barrfhuacht
—
+–
Tá barrfhuacht orm — bualadh draidín nó bualadh fiacal
D'airigh mé an slaghdán seo do mo bhualadh arú inné. Théis go raibh mé in mo sheasamh suas ansin istigh, bhí mé giongach agus ag eitealla agus barrfhuacht orm. B'fhurasta a aithinte dom an uair sin go raibh sé in mo chrioslaigh. Ach bhí a fhios agam é maidin lá arna mhárach!
TUILLEADH (1) ▼
Ar ndóigh ní féidir gur barrfhuacht atá ort! M'anam gurb ea! Breá nach gcuireann tú clúdach ort fhéin thar is an leámháinín sin