bain amach
1.
+–
Tá sí an-bhainte amach — an-ghiodamach; go leor talún fúithi; í leitheadach postúil; barúlachaí aici; rósheanórtha dhá haois, nó barúlachaí níos déine ná a bheadh ag formhór na ndaoine
Gasúr bunáiteach bainte amach é.
TUILLEADH (8) ▼
'Sé atá bainte amach againn.
Tá sí chomh bainte amach le bean mhór.
I nDomhnach, tá sé siúd chomh bainte amach leat fhéin.
Is deacair thú ná mé a rá leis, tá sé chomh bainte amach sin.
Má mhaireann dó, is gearr go mbí sé chomh bainte amach lena athair.
Tá sé chomh giodamach agus chomh bainte amach le seanfhear agat.
Nach bainte amach againn atá sé — ag iarraidh a dhul ag damh(n)saí ina aois.
Níl aon chailín óg sa bpobal is bainte amach ná í.
+–
Ó bhainfeas sé siúd amach, níl aon chuideachta go héag mar é — ó thosós sé ag caint go spleodrach, is an-chuideachta é.
Is doiligh é a bhaint amach, ach dhá bhfaightheá ar siúl aon uair amháin é, b'fhearr duit ag éisteacht leis ná le píobaire.
TUILLEADH (2) ▼
Nuair a gheofá bainte amach é, ní féidir a bhéal a dhúnadh — ní féidir é a chur ina shost ó thiocfas fonn cainte air
Tá sé bainte amach chun damhsa.
2.
+–
Sin rud a bhainfeadh caint amach (nuair a fiafraítear díot céard é rud eicínt, agus nach bhfuil aon fhonn ort a inseacht céard é. Freagra é a thugtar go minic ar pháistí)
Bainfidh an scéal seo caint amach fós — beidh caint dhá scoilteadh dhá bharr.
TUILLEADH (19) ▼
Bainfidh an garraí céanna caint amach, feicfidh tú féin air.
Bhain an bóithrín sin caint is dlí amach.
Is mór an t-ár ar bhain an liathróid amach de chaint.
Ní bheadh a fhios agat ó Dhia anuas cén chaoi ar bhain rud chomh fánach sin a leathoiread cainte amach — go raibh rud fánach ina údar leis an oiread sin cainte
Sin é an peann a bhain an chaint agus ag troid amach, agus leaba do mháithreachaí splanc eicínt chéille a bheith acub, agus gan a bheith ag moladh lena gclainn.
Bainfidh an imirt chéanna cabaireacht amach as a dheireadh.
Bhain sé sin (an rud sin) cuid is mó cainte amach ná b'fhiú é.
Deirimse caint leat, ach sin é a bhain an chaint amach!
Nach fánach an rud a bhaineanns caint amach amantaí!
Bhain an phínn sin an oiread cailicéireachta amach agus gur fhóbair dhóibh a dhul in árachaigh a chéile.
Tá an oiread cainte bainte amach faoin gclaí sin a leagan agus go sílfeá gurb é Gleann Eidhneach a bhí le milleadh air.
Caint a bhaineanns caint amach, adeir siad.
Is fhearr dhuit é a thabhairt ar ais dó, as láimh agus gan a bheith ag baint achrainn amach leis.
Má bhíonn a fhios acub gurb agatsa atá sé, bainfidh sé achrann amach
Is furasta troid a bhaint amach amantaí.
Bhainfeadh sé caint amach, dá ba(r) ag aon duine eile a bheadh sé ach ag P., ach ní ligfeadh an faitíos dó drannadh leis sin.
Shílfeá go mba éadáil mhór é le ar bhain sé de chaint amach le seachtain anuas.
Ní bhainfeadh sé a leath oiread cainte amach dhá mba rud ar fónamh é.
Ní fiú é leath oiread cainte a bhaint amach faoi — a dhéanamh faoi
+–
'Focal a bhaineanns focal eile amach' (seanfhocal) — focal amháin a tharraingeas an-lear cainte agus troid go minic
Bhain focal focal eile amach agus is gearr go raibh an bheirt in oighear an chochaill.
