Bealach
—firinscneach
—gein. aonda — bealaigh.
—iolraidh — bealaighe, bealaigh.
1.
bóthar; casán; cis, lorg bhuailte treasna páirce Tugtar bealach ar bhóthar nó casán a' bith atá in araidheacht é a shiubhal ach ní thig bóthar a thabhairt ar 'chuile bhealach. Cuirigcás san amhrán deirtear: "Is iomdha bealach caol salach, a's bóithrín cam atá ag (dh)ul idir mé a's an baile a bhfuil mo mhuirnín ann." An uair nach mbítear cinnte, an bóthar a bhíos i gceist, deirtear bealach i gcomhnuidhe. "An bhfuil bealach maith ag dul ann?" "Cé'n sórt bealach atá ag dul go dtí an teach etc." 'Nuair a bheithí cinnte gur bóthar é, déarfaidhe "cé'n sórt bóthar atá ag dul ann?" "An bóthar maith é?" etc.
a.
+–
Airgead Rí Seoirse, a's ní dhéanfadh bealach thríd an ngiodán údan, mar is tonn-fhriochóg fré chéile é
Tá corr-thul(ch)án ann, atá sáthach cruadh, ach tá caochphuill ann a mbáithfidhe bád mór ionnta(b). A cheann-fine ní dhéanfa aon-bhealach choidhchin ann a bheidheas ionrásta ag duine ná beithidheach a shiubhal.
TUILLEADH (2) ▼
Níl sé ionrásta ag a' bhfiadh an bealach sin a shiubhal amach sa ngeimhreadh, nuair a bhío(nn)s dubh-luachair na bliadhna ann, a's an easca báithte.
Is olc a' bealach ag capall a's carr é.
+–
Tá droch-bhealach cairr ann; tá droch-bhealach isteach ann etc
'Sé bealach a' diabhail é (a' catmara, a' mhíádha, na tubaiste, bealach céasta etc). = is droch-bhealach é le dhul ann; bealach achrannach, aistreánnach.
TUILLEADH (6) ▼
'Sé bealach a' mhíádha é, an t-aithgiorra céadna, le na dhul ann 'san oidhche = bealach achrannach nó dona críochnuighthe; bealach céasta é.
Nuair a bhrisfeas tú amach ar a' mbóthar, beidh an bealach réidh faoi do chois, uaidh sin amach = ní áit gharbh a bheidheas le siubhal agad.
Tá droch-bhealach isteach ann.
Bealach aistreánach, achrannach atá ag dul ar a' mbaile sin.
Bealach anróighteach, treampánach atá ag (d)ul ann.
Ní thiubharfadh asal srathar a's cléibh ann anois, tá'n bealach chomh bog sin. Beidh sé báithte ar fad, nuair a bhéarfas an geimhreadh orainn.
+–
Tá bealach cairr déanta go dtí an teach anois aige = tá casán nó bóithrín, a bheadh in araidheacht ag carr a dhul air, déanta go dtí an teach aige anois.
Tá bealach cairr ann, ach níl sé thar mholadh beirte.
TUILLEADH (21) ▼
Caitheann siad an mhóin a chuir amach le asail, go dtí bealach a' chairr.
Tá sé 'déanamh bealach cairr go dtí an portach anois.
Choiscfeadh sé anró dhuinn, dá mbeadh bealach cairr ann.
Níl aon-gharruidhe a' gabhail leis, nach bhfuil bealach cairr ann.
Bíodh sé buidheach do'n té a bhí annsin roimhe, a réidhtigh an talamh, a's a rinne bealach cairr is 'chuile áit ar fud na talmhana.
Ní mó ná bealach asail atá ann.
Níl bealach an asail fhéin ann, ní airmhighim bealach cairr
Is achrannach a' bealach beithidheach é.
Ní mó ná go siubhailfeadh an fiadh ann sa ngeimhreadh, ní áirmhighim bealach cairr a bheith ann.
Is ait a chruthóchas siad, má fhéadann siad bealach cairr a dhéanamh thríd an easca bháidhte údaidh.
Tá'n mhóin amuigh uileag, ar bhealach a' chairr aige.
Bhí bealach capaill annsiúd, marach gur léigeadh i léig é.
