Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Bannaidhe
1.
a.
gealladh a tugtar ar shon rud eicínt; gealladh íocuidheachta ar shon ruda eicínt; gealladh a thugas fir fabhairne duine atá ag iarraidh iasachta nó áirleacain, go n-íoca siad an t-iasacht má chinneann air-sean; suim airgid, nó maoin a bháthadh, in ómós iasachta, nó do dheagh-iomchuir fhéin, nó duine eicínt eile; urradhas.
+
Ní ghlacfa an beainnc aon-bhannuidhe uaidh anois, mar a' geábh deireannach a bhfuair sé airgead, níor íoc sé é go raibh an lá cáirde caithte go fada.
Ní ghlacfa an beainnc bannuidhe ó aon-duine, ach ó'n té 'bhfuil cárnán maith istigh aige ann.
TUILLEADH (4) ▼
Dhá nglacadh an beainnc, mo bhannuidhe-sa, thiocfainn imbannuidhe ort is fáilte, ach dheamhan glacadh, mar níl líon-léith thíos in m'ainm-sa. 'Sé ainm an tsean-fhir atá thíos le 'chuile mhíle sórt fós.
Glacfa an beainnc a chuid talmhana in omós bannuidhe. Féadfa sé an talamh a bháthadh.
Tá na tighthe údan a rinne sé anuraidh báithte leis an mbeainnc aige, in omós, bannuidhe.
Tá riar maith tóigthe sa mbeainnc cheana aice, a's thóigfeadh sí tuille, dhá nglactaí aon-bhannuidhe uaithe, ach ní ghlacfaidhe.
·
Ní bhfuighe droch-dhíoluidhe fear bannuidhe in aon-áit, a's is suarach an t-iongnadh nach bhfuigheadh.
Má tá'n t-áirleacan istigh, a's gan an íocuigheacht déanta, leanfaidhear, lucht an bhannaidhe faoi. Siúd iad, nach leigfe a leas i bhfad ar cáirde, ó bheidheas an lá thuas.
+
D'iarr sé orm a dhul imbannaí air sa mbeainnc faoi scór punt. = gealladh a thabhairt in omós an scóir a íoc, dhá gcinneadh air fhéin.
Ní bhfuighe sé an té a ghabhfas imbannaí air, arae is droch-dhíoluidhe é
TUILLEADH (19) ▼
Dhá bhfaghad sé an té a ghabhfadh imbannaí air, is air nach mbeadh an mhoill a dhul dhá thógáil sa mbeainnc.
Tá'n t-áirleacan caithte aige anois sa mbeainnc, a's duine díthcéille a thiocfadh imbannaí air aríst, faoi thuille.
Teigheadh an fear fabhairne 'fheiceanns muide i gcomhnuidhe aige i mbannaí air, má's breagh leis é, anois. Ní thiocfa fear a' tighe seo, imbannaí air, ar aon-chor.
Is mór a' chontabhairt d'aonduine a dhul imbannaí air siúd, mar cá bhfios nach éard a dhéanfadh sé glanadh leis, ar a' dá luath a's a bhfuigheadh sé an t-airgead.
Bheadh imnidhe ar dhuine 'bith a dhul imbannaí air, faoi lán laidhre mar sin.
'Breagh nach bhfaghann sé a chliamhain le dhul i mbannaí air, mar is goire dhó é ná aon-duine eile.
D'iarr sé mé le dhul i mbannaidhe air, faoi leath-chéad.
Tá'n t-áirleacan caithte aige, le fada: 'siad an dream a chuaidh i [mbannaí] air, atá an beainnc a chuir idteannta anois.
Má's i gcleitheamhnas mise a dhul imbannaí air, sa mbeainnc atá sé, is mór a' dul-amudha atá air. Rud nach ndearna mé ariamh, ní dhéanfa mé dhó-san, anois é.
Níor chumaoin dhó a bheith cuireamhaint ar J. P. Nuair nach raibh líon léith le n-ithe aige, ná síol a chuirfeadh sé i dtalamh, chuaidh J. Ph. imbannaí air, thiar sa mbeainnc faoi chúig phunnt fhichead, a's chuile dhuine eile th'éis cinneamhaint air.
B'éigin dó a chuid talmhana 'bháthadh, in áit nach 'dtrustfadh' aon-duine 'dhul i mbannuidhe air, faoi'n gcleas a rinne sé cheana.