TUILLEADH (2) ▼
Bhain focal focal eile amach agus as sin, roinneadar an onóir le chéile — thosaíodar an sciolladóireacht ar a chéile.
Bhain focal focal eile amach agus ba ghearr go raibh sé ina réabadh achrainn (Ba ghearr go raibh an teach ina thine bhruite, ina rachlas srl.)
3.
+–
Bhain sé an talamh amach — chuaigh sé chun dlí agus tugadh an talamh dósan sa gcúirt
Tá sé ag iarraidh an tamhnaí uileag a bhaint amach, agus bainfidh sé amach í freisin mura dtéitear roimhe agus gan cead a chomhairle fhéin a thabhairt dó.
TUILLEADH (13) ▼
Bhain sé an áit sin amach fadó le éagóir agus caimiléireacht, agus d'fhan sé aige ó shin.
Daoine dona a bhí ag plé leis nó ní bhainfeadh sé amach é.
Bhain sé an teach agus an talamh amach, le teann imeartais agus dlí.
Tá sé le dhul chun dlí le Micil faoin tsráid agus bainfidh sé amach freisin í.
Tá an taobh ó dheas de bhóthar fré chéile bainte amach aige anois.
Tá siad ag iarraidh an tsléibhe úd atá ag an gcrosbhóthar a bhaint amach, ach gheobhaidh siad rud le déanamh.
Ní féidir an áit sin a bhaint amach — tá greim róláidir aige air.
Tá an talamh atá thíos ag ceann Bhóthar na Trá le baint amach as éadan anois agus le roinnt ar na tionóntaí.
A chumhachta cinn ní bhainfeadh amach an teach anois, murar labhair a athair san uachta air.
Ba cheart a bhfuil de thalamh ag na feilméaraí móra sin a bhaint amach as éadan agus é a roinnt ar dhaoine bochta.
Tá sé thar am an iascach chéanna a bhaint amach.
Meas tú an mbainfidh mé amach é?
Tá sé ag dhul chun dlí aríst leob: is beag leis ar bhain sé amach cheana.
+–
Bhainfeadh sé luach na bó amach dhá dtugadh sé chun na cúirte iad.
Bainfidh mé a luach amach má théim sa gceann sin leis.
TUILLEADH (6) ▼
Bhainfeá amach gan stró ar bith luach ar milleadh ort: ghearrfaí amach ar an tír é.
Ní bhainfidh sé leithphínn rua amach ó tharla nach bhfuil aon fhianaise aige.
Is beag a d'éirigh leis a bhaint amach agus an gortú a fuair sé.
Bainfidh mise a luach amach de dhuine eicínt feicfidh tú fhéin air.
Tá sé ag iarraidh luach an chapaill a bhaint amach anois.
Má théimse faoin dlí, bainfidh mé a luach amach.
+–
Bhain sé a dhá luach amach — bhain sé a dhá oiread airgid amach ar an rud agus ab fhiú é (siopadóir, nó duine a mbíonn rud dhá dhíol aige)
Bhain sé amach an iomarca ar an bhféar.
TUILLEADH (20) ▼
Tá na siopaí anseo ag baint amach a dhá ndíol ar phlúr.
Nach é an robálaí é má tá sé ag baint amach an méid sin as ucht culaithín éadaigh a dhéanamh.
Scriosfadh siopaí na háite seo thú lena mbaineann siad amach ar chuile shórt.
Cé mhéad atá sé a bhaint amach ar thobac?
Meas tú cé mhéad a bhainfeadh an siúinéirín amach ar bhord a dhéanamh do dhuine.
Cé mhéad atá an bus a bhaint amach go Gaillimh anois?
Tá sé sin in ann a luach go maith a bhaint amach.
Níor bhain sé amach ar muid a thabhairt ó cheann Bhóthar na Trá go Gaillimh ach trí pínne an duine
Shílfeá gurbh beag leis ar bhain sé amach, agus gur mhó dhá fhonn a bhí air tuilleadh a iarraidh orainn
Bainfidh sé amach a cheart go maith, deirimse leat — bainfidh sé amach a sháith páí, nó luach an ruda go maith
Mura ndearna sé ach an méid sin duit, bhain sé a cheart amach.
