baorsa, baosra
—Iarthar Chonamara — Leitir Móir agus na hOileáin
—
buile; báiní; cuthach; olc; fearg; saochan céille.
+–
Bhí sé le baorsa — bhí sé le buile agus le báiní; bhí sé ag gabháil le cuthach nó le gaoith na gcnoc.
D'éirigh sé ina shuí le baorsa agus ba mhian leis an teach a chur faoina chosa.
TUILLEADH (8) ▼
Le baorsa atá sé chuile ré solais. Is beag a chuirfeas le baorsa é sin, deirimse leat.
Leabharsa má tá sé le baorsa fhéin, a chead sin a bheith aige. Le baorsa a fheiceanns muide i gcónaí é.
Céard a chuir le baorsa anois é? Ní féidir gur faoin gcupla caoirín sin a chuaigh thar fál atá sé!
D'éirigh sé chugam le buile agus le baorsa, agus shíl sé iarraidh mharfach a thabhairt dom. Murach chomh maith agus a bhí mé ar mo mhaidí, d'fhágfainn an áit in mo chorp.
Chaith sé an oíche le baorsa. Cheanglófaí fear ab fhearr ciall ná é.
Tá sé chomh mór sin le baorsa agus go bhfuil sé i gcruth a cheangail.
Má théann sé siúd le baorsa, do cheann fine ní bhainfeadh ceart dó. Déanfaidh sé rachlas den áit fré chéile.
Siúd í úll na haithne má théann sí le baorsa. Mhaithfeá do Dhia gan a bheith fhoisceacht míle dhá teanga nuair a bhuaileanns an ghadhraíocht í.
+–
Tá sé le buile is le baorsa (snaidhmtear an dá fhocal mar seo go minic, fearacht "le buile is le báiní")
Tá sé le buile is le baorsa faoi nach bhfaigheadh sé cead imeacht faoin scoir dhó fhéin.
TUILLEADH (3) ▼
Ní raibh Seán i bhfad ar an nathaíocht san am ar éirigh Séamas ina sheasamh le buile is le baorsa.
"D'éirigh hAirt le buile is le baorsa; Agus níor fhan sé fad staire gur fhiafraigh sé dhíomsa; 'B'fhéidir gur spailpín as Contae na Mí thú; A ghoidfeadh mo chóta, mo bhróga is mo bhríste'; Agus ochón!" (as hAirt Ó Ceallaigh — Amhrán a bhfuil eolas maith air faoi Chonamara, ach a mbraithfeá Ultachas ann)
Má tá sé le buile is le baorsa fhéin, dheamhan an miste linn. Sa gcraiceann céanna ar théigh sé ann, fuaraíodh sé aríst.