Tá S. Mh. in imnidhe anois, má's é 'bhí imbannuidhe air, a's ní h-iongnadh dhó.
InDomhnach is beag dhá fhonn atá ormsa a dhul imbannuidhe air, mar is olc a' díoluidhe é, marar athruigh sé. Ach ó d'iarr sé mé, badh deacair dhom é 'eiteachtáil.
Ní bheadh drugal a' bith orm, faoi na dhul imbannuidhe air, ach ní fheicim go bhfuil slighe nó fághaltas ó neamh anuas aige, len íoc ar ais aríst.
Ní ghlacfaí i mbannuidhe ort mé, mar tá mé imbannuidhe ar bheirt cheana ann.
Gheobha sé an t-iasacht ceart go leor, má fhaghann sé mórán áirleacain ná ionbhadh len' íoc, nó nach bhfaighe. Ar ndú (ndóigh) is ag a' gceann a chuaidh i mbannuidhe air, is fhearr fhios sin.
'Sé an rud is luath (lughar) liom beo, duine 'iarraidh orm a dhul imbannaidhe air, faoi airgead. Ní bheadh fhios agad, nach thú fhéin a chaithfeadh díol (íoc) a dhéanamh indeire na cúise.
Má theigheann tú imbannuidhe ar sin, ort fhéin a bheidheas díol a dhéanamh as a dheire. Chuala tú an cleas adeirigh do Sh. Mh. cheana, go mb'éigean dó, fiche punt a íoc istigh sa mbeainnc ar aon-láimh amháin. Is mór a' t-iongnadh, nach múinfeadh sin thú! Pléidhfe sé siúd leat é má fhaghann sé in t'amadán aige thú!
Fuair sé fear a' tighe seo, mar 'bhí sé ina phleota, ar sheol na braiche le dhul imbannuidhe air, faoi dheich bpunt sa mbeainnc, trí bliadhna sa taca seo. Meastú ar íoc sé leithphighinn ruadh ariamh dhe, 'gur thosuigh an beainnc a' cur leitreachaí (ch)uig an gceann seo, a's a' strócántacht leis faoi'n íoc? Ní mórán dá fhonn a bhí air, 'íoc an uair sin fhéin.
b.
+
Duine a chur faoi bhannuidhe. = nuair a cionntuighthear duine igcúirt, a's a saortar é, ar chontar go ngeallfa sé go mbeidh deagh-iomchur faoi, an fhad seo aimsire, cuirtear "faoi bhannuidhe é". Is minic nach mór leis a' dlighe cupla duine creideamhnach a dhul imbannuidhe air, sul a leigtear amach é.
Dheamhan a dhath a rinneadh air, ach é 'chuir faoi bhannuidhe (bannuidhe a chuir air).
TUILLEADH (11) ▼
Cuireadh bannuidhe bliadhna air, ag an gcúirt indiu.
Is beag a' bhrigh a ndeacha air — bannuidhe bliadhna. Bliadhain phríosúntachta 'bhí 'chuir air, in áit.
Ní bannuidhe bliadhna 'bhí 'chuir air, ach bannuidhe an fhad's bheadh sé beo. Cá'ide air bliadhain, go mbí sé ar a tháirm aríst, a' troid 's a' bruighin.
Má bhíonn sé taobh le bannuidhe a chuir air, beidh sé saor go leor aige.
Is beag a chuaidh air, mara ndeacha air, ach bannaí.
Ní taobh le bannuidhe a dhul air a bheadh sé, marach an turnae a bhí aige.
Cuireadh punnt air, a's bannaidhe, a's déarfainn gur cuireadh a cheart air, scáth a ndearna sé.
Cuireadh bannuidhe trom air, a's is géar a theastuigh sin uaidh, fharrus é bheith 'dul thart a' sclamhaireacht, a's a' sceaimhínteacht, 'chuile lá sa mbliadhain.
Is beag a' bannuidhe a chuaidh air, a's gach's a raibh in aghaidh.
Bheinnse sásta, dhá gcuirtí bannaidhe air, le nach bhféadfadh sé aghaidh a bhéil a thabhairt orm fhéin.
Cuireadh bannaidhe ar a' té a bhí saor, a's dheamhan bannuidhe 'bith ar a' té bhí daor. Nach cam a' dlighe é?
+
Leigeadh amach ar bhannuidhe é, ach chinn air aon-duine fhaghail a thiocfadh i mbannuidhe air.
