Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
bannaí
1.
a.
gealladh a tugtar ar shon rud eicínt; gealladh íocaíochta ar shon ruda eicínt; gealladh a thugas fir fobhairne duine atá ag iarraidh iasachta nó airleacain, go n-íoca siad an t-iasacht má chinneann airsean; suim airgid, nó maoin a bháthadh, in ómós iasachta, nó do dhe-iompair fhéin, nó duine eicínt eile; urrús.
+
Ní ghlacfaidh an bainc aon bhannaí uaidh anois, mar an geábh deireanach a bhfuair sé airgead, níor íoc sé é go raibh an lá cairde caite go fada.
Ní ghlacfaidh an bainc bannaí ó aon duine ach ón té a bhfuil carnán maith istigh aige ann.
TUILLEADH (4) ▼
Dhá nglacadh an bainc mo bhannaíse, thiocfainn i mbannaí ort is fáilte, ach dheamhan glacadh, mar níl líon léith thíos in m'ainmse. 'Sé ainm an tseanfhir atá thíos le chuile mhíle sórt fós.
Glacfaidh an bainc a chuid talúna in ómós bannaí. Féadfaidh sé an talamh a bháthadh.
Tá na tithe údan a rinne sé anuraidh báite leis an mbainc aige in ómós bannaí.
Tá riar maith tógtha sa mbainc cheana aici, agus thógfadh sí tuilleadh dhá nglactaí aon bhannaí uaithi, ach ní ghlacfaí.
·
Ní bhfaighidh drochdhíolaí fear bannaí in aon áit, agus is suarach an t-ionadh nach bhfaigheadh.
Má tá an t-airleacan istigh, agus gan an íocaíocht déanta, leanfar lucht an bhannaí faoi. Siúd iad nach ligfidh a leas i bhfad ar cairde ó bheas an lá thuas.
+
D'iarr sé orm a dhul i mbannaí air sa mbainc faoi scór punt — gealladh a thabhairt in ómós an scóir a íoc, dhá gcinneadh air fhéin.
Ní bhfaighidh sé an té a ghabhfas i mbannaí air, arae is drochdhíolaí é
TUILLEADH (19) ▼
Dhá bhfaigheadh sé an té a ghabhfadh i mbannaí air, is air nach mbeadh an mhoill a dhul dhá thógáil sa mbainc.
Tá an t-airleacan caite aige anois sa mbainc, agus duine díth céille a thiocfadh i mbannaí air aríst faoi thuilleadh.
Téadh an fear fobhairne a fheiceanns muide i gcónaí aige i mbannaí air más breá leis é anois. Ní thiocfaidh fear an tí seo i mbannaí air ar aon chor.
Is mór an chontúirt d'aon duine a dhul i mbannaí air siúd, mar cá bhfios nach éard a dhéanfadh sé glanadh leis ar an dá luath agus a bhfaigheadh sé an t-airgead.
Bheadh imní ar dhuine ar bith a dhul i mbannaí air faoi lán laidhre mar sin.
'Breá nach bhfaigheann sé a chliamhain le dhul i mbannaí air, mar is gaire dhó é ná aon duine eile.
D'iarr sé mé le dhul i mbannaí air faoi leathchéad.
Tá an t-airleacan caite aige le fada: 'siad an dream a chuaigh i mbannaí air atá an bainc a chur i dteannta anois.
Más i gcleithiúnas mise a dhul i mbannaí air sa mbainc atá sé, is mór an dul amú atá air. Rud nach ndearna mé ariamh, ní dhéanfaidh mé dhósan anois é.
Níor chomaoin dhó a bheith coiriúint ar J. P. Nuair nach raibh líon léith le n-ithe aige, ná síol a chuirfeadh sé i dtalamh, chuaigh J. Ph. i mbannaí air thiar sa mbainc faoi chúig phunt fhichead, agus chuile dhuine eile théis cinniúint air.
B'éigean dó a chuid talúna a bháthadh, an áit nach dtrustfadh aon duine a dhul i mbannaí air faoin gcleas a rinne sé cheana.
Tá S. Mh. in imní anois más é a bhí i mbannaí air, agus ní hionadh dhó.
I nDomhnach is beag dhá fhonn atá ormsa a dhul i mbannaí air, mar is olc an díolaí é murar athraigh sé. Ach ó d'iarr sé mé, ba deacair dhom é a eiteachtáil.
Ní bheadh drogall ar bith orm faoina dhul i mbannaí air, ach ní fheicim go bhfuil slí nó fáltas ó neamh anuas aige lena íoc ar ais aríst.
Ní ghlacfaí i mbannaí ort mé mar tá mé i mbannaí ar bheirt cheana ann.