Dhá ndéantaí cupla cis, is na lagannaí fliucha, bheadh bealach maith asail ann.
Is ciotach a' bealach beithidheach é! Teigheann siad go bléantrachaí is chuile bhogach dá bhfuil ann.
Nach air atá an fíbín, má shíleann sé go ndeanfa sé bealach cairr thríd a' gciocra údan.
Caithfe sé an scrath-ghlugair údan a thriomú, má's leis bealach cairr a dheanamh go dtí an portach.
Is olc a' bealach mótair, (rothair etc) é.
Tá bealach an chairr faoi sclaigeannaí ar fad.
Dhá mbeadh an lúscáinín feamainne sin ar bhealach a chairr agam, ní aireochainn í 'chuir amach.
Tá a theach ar bhealach na traenach.
Is gearr ó bhealach na traenach é 'chor a' bith.
+–
Droch-rath ort le bealach mé a thabhairt! = is olc an bealach, an bealach seo ar thug tú, nó, ar threoruigh tú mé.
Droch-chríoch air, le bealach a dhul! Caithfe sé a dhul an bealach contráilte igcomhnuidhe! = dá mbeadh aon-bhealach ní ba dainnséaraighe ann, is air a thiocfad sé.
TUILLEADH (1) ▼
Díol cam air, le bealach é a chasadh! = scread-mhaidne air a tháinic a leithide de bhealach; ba chóra dó a thidheacht bealach eicínt eile; is mór a' t-iongnadh go dtáinic sé a mhacsamhail de bhealach.
+–
Tuige a dtiocfadh muid a' bealach sin, thar bhealach a' bith eile?
'Chuaidh mo ghrádh-sa an bealach seo, go deireannach aréir; Níor tháinic sé do m'éiliú, a's mise tinn liom fhéin' (as amhrán)
TUILLEADH (19) ▼
A' ndeacha fear a' phosta an bealach indiu? = a' ndeacha sé thart.
Má chastar an bealach thú, tiocfa mé isteach chuige.
Is fada aríst go gcastar a' bealach mé.
Má theagann tú an bealach, fainic nach dtiocfá isteach.
Má thuiteann dom a theacht an bealach, níl baoghal a' bith, nach dtiocfa mé isteach. = má eirigheann liom; má thárluigheann dom.
Dhá gcastaidhe an bealach mé, chuirfinn a tuairisc.
Ó bhí mé a' gabhail a' bealach, bhuail mé isteach.
Is fada aríst, go mbeidh mé ag gabhail a' bealach = is fada aríst go dteighe mé do'n áit sin (an áit atá i gceist).
Ní fhéadfá a ghabhail a' bealach aige, nach gcuirfead sé araoid ort = níl goir ag duine an bealach a shiubhal aige, nach gcuirfe sé aighneas air.; ní fhéadfa duine an bóthar a shiubhal (bóthar ar bith) nach mbeidh sé in' éadan.
Níl sé ionrásta ag duine an bealach a shiubhal, chomh uain's 'bheidheas sé siúd sa tír.
Níl goir agam a' bealach a shiubhal nach mbuailfe sí coc achrainn orm.
Is deacair do dhuine an bealach a shiubhal ag madraí.
'mbeidh tú 'gabhail a' bealach seo = an bóthar seo, an bóthar a bhfuil mise le dhul air.
Cé'n bealach a' mbeidh tú a' gabhail = cé'n taobh?
Caithfe mise a dhul a' bealach seo.
'A' gabhail a' bealach duit, má castar ort an cluanaidhe fir; Ná déan dearmad ar a dheagh-chainnt, ach bí críonna glic' (As an "Droighneán Donn")
An bealach ó dheas a chuaidh sé = an taobh ó dheas, an áird ó dheas.
An é an bealach soir atá tusa ag dul? = an bóthar nó'n aird thoir.
An bealach ó thuaidh a tháinic sé.
+–
Níl bóthar ná bealach ag (d)ul ann = níl casán a' bith ann.
Dheamhan bóthar ná bealach isteach ar a' tamhna(igh) údan, ach cead aghad sliabh a ghearradh.
TUILLEADH (15) ▼
Ní fhaca mé aon-áit ariamh, mar é, nach mbeadh bóthar nó bealach eicínt ag dul ann.