Scaoileadh amach ar a bhannuidhe fhéin é = ní raibh aon-chall dó aon-duine a dhul i mbannuidhe air, ach geallamhantas deagh-iomchuir a thabhairt é fhéin.
TUILLEADH (5) ▼
Leigeadh amach ar bhannaí go h-athchúirt é = an chéad chúirt eile.
Shílfeá nach hé an oiread sin fonn a bhí ar an ngiúistís é 'scaoileadh amach ar bhannuidhe, ach ní raibh a dhíol fiadhnuisí in aghaidh le príosúntacht a chuir air. (Fonn — ní thagann aon-chlaochmódh tuisil ar a' bhfocal seo sa gcéill seo, le idir-dhealú a dhéanamh idir é a's fonn = port. "Níl mórán fonn air a dhul abhaile", ach "a' gabhail fhuinn".)
Bíodh sé buidheach do'n dligheadóir a bhí aige, nó dheamhan baoghal a bheadh air, a theacht ar bhannaí = ní bheadh sé chomh saor sin aige.
B'fhéidir dhó a theacht amach ar bhannuidhe, ach droch-sheans atá aige a theacht as, chomh saor sin.
Ní cás dhuit é, ó tháinic tú amach ar bhannuidhe?
+
Tá bannuidhe dhá bhliadhain [air], a's má dhéanann sé aon-cheo as a' mbealach ar a' bhfad sin, tiocfa sé daor air.
Tá bannuidhe céad punt air, anois, go ceann bliadhna, a's níl goir aige a bhéal 'oscailt go mbí an bhliadhain istigh.
TUILLEADH (3) ▼
Diabhal a' miste leis siúd bannaidhe air nó dhó — ní bheadh sé beo gan a bheith a' troid.
Tiocfa sé daor ar S. Sh. mar bhris sé bannuidhe = bhí sé faoi bhannuidhe deagh-iomchuir, a's bhris sé an bannuidhe sin.
Marach mise 'bheith faoi bhannuidhe, bheadh scéal aige air. Deirimse leatsa nach mbead sé buidheach dó fhéin, nuair a bheidhinnse réidh leis.
+
Cé sheasfas bannuidhe dhó, má leigtear amach ar bhannuidhe fhéin é.
Tiocfa sé righte leis, duine a fhaghail a sheasfas bannuidhe dó.
TUILLEADH (1) ▼
Pádraic Bh. a's T. Ch. a chuaidh imbannuidhe air.
c.
+
Má theigheann tú imbannaidhe, déan díol (díoluigheacht amanntaí) (sean-fhocal) = má theigheann tú imbannaí ar aon-duine, níor dhóchaide beirthe é, ná go mbrisfead sé an bannaidhe (má's cúrsaí cúirte é), nó nach n-íocfad sé an t-iasacht (má's cúrsaí airgid áirleacain é), a's chaithfeá-sa íoc ina leaba, ó bheitheá imbannaí air.
Ar chuala tú ariamh é: 'má theigheann tú imbannaí déan díol' (ní cloistear an focal díol, díoluigheacht inGaillimh (íoc) ach i gcorr-leagan roighnighthe mar seo — "droch-dhíoluidhe é", "caithfe tú díol a dhéanamh")
TUILLEADH (3) ▼
Chuala mise ariamh é, 'má theigheann tú imbannaí déan díol' ach tá fhios agham anois é.
Ní hé 's cionntaighe ach mise a chuaidh imbannaí air. Ba chóra dhom fhios a bheith agam, má theigheann duine i mbannaí go ndéanfa sé díol.
'Má theigheann tú imbannaidhe déan díol'. Is minic adeireadh P. Mh. Mh. 'ndéana Dia grásta air é, a's má deireadh fhéin, bhí ughdar aige. D'imir S. Ch. ar fhéin, faoi airgead a ndeacha sé imbannaí air, sa mbeainnc, babhta.
+
Tá a cheart de bhail anois air má chaitheann sé díol a dheanamh faoi bheith imbannuidhe ar a' gcliamhain. Ach 's beag 'aireochas sé é. Tá neart airgid aige.
Dhá mbeadh aon-chuimniú aige, nuair a chuaidh sé imbannaí air, go gcaithfead sé díol a dhéanamh as a dheire, tá mé 'ceapadh nach mbeadh sé leath chomh spleodrach ag ól a bhfuair sé in aisce uaidh an lá sin. Sin é 'an déirce dhá chuid féin do'n amadán' ar chaoi ar bith.
