1.
clocha ceangail i mballa lena fhuaghadh. Cuirtear trasna an bhalla iad le na clocha ar leataobh amháin a choinneáil i bhfastós de na clocha sa leataobh eile, mar a bheadh scair thrasna ann. Ar leithead an bhalla a leagtar iad.
+–
Cuir baing ann — cuir cloch cheangail trasna sa mballa.
Caithfidh tú leacrachaí a fháil dom a chuirfeas mé isteach ina mbaingeannaí.
TUILLEADH (9) ▼
Mura gcuire tú baingeannaí thairis sin ann, scarfaidh sé.
Leag de leataobh an chloch sin go fóilleach. Fónfaidh sí sin nuair a theastós baing uaim ar ball.
Baingeannaí is scaireannaí maithe — sin é a dteastaíonn ó bhalla.
Chuile uair dhá mbriseann sé an scair (.i. an saor cloiche) cuireann sé baing isteach, mar dhóigh dhe, gurb in cuid den cheird.
B'fhurasta a aithinte go scarfadh an balla céanna. Is iomaí cúrsa a d'fhága sé gan oiread agus baing a chur ann.
Ní chuirfinn ag déanamh fail mhuc é, ní áirím teach. Dheamhan baing ag gabháil leis an mballa sin a rinne sé.
Má bhaineann tú an bhaing sin as an mballa, scarfaidh sé, as titfidh sé ar a chéile.
Déanfaidh sí seo baing, ach í a phointeáil agus éadan a chur uirthi.
Greamóidh an bhaing sin an balla go breá anois.
2.
cor, feanc, croitheadh, truisle, leagan, maing.
+–
Is furasta baing a bhaint as anois. Tá an duine bocht croite — is furasta feanc nó leagan a bhaint as anois; is furasta cur chuige.
Is beag an rud a bhainfeas baing as duine dona.
TUILLEADH (4) ▼
Dheamhan baing ná cuid de bhaing a bhain sí as, théis an iarraidh a fuair sé.
'Sé an slaghdán atá in ann an bhaing a bhaint as duine. Dheamhan bréag nach mé atá croite dhá bharr.
Dheamhan baing a d'fhéadfainn a bhaint as, dhá mbeinn ina éadan ó shin — dheamhan cor, feanc.
Chinn air aon bhaing a bhaint as Tam, ainneoin nach de cheal a shaothraithe é — rinne sé a dhícheall feanc nó cor a bhaint as nó é a leagan, ach chinn air.