Ní raibh bóthar ná bealach aca(b), gur dearnadh a' méid sin de bhóthar dóib an bhliadhain cheana.
Níl bóthar ná bealach aca(b) a's dheamhan a' fearr leo(b) a bheith, mar b'fhusa do na póilíos a dhul ann dhá mbeadh.
Ní fhéadfar a dhath a dhéanamh ar na gasúir mara dteighe siad 'na scoile féin — in áit nach bhfuil bóthar ná bealach faoi na gcois — ach a' criathrach báidhte.
Is maith an scathamh anois, nach raibh mé ar bóthar ná ar bealach.
Ní fheicfeá ar bóthar ná ar bealach anois é, maran buailte suas atá sé.
Ní fhaca mé ar bóthar nó ar bealach é, le mo chuímne cínn.
Má fheicimse ar bóthar ná ar bealach díot, uaidh seo amach, íocfa tú ann (athair a' smachtú páiste).
Dheamhan a chos a chonnaic mé ar bóthar ná ar bealach ó'n lá fadó ar buaileadh ar an aonach é. Ghlac sé fuath de'n bhóithreóireacht ó shoin.
Is mór a' t-iongnadh nach mbead sé le feiceál ar bóthar ná ar bealach uair eicínt. Tá sé 'cothú na h-áite istigh go maith.
Níor casadh mac na sceiche liom ar bóthar ná ar bealach go dtáinic mé abhaile aríst.
Má bhíonn sé ar bóthar ná ar bealach, ní ingan-fhios dó siúd é.
Ní bheidh mórán ar bóthar ná ar bealach, ingan-fhios dó siúd!
Is fadó an lá nach bhfaca mé a(g) dul an bóthar ná'n bealach é.
Má theigheann sé an bóthar ná'n bealach, feicfe mise é.
·
'Ní leithe bealach 'na coille, ná 'un a fágála (nó fágáil uaireannta) (sean-fhocal) = má bhíonn slighe ag duine, beidh deis a caithte nó dola air freisin; má bhíonn teacht isteach maith ag duine, bíonn glaodhach dhá réir air.
Is iomdha punt a tháinic isteach sa teach ó thús bliadhna, ach 'ní leithe bealach 'na coille ná 'un a fágála'.
+–
Fear bóthair a's bealaigh = fear nach mbaineann cos de shiubhal; fear a bhío(nn)s siorruidhe a' siubhal; fear a bhío(nn)s ag imtheacht indiaidh a chinn roimhe; fear a bheadh ar thuras nó aistir.
Is deas a' rud, bólacht, féar maith agus gabhaltas; Cruithneacht a's eorna le gearradh; Min ins a' gcómhra, 'gus teine trathnóna; A's dídean d'fhear bóthar a's bealaigh (Rafteri — Caismirt an Phótaire leis an Ól)
TUILLEADH (18) ▼
Is mór a' fear bóthair a's bealaigh é = duine a bhíos a' síor-shiubhal nó a' síor-imtheacht roimhe.
Níor leig sé isteach ariamh fear bóthair ná bealaigh.
Níor chuir sé amach ariamh aon-fhear bóthar ná bealaigh a d'éiligh lóistín na h-oidhche air.
Tá a theach ar shúil a' bhóthair, a's níl fear bóthair ná bealaigh dhá dteigheann soir ná siar, nach aige istigh atá.
Tá muid sáruighthe ag lucht bóthair a's bealaigh, a' tarraingt isteach aghainn 'chuile phuínnte.
Tá'n teach ar a' ndeis aca(b), ó thárla é bheith ar shúil a' bhóthair. Tarraingeann an ceannuidhe mála ann ag iarraidh lóistín na h-oidhche, fámuirí a' cur tuairisc a' bhealaigh, 'gaedhilgeoirí' ag iarraidh nathuidheachta, a's chuile chineál duine dhá dteigheann a' bóthar.
Níor eitigh mé fear bóthair ná bealaigh ariamh, faoi lóistín na h-oidhche ó d'iarrfadh sé é 'in onóir Dé a's Mhuire'.
Ní hé 'chuile fhear bóthair a's bealaigh a leigfinn isteach, ach ba mhór a' grádh Dia lóistín a thabhairt do'n duine bocht siúd.
