann Aidhneach a bhí le milleadh air.
'Cainnt a bhainea(nn)s cainnt amach' adeir siad.
Is fhearr dhuit é 'thabhairt ar ais dó, as láimh, agus gan a bheith 'baint achrainn amach leis.
Má bhíonn fhios aca(b) gur b'aghadsa atá sé, bainfe sé achrann amach
Is furasta troid a bhaint amach amanntaí.
Bhainfead sé cainnt amach, dá ba(r) ag aon-duine eile a bheadh sé, ach ag P., ach ní leigfeadh a' faitchíos dó drannadh leis sin.
Shílfeá go mbadh éadáil mhór é, le'r bhain sé de chainnt amach le seachtmhain anuas.
Ní bhainfeadh sé 'leath oiread cainnte amach, dhá mbadh rud ar foghnamh é.
Ní fiú é leath oiread cainnte a bhaint amach faoi = a dhéanamh faoi.
+–
'Focal a bhainea(nn)s focal eile amach' (sean-fhocal) — focal amháin a tharraingeas an-lear cainnte agus troid go minic.
Bhain focal focal eile amach, agus is gearr go raibh an bheirt in adhar a chochaill.
TUILLEADH (2) ▼
Bhain focal focal eile amach, agus as sin, roinneadar an onóir le chéile = thosuigheadar a' sciolladóireacht ar a chéile.
Bhain focal focal eile amach, agus ba ghearr go raibh sé in a réabadh achrainn (Ba ghearr go raibh an teach in a theine bhruithte, in a rachlas etc).
3.
+–
Bhain sé an talamh amach = chuaidh sé (ch)un dlighe, agus tugadh an talamh dó-san sa gcúirt.
Tá sé ag iarraidh an tamhna(ighe) uiliog a bhaint amach, agus bainfe sé amach í freisin, mara dteightear roimhe, agus gan cead a chomhairle fhéin a thabhairt dó.
TUILLEADH (13) ▼
Bhain sé an áit sin amach fadó, le éagcóir a's caimiléaracht, a's d'fhan sé aige ó shoin.
Daoine dona a bhí 'pléidhe leis, nó ní bhainfeadh sé amach é.
Bhain sé an teach a's a' talamh amach, le teann imeartais a's dlighe.
Tá sé le dhul 'un dlighe le Micil, faoi'n tsráid agus bainfe sé amach freisin í.
Tá'n taobh ó dheas de bhóthar fré chéile bainte amach aige anois.
Tá siad ag iarraidh an tsléibhe úd, atá ag an gcros-bhóthar a bhaint amach, ach gheobha siad rud le déanamh.
Ní féidir an áit sin a bhaint amach — tá greim ro-láidir aige air.
Tá'n talamh atá thíos ag ceann Bhóthar na Trágha le baint amach as éadan anois, agus le roínnt, ar na tunóntaí.
A chomhachta cínn, ní bhainfeadh amach an teach anois, marar labhair a athair 'san udhachta air.
Ba cheart a bhfuil de thalamh ag na feilméaraí móra sin a bhaint amach as éadan, agus é roínnt ar dhaoine bochta.
Tá sé thar-am an iascach chéadna a bhaint amach.
Meastú 'mbainfe mé amach é?
Tá sé 'g(dh)ul (ch)un dlighe aríst leo(b): is beag leis ar bhain sé amach cheana.
+–
Bhainfeadh sé luach na bó, amach, dhá dtugadh sé 'na cúirte iad.
Bainfe mé a luach amach, má theighim sa gceánn sin leis.
TUILLEADH (6) ▼
Bhainfeá amach gan stróbh a' bith luach ar milleadh ort: ghearr(f)aidhe amach ar an tír é.
Ní bhainfe sé leithphighinn ruadh amach, ó thárla nach bhfuil aon-fhiadhnuise aige.
Is beag adeirigh leis a bhaint amach, agus a' gortú 'fuair sé.