Gheobhaidh sé an t-iasacht ceart go leor, má fhaigheann sé mórán airleacain ná ionú lena íoc nó nach bhfaighidh. Ar ndóigh is ag an gceann a chuaigh i mbannaí air is fhearr a fhios sin.
'Sé an rud is luath (luar) liom beo, duine a iarraidh orm a dhul i mbannaí air faoi airgead. Ní bheadh a fhios agat nach thú fhéin a chaithfeadh díol (íoc) a dhéanamh i ndeireadh na cúise.
Má théann tú i mbannaí air sin, ort fhéin a bheas díol a dhéanamh as a dheireadh. Chuala tú an cleas a d'éirigh do Sh. Mh. cheana, go mb'éigean dó fiche punt a íoc istigh sa mbainc ar aon láimh amháin. Is mór an t-ionadh nach múinfeadh sin thú! Pléifidh sé siúd leat é má fhaigheann sé in t'amadán aige thú!
Fuair sé fear an tí seo, mar a bhí sé ina phleota, ar sheol na braiche le dhul i mbannaí air faoi dheich bpunt sa mbainc, trí bliana sa taca seo. Meas tú ar íoc sé leithphínn rua ariamh dhe gur thosaigh an bainc ag cur litreachaí chuig an gceann seo, agus ag strócántacht leis faoin íoc? Ní mórán dá fhonn a bhí air a íoc an uair sin fhéin.
b.
+
Duine a chur faoi bhannaí — nuair a ciontaítear duine i gcúirt, agus a saortar é, ar chuntar go ngeallfaidh sé go mbeidh dea-iompar faoi an fhad seo aimsire, cuirtear "faoi bhannaí é". Is minic nach mór leis an dlí cupla duine creidiúnach a dhul i mbannaí air sula ligtear amach é.
Dheamhan a dhath a rinneadh air ach é a chur faoi bhannaí (bannaí a chur air)
TUILLEADH (11) ▼
Cuireadh bannaí bliana air ag an gcúirt inniu.
Is beag an bhrí a ndeachaigh air — bannaí bliana. Bliain phríosúntachta a bhí a chur air ina áit.
Ní bannaí bliana a bhí a chur air, ach bannaí an fhad is bheadh sé beo. Cáide air bliain go mbí sé ar a táirm aríst ag troid is ag bruíon.
Má bhíonn sé taobh le bannaí a chur air, beidh sé saor go leor aige.
Is beag a chuaigh air, mura ndeachaigh air ach bannaí.
Ní taobh le bannaí a dhul air a bheadh sé murach an turnae a bhí aige.
Cuireadh punt air agus bannaí, agus déarfainn gur cuireadh a cheart air, scáth a ndearna sé.
Cuireadh bannaí trom air agus is géar a theastaigh sin uaidh, tharas é bheith ag dul thart ag sclamhaireacht agus ag sceaimhínteacht chuile lá sa mbliain.
Is beag an bannaí a chuaigh air agus gach is a raibh in aghaidh.
Bheinnse sásta dhá gcuirtí bannaí air le nach bhféadfadh sé aghaidh a bhéil a thabhairt orm fhéin.
Cuireadh bannaí ar an té a bhí saor, agus dheamhan bannaí ar bith ar an té bhí daor. Nach cam an dlí é?
+
Ligeadh amach ar bhannaí é, ach chinn air aon duine fháil a thiocfadh i mbannaí air.
Scaoileadh amach ar a bhannaí fhéin é — ní raibh aon chall dó aon duine a dhul i mbannaí air, ach geallúntas dea-iompair a thabhairt é fhéin.
TUILLEADH (5) ▼
Ligeadh amach ar bhannaí go hathchúirt é — an chéad chúirt eile.
Shílfeá nach é an oiread sin fonn a bhí ar an ngiúistís é a scaoileadh amach ar bhannaí, ach ní raibh a dhíol fianaisí ina aghaidh le príosúntacht a chur air. (fonn — ní thagann aon chlaochmú tuisil ar an bhfocal seo sa gcéill seo le idirdhealú a dhéanamh idir é agus fonn = port: "níl mórán fonn air a dhul abhaile" ach "ag gabháil fhoinn".)
Bíodh sé buíoch don dlíodóir a bhí aige, nó dheamhan baol a bheadh air a theacht ar bhannaí — ní bheadh sé chomh saor sin aige.
B'fhéidir dhó a theacht amach ar bhannaí, ach drochsheans atá aige a theacht as chomh saor sin.
Ní cás dhuit é ó tháinig tú amach ar bhannaí?
+
Tá bannaí dhá bhliain air agus má dhéanann sé aon cheo as an mbealach ar an bhfad sin, tiocfaidh sé daor air.
Tá bannaí céad punt air anois go ceann bliana agus níl gair aige a bhéal a oscailt go mbí an bhliain istigh.
TUILLEADH (3) ▼