TUILLEADH (6) ▼
Meastú a' mbeidh air díol a dheanamh anois, faoi gur bhris Micil an bannuidhe? Ar ndú (ndóigh) cuirfear cúirt air, idtosach ar chuma ar bith.
Is mairg a thiocfadh imbannaí ar aon-duine, mar sé'n díol a chaithfeas tú a dhéanamh as a dheire.
Má sé 'bhí imbannaidhe ar Mhícheáilín, caithfe sé díol a dhéanamh anois, a's sin é fhéin an droch-dhíoluidhe. Dheamhan níos measa sa tír. Ní bheadh aon-rún aige scaradh le pighinn a' bith, dhá bhféadadh a chroidhe é.
Tá'n bannaidhe ceart go leor, mara mbí ar dhuine díol a dheanamh, agus is minic a bhío(nn)s.
Dhá mbeadh fhios ag a' té theighea(nn)s imbannaidhe, go mbeadh air díol a dheanamh, is dóichide nach dtiocfad sé imbannaidhe, is dóichide sin!
Má tá an bannuidhe, briste, caithfe duine eicínt an díol a dhéanamh, a's mara bhfuil an té 'bhí 'mbannaidhe air indon 'íoc tóigfear a chuid.
d.
+
Ní thiocfainn imbannaidhe ort, nach thú 'rinne é = ní rachainn faoi nach thú 'rinne; tá aimhreas agam gur tú 'rinne é.
Ní ghabhfainn i mbannaí, nach raibh a láimh ann, chomh maith le duine.
TUILLEADH (5) ▼
Diabhal mise, muis, nach rachainn i mbannaí ort fhéin, ach an oiread le duine (déarfadh duine gurab é a leithide seo nó a leithide siúd, a rinne, nó a dhéanfadh rud áithrid. Déarfadh [duine] eile seo, nuair a bheadh sé in aimhreas faoi fhéin)
Ní rachfainn i mbannaí ort fhéin, nach n-ólfá braon freisin.
Ná teirigh imbannaí air fhéin, ach an oiread le duine, arae tá sé sáthach ámhuilleach le na dheanamh.
Ní ghabhfainn imbannuidhe ort, treasna na Troighe, nach n-innseochthá é, chomh maith leis a' gceann a bhfuil sé leagtha uirre.
Beannacht Dé dhuit a bhean chroidhe! Ní fhéadfá a dhul i mbannuidhe ar a' leanbh sa gcliabhán, anois, mar tá na daoine níos sean-óraighe a's níos aicísighe ná bhíodar fadó. = ní fhéadfá bheith cinnte, nach ndeanfadh an leanbh sa gcliabhán dochar a's díoghbháil.
+
Cé'n bhannuidhe atá aice, nach 'imtheacht' leis a' gcailín báire sin a dhéanfad sé.
Ní thiocfainn imbannuidhe ar mo mhac fhéin, má's air is fhearr atá aithne agam, nach mbeadh sé ar a' gceird chéadna ingan-fhios (dh)om
TUILLEADH (1) ▼
Cé'n bhannuidhe atá agam nach ndéanfa sé aríst é? = cé'n fios atá agam etc.
+
Mise imbannuidhe; mise i mbannuidhe dhuit; mise imbannuidhe dhaoib; tiocfa mise i mbannaí, racha mise i mbannaí etc. (sórt mionna) = tá mé cinnte.
Mara n-eirighe tú in am ar maidin, mise i mbannaí go bhfuighe tú liúradh
TUILLEADH (13) ▼
Cáit: Níor tháinic Seán abhaile fós. Máire: Ó muise imbannaidhe! (nó "ó muise imbannaí nar tháinic")
Muise imbannaí nach scilling a chaithfead sí agad leath chomh maith. Ní bheadh a leath-oiread de'n bhoigréis innte
Mise imbannaí nach hé an deagh-rud adubhairt a' ceann céadna.
Tom: Bhuail Cóilín L. mé. An Mháthair: Mise imbannaidhe gur bhuail! Breagh gur thug tú cead dó thú bhualadh. 'Bhfuil rath 'bith leat fhéin?
Mise imbannaidhe gur imthigh sí léithe, gan cuid muc ná bó a réidhteach! Nach uirre atá an bheith go gcaithfe sí greadadh léithe 'chuile Dhomhnach 'san aer, a's 'chuile shórt a fhágáil fúmsa le réidhteach!