Bainfe mise 'luach amach de dhuine eicínt feicfe tú fhéin air.
Tá sé ag iarraidh luach a' chapaill a bhaint amach anois.
Má theighimse faoi'n dlighe, bainfe mé a luach amach.
+–
Bhain sé 'dhá luach amach = bhain sé a dhá oiread airgid amach ar an rud a's ab fhiú é (siopadóir, nó duine 'mbíonn rud dhá dhíol aige).
Bhain sé amach an iomarca ar a' bhféar.
TUILLEADH (20) ▼
Tá na siopaí annseo a' baint amach a dhá ndíol ar phlúr.
Nach hé an rubálaidhe é, má tá sé 'baint amach an méid sin, as ucht culaithín éadaigh a dheanamh.
Scriosfadh siopaí na h-áite seo thú, le na mbaineann siad amach ar chuile shórt.
Cé mhéad atá sé 'bhaint amach ar thobac?
Meastú cé mhéad a bhainfeadh an siúinéirín amach ar bhord a dhéanamh do dhuine.
Cé mhéad atá an bus a bhaint amach go Gaillimh anois?
Tá sé sin indon a luach go maith a bhaint amach.
Níor bhain sé amach, ar muid a thabhairt ó cheann Bhóthar na Trágha go Gaillimh, ach trí pighne an duine
Shílfeá gurbh beag leis ar bhain sé amach, agus gur mhó dhá fhonn a bhí air, tuille 'iarraidh orainn
Bainfe sé amach a cheart go maith, deirimse leat = bainfe sé amach a sháith páighe, nó luach an ruda go maith.
Mara ndearna sé ach a' méid sin, duit bhain sé a cheart amach.
Bhain sé a cheart amach go maith, má bhain sé coróin amach.
Cé mhéad atá an saor a bhaint amach sa ló.
Deir siad nach mórán atá sé 'bhaint amach chor a' bith le ceann a chuir ar theach.
Bainfe sé siúd a cheart (a sháith, a dhíol, a dhóthain etc) go maith amach, má thugann tú dhó, a n-iarrfa sé.
Níl sé 'baint an oiread amach ar a' 'spray' agus 'tá na siopaí eile.
Is mór a' scrios é, le na bhfuil sé 'bhaint amach.
An t-airgead céadna atá siad a bhaint amach fré chéile.
Is mór liom a bhfuil sé bhaint amach.
Tá fir fánaighe a' baint trí scilleacha sa ló amach a' t-earrach seo.
+–
Tá sé siúd in don a cheart a bhaint amach = tá sé indon cur ar a shon fhéin, agus ceart a sheasamh dó fhéin, i riocht's, nach féidir le aonduine oirille, leath-chuma ná éagcóir a dheanamh air.
Ní truaighe 'bith é sin, mar tá sé indon a cheart a bhaint amach.
TUILLEADH (32) ▼
Mara bhfuil tú indon ceart a bhaint amach duit féin, nuair imtheochas tú ó bhaile, beidh tú ar deire.
An té nach bhfuil indon ceart a bhaint amach dó fhéin annsiúd, is fear ar deire 'bheidheas ann.
Tá'n créatúr cuthal, agus níl sé indon a cheart a bhaint amach mar bheadh duine eile.
Tá sé fánach aghad ceart a bhaint amach annsiúd, mara bhfuil tú in t'amhus mar iad fhéin.
Bain do cheart amach anois, thú fhéin, nó bí ar deire.
Mara bhfuil tú indon do chuid (do chion etc.) a bhaint amach annseo, beidh tú dhá uireasbha.
Tuige nach bhfuil tú indon do cheart a bhaint amach, mar bheadh fear!
Is doiligh do dhuine a cheart a bhaint amach 'san áit a bhfuil lán-tighe in' aghaidh.
Mara mbuaile tú fhéin faoi do cheart a bhaint amach, ní dhéanfa aon-duine eile dhuit é.