Diabhal an miste leis siúd bannaí air nó dhó — ní bheadh sé beo gan a bheith ag troid.
Tiocfaidh sé daor ar S. Sh. mar bhris sé bannaí — bhí sé faoi bhannaí dea-iompair, agus bhris sé an bannaí sin.
Murach mise a bheith faoi bhannaí, bheadh scéal aige air. Deirimse leatsa nach mbeadh sé buíoch dó fhéin nuair a bheinnse réidh leis.
+
Cé a sheasfas bannaí dhó má ligtear amach ar bhannaí fhéin é.
Tiocfaidh sé rite leis duine a fháil a sheasfas bannaí dó.
TUILLEADH (1) ▼
Pádraic Bh. agus T. Ch. a chuaigh i mbannaí air.
c.
+
Má théann tú i mbannaí, déan díol (díolaíocht amantaí) (seanfhocal); má théann tú i mbannaí ar aon duine, níor dhóchaide beirthe é ná go mbrisfeadh sé an bannaí (más cúrsaí cúirte é), nó nach n-íocfadh sé an t-iasacht (más cúrsaí airgid airleacain é), agus chaithfeása íoc ina leaba ó bheifeá i mbannaí air.
Ar chuala tú ariamh é: má théann tú i mbannaí déan díol (ní cloistear an focal díol, díolaíocht (íoc) i nGaillimh ach i gcorrleagan righnithe mar seo — drochdhíolaí é, caithfidh tú díol a dhéanamh)
TUILLEADH (3) ▼
Chuala mise ariamh é, má théann tú i mbannaí déan díol, ach tá a fhios agam anois é.
Ní hé is ciontaí ach mise a chuaigh i mbannaí air. Ba chóra dhom a fhios a bheith agam, má théann duine i mbannaí go ndéanfaidh sé díol.
Má théann tú i mbannaí déan díol. Is minic adeireadh P. Mh. Mh., go ndéana Dia grásta air é, agus má deireadh fhéin, bhí údar aige. D'imir S. Ch. ar fhéin faoi airgead a ndeachaigh sé i mbannaí air sa mbainc babhta.
+
Tá a cheart de bhail anois air má chaitheann sé díol a dhéanamh faoi bheith i mbannaí ar an gcliamhain. Ach is beag a aireos sé é. Tá neart airgid aige.
Dhá mbeadh aon chuimhniú aige, nuair a chuaigh sé i mbannaí air, go gcaithfeadh sé díol a dhéanamh as a dheireadh, tá mé ag ceapadh nach mbeadh sé leath chomh spleodrach ag ól a bhfuair sé in aisce uaidh an lá sin. Sin é an déirce dhá chuid féin don amadán ar chaoi ar bith.
TUILLEADH (6) ▼
Meas tú an mbeidh air díol a dhéanamh anois faoi gur bhris Micil an bannaí? Ar ndóigh, cuirfear cúirt air i dtosach ar chuma ar bith.
Is mairg a thiocfadh i mbannaí ar aon duine, mar 'sé an díol a chaithfeas tú a dhéanamh as a dheireadh.
Más é a bhí i mbannaí ar Mhícheáilín, caithfidh sé díol a dhéanamh anois agus sin é fhéin an drochdhíolaí. Dheamhan níos measa sa tír. Ní bheadh aon rún aige scaradh le pínn ar bith dhá bhféadadh a chroí é.
Tá an bannaí ceart go leor, mura mbí ar dhuine díol a dhéanamh, agus is minic a bhíonns.
Dhá mbeadh a fhios ag an té théanns i mbannaí go mbeadh air díol a dhéanamh, is dóichíde nach dtiocfadh sé i mbannaí, is dóichíde sin!
Má tá an bannaí, briste, caithfidh duine eicínt an díol a dhéanamh, agus mura bhfuil an té a bhí i mbannaí air in ann a íoc, tógfar a chuid.
d.
+
Ní thiocfainn i mbannaí ort nach thú a rinne é — ní rachainn faoi nach thú a rinne; tá amhras agam gur tú a rinne é.
Ní ghabhfainn i mbannaí nach raibh a láimh ann chomh maith le duine.
TUILLEADH (5) ▼
Diabhal mise, muis, nach rachainn i mbannaí ort fhéin ach an oiread le duine (déarfadh duine gurb é a leithide seo nó a leithide siúd a rinne, nó a dhéanfadh rud áirid. Déarfadh duine eile seo nuair a bheadh sé in amhras faoi fhéin)
Ní rachfainn i mbannaí ort fhéin nach n-ólfá braon freisin.
Ná téirigh i mbannaí air fhéin, ach an oiread le duine, arae tá sé sách ábhailleach lena dhéanamh.
Ní ghabhfainn i mbannaí ort, trasna na troighe, nach n-inseofá é chomh maith leis an gceann a bhfuil sé leagtha uirthi.
