Baorsa: (baosra?)
—Iarthair Chonamara — Leitir Móir a's na h-Oileáin
—
buile; báinidhe; cuthach; olc; fearg; saobhcan céille.
+–
Bhí sé le baorsa. = bhí sé le buile a's le báinidhe; bhí sé gabhail le cuthach nó le gaoith na gcnoc.
D'eirigh sé in a shuidhe le baorsa, a's ba mhian leis a' teach a chuir faoi na chosa.
TUILLEADH (8) ▼
Le baorsa atá sé 'chuile ré soluis. Is beag a chuirfeas le baorsa é sin, deirimse leat.
Leabharsa má tá sé le baorsa fhéin, a chead sin a bheith aige. Le baorsa a fheicea(nn)s muide igcomhnuidhe é.
Céard a chuir le baorsa anois é? Ní féidir gur faoi'n gcupla caoirín sin a chuaidh thar fál atá sé!
D'eirigh sé chugam le buile a's le baorsa, a's shíl sé iarraidh mharbhtach a thabhairt dom. Marach chomh maith a's bhí mé ar mo mhaidí, d'fhágfainn an áit in mo chorp.
Chaith sé an oidhche le baorsa. Cheangl(óch)thaidhe fear ab fhearr ciall ná é.
Tá sé chomh mór sin le baorsa a's go bhfuil sé igcruth a cheangail.
Má theigheann sé siúd le baorsa, do cheann fine, ní bhainfeadh ceart dó. Déanfa sé rachlas de'n áit fré chéile.
Siúd í ubhall na h-aithne, má theigheann sí le baorsa. Mhaithfeá do Dhia gan a bheith 'fhoisceacht míle dhá teanga, nuair a bhuailea(nn)s an ghadhruigheacht í.
+–
Tá sé le buile a's le baorsa (snaidhmtear an dá fhocal mar seo go minic, fearacht "le buile a's le báinidhe")
Tá sé le buile a's le baorsa, faoi nach bhfuigheadh sé cead imtheacht faoi'n scuir dhó fhéin.
TUILLEADH (3) ▼
Ní raibh Seán i bhfad ar a' nathaidheacht, 'san am ar eirigh Seumas in a sheasamh le buile a's le baorsa.
'D'eirigh hAirt le buile a's le baorsa; A's níor fhan sé fad staire, gur fhiafruigh sé dhíomsa; 'B'fhéidir gur spailpín as Conndae na Midhe thú; A ghoidfeadh mo chóta, mo bhróga a's mo bhríste'; A's ochón!' (As "h-Airt Ó Ceallaigh" — Amhrán a bhfuil eolus maith air, faoi Chonamara, ach a mbraithfeá Ultachas ann)
Má tá sé le buile a's le baorsa fhéin, dheamhan a' miste linn. Sa gcraiceann céadna ar théigh sé ann, fuaruigheadh sé aríst.