Níor mhór dhuit a bheith in t'easóig le do cheart a bhaint amach ar a' mbaile sin.
Déanfhar leath-chuma ort, mar a bhfuil éadan agad fhéin le do cheart a bhaint amach.
Bainfe sé siúd a cheart amach nó's cruadh an cás é.
Níor mhór dhuit, a bheith chomh h-olc leis a' míádh, le do cheart a bhaint amach ina measc siúd.
Mara bhfagha mise mo cheart, bainfe mé amach é.
Má dhéantar aon-leathchuma ormsa, bainfe mé mo cheart amach de'n bhuidheachas.
Tá sé siúd indon a cheart a bhaint amach as dubhshlán.
Má theigheann aon-duine i mbarr mo chirt ormsa, bainfe mé amach as dubhshlán é = má shíleann aon-duine mo cheart a bhaint díom, bainfe mé mo cheart amach de'n bhuidheachas.
Bhain sé amach de'n bhuidheachas é (nó as dubhshlán) = thóig sé an rud, le fóiréigin.
Bainfe sé siúd amach a cheart de'n bhuidheachas, mara bhfagha sé as réidhteach é.
Mara dtuga tú dhom, mo chuid airgid, as réidhteach, bainfe mé amach de'n bhuidheachas é.
Gheobha tú ceart má tá tú indon é 'bhaint amach.
An té atá indon a cheart a bhaint amach, 'sé gheobhfas annseo é.
Ní raibh Éirinn indon aon-cheart a bhaint amach (de Shasana) ariamh, go dtí le goirid anuas.
Níl aonduine ann le ceart a bhaint amach de'n áit seo anois.
Nuair a bhí fear aca(b) a bhainfeadh ceart amach, is beag a' mheas a bhí aca(b) air — is beag sin.
Tá sé fánach ag Éirinn a bheith ag iarraidh ceart a bhaint amach — níl sí sáthach láidir.
Ba deacair ceart a bhaint amach de Shasana, go dtí an saoghal seo fhéin.
Níl aon duine eile indon ceart a bhaint amach d'Éire, ach é.
Nuair a bhí fear acab a bhainfeadh ceart amach dóib — Parnell — níor ghéilleadar dó. Ní dream a' bith iad muinntear na h-Éireann.
Is fada an lá ag iarraidh ceart a bhaint amach sib, agus ní fheicim go bhfuil mórán cosamhlacht' oraí(bh) fós.
Níl ann ach díthcéille a bheith 'cainnt ar cheart a bhaint amach, nuair nach seasfa na daoine in aon-bhun amháin.
A' tarraingt uisce 'na muilinn fhéin, atá siad sin a's ní ag iarraidh ceart a bhaint amach do na daoine.
+–
Tá sé in diaidh sása(imh) 'bhaint amach = tá fonn díoghaltais air.
Beidh sé indiaidh a shása(imh) a bhaint amach i gcomhnuidhe, go bhfagha sé deis ort sa deire.
TUILLEADH (12) ▼
Is fada an lá é indiaidh an tsása(imh) sin a bhaint amach.
Bainfe mé mo shása(mh) amach, dhá dteigheadh sé céad bliadhain.
Ó'n lá sin go dtí an lá atá indiu ann, tá sé ag iarraidh sása(mh) a bhaint amach sa méid sin.
Bhain mé mo shásamh go breagh amach.
Is dona an fear é, mara bhfiacha (bhféacha) sé lena shása(mh) a bhaint amach.
Is deacair milleán a thabhairt dó má bhaineann sé sásamh amach faoi.
Bainfe sé sása(mh) amach, má thugann sé 'un dlighe iad.
Bainfe mise sása(mh) an méid sin amach, feicfe tú fhéin air.
Ní leigfe mé leis é, gan sása(mh) a bhaint amach, dhá dteighead sé scór bliadhain.
Níl aon-ghoir aige sásamh a bhaint amach, mar ní móide go mbéarfadh sé air siúd le na mharthainn arís.