Beannacht Dé dhuit a bhean chroí! Ní fhéadfá a dhul i mbannaí ar an leanbh sa gcliabhán anois, mar tá na daoine níos seanóraí agus níos aicisí ná a bhíodar fadó. — ní fhéadfá bheith cinnte, nach ndéanfadh an leanbh sa gcliabhán dochar agus díobháil.
+
Cén bhannaí atá aici nach 'imeacht' leis an gcailín báire sin a dhéanfadh sé.
Ní thiocfainn i mbannaí ar mo mhac fhéin, más air is fhearr atá aithne agam, nach mbeadh sé ar an gceird chéanna i ngan fhios dhom
TUILLEADH (1) ▼
Cén bhannaí atá agam nach ndéanfaidh sé aríst é? — cén fios atá agam srl.
+
Mise i mbannaí; mise i mbannaí dhuit; mise i mbannaí dhaoibh; tiocfaidh mise i mbannaí, rachaidh mise i mbannaí srl. (sórt mionna) — tá mé cinnte
Mura n-éirí tú in am ar maidin, mise i mbannaí go bhfaighidh tú liúradh
TUILLEADH (13) ▼
Cáit: Níor tháinig Seán abhaile fós. Máire: Ó muise i mbannaí! (nó "ó muise i mbannaí nár tháinig")
Muise i mbannaí nach scilling a chaithfeadh sí agat leath chomh maith. Ní bheadh a leathoiread den bhoigréis inti
Mise i mbannaí nach é an dea-rud adúirt an ceann céanna.
Tom: Bhuail Cóilín L. mé. An Mháthair: Mise i mbannaí gur bhuail! Breá gur thug tú cead dó thú a bhualadh. An bhfuil rath ar bith leat fhéin?
Mise i mbannaí gur imigh sí léithe, gan cuid muc ná bó a réiteach! Nach uirthi atá an bheith go gcaithfidh sí greadadh léithe chuile Dhomhnach san aer, agus chuile shórt a fhágáil fúmsa le réiteach!
Mise i mbannaí gur thug tú ól don tsúdaire sin, go maith agus nach dtabharfá deoir ar bith do dhaoine is mó scéal ná é.
Mise i mbannaí nach iad do phaidreachaí adéarfá leath chomh maith agus a déanfas tú eascainí.
Mise i mbannaí go bhfuil a chuid coirce istigh aige sin i dtosach ar aon duine ar an mbaile. Sin é nach bhfágfaidh a ghnaithí ar lár i ngeall ar aon duine, agus 'sí a leasmháthair a thógfadh air é ach an oiread.
Mise i mbannaí go gcaithfeá do ladar a bheith ann! Ní beo thú mura mbí tú in éadan duine eicínt
Mise i mbannaí dhuit go bhfuil cion aige sin ar a chuid airgid agus nach gcaithfidh sé go fánach é, ní hionann sin agus tuilleadh.
Mise i mbannaí dhuit, mura mbí an méid sin móna craptha agat roimhe siúd, go bhfágfaidh sé cnead ar an ngoile agat.
Tiocfaidh mise i mbannaí go ndéanfaidh tú é agus giodar ionat ach feadh mé a dhul chomh fada leat.
Rachaidh mise i mbannaí nach ag leadaíocht a chaith siad sin an lá, ní hé a bhfearacht fhéin é.
2.
+
Cuirfear i dteannta na bannaíochaí (.i. na daoine a chuaigh i mbannaí), mura n-íoca sé gála eicínt dhe go gairid.
Tiocfaidh an bainc anuas ar na bannaíocha mura n-íoca seisean é. Deirimse leat go gcaithfidh an bainc a gcuid fhéin a fháil, pé ar bith cén súisín a íocfas é.
TUILLEADH (2) ▼
Ba tútach sa saol an cleas a rinne sé — glanadh leis — agus an méid sin airgid a fhágáil le n-íoc ag na bannaíochaí.
Má tá an t-airleacan caite aige, 'siad na bannaíochaí a bheas síos leis.
3.
bannaí béil: gealladh nó aithne a chur ar dhuine nach n-inseodh sé rún, nó nach ndéanfadh sé rud áirid eicínt; a dhul faoi dhuit; bannaí gan scríobh = móid.
+
"Ach bannaí béil ort, ach amháin an Béarla; Go dtug sí an chraobh léithe ó Mháire Brún" (Raiftearaí — Máirín Stanton)
Ach seo bannaí béil daoibh gan focal bréige; Gur fhág mé an chraobh aici ó Mháire Brún (mar sin atá an leathrann chéanna in Abhráin agus Dánta an Reachtabhraigh leis an gCraoibhín Aoibhinn. Ach tugann seanfhondúirí mar údar leis an leathrann roimhráite agamsa go raibh gacha le ceathrú de Mháire Brún i nGaeilge agus i mBéarla agus nach raibh aon Bhéarla ag Raiftearaí le Máirín Stanton a dhéanamh ar an nós céanna).
TUILLEADH (6) ▼