Bhain sé a cheart amach go maith má bhain sé coróin amach.
Cé mhéad atá an saor a bhaint amach sa ló.
Deir siad nach mórán atá sé a bhaint amach chor ar bith le ceann a chur ar theach.
Bainfidh sé siúd a cheart (a sháith, a dhíol, a dhóthain srl.) go maith amach má thugann tú dhó a n-iarrfaidh sé.
Níl sé ag baint an oiread amach ar an spray agus atá na siopaí eile.
Is mór an scrios é lena bhfuil sé a bhaint amach.
An t-airgead céanna atá siad a bhaint amach fré chéile.
Is mór liom a bhfuil sé a bhaint amach.
Tá fir fánaí ag baint trí scilleacha sa ló amach an t-earrach seo.
+–
Tá sé siúd in ann a cheart a bhaint amach — tá sé in ann cur ar a shon fhéin agus ceart a sheasamh dó fhéin i riocht is nach féidir le aon duine oirille, leathchuma, ná éagóir a dhéanamh air.
Ní trua ar bith é sin mar tá sé in ann a cheart a bhaint amach.
TUILLEADH (32) ▼
Mura bhfuil tú in ann ceart a bhaint amach duit féin, nuair a imeos tú ó bhaile, beidh tú ar deireadh.
An té nach bhfuil in ann ceart a bhaint amach dó fhéin ansiúd, is fear ar deireadh a bheas ann.
Tá an créatúr cúthail, agus níl sé in ann a cheart a bhaint amach mar a bheadh duine eile.
Tá sé fánach agat ceart a bhaint amach ansiúd mura bhfuil tú in t'amhas mar iad fhéin.
Bain do cheart amach anois thú fhéin, nó bí ar deireadh.
Mura bhfuil tú in ann do chuid (do chion srl.) a bhaint amach anseo, beidh tú dhá uireasa.
Tuige nach bhfuil tú in ann do cheart a bhaint amach mar a bheadh fear!
Is doiligh do dhuine a cheart a bhaint amach san áit a bhfuil lán tí ina aghaidh.
Mura mbuaile tú fhéin faoi do cheart a bhaint amach, ní dhéanfaidh aon duine eile dhuit é.
Níor mhór dhuit a bheith in t'easóig le do cheart a bhaint amach ar an mbaile sin.
Déanfar leathchuma ort mura bhfuil éadan agat fhéin le do cheart a bhaint amach.
Bainfidh sé siúd a cheart amach nó is crua an cás é.
Níor mhór dhuit a bheith chomh holc leis an mí-ádh le do cheart a bhaint amach ina measc siúd.
Mura bhfaighe mise mo cheart, bainfidh mé amach é.
Má dhéantar aon leathchuma ormsa, bainfidh mé mo cheart amach den bhuíochas.
Tá sé siúd in ann a cheart a bhaint amach as dúshlán.
Má théann aon duine i mbarr mo chirt ormsa, bainfidh mé amach as dúshlán é — má shíleann aon duine mo cheart a bhaint díom, bainfidh mé mo cheart amach den bhuíochas
Bhain sé amach den bhuíochas é (nó as dúshlán) — thóg sé an rud le foiréigean
Bainfidh sé siúd amach a cheart den bhuíochas mura bhfaighe sé as réiteach é.
Mura dtuga tú dhom mo chuid airgid as réiteach, bainfidh mé amach den bhuíochas é.
Gheobhaidh tú ceart má tá tú in ann é a bhaint amach.
An té atá in ann a cheart a bhaint amach, 'sé gheobhas anseo é.
Ní raibh Éirinn in ann aon cheart a bhaint amach (de Shasana) ariamh go dtí le gairid anuas.
Níl aon duine ann le ceart a bhaint amach den áit seo anois.
Nuair a bhí fear acub a bhainfeadh ceart amach, is beag an mheas a bhí acub air — is beag sin.
Tá sé fánach ag Éirinn a bheith ag iarraidh ceart a bhaint amach — níl sí sách láidir.