Níor cheart do dhuine aon-araoid a chuir ar fhear bóthair ná bealaigh, a's gan-fhios aige cé'n uair a chas(f)aidhe é fhéin, in áit strainséara.
Ba mhaith é an sean-fhear faoi lucht bóthair a's bealaigh a leigean isteach, ach sílim nach mórán gaisce atá ar a' mac.
Sin baile nar caitheadh a' droch-cheann ariamh le fear bóthair ná bealaigh ann. Tá 'shliocht ar fhear na h-áite seo: áit a' bith dhá gcasfar é, a's a rádh gur as C. é; beidh omós dhó.
Níor leigeadh a shlainte ariamh le fear bóthair ná bealaigh as a' tsráid-bhaile chéadna. An cluithche scaibhtéaraí ba mhó a bhí ar foth ná ar féar, is istigh sa mbaile sin a bhí siad scathamh.
B'olc an giodán é Gleann Bh. tamall le fear bóthair ná bealaigh a chastáil ann, deireannach 'san oidhche.
'San am a raibh na rógairí reatha ann fadó, ní raibh aon-ghoir ag fear bóthair ná bealaigh bheith amuigh deireannach. Bhainfidís a mbeadh aige dhi, a's b'fhéidir tuighe srathar a bhualadh air, in aice sin.
Níor chuala tú fear bóthair ná bealaigh ariamh buidheach do'n lorgán sin.
Is teach é, nar cuireadh aon-chumaoin le lucht bóthair ná bealaigh ariamh ann. Bhí fear a' tighe daoitheamhail, doithcheallach a's gar dhó fhéin.
Is teach é, nar leigeadh fear bóthair ná bealaigh amach as ariamh, gan a' t-ocras, a's a' tart a bhaint dhe.
Dhá mbadh fear bóthair a's bealaigh é, ba chuma airgead aige ná uaidh, ní fheicfeadh sé aon an-shógh. Bhí sé chomh maith do'n strainséara nach bhfaca sé ariamh, a's bhí sé do'n chomhursa. A's bhí a shliocht air: tháinic a' saoghal bruigheanach ar a shochraide.
+–
'Bhfuil fios (nó eolus) do bhealaigh agad? = an feasach duit, cé'n bóthar, casán etc a ghabhfas tú, le dhul go dtí an áit sin. (Cialluigheann "fios a bhealaigh" freisin, fios céard is ceart duit a dhéanamh, a rádh, nó 'n chaoi is ceart do dhuine é fhéin a iomchur. Féach "fios do labhartha).
Rachainn (ch)uig a' teach aige, dhá mbeadh fios a' bhealaigh agam.
TUILLEADH (23) ▼
Is doiligh fios do bhealaigh a dhéanamh go dtí an áit siúd.
Cé'n chlóic atá ort, má tá fios do bhealaigh aghad!
Ní bheinnse dhá fhágáil i gcleitheamhnas aonduine, dhá mbeadh fios a' bhealaigh agham. Ghabhfainn fhéin ann.
D'iagcóir Dé dhuit, mara bhfuil fios do bhealaigh fós aghad, a's a liachtaighe uair a chuaidh tú ann cheana! (D'iagcóir = d'éagcóir?)
Níl stróbh a' bith ort eolus a' bhealaigh a dhéanamh. Tá ainm thuas ar 'chuile shráid ann.
Dhá mbeadh lampa agham is fhearr a bheinn indon eolus a' bhealaigh a dhéanamh.
D'fhiafruigh mé fios a' bhealaigh de scrománach mór, a raibh a dhruim le balla aige a's má d'fhiafruigh fhéin, is beag an áird a thug sé orm.
Níl treoruidheacht a' bith ionnad mara bhfuil eolus a' bhealaigh go B. agad fós. = níl rath a' bith ort ag aithneachtáil bóithrí ná bealaighe.
Ceadh nach bhfuil eolus a' bhealaigh agad fós?
Is corr-dhuine a gheobhfadh eolus a' bhealaigh go dtí an áit siúd, mara mbeadh fear aitheantais ann go díreach.
Ní mó ná duine a rugadh a's a tóigeadh ann, a dhéanfadh eolus a bhealaigh ann, le na bhfuil de chorannaí a's de chasaidheachaí a' dul isteach go dtí é.