Tabharfaidh mé bannaí béil dhuit, mar níl mé in ann é a scríobh.
Is beag an mhaith é do bhannaí béil, mura mbí comharthaíocht eicínt tharas sin agam air.
Mura bhfuil agat air ach bannaí béil, ní bhfaighidh tú comhaireamh na sop.
Is díth céillí an mhaise dhuit é má ghlac tú bannaí béil ar scéal den tsórt sin. Níl a dhath maitheasa ann gan scríbhinn a bheith tarraingthe air
Thug sé bannaí béil dhom, dhá bhliain ó shin, gur agam a d'fhágfadh sé chuile shórt théis a bháis, ach is beag an mhaith dhom é sin anois faoi nach ndearna sé uachta air.
Níl airde ar bith le fáil ag bannaí béil sa dlí mura mbí aon scríbhinn ná aon fhianaisí ann.
+
Chuir sé bannaí béil orm gan é a inseacht do mo dheasláimh, agus níor inis ariamh gur inis mé dhuitse anois é
Chuir mé bannaí béil air gan an scéal sin a ligean amach ar a bhfaca sé ariamh, agus sílim nár lig ach an oiread, arae níor chuala mé aon cheo ina dhiaidh ariamh faoi.
TUILLEADH (6) ▼
Má chuireann tú bannaí béil air gan labhairt air, ní chloisfidh aon duine ina dhiaidh go deo é.
Is beag an mhaith dhuit bannaí béil a chur uirthi sin, arae níl foscadh ar bith inti. Is dona na gnaithí a bhí ort é a inseacht di chor ar bith.
Tá sí sin chomh cabach agus gur fada léithe go gcasfaidh duine eicínt uirthi lena tharraingt anuas chuige. Cén mhaith bannaí béil a chur ar a leithide sin?
Chuir an t-athair bannaí béil orm nach mbainfinn le Seán go bhfeicfinn liom, agus níor bhaineas.
Más scéal rúin é, ná fág i gcleithiúnas bannaí béil é. B'fhearr dhuit gan trácht beag ná mór air, le aon duine, arae an té a shílfeá an chaomhúint fhéin a bheith ann, ní bhíonn.
Tabharfaidh mé bannaí béil duit nach gcainteoidh mé le mac an aoin bheo air.
4.
gearradh a tugtar ar chrúib gliomaigh, agus é dhá chur sa bpota taisce, i riocht is nach mbeidh sé acmhainneach aon iarraidh a thabhairt uaidh.
+
'Sé an chaoi le bannaí a chur ar ghliomach an fhéith atá ina chrúib a ghearradh, nó a bhriseadh, agus níl aon dochar ann ansin mar ní fhéadfaidh sé tada a dhéanamh ort.
Ní chuirtear gliomach ar bith sa bpota taisce gan bannaí a chur air — a chrúib a bhriseadh — agus ní fhanann aon éitir ann uaidh sin amach.
TUILLEADH (9) ▼
Is sceanadóir críochnaithe leis an gcrúib é an gliomach go gcuirtear bannaí air.
Is oilbhéasach an feithideach é an gliomach le deasú leis go gcuirtear bannaí ar a chrúib, ach ní fhanann aon chor ann níos mó.
Ceann de na gliomaigh nár cuireadh bannaí ar bith ann a bhain greim dhá chrúib as agus is bocht an láimh atá air anois.
Thit sé (gliomach) síos sa mbearach uaim shula d'fhéad mé aon bhannaí a chur air, agus fuair mé crácamas mhór uaidh ag iarraidh é a cheansú (fc. bearach)
Murach go gcuirtear bannaí ar na gliomaigh, d'fhuileoidís ort go héasca — bhainfidís greamannaí agus fuil asat.
Is fánach an chaoi a bhfuileodh an sceanadóir de ghliomach sin ort mura gcuire tú bannaí air as láimh.
Dhá gcuirteá isteach sa bpota taisce iad d'uireasa bannaí sclárfaidís a chéile istigh ann.
Tá ailp bainte as a mhéir, an áit ar rug gliomach air agus é ag cur bannaí air. Is olc an ailím greim ó ghliomach.
Níl gair ar bith ag greim an phortáin ar ghreim an ghliomaigh mura gcuirtear bannaí air.
+
Cuirtear sórt bannaí ar phortán freisin. Bristear an chrúib mhór aige.
Níl aon ghnaithe ag gasúir in aice na bportán mór sin mura mbí bannaí orthu.
TUILLEADH (1) ▼
Dia aithnítear! Fainic crúib an phortáin sin ort fhéin go dté bannaí air! Is olc an lot a chuirfeadh sé sin ort, deirimse leat.
5.
lúbán a cuirtear ar scolb nó slait i riocht is go mbeadh sí indhaingnithe (fc. bannaí).