Tá sé i ladhar a' chasúir anois, agus baineadh sé a shásamh amach, go mbí sé tuirseach.
Má's leat do shása(mh) 'bhaint amach, eirigh roimhe oidhche eicínt a mbeidh sé 'teacht ó chuairt.
4.
+–
Is gearr a bhain sé amach i Sasana = is gearr a d'fhan sé ann.
Nach gearr a bhain tú amach ar a' bportach indiu.
TUILLEADH (37) ▼
Ní mórán achair a bhainea(nn)s sé amach in áit a' bith.
Is gearr a bhain a' cailín deire amach aice chor a' bith.
Ní i bhfad a bhainfeas mé amach aige, mara dtaithnighe an áit liom.
Bhain sé amach achar thairis sin ann = d'fhan sé níos fuide ná sin ann.
Róithrín é, nach mbaineann i bhfad amach in aon-áit, ach lá annseo, agus lá annsiúd.
Tá an cailín seo a' baint amach níos fuide ann, ná aonduine dhá raibh ann ariamh.
Badh cheart di achar níos fuide ná sin a bhaint amach ann.
Is diabhalta fada an t-achar atá sé 'bhaint amach leis an obair sin = atá sé a chaitheamh dhá déanamh.
Ní bhainfe mé thar lá eile amach leis = ní bheidh mé ach lá eile dhá dheanamh.
Bainfe siad seachtmhain amach anois, ó chuadar ar cuairt chor a' bith ann.
Corr-uair 'fheicea(nn)s muid thú, agus tá sé chomh maith duit seachtmhain a bhaint amach.
Nach fada a bhain tú amach ar do chuairt.
Bhain sé an lá amach ar a chuairt.
Má theigheann sé Gaillimh, bainfe sé an lá amach ann.
Má tá sé taithighthe ar an áit anois, b'fhéidir go mbainfeadh sé scathamh amach ann.
Ní aireocha tú lá nó cupla lá a bhaint amach annseo anois, ó thárla nach bhfuil aon-chruadhóg oraí(bh) sa mbaile.
Níor bhain mé amach ariamh 'san áit chéadna, thar lá nó dhó.
Bainfe sé scath(amh) amach ar an Achréidh anois, b'éidir.
Bainfeamuid tamall eile amach leis a' mbóthar, sul dhá mbí sé críochnuighthe.
Cá'ide eile 'bhainfeas sib amach leis a' bhfeamuinn, meastú = ag obair léithe.
Is gearr eile a bhainfeas muid amach leis a' mbóthar, anois.
Is fada an t-achar atá bainte amach agai(bh) leis a' móin i mbliadhna.
Má bhaineann tú mórán achair eile amach leis a' ngarraidhe sin, tá sé chomh maith dhuit an bhliadhain a chaith(eamh) ann.
Tá stráisiún maith bainte amach agaibh le na cártaí anocht.
Baineann sí curraintín amach ar a cuairt in íochtar a' bhaile chuile lá.
Bhainfinn píosa de'n lá amach ag éisteacht le P. Ó. B marach a' ceann a bhí in éindigh liom.
Is beag a' dochar duit náire bheith ort agus an fhad's atá bainte amach leis an uailín móna sin agad.
Ní aireocha tú uair a bhaint amach ag a' damhsa = ní bheidh tú ina dhiaidh ort fhéin, (ní chuirfe sé as do bhuille thú) uair a chaitheamh ag a' damhsa.
Nach bhféadfá cupla uair a bhaint amach ab uil sinn!
Bhain muid tamall amach ag imirt, idtús oidhche.
Is gearr is mian leis a bhaint amach ar cuairt, go dteighe sé abhaile aríst.
Tá sé chomh h-uathbhásach sin, ag an obair, a's nach mbainfead sé an nóiméad fhéin amach in a chomhnuidhe.
Níor bhain sé lá ná leiceann amach ann, go raibh sé abhaile againn aríst in a bhromachán bliadhna.