Ní raibh eolus a' bhealaigh aige, a's dhá mbeadh fhéin, a's chomh dorcha a's bhí an oidhche, ghabhfad sé righte leis a bhealach a dheanamh ar na leacrachaí, a's ins na clochair siúd.
Is mór a' saothruidhe thú, a's eolus do bhealaigh a dheanamh amach.
Mara bhfuil eolus a' bhealaigh agad, 'sé bhfuil le déanamh agad tuairisc a chur.
Ní bhfuighinn eolus a' bhealaigh, dhá mbeinn ann ó shoin. Chaithfeadh sé gur bhain fóidín mearadh, nó mearbhall eicínt dom, nach raibh treoruidheacht thairis sin ionnam.
Chaith mé uair a' chluig go láidir a' fálróid síos a's suas ar a' mbóthar, a's gan duine ná deoruidhe a' toidheacht, a d'innseochadh (a thiubhradh) eolus a' bhealaigh dhom.
Níl fhios cé'n timcheall a chuirfinn orm fhéin, marach gur thug Dia dhom, gur fhiafruigh mé de chailín óg a bhí ann cá raibh S. in a chomhnuidhe, a's chuir sí ar eolus a bhealaigh mé.
Ach a dteaga tú chomh fada leis a' gcúinne cuirfe duine 'bith ar eolus a' bhealaigh thú, ach é 'fhiafruighe.
Is mór a' t-aithgiorra é, ach eolus a' bhealaigh a bheith agad.
'Bhfuair tú an bealach go réidh? = 'bhfuair tú eolus a' bhealaigh go réidh.
Cuir bun ar a' mbealach mara bhfuil fhios agad cheana é. = mara bhfuil eolas a' bhealaigh aghad, cheana, cuir tuairisc faoi.
Ná bíodh cás ná náire ort bonn a chur mara mbí eolus a' bhealaigh agad.
Is beag a' ghus é, nar chuir tuairisc, mara raibh sé indon eolus a bhealaigh a fhaghail.
b.
Cead a bhealaigh: cead imtheachta; cead imtheacht' faoi scuir; cead a chos; é leigean as géibheann; leigean leis; é 'shaoradh as gabhail, bealach a scaoileadh nó a leigeann leis.
+–
Tabhair cead a' bhealaigh dhó = tabhair cead imtheacht' dhó; tabhair cead a chinn, nó cead a chos dhó.
Níor thug sé cead an bhealaigh dhuinn, go dtí an ceathair a' chlog; níor leig sé cead a bhealaigh linn go dtí an ceathair a chlog.
TUILLEADH (15) ▼
Tá sé thar-am cead a bhealaigh a thabhairt dó feasta.
Bhí sé 'strócántacht ag iarraidh imtheacht ó mhaidin, a's thug mé cead a' bhealaigh dhó ar báillín. Nach raibh sé chomh maith dhom: d'íosfadh sé beo beithidheach istigh sa teach mé, mara dtugainn cead dó imtheacht.
Ba gearr a choinnigh siad sa mbearraic é, gur tugadh cead a bhealaigh aríst dó.
Dheamhan cead a bhealaigh a gheobhfas sé d'uireasbha bannaí.
Cé'n ghna(ithe) atá aca(b) dhó siúd sa bpríosún: tiubharfa siad cead a bhealaigh aríst dó.
Is maith a rinne tú cead a bhealaigh a leigean leis. Ní raibh gna(ithe) ar bith aghad, a' coinneál moille air.
Ní bhfaighe sé cead a bhealaigh chomh réidh a's shílea(nn)s sé féin. Beidh cóirí catha thairis sin air.
Thug an máighistir cead a' bhealaigh dóib (do na scoláirí) ag a' dó indiu.
Ar a' dá luath a's a dtiubharfaidhear cead a' bhealaigh dhuit ó'n scoil indiu, teara abhaile ar a' bpuínnte boise, go dteighe tú a' gort-ghlanadh fataí, annsin thiar. Ar chraiceann do chluas, ná dean aon-fhánuidheacht ar a' mbealach.
Shíl mé nach bhfaigheadh muid cead a' bhealaigh uaidh go deo, bhí an tseanmóir chomh fada sin aige.