Féach freisin

bannaí in iontrálacha eile (50+)

 
fág
Tá an braon ionat cheana féin, agus gan tú as an gcóta cabhlach fós. Mise i mbannaí! Cá bhfágfá é? Ba dual do do chineál an braon a bheith iontu.
 
Buachaill coilgneach é an gliomach, go dté bannaí ann, ach is beag a bhíos sé in ann a dhéanamh théis a dhíchill, uaidh sin amach.
 
Murach an coimhthíos atá air romhatsa anois, mise i mbannaí go mba deacair caint a choinneáil leis. Ach ní fhanann smid ná smeaid aige i láthair strainséara.
 
Coireoidh sé sin go maith ar chuile dhuine ach ar a mhuintir féin, ach mise i mbannaí gur beag adéarfas sé leob sin, ainneoin go mbíonn sé fhéin agus iad fhéin in árachaigh a chéile chuile lá.
 
Má chuireann tusa péire cosacán uirthi, mise i mbannaí go gcoinneoidh sin ó bhradaíl í.
 
Is beag an cuntanós atá ag an bplíoma de shiopadóir sin d'aon duine a bhfuil leithphínn rua glite air ann (glite = dlite). Ach mise i mbannaí, má thagann aon duine isteach a bhfuil bruithshléacht ar bith air, gur aige a bheas an fháilte agus an chroitheadh lámha roimhe.
 
cíos
Níl aon chíos ar an gcaint chois teallaigh anseo, ach mise i mbannaí, dá gcastaí ort i dteach an óil é, gur beag an tsuáilce a bheadh ann.
+
Dheamhan cead a bhealaigh a gheobhas sé d'uireasa bannaí.
TUILLEADH (4) ▼
Is cam an dlí é! Buaileadh bannaí ar an té a bhí saor, agus ligeadh amach an ceann a bhí as bealach gan tada.
Ní bhíonn siad mórán as bealach chor ar bith, má íocann tú ar an tairne iad, ach mura n-íoca, mise i mbannaí go leagfaidh siad ort.
Cuir stuaic air agus mise i mbannaí go mbeidh a fhios agat ansin cén bealach atá leis!
Má chinneann an bealach sin air, is beag an mhoill air siúd bealach eicínt eile a tharraingt air fhéin. Mise i mbannaí nach mbeidh sé ar deireadh ar aon chaoi — má chinneann a bheatha a bhaint amach mar atá sé, gheobhaidh sé posta nó ceird eicínt eile, ach ní bheidh sé d'uireasa slí ar aon nós.
 
Mise i mbannaí gur fhan sé in aice na bealaíocht. Nach é atá beadaí go bhfaighe sé feoil.
 
beo 1
Dhá dtéiteá sách domhain leis an bhfód beo, mise i mbannaí, nach mórán láin a d'iarrfaidís, ach níor chuir tú isteach an chlaise sách maith chor ar bith.
 