Dhá mbeadh cead mo chomhairle fhéin agham, ní bhainfinn uair a' chluig amach 'san áit chéadna.
Is mór a' feall nar bhain sé bliadhain eile amach ag a' scoil arae, ba togha scoláire é.
Is gearr a' t-achar a bhainfeas sé siúd amach in aon-choláiste. Ní hí an fhoghluim chor a' bith atá 'cur síos leis, ach ealadhain eile.
Is iomdha bliadhain a bhain sé amach ag dul (ch)uig coláiste, a's dheamhan a dhath ad'eirigh leis dhá bharr.
+–
A' baint lá amach = a' caitheamh an tsaoghail; a' tabhairt lá liom.
Seán: Cé'n chaoi bhfuil tú? Pádraic: A' baint lá amach.
TUILLEADH (2) ▼
Tá mé 'baint lá amach.
Níl a' saoghal ro-dhona an fhad's fhéadfas duine lá 'bhaint amach.
5.
a.
+–
Is deacair an slaghdán sin a bhaint amach as do chrioslaigh (as do chraiceann) = é a chuir amach.
Ní bhainfe aon-cheo amach an slaghdán sin, ach neart sean-fhuisce.
TUILLEADH (3) ▼
Bainfe mise a shásamh sin amach as do chraiceann = buailfe mé thú.
Bainfear an ámhuilleacht amach as do chreatalaigh = beidhfear do do bhualadh go n-eirighe tú as an ámhuilleacht.
Tá siad ag iarraidh bheith 'baint airgid amach as mo chreatalaigh-sa, agus gan aon-airgead agam dóib = tá siad ag iarraidh airgid 'fhaghail de'n bhuidheachas uaim, agus gan é agam.
·
Tá sé 'baint dealg amach.
Bhainfeá amach dealg, leis na scaltrachaí 'bhí ann.
b.
+–
Chuala mé go raibh an dole le baint amach go goirid = nach dtiubharfaí de dhaoine níos mó é.
Tá sé igceist go bhfuil an sean-phinsean le baint amach, má cuirtear an dream sin isteach aríst.
TUILLEADH (4) ▼
'Bhfuil baoghal a' bith, go mbain(f)idhe dhá phunt na scoláirí amach, aríst.
Tá siad a' cuir a gcosa uathab ag iarraidh pinsean na mbaintreabhach a bhaint amach.
Má bhaintear amach an riar beag (i.e airgid) sin aríst, beidh na daoine ar an-chaoi.
Cheapfainn féin gur mór an éagcóir nach mbaintear amach a' pinsean sin, ar fad, agus gan a' tír a bheith dhá íoc.
bain amach in iontrálacha eile (50+)
→
faitíos
Bain amach an briogadáin sin as roth an "bhicycle", faitíos na timpiste = ar fhaitíos go leagfadh sé thú (deirtear "faitíos na timpiste" freisin in áit "faitíos na fálach thuas", agus "faitíos na heirimisce". Sé is minice ag aos óg, in áiteachaí go háirid)
Tá sé ag baint earasbar amach ar an bplúr anois le seachtain = tuilleadh thar mar a bhíodh sé a bhaint amach cheana
→
fiosach
Ní fhaca mise aon-fhear ariamh is fiosaí ná M. N. "An bhfuil na fataí lánuithe agad?" "Cé mhead sleán móna bainte agad?" "Ar chuir muinntir T. Mh. mórán feamainn tirm amach?" …
→
fios
Ná habair tada. Níl a fhios go té sin (/ɡu t′ɛ̄/; don té?). B'fhéidir go mbainfeadh an scéal sin caint amach fós = níl a fhios ag aonduine cén chaoi a rachadh sé chun dochair duit
Tá sé seo thoir sáthach dóroinneach (dóghrainneach?) a's dheamhan ar thaise tada leis a' gceann thíos é, ach sé'n scéal é nuair a bhaineadar amach sa gcainnt, bhí cantaireacht ann, dar mo leabhar.