Rinne sé siun sinncín díom le cainnt. Shíl mé faoi dheire, nach bhfaighinn cead a' bhealaigh uaidh chor a' bith.
Ní raibh cuímne 'bith agham, go bhfuighinn cead a' bhealaigh chomh h-éasca a's fuair mé.
Bailigheadh leat anois. Tá cead a' bhealaigh agad.
Má tá fonn ort imtheacht, tá cead a' bhealaigh agad.
Níl duine 'bith a' baint cead a bhealaigh dhíot. Imthigh leat, má's breagh leat é. 'A chomhairle fhéin do mhac Anna, a's ní bhfuair sé ariamh níos measa'.
+–
Scaoil bealach leis; tabhair cead a bhealaigh dó; leig bealach leis = leig 'un siubhail é; tabhair cead imtheachta dhó.
Níl a dhath maitheasa dhuit a bheith a' saimhseáil mar sin leis. Scaoil bealach leis.
TUILLEADH (8) ▼
Scaoil bealach leis feasta, a's ná coinnigh ar feadh an lae é.
Ní scaoilfeadh sé bealach liom, gur dhubhairt mé go mbeithí liom (i.e. anuas orm) sa mbaile.
Shílfeá gur mó an bhrath a bhí ag na póilíos é 'thógáil, ach scaoil siad bealach leis, faoi (dh)eire a's faoi dheoidh.
Is mór an náire do'n mháighistir é, nar scaoil bealach lib fadó, fharra's sib a bheith stiúctha leis an ocras an tráth seo 'ló.
Scaoil bealach leis. Dheamhan punta oibre a dhéanfas sé aríst go faoithin, mara bhfagha sé cead imtheacht'.
Scaoilfinn bealach leis a' mbuachaill sin, dhá mbeadh fhios agham, go bhfaghainn aon-bhuachaill eile go réidh. Dheamhan a' fiú deich triuf é. Is mó atá sé sa mbealach orm.
Is fadó an lá a scaoilfinnse bealach léithe in a rogha áit, ach is measa leis a' tsean-bhean í, ná gealacán a súl, a's ní mian léithe cead a' bhealaigh a thabhairt di chor a' bith.
Dhéanfadh sé ár, dá leigeadh muid bealach leis, agus sáthach righte a chuaidh sé linn é 'cheannsú chor a' bith.
+–
Sin é amach an bealach agad, má tá fonn imtheacht' ort. (Déarfaí go goirgeach le duine istigh idteach é, a's é 'cur a chosa uaidh ag iarraidh imtheachta, nó a dhul in áit eicínt)
Sin é amach a' bealach agad, ach má thaobhuigheann tú an teach seo aríst anocht, codlócha tú amuigh.
TUILLEADH (3) ▼
Sin é soir a' bealach aghad, a's imthigh, go bhfeiceamuid cá'ide go dteaga tú abhaile aríst!
Sin é siar a' bealach aghad, má tá an oiread sin fonn ort a dhul ann!
Sin é suas a' bealach agad, a's nar fhille tú go luath, gan dochar gan díoghbháil dúinne!
+–
Chuir sé 'un bealaigh indiu é = chuir sé (ch)un siubhail, (ch)un seoil etc é.
Tuige nar chuir tú an leitir sin 'un bealaigh fós.
TUILLEADH (9) ▼
Scríobh sé 'un bealaigh ag iarraidh 'bicycle' = go Baile Átha Cliath, Sasana etc.
Ní bhacfa mé le Gaillimh. Scríobhfa mé 'un bealaigh faoi na dhéint.
Tá sé in am aghad an t-airgead sin a chuir (ch)un bealaigh feasta.
Ní cuirfear chugad é go gcuire tú an t-airgead (ch)un bealaigh.
Teirigh isteach idteach a' phosta annsin thoir, a's cuirfe siad an cíos (ch)un bealaigh dhuit.
Cuir un bealaigh, teachtaire eicínt in a choinne.
Cáide go dteighe tú 'un bealaigh? = go n-imthighe tú (go h-áithrid in áit i bhfad ó láthair, Sasana, Ameriocá, Baile Átha Cliath etc).
Chuir sé an spailpín 'un bealaigh = dhíbir sé é; chuir sé uaidh é. (Is annamh a baintear leas as mar seo, a's is cosamhail gur truailligheacht é).