Deir sé fhéin go bhfuil sé breoite, ach mise i mbannaí gur beag an bhreoiteacht a bheas air má bhíonn aon damhsa in aon áit.
 
bruach
Tá sé sin chomh teolaí air fhéin le cat. Muise i mbannaí nár chorraigh sé den bhruach.
 
Dhá mbeadh an oiread bruithshléachta orainne agus tá air, mise i mbannaí dhuit go gcuirfeadh muid caitheamh ann.
 
Dhá gcuirtheása buadán ar do bhróga, mise i mbannaí nach sciorrfá.
 
Níl ag an bputach seo thíos a rá leis ach buailim ort, agus mise i mbannaí go mbeidh an ceann atá anseo greadta leis in éindí leis le ábhailleacht ar bith a dhéanamh a mheabhrós sé dhó.
 
burla
Bhí sé craptha suas ina bhúirlín sa gcúinne ach ní raibh a theanga ina cónaí, mise i mbannaí.
+
ainm
Is deacair a dhul i mbannaí air má thug sé ainm contráilte uaidh agus é ag béal an dorais acub; bhain sé barr dhá bhfaca tú ariamh má thug sé an t-ainm contráilte do na gardaí agus é ina chónaí ar ghort an bhaile acub — níl rud ar bith ag cinniúint air srl
TUILLEADH (1) ▼
Dhá dtugainnse chun cúirte é, mise i mbannaí nach mbainfeadh sé as m'ainm aríst mé.
 
Beidh tú ar t'aireachas fhéin ann an chéad uair eile, mise i mbannaí!
 
amach
Cheannódh sé an fheilm thar barr amach dhá bhfaigheadh sé aon duine le dhul i mbannaí air sa mbainc.
+
Ní ligfidh an bainc aon phínn amach anois gan gaimbín trom a bhaint amach air agus bannaí maith.
TUILLEADH (1) ▼
Bí siúráilte nach ligfidh siad aon phínn amach gan bannaí.
 
failic
Má thugann tú an t-airgead dó sin, déanfaidh sé failic air. Níl duine ar bith is dearfa dhuit a thabhairt dó na do Ph. Mise i mbannaí nach gcaithfidh sé sin é
 
Ba bheag an fiodgháire a dhéanfadh sé dhá leathnaítí dorna maith crua ar chnáimh a ghéill. Mise i mbannaí go gcuirfeadh sin ó fhiodgháire é. Bhí scaitheamh agus dhéanfadh na daoine sin fhéin leis, ach níl muid in ann anois
 
fuadar
Ní bheadh leath oiread fudair fút ag dul chuig an aifreann. Mise i mbannaí nár mhiste leat dhá mbeifeá deireanach ag dul ansin. Ach ní fhailleoidh tú do ghnaithe má bhíonn aon phínn agat le dhul chuig an teach ósta. Is olc í do cheird muis. Diabhal bréag nach olc
 
Mise i mbannaí, nach mbrúfaidh sé isteach ar chuid duine ar bith eile ach ar a gcuid s'agaibhse, mar airíonn sé go dona sibh — níl sibh in ann a gceart a choinneáil agus é a ruaigeadh, agus dhá bh(r)íthin sin, tá sé ag glacadh binne ar bhur gcuid feamainne nó eile
 
íoc
Mise i mbannaí gur íoc sé ann, ach dhá ndéanadh páiste ar bith eile é, ní chuirfeadh sé ceist ar bith air (máthair a bhí ag clamhsán gur bhuail an máistir scoile a páiste)
 
feadh
Bhí sé an-tsaighdte in aghaidh an Ghovernment. Ach ar feadh is an pinsean a fháil, mise i mbannaí nár chuala aon duine mórán fuasaoide aige ó shin
 
Má bhíonn tae le fáil in áit ar bith sa tír, mise i mbannaí nach mbeidh sé ann i ngan fhios di sin. Togha fiagaí í (soláthraí; fáiteallach)
 
D'fhuiligh an gliomach ar mo mhéir. Ní raibh aon bhannaí ann — ghearr sé í; bhain sé fuil aisti
 
An bealach is fusa broc a chur as brocach, staic de mhaide a shá isteach, é a chur i bhfostós ina chuid fíonnaigh agus cor fuinnimh a chur ann nó go nairí tú fuinneamh ag dul sa gcraiceann freisin. Mise i mbannaí gur furasta é a thabhairt amach ansin. Níl aon mhadadh cruthaithe in ann broc a throid. Martróidh sé é
 