→
claibín
Ní raibh smid a' bith aige i dtosach, le coimhightheas tá mé 'ceapadh, ach 'san am ar bhain sé amach, tháinic a' díle cainnte air in éindigh. Dheamhan a leithide de chlaibín muilinn a chuala tú ariamh, igcaitheamh do shaoghail.
Tá cúigear cleathairí mac aige a's iad gan chló-stiúrtha ar bith, dhá bhfaca tú ariamh. Má mhaireann dóbhtha, is gearr nach bhféadfa na daoine an bóthar a shiubhal chor ar bith ucu (acu). Is mór a' t-iongnadh nach gcuirfead sé iad siod amach a' saothrú; seachas iad a bheith a' baint na sála dhá chéile istigh annsiod aige.
→
cóirséad
Bain díot an cóirséad sin chomh uain's 'bheidheas tú istigh, nó ní aireocha tú ort fhéin chor a' bith é, ar a dhul amach faoi'n bhfuacht duit aríst.
(D)ar ndóigh, maran i gcoimhfhios a rinne sé, is ingan fhios a rinne sé é, ach nach shin é 'bhfuil 'na thimcheall? Ní fiú a dhul a' sáruightheacht faoi, scáth a bhfuil de dhochar déanta. Dheamhan's móide a leath-oiread cainnte a bhainfeadh scéal mór amach.
Nach hí a chuimil sop na geirthe dhaoib, má bhain sí h-ocht bpighn' déag amach ar chupáinín tae cosnochtuighthe, a's é sin fhéin chomh lag leis an uisce is dóigh!
Bhí an toirneach chéadtach ann, a's bhainfeá deilgne amach le 'chaon scail. A's má badh eadh fhéin, dheamhan a dhath stánadh a rinne mo dhuine. Shílfeá gurb é an chaoi a raibh an toirneach a' borradh leis.
→
cíos
Dheamhan cíos na camhlach a bheidheas ar a' gcéad líne eile 'íoc dhá réir sin. Muide inDomhnach a bhain a' méid sin cirt amach de na tighearnaí, ach 'ní hé an té a shaothruighea(nn)s fhagha(nn)s' adeir siad. Is mór is fiú go mbeidh a shógh ag duine eicínt dar ndóigh.
→
baile
Dheamhan baile aige, anois, ach baile dona = is suarach le rádh an teach nó'n áit chomhnuidhe nó'n talamh atá aige anois; nó duine a bheadh a' gabhail thart ar aimsir, a's a' baint scathamh amach is chuile áit.
+
→
bealach
Hébrí (pé'r bith) céard a dhéanfas tada eile, tá siopaí na h-áite seo as bealach ar fad leis a' bplúr. Gheobhfá céad plúir inGaillimh ar chúig déag, a's tá na scriosadóirí atá annseo a' baint seacht-déag a's sé pighne amach air.
TUILLEADH (3) ▼
Tá fir oibre as bealach, má's a' ceasacht páighe atá siad aríst. Is gearr ó cheana, bhain siad árdú amach.
Tá sé as bealach ar fad, má bhaineann sé amach an méid sin.
Ní dhúinfeadh sé a shúile ar dhuine, a's feiceadh sé an t-anshógh air, ach tá'n bealach eile leis, mar sin fhéin. Tá sé 'baint a dhá luach amach ar chuile mhíle nídh dhá bhfuil istigh in a shiopa.
→
bealaigh
Tá sé fánach agad a bheith a' trácht ar Ghaedhilge le muinntir na h-áite seo: a dhearbhráthair mo chroidhe thú, tá'n Béarla chomh bealthuighthe isteach ionnta(b) anois, a's nach bhfuil indán dóib scaradh leis, go mbaintear na teangachaí amach asta(b).
