1.
clocha ceangail imballa lena fhuaghadh. Cuirtear treasna an bhalla iad le na clocha ar leath-taobh amháin a choinneál i bhfastódhas do na clocha 'sa leath-taobh eile, mar bheadh scair threasna ann. Ar leithead a' bhalla a leagtar iad.
+–
Cuir baing ann = cuir cloch cheangail treasna sa mballa.
Caithfe tú leacrachaí a fhaghail dom, a chuirfeas mé isteach in a mbaingeannaí.
TUILLEADH (9) ▼
Mara gcuire tú baingeannaí fhairis sin ann, scarfa sé.
Leag (d)e leathtaobh a' chloch sin go fóilleach. Foghanfa sí sin, nuair a theastóchas baing uaim ar ball.
Baingeannaí a's scaireannaí maithe — sin é a dteastuigheann ó bhalla.
Chuile uair dhá mbriseann sé an scair (i.e. an saor clo(íche)) cuireann sé baing isteach, mar dhóigh dhe, gur bshin cuid de'n cheird.
B'fhurast aithinte go scarfadh an balla céadna. Is iomdha cúrsa a d'fhága sé gan oiread a's baing a chuir ann.
Ní chuirfinn a' déanamh fail mhuc é, ní áirmhighim teach. Dheamhan baing a' gabhail leis a' mballa sin a rinne sé.
Má bhaineann tú an bhaing sin as a' mballa, scarfa sé, as tuitfe sé ar a chéile.
Déanfa sí seo baing, ach í 'phuinnteáil, a's éadan a chuir uirre.
Greamócha an bhaing sin a' balla go breagh anois.
2.
cor, feannc, craitheadh, truisle, leagan, maing.
+–
Is furasta baing a bhaint as anois. Tá'n duine bocht craithte = is furasta feannc nó leagan a bhaint as anois; is furasta cur chuige.
Is beag a' rud a bhainfeas baing as duine dona.
TUILLEADH (4) ▼
Dheamhan baing, ná cuid de bhaing a bhain sí as, th'éis an iarraidh a fuair sé.
Sé'n slaghdán atá indon an bhaing a bhaint as duine. Dheamhan bréag, nach mé atá craithte dhá bhárr.
Dheamhan baing a d'fhéadfainn a bhaint as, dhá mbeinn in' éadan ó shoin = dheamhan cor, feannc.
Chinn air aon-bhaing a bhaint as Tam, aindeoin nach de cheal a shaothruighthe é. = rinne sé a dhicheall feannc nó cor a bhaint as nó é 'leagan, ach chinn air.