Is daidhciúil an mhaise dhuit é. Mise i mbannaí dhuit dhá bhfaighteá neart slaite gur maith gasta a d'éireofá as an bhfaisean sin. Chonaic muid do mhacasamhail cheana, agus smachtaíodh iad
 
daigh
Tá dó croí agus dó ghoile agus dó bhoilg agus chuile dhó dhá bhfuil ann ag dul dó. Ach is maith atá a fhios agamsa céard atá ag dul dó sin: neart leoistíochta agus rístíocht. Dhá mbeireadh an t-athair ar mhaide nuair a thosaíos sé sin ag fuasaoid, agus tosaí dhá rúscadh leis aniar ar an dromán agus é a ruaigeadh amach ina ghnaithe, mise i mbannaí gur beag a fhuasaoid a bheadh aríst aige. Ach ag peataíocht leis a bhíos siad ina leaba sin
 
Mura bhfuil uirthi ach dallamullóg, tiocfaidh sí uaidh. Má chuireann tú ar athrú áite í, mise i mbannaí gur gearr a bheas aon cheo dhó sin uirthi. Bhí na híochtair sin rófhliuch aici
 
daor 1
Ba daor a chuaigh an bualadh air, ach diabhal a ngabhfainn i mbannaí nach ndéanfadh sé aríst é dá dteagadh sé ar a dheis. 'Sé a bheadh deas air déarfainn
 
daor 3
Chuir mise ceangal na naoi ndaora ceart uirthi inniu. Ní bhfuair mé aon tiaráil ariamh ach í a sháinniú. Murach putachín beag le M. a casadh an bealach, bheinn in mo bhambairne. Ach mise i mbannaí dhuit nach mbrisfidh sí an chromnasc atá anois uirthi. Ní bhrisfeadh ná Goll Mac Móirne
 
Ní hé an dea-fhocal a bheadh in do bhéal leath chomh maith! Ach mise i mbannaí go dtógfaidh tú an drochfhocal sách gasta — focla míchuibhiúla; nó focla eascainí nó gáirsiúlachta
 
Ní dhealóidh siad sin leo nó go bhfága siad cithréim ar dhuine eicínt. Is maith ábalta na buachaillí iad, agus mise i mbannaí nach gceilfidh siad lúd a láimhe ar dhuine ar bith a chuirfeas aon araoid orthu, ná gan araoid ar bith má chaitheann siad ina gceann é
 
Tá mé ag réabadh dearglaoich ar an aimsir seo (ag baint phortaigh dearglaoch). Má tá féin, is furasta í a mhúnláil, ní hé fearacht portach na bliana anuraidh é. Mise i mbannaí gur beag a leacógaí a dhéanfas an mhóin seo nuair a chaithfeas tú suas í, ach bhí na portaigh eile dubhdhomhain
 
dearmad 1
Sea! Ardóidh sé leis mo phíopasa go maith ach cé a gheobhas aon bhrabach air fhéin. Mise i mbannaí nach bhfágfadh sé a phíopa féin ina dhiaidh anseo. Mo chreach mhaidne ghéar tú! Ní bheidh aon dearmad uaidh air sin
 
de
Níl mórán de néal air, mise i mbannaí!
 
deis
Ní fheicimse dream ar bith anois is fhearr a bhfuil deis tógtha orthu ná an dream atá ag imeacht ar an scoir. Mise i mbannaí nach ngabhfaidh aon duine acu a chodladh an lá sin d'uireasa béilí feola, ní hé sin domsa agus duitse é
 
deoin
Mura n-ithe sé dhá dheoin féin é, cén mhaith a bheith ag sáraíocht leis. "Tairg bia do dhuine beo agus mura n-ithe sé é, ligeadh sé dhó". Mise i mbannaí dhá mbeadh ocras air go mba deacair é a choinneáil uaidh
+
diaidh
D'éirigh sé as an nathaíocht sin. D'fhága sé ina dhiaidh í. Níl a fhios agam nach bhfuair sé a sháith di. Bhí sé ag tarraingt an iomarca síomálachaí air féin lena chuid dea-chainte. Is maith an bannaí ar an teanga a mhic ó, corrchniogaide a fháil
TUILLEADH (2) ▼
Mise i mbannaí go bhfuil an furú ina dhiaidh. Is dual dó sin mar bhí sé i ndiaidh a athar féin
Shílfeá nach bhfuil breathnú ar bith i ndiaidh na gcaorach sin, ach cead acu a rogha rud a dhéanamh. Bhí siad thoir ar chuid J. T. Mh. inniu. Mise i mbannaí má bhíonn a gcuid féin foghlaithe gur maith gasta a bheas sibh amuigh dhá fhuagairt