Is beag a' bhealthuidheacht atá ag a' tír, a's tá déanamh dá huireasbha aca(b). Ach nuair a bheidheas sclamhairí de pheataí ann, is mian leo(b) bealthuidheacht a bhaint amach as do chreatlaigh. Ach deirimse leatsa, go mbainfear as a' gcleachta sib feasta. Tá feoil ro-dhaor anois, lé í 'choinneál libse.
→
coraice
Tá díthcéille ort, a' baint do dhrár dhíot féin, go gcaithtear coruice dhubh na bliadhna, ar aon-nós. Dar ndóigh níor tháinic tairm a' bith ar a' ngeimhreadh fós. Amach romhat atá a mhic ó!
→
cúl
Ní choinnigheann aon-teach ósta anois é (an poitín) mara gcoinnighidís ar chúla téarmaí é go díreach. (D)ar ndóigh, dá bhfáightí amach, go ndíolfaidís aon-deoir dhe, bhainfí cead díolacháin uileag dhíob, a's ba mhaith an ceart é freisin.
→
beo 1
Ar a' dá luath a's ar bhain a' bheirt amach 'un achrainn, bánuigheadh a' teach. Geinealach a' bhéil beo fhéin, níor fhan istigh, cé's moite de'n chúpla aca(b) fhéin.
+
→
bocht 2
Diabhal leath 'cheart le na boicht! Breagh nach mbaineann siad amach a gceart fhéin, a's gan 'chuile dhuine a bheith a' magadh fútha(b).
TUILLEADH (1) ▼
Tá na boicht scriosta aige, a' baint a dhá luach amach ar 'chuile rud.
→
boigréis
Nuair a theann a' braon leis, bhain sé amach 'un boigréise, a's ghlu (ghlaoidh) sé ól dhá raibh sa teach.
→
buadán
Is beag a' mheas a bhí aige ar mo chuid buadáin-sa, ach dhá mbeadh breith ar 'aithmhéala aige, ní thiocfadh sé fhéin amach dá bh'uireasbha, a's ar baineadh de threascairt as ar a' leic oidhre.
+
→
buille
Craith amach é a's bain as a bhuille é.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé buille beag bainte amach anocht = tá fonn macnais nó siamsa air.
+
→
airde 1
Bhain sí amach 'sna cosa in áirde = ní móide go raibh aice ach sodar roimhe sin.
TUILLEADH (1) ▼
Cuir 'sna cosa in áirde í; bain amach 'sna cosa in áirde í.
+
→
amach
Dhá gcasadh sé amach port maith, gheobhfadh na daoine sás(amh) eicínt air, fharrus a bheith a' baint corr-uair mhí-ábh as sa gcúinne.
TUILLEADH (5) ▼
Bain amach fataí, agus ná bí 'leaduidheacht.
Ní bhain(f)ear aon-mhóin go dtí amach sa samhradh imbliadhna
Amach faoi Fhéil' San Bairtliméad a baintear an coirce annseo.
Ní bhainfinn duine ná deoruidhe aca(b) as margadh; ó Cháit amach.
Tá'n mhóin bainte aige, amach 's amach anois.
+
Cuireadh amach glan-ascartha sa trinnse é, in áit ar bhain tulán truisle as.
TUILLEADH (2) ▼
Cuireadh amach indiaidh a mhullaigh é, agus fhobair nar baineadh a raibh d' fhiacla istigh in a cheann as.
Bhain sé stangadh as féin, agus tá faitchíos air, gur chuir sé amach a ghualainn.
+
→
anam
Dhá gcloiseadh 'athair go mbeadh aon-láimh aige in obair de'n tsórt sin, bhainfeadh sé an t-anam, beo beithidheach amach as a chraiceann.
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an anachain. Tá anam duine air, nuair a baintear amach é.
Bhain sé amach é, agus ina dheidh sin bhí sé 'g iarraidh an dubh a chur ina gheal ort — 'ní do do ghoid atá mé 'gháirleog, ach do t'árdú liom'.