Chuir sé an bhean 'un bealaigh go dtí an siopa ag iarraidh fuisce
+–
Bhí mé a' goid a' bhealaigh liom = a' déanamh an bhealaigh; a' siubhal liom go roighin a' deanamh ar cheann-scríbe.
Níl ann, ach go raibh mé a' goid a' bhealaigh liom abhaile, arae bhí mé tuirseach sáruighthe de bharr mo lae.
TUILLEADH (2) ▼
Féadfamuid a bheith 'goid an bhealaigh linn anois.
A' goid an bhealaigh liom a bhí mé go tuirseach támáilte, nuair a tháinic sé suas liom, a's thug marcuigheacht sa gcarr dhom.
+–
Níl siubhal a' bhealaigh ann, tada leis = ní maith go bhfuil sé in don a' bóthar a shiubhal.
Níor fhan siubhal a' bhealaigh, chor a' bith ionnam (nó agam) le goirid.
TUILLEADH (12) ▼
Níl siubhal a' bhealaigh anois innte, ó chuaidh sí 'un donacht le na scoilteachaí.
Is beag le go bhfuil siubhal a' bhealaigh ionnam, le teann ocrais.
Má tá siubhal a' bhealaigh ann, 'sé a chloch neart é.
Is mór a chuaidh an ruaig (thinnis) sin thríd. Níor fhága sí siubhal a' bhealaigh aige (ann)
Ní fhaca mé aon-fhear ariamh is mó a claoidheadh le goirid ná é. Tá sé chomh tugtha uaidh sin anois, a's nach mó ná siubhal a' bhealaigh atá ann.
Níor fhága an slaghdán bradach sin siubhal a' bhealaigh agham. Seachtmhain a bhí mé buailte síos leis, a's ba mheasa dhom é, ná dhá gcaithinn bliadhain in mo leaba.
Dhá mbeadh siubhal a' bhealaigh ionnamsa, d'fheicfeá féin air, gur gearr a bheinnse ag dul síos a's dhá chasadh léithe.
Bheadh sé ann, dá mbeadh siubhal a' bhealaigh chor ar bith ann.
An fhad's 'bhí siubhal a' bhealaigh chor a' bith aige, níor fhága sé an t-Aifreann ar deire (theigheadh sé 'na n-Aifrinn).
Níl aon-ghuth agham air, a theacht, arae níl siubhal a' bhealaigh fanta ann le goirid.
Ní[or] fhan siubhal a' bhealaigh ionnam, tada leis, ó bhí an slaghdán orm anuiridh.
Dheamhan mórán le siubhal a' bhealaigh, a d'fhan ionnam, ó bhí mé buailte síos annseo imbliadhna (féach "ithe a chodach", "iarraidh a chodach", etc)
+–
Béal a' bhealaigh = súil bóthair; béal nó ceann bóithrín; cois bóthair, casáin etc.
Tá a theach imbéal a' bhealaigh; tá a theach chois a' bhealaigh, nó le h-ais a' bhealaigh = tá a theach ar shúil a' bhóthair
TUILLEADH (17) ▼
Is furasta aithinte dhuit cá'il sé in a chomhnuidhe — botháinín ceann-tuighe imbéal a' bhealaigh.
Cé atá in a chomhnuidhe sa teach mór atá imbéal a' bhealaigh annseo thíos? = ag ceann an bhóithrín nó an chasáin; ag cumar na mbóthar.
Bíonn sé igcomhnuidhe imbéal a' bhealaigh = ar a' mbóthar; chois a' bhóthair; idtalamh chois a' bhóthair.
Ní fhaca mé ariamh é nach imbéal a' bhealaigh a bheadh sé. Meastú 'ndéanann sé buille 'bith maitheasa?
Ní fhágann sé béal a' bhealaigh chor a' bith, a's tá bleid buailte aige, ar a' bhfear siar, a's ar a' bhfear aniar.
Tá a chuid talmhana uileag imbéal a' bhealaigh. Is leis a' réimse talmhana sin atá a' síneadh le bóthar ó thuaidh.
Céard a chas imbéal a' bhealaigh tú indiu?
Chomh tráthamhail le na bhfaca tú ariamh, chas sé liom imbéal a' bhealaigh.