Mise imbannaidhe gur thug tú ól do'n tsúdaire sin, go maith, a's nach dtiubharfá deoir a' bith do dhaoine is mó scéal ná é.
Mise imbannaí, nach h-iad do phaidreachaí adéarfá leath chomh maith a's a déanfas tú eascainidhe.
Mise imbannaidhe go bhfuil a chuid coirce istigh aige sin idtosach ar aon-duine ar a' mbaile. Sin é nach bhfágfa a ghnaithí ar lár ingeall ar aon-duine, agus sí a leas-mháthair a thóigfeadh air é, ach an oiread.
Mise imbannaidhe go gcaithfeá do ladar a bheith ann! Ní beo thú mara mbí tú in éadan duine eicínt
Mise imbannaidhe dhuit, go bhfuil cion aige sin ar a chuid airgid, a's nach gcaithfe sé go fánach é, ní h-ionann sin a's tuille.
Mise imbannaí dhuit, mara mbí an méid sin móna craptha agad roimhe siúd, go bhfágfa sé cnead ar a' ngoile agad.
Tiocfa mise imbannaí go ndéanfa tú é a's giodar ionnad, ach feadh mé 'dhul chomh fada leat.
Racha mise imbannaí, nach a' leaduidheacht a chaith siad sin a' lá, ní hé a bhfearacht fhéin é.
2.
+
Cuirfidhear i dteannta na bannuidheachaí (i.e. na daoine a chuaidh i mbannaí), mara n-íoca sé gála eicínt dhe go goirid.
Tiocfa an beainnc anuas ar na bannuidheacha, mara n-íoca seisean é. Deirimse leat go gcaithfe an beainnc a gcuid fhéin fhaghail, pé'r bith, cé'n súisín 'íocfas é.
TUILLEADH (2) ▼
Ba tútach sa saoghal a' cleas a rinne sé — glanadh leis — a's an méid sin airgid 'fhágáil len íoc ag na bannuidheachaí.
Má tá'n t-áirleacan caithte aige, 'siad na bannuidheachaí 'bheidheas síos leis.
3.
Bannaí béil: gealladh nó aithne a chuir ar dhuine, nach n-innseochad sé rún, nó nach ndéanfadh sé rud áithrid eicínt; "a dhul faoi dhuit". "Bannaí gan scríobhadh= móid."
+
'Ach bannaidhe béil ort, ach amháin an Béarla; Go dtug sí an chraebh léithe ó Mháire Brún' (Rafteri — Máirín Stanton)
Ach seo bannaí béil daoibh gan focal bréige; Gur fhág mé an chraobh aice ó Mháire Brún (mar sin atá an leath-rann chéadna in "Abhráin a's Dánta an Reachtabhraigh" leis "an gCraoibhín Aoibhinn". Ach tugann sean-anndúirí mar ughdar leis an leath-rann roimhráidhte agamsa, go raibh gacha le ceathramhadh de "Mháire Brún" in Gaedhilge a's i mBéarla a's nach raibh aon-Bhéarla ag Rafteri le "Máirín Stanton" a dhéanamh ar a' nós céadna).
TUILLEADH (6) ▼
Tiubhra mé bannaí béil dhuit, mar níl mé indon é 'scríobhadh.
Is beag a' mhaith é do bhannaí béil, mara mbí comharthaidheacht eicínt fharra's sin agam air.
Mara bhfuil agad air, ach bannaidhe béil, ní bhfuighe tú comhaire(amh) na sop.
Is díthcéillidhe an mhaise dhuit é, má ghlac tú bannaidhe béil ar scéal de'n [tsórt] sin. Níl a dhath maitheasa ann, gan scríobhainn a bheith tarraingthe air
Thug sé bannaidhe béil dhom, dhá bhliadhain ó shoin, gur agham a d'fhágfadh sé 'chuile shórt th'éis a bháis, ach is beag a' mhaith dhom é sin, anois, faoi nach ndearna sé udhachta air.
Níl áirde 'bith le faghail ag bannaí béil sa dlighe, mara mbí aon-scríobhainn ná aon-fhiadhnuisí ann.
+
Chuir sé bannaí béil orm, gan é innseacht do mo dheas-láimh, a's níor innis ariamh, gur innis mé dhuitse anois é
Chuir mé bannaidhe béil air, gan an scéal sin a leigean amach ar a bhfaca sé ariamh, a's sílim nar leig ach an oiread, arae níor chuala mé aon-cheo in a dhiaidh ariamh faoi.