Ba deacair ceart a bhaint amach de Shasana go dtí an saol seo fhéin.
Níl aon duine eile in ann ceart a bhaint amach d'Éire ach é.
Nuair a bhí fear acub a bhainfeadh ceart amach dóibh — Parnell — níor ghéilleadar dó. Ní dream ar bith iad muintir na hÉireann.
Is fada an lá ag iarraidh ceart a bhaint amach sibh, agus ní fheicim go bhfuil mórán cosúlachta oraibh fós.
Níl ann ach díth céille a bheith ag caint ar cheart a bhaint amach nuair nach seasfaidh na daoine in aon bhun amháin.
Ag tarraingt uisce chun a muilinn fhéin atá siad sin agus ní ag iarraidh ceart a bhaint amach do na daoine.
+–
Tá sé i ndiaidh sásaimh a bhaint amach — tá fonn díoltais air
Beidh sé i ndiaidh a shásaimh a bhaint amach i gcónaí go bhfaighe sé deis ort sa deireadh.
TUILLEADH (12) ▼
Is fada an lá é i ndiaidh an tsásaimh sin a bhaint amach.
Bainfidh mé mo shásamh amach, dhá dtéadh sé céad bliain.
Ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann, tá sé ag iarraidh sásamh a bhaint amach sa méid sin.
Bhain mé mo shásamh go breá amach.
Is dona an fear é mura bhfiacha (bhféacha) sé lena shásamh a bhaint amach.
Is deacair milleán a thabhairt dó má bhaineann sé sásamh amach faoi.
Bainfidh sé sásamh amach má thugann sé chun dlí iad.
Bainfidh mise sásamh an méid sin amach, feicfidh tú fhéin air.
Ní ligfidh mé leis é gan sásamh a bhaint amach, dhá dtéadh sé scór bliain.
Níl aon ghair aige sásamh a bhaint amach mar ní móide go mbéarfadh sé air siúd lena mharthain arís.
Tá sé i ladhar an chasúir anois, agus baineadh sé a shásamh amach go mbí sé tuirseach.
Más leat do shásamh a bhaint amach, éirigh roimhe oíche eicínt a mbeidh sé ag teacht ó chuairt.
4.
+–
Is gearr a bhain sé amach i Sasana — is gearr a d'fhan sé ann
Nach gearr a bhain tú amach ar an bportach inniu.
TUILLEADH (37) ▼
Ní mórán achair a bhaineanns sé amach in áit ar bith.
Is gearr a bhain an cailín deiridh amach aici chor ar bith.
Ní i bhfad a bhainfeas mé amach aige mura dtaitní an áit liom.
Bhain sé amach achar thairis sin ann — d'fhan sé níos faide ná sin ann
Róithrín é nach mbaineann i bhfad amach in aon áit ach lá anseo agus lá ansiúd.
Tá an cailín seo ag baint amach níos faide ann ná aon duine dhá raibh ann ariamh.
Ba cheart di achar níos faide ná sin a bhaint amach ann.
Is diabhalta fada an t-achar atá sé a bhaint amach leis an obair sin — atá sé a chaitheamh dhá déanamh
Ní bhainfidh mé thar lá eile amach leis — ní bheidh mé ach lá eile dhá dhéanamh
Bainfidh siad seachtain amach anois ó chuadar ar cuairt chor ar bith ann.
Corruair a fheiceanns muid thú agus tá sé chomh maith duit seachtain a bhaint amach.
Nach fada a bhain tú amach ar do chuairt.
Bhain sé an lá amach ar a chuairt.
Má théann sé Gaillimh, bainfidh sé an lá amach ann.
Má tá sé taithithe ar an áit anois, b'fhéidir go mbainfeadh sé scaitheamh amach ann.
Ní aireoidh tú lá nó cupla lá a bhaint amach anseo anois ó tharla nach bhfuil aon chruóg oraibh sa mbaile.
Níor bhain mé amach ariamh san áit chéanna thar lá nó dhó.
Bainfidh sé scaitheamh amach ar an Achréidh anois b'fhéidir.
Bainfidh muid tamall eile amach leis an mbóthar sul dhá mbí sé críochnaithe.
