Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
barrfhuacht
+
Tá barr-fhuacht orm = bualadh draidín nó bualadh fiacal
D'airigh mé an slaghdán seo do mo bhualadh arú inné. Th'éis go raibh mé in mo sheasamh suas annsin istigh, bhí mé giogach agus ag eitealla agus barr-fhuacht orm. B'fhurasta aithinte dom an uair sin go raibh sé in mo chrioslaigh. Ach bhí a fhios agam é maidin lár na bháireach!
TUILLEADH (1) ▼
'Ar ndó' ní féidir gur barr-fhuacht atá ort! M'anam gurb ea! Breá nach gcuireann tú clúdach ort fhéin thara's an leámháinín sin