TUILLEADH (6) ▼
Má chuireann tú bannaidhe béil air gan labhairt air, ní chloisfe aon-duine in a dhiaidh go deo é.
Is beag a' mhaith dhuit bannaidhe béil a chur uirre sin, arae níl fascadh a' bith innte. Is dona na gnaithí a bhí ort é innseacht di chor a' bith.
Tá sí sin chomh cabach a's gur fada léithe go gcasfa duine eicínt uirre le na tharraingt anuas chuige. Cé'n mhaith bannaidhe béil a chuir ar a leithide sin?
Chuir a' t-athair bannaidhe béil orm, nach mbainfinn le Seán go bhfeicfinn liom, a's níor bhaineas.
Má's scéal rúin é, ná fág i gcleitheamhnas bannaidhe béil é. B'fhearr dhuit gan trácht beag ná mór air, le aon-duine, arae an té 'shílfeá, an chaomhamhaint fhéin a bheith ann, ní bhíonn.
Tiubharfa mé bannaidhe béil duit, nach gcainnteocha mé le mac an aoin bheo air.
4.
gearradh a tugtar ar chrúib gliomaigh, a's é dhá chur sa bpota-taisce, i riocht's nach mbeidh sé acmhúinneach, aon-iarraidh a thabhairt uaidh.
+
Sé'n chaoi le bannaídhe a chuir ar ghliomach an fhéith atá in a chrúib a ghearradh, nó a bhriseadh, a's níl aon-dochar ann annsin, mar ní fhéadfa sé tada a dhéanamh ort.
Ní chuirtear gliomach a' bith sa bpota taisce gan bannaí a chuir air — a chrúib a bhriseadh — a's ní fhanann aon-éitir ann, uaidh sin amach.
TUILLEADH (9) ▼
Is sceannadóir críochnuighthe leis a' gcrúib é an gliomach, go gcuirtear bannaidhe air.
Is oilbhéasach a' feithideach é an gliomach le deasú leis, go gcuirtear bannaidhe ar a chrúib, ach ní fhanann aon-chor ann níos mó.
Ceann de na gliomaigh nar cuireadh bannuidhe 'bith ann a bhain greim dhá chrúib as agus is bocht a' láimh atá air, anois.
Thuit sé (gliomach) síos sa mbearach uaim, shul á d'fhéad mé aon-bhannuidhe a chuir air, a's fuair mé crácamus mhór uaidh ag iarraidh é cheannsú (féach bearach)
Marach go gcuirtear bannuidhe ar na gliomaigh, d'fhuileochaidís ort go h-éasca = bhainfidís greamannaí a's fuil asad.
Is fánach an chaoi a bhfuileochadh an sceannadóir de ghliomach sin ort, mara gcuire tú bannaidhe air, as láimh.
Dhá gcuirteá isteach sa bpota taisce iad d'fhuireasbha bannuidhe sclárfaidís a chéile istigh ann.
Tá ailp bainte as a mhéir, 'n áit ar rug gliomach air, a's é 'cur bannuidhe air. Is olc an ailím greim ó ghliomach.
Níl goir a' bith ag greim an phortáin ar ghreim an ghliomaigh mara gcuirtear bannuidhe air.
+
Cuirtear sórt bannuidhe ar phortán freisin. Bristear an chrúib mhór aige.
Níl aon-ghnaithe ag gasúir in aice na bportán mór sin, mara mbí bannuidhe orra.
TUILLEADH (1) ▼
Dia aithnightear! Fainic crúib a' phortáin sin ort fhéin, go dteighe bannuidhe air! Is olc a' lot a chuirfead sé sin ort, deirimse leat.
# lúbán a cuirtear ar scolb nó slait i riocht's go mbeadh sí ion-dhaingnighthe.

Féach freisin

Bannaidhe in iontrálacha eile (3)

 
Buachaill coilgneach é an gliomach, go dteighe bannaidhe ann, ach is beag a bhíos sé indon a dhéanamh th'éis a dhichill, uaidh sin amach.
+
Ní leigfe an 'beainnc' aon-phighinn amach anois, gan gaimbín trom, a bhaint amach air, agus bannaidhe maith.
TUILLEADH (1) ▼
Bí siúráilte, nach leigfe siad aon-phighinn amach gan bannaidhe.