Cáide eile a bhainfeas sibh amach leis an bhfeamainn meas tú — ag obair léithe
Is gearr eile a bhainfeas muid amach leis an mbóthar anois.
Is fada an t-achar atá bainte amach agaibh leis an móin i mbliana.
Má bhaineann tú mórán achair eile amach leis an ngarraí sin, tá sé chomh maith dhuit an bhliain a chaitheamh ann.
Tá stráisiún maith bainte amach agaibh le na cártaí anocht.
Baineann sí coraintín amach ar a cuairt in íochtar an bhaile chuile lá.
Bhainfinn píosa den lá amach ag éisteacht le P. Ó B. murach an ceann a bhí in éindí liom.
Is beag an dochar duit náire bheith ort agus an fhad is atá bainte amach leis an uailín móna sin agat.
Ní aireoidh tú uair a bhaint amach ag an damhsa — ní bheidh tú ina dhiaidh ort fhéin (ní chuirfidh sé as do bhuille thú), uair a chaitheamh ag an damhsa
Nach bhféadfá cupla uair a bhaint amach abuil sinn!
Bhain muid tamall amach ag imirt i dtús oíche.
Is gearr is mian leis a bhaint amach ar cuairt go dté sé abhaile aríst.
Tá sé chomh huafásach sin ag an obair agus nach mbainfeadh sé an nóiméad fhéin amach ina chónaí.
Níor bhain sé lá ná leiceann amach ann go raibh sé abhaile againn aríst ina bhromachán bliana.
Dhá mbeadh cead mo chomhairle fhéin agam, ní bhainfinn uair an chloig amach san áit chéanna.
Is mór an feall nár bhain sé bliain eile amach ag an scoil, arae ba togha scoláire é.
Is gearr an t-achar a bhainfeas sé siúd amach in aon choláiste. Ní hí an fhoghlaim chor ar bith atá ag cur síos leis ach ealaín eile.
Is iomaí bliain a bhain sé amach ag dul chuig coláiste agus dheamhan a dhath a d'éirigh leis dhá bharr.
+–
Ag baint lá amach — ag caitheamh an tsaoil; ag tabhairt lá liom
Seán: Cén chaoi bhfuil tú? Pádraic: Ag baint lá amach
TUILLEADH (2) ▼
Tá mé ag baint lá amach.
Níl an saol ródhona an fhad is fhéadfas duine lá a bhaint amach.
5.
a.
+–
Is deacair an slaghdán sin a bhaint amach as do chrioslaigh (as do chraiceann) — é a chur amach.
Ní bhainfidh aon cheo amach an slaghdán sin ach neart seanfhuisce
TUILLEADH (3) ▼
Bainfidh mise a shásamh sin amach as do chraiceann — buailfidh mé thú
Bainfear an ábhailleacht amach as do chreatlaigh — beifear do do bhualadh go n-éirí tú as an ábhailleacht
Tá siad ag iarraidh bheith ag baint airgid amach as mo chreatlaighse agus gan aon airgead agam dóibh — tá siad ag iarraidh airgid a fháil den bhuíochas uaim agus gan é agam
·
Tá sé ag baint dealg amach.
Bhainfeá amach dealg leis na scaltrachaí a bhí ann
b.
+–
Chuala mé go raibh an dole le baint amach go gairid — nach dtabharfaí do dhaoine níos mó é
Tá sé i gceist go bhfuil an seanphinsean le baint amach má cuirtear an dream sin isteach aríst.
TUILLEADH (4) ▼
An bhfuil baol ar bith go mbainfí dhá phunt na scoláirí amach aríst.
Tá siad ag cur a gcosa uathub ag iarraidh pinsean na mbaintreach a bhaint amach.
Má bhaintear amach an riar beag (.i. airgid) sin aríst, beidh na daoine ar anchaoi.