Ní fhéadaim a dhul soir ná siar, nach mbíonn sé romham i mbéal a' bhealaigh, ag iarraidh scéalta orm.
Sin é a bhfuil ar aire — a bheith imbéal a' bhealaigh annsiúd — leis a' mbean soir, a's leis an mbean siar a thiodhlacan píosa de'n bhóthar!
Bíonn sé go h-acht a's go h-áithrid imbéal a' bhealaigh!
Deir tú léithe a bhí imbéal a' bhealaigh rómham, le tosuighe a' sciolladóireacht orm.
Sé'n chéad bhall é chonnaic mé imbéal a' bhealaigh romham, a's mé ag (d)ul soir.
Is dhó is fusa 'chuile thuairisc a bheith aige. Tá sé i mbéal a' bhealaigh, a's forradh chainnte curta aige ar 'chuile dhuine.
Sé'n rud is luath (lughar) liom beo, duine a bheith imbéal a' bhealaigh rómham, a' súil le tuairisc.
Is gránda an bealach atá léithe, amuigh imbéal a' bhealaigh, roimh chuile dhuine, go bhfagha sí amach cá'il sé ag (d)ul.
Is (ch)uige atá tarraingt 'chuile dhuine, arae, tá a theach imbéal a' bhealaigh.
+–
Chuaidh tú as a' mbealach ar fad = chuaidh tú amudha ar chasán, nó chuir tú aistear nó timcheall ort fhéin.
Ní rabh fhios agham, go raibh muid chomh fada as a' mbealach gur ghealuigh an lá amach.
TUILLEADH (2) ▼
Mara mbí tú an-áirdeallach, is furasta a dhul as a' mbealach ann.
Nuair a tháinic muid amach ar a' mbóthar, bhí muid, míle as a mbealach. Nach mór a' mearbhall a bhí orainn!
c.
+–
Tá tú i lár a' bhealaigh = tá tú mar bheadh dris-chosáin ann; ní féidir le duine a dhul thart.
Tuige nach bhfágfá lár a' bhealaigh.
TUILLEADH (4) ▼
Suidh síos a's ná bí in do staidhce i lár a' bhealaigh, nach féidir le duine corruighe síos ná suas agad.
Tá sé de bheith ort a bheith i lár a' bhealaigh igcomhnuidhe. Breagh nach seasfá i leath-taobh, a's gan a bheith in do sheasamh annsin, in do liúdramán i gcomhnuidhe.
Ní fhéadfa duine a dhul síos ná aníos a' bóithrín, nach bhfuil a charr tarraingthe i lár a' bhealaigh aige roimhe. Shílfeá gur leis fhéin an bóithrín ar fad.
Ní raibh aon-ghoir agham a dhul anonn ná anall aige. Bhí sé i lár a' bhealaigh romham.
+–
Tá tú sa mbealach = an áit a mbeitheá a' cur as do dhaoine eile — rompa ar chasán, ar bhóthar, in a gcuid oibre etc.
Tá tú sa mbealach orm.
TUILLEADH (6) ▼
Bhí sé sa mbealach orm, a's dubhairt mé leis, go gcaithfeadh sé an bealach a fhágáil.
Tá tú sa mbealach ar fad orm; tá tú sa mbealach ar mo chuid oibre.
Tá sceach sa mbealach orra(b) = i riocht's nach féidir leo(b) obair eicínt a dhéanamh, nó a theacht amach nó a dhul isteach, ag an sceich.
Marach an chloch sin a bheith sa mbealach orainn, b'fhurasta an leac a árdú.
Tá tú sa mbealach ar a' solus = tá tú idir mé a's an solus; ní féidir liom tada a fheiceál agad.
'Marach a' taoille sa mbealach, dhéanfainn eolus a' bhaile a mbíonn tú; Rachainn dod' fhéachaint 'chaon Satharn, a stóirín, a's ar maidin Dé Luain' (as 'Neilí')
+–
Is mór sa mbealach thú = duine nach mbeadh aon-iarracht ná aon-ghnaoi air, idteach ná in áit.
Is mó sa mbealach é an duine bocht i gcomhnuidhe (leath-fhocal).
TUILLEADH (10) ▼
Shílfeá go mbadh mhór sa mbealach mé, leis an