Cheapfainn féin gur mór an éagóir nach mbaintear amach an pinsean sin ar fad agus gan an tír a bheith dhá íoc.
bain amach in iontrálacha eile (50+)
→
faitíos
Bain amach an briogadáin sin as roth an bhicycle faitíos na timpiste — ar fhaitíos go leagfadh sé thú. Deirtear faitíos na timpiste freisin in áit faitíos na fálach thuas agus faitíos na heirimisce. 'Sé is minice ag aos óg, in áiteachaí go háirid
Tá sé ag baint earasbarr amach ar an bplúr anois le seachtain — tuilleadh thar mar a bhíodh sé a bhaint amach cheana
→
fiosach
Ní fhaca mise aon fhear ariamh is fiosaí ná M. N. 'An bhfuil na fataí lánaithe agat?' 'Cé mhead sleán móna bainte agat?' 'Ar chuir muintir T. Mh. mórán feamainn tirim amach?' …
→
fios
Ná habair tada. Níl a fhios go té sin (/ɡu t′ɛ̄/; don té?). B'fhéidir go mbainfeadh an scéal sin caint amach fós — níl a fhios ag aon duine cén chaoi a rachadh sé chun dochair duit
Tá sé seo thoir sách doghrainneach agus dheamhan ar thaise tada leis an gceann thíos é, ach 'sé an scéal é, nuair a bhaineadar amach sa gcaint, bhí cantaireacht ann, dar mo leabhar.
→
claibín
Ní raibh smid ar bith aige i dtosach, le coimhthíos tá mé ag ceapadh, ach san am ar bhain sé amach, tháinig an díle cainte air in éindí. Dheamhan a leithide de chlaibín muilinn a chuala tú ariamh i gcaitheamh do shaoil.
Tá cúigear cleathairí mac aige agus iad gan chló stiúrtha ar bith dhá bhfaca tú ariamh. Má mhaireann dófa, is gearr nach bhféadfaidh na daoine an bóthar a shiúl chor ar bith acu. Is mór an t-ionadh nach gcuirfeadh sé iad siod amach ag saothrú; seachas iad a bheith ag baint na sála dhá chéile istigh ansiod aige.
Tháinig na trí seachtainí nó an choicís seo a caitheadh an-choimhthíoch, agus sé is dóigh anois, go mbainfidh sé an ghealach seo as. Cáide go dté sí amach, ní mé?
→
cóirséad
Bain díot an cóirséad sin chomhuain is a bheas tú istigh nó ní aireoidh tú ort fhéin chor ar bith é ar a dhul amach faoin bhfuacht duit aríst.
Ar ndóigh, muran i gcomhfhios a rinne sé, is i ngan fhios a rinne sé é, ach nach in é a bhfuil ina thimpeall? Ní fiú a dhul ag sáraíocht faoi, scáth a bhfuil de dhochar déanta. Dheamhan is móide a leathoiread cainte a bhainfeadh scéal mór amach.
Nach í a chuimil sop na geire dhaoibh má bhain sí hocht bpínn déag amach ar chupáinín tae cosnochtaithe, agus é sin fhéin chomh lag leis an uisce is dóigh!"
Bhí an toirneach chéatach ann, agus bhainfeá deilgne amach le chaon scail. Agus má ba ea fhéin, dheamhan a dhath stánadh a rinne mo dhuine. Shílfeá gurb é an chaoi a raibh an toirneach ag borradh leis.
→
cíos
Dheamhan cíos ná cabhlach a bheas ar an gcéad líne eile a íoc dhá réir sin. Muide i nDomhnach a bhain an méid sin cirt amach de na tiarnaí, ach ní hé an té a shaothraíonns a fhaigheanns. adeir siad. Is mór is fiú go mbeidh a shó ag duine eicínt dar ndóigh.
+
→
bealach
Hé brí (pé ar bith) céard a dhéanfas tada eile, tá siopaí na háite seo as bealach ar fad leis an bplúr. Gheofá céad plúir i nGaillimh ar chúig déag, agus tá na scriosadóirí atá anseo ag baint seacht déag is sé pínne amach air.
TUILLEADH (3) ▼
Tá fir oibre as bealach más ag ceasacht páí atá siad aríst. Is gearr ó cheana a bhain siad ardú amach.
Tá sé as bealach ar fad má bhaineann sé amach an méid sin.
Ní dhúnfadh sé a shúile ar dhuine agus feiceadh sé an t-anó air, ach tá an bealach eile leis mar sin fhéin. Tá sé ag baint a dhá luach amach ar chuile mhíle ní dhá bhfuil istigh ina shiopa.
→
bealaigh
Tá sé fánach agat a bheith ag trácht ar Ghaeilge le muintir na háite seo, a dheartháir mo chroí thú, tá an Béarla chomh bealaithe isteach iontub anois agus nach bhfuil i ndán dóibh scaradh leis go mbaintear na teangachaí amach astub.
Is beag an bhealaíocht atá ag an tír, agus tá déanamh dá huireasa acub. Ach nuair a bheas sclamhairí de pheataí ann, is mian leob bealaíocht a bhaint amach as do chreatlaigh. Ach deirimse leatsa, go mbainfear as an gcleachtadh sibh feasta. Tá feoil ródhaor anois le í a choinneáil libhse.
→
coraice
Tá díth céille ort ag baint do dhrár dhíot féin, go gcaitear coraice dhubh na bliana ar aon nós. Dar ndóigh, níor tháinig táirm ar bith ar an ngeimhreadh fós. Amach romhat atá a mhic ó!
→
cúl
Ní choinníonn aon teach ósta anois é (an poitín) mura gcoinnídís ar chúla téarmaí é go díreach. Ar ndóigh, dá bhfaightí amach go ndíolfaidís aon deoir dhe, bhainfí cead díolacháin uileag dhíobh, agus ba mhaith an ceart é freisin.
Ní móide gur áit buaile ná seanbhaile dhuitse an áit seo, ach bainfidh mise scaitheamh eile amach ann.
→
beo 1
Ar an dá luath agus ar bhain an bheirt amach chun achrainn, bánaíodh an teach. Ginealach an bhéil beo fhéin níor fhan istigh, cé is moite den chúpla acub fhéin.
+
→
bocht 2
Diabhal leath an cheart le na boicht! Breá nach mbaineann siad amach a gceart fhéin agus gan chuile dhuine a bheith ag magadh fúthub.
TUILLEADH (2) ▼
Tá na boicht scriosta aige ag baint a dhá luach amach ar chuile rud.
Níl aon chás aige siúd i mbocht ná i nocht. Bainfidh sé a cheart amach nó is cinniúint air é deirimse leat.
→
boigréis
Nuair a theann an braon leis, bhain sé amach chun boigréise agus ghluigh (ghlaoigh) sé ól dhá raibh sa teach.
→
buadán
Is beag an mheas a bhí aige ar mo chuid buadáinse, ach dhá mbeadh breith ar a aiféala aige, ní thiocfadh sé fhéin amach dá bhfuireasa, agus ar baineadh de threascairt as ar an leic oighre.
+
→
buille
Croith amach é agus bain as a bhuille é.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé buille beag bainte amach anocht — tá fonn macnais nó siamsa air
+
→
ailp
Tá ailp mhór bainte amach as an mballa. De bharr na hoíche.
TUILLEADH (1) ▼
Bainfidh siad ailp amach scaitheamh eile — tuilleadh solamair; tiocfaidh siad suas ar sin tamall eile.
+
→
airde 1
Bhain sí amach sna cosa in airde — ní móide go raibh aici ach sodar roimhe sin
TUILLEADH (1) ▼
Cuir sna cosa in airde í; bain amach sna cosa in airde í.
+
→
amach
Dhá gcasadh sé amach port maith, gheobhadh na daoine sásamh eicínt air tharas a bheith ag baint corruair mhí-ábh as sa gcúinne.
TUILLEADH (5) ▼
Bain amach fataí agus ná bí ag leadaíocht.
Ní bhainfear aon mhóin go dtí amach sa samhradh i mbliana
Amach faoi Fhéil San Bairtliméad a baintear an coirce anseo.
Ní bhainfinn duine ná deoraí acub as margadh; ó Cháit amach.
Tá an mhóin bainte aige amach is amach anois.
→
amuigh
Bainfidh sé chuile phínn ariamh dhá bhfuil amuigh aige amach má chuireann sé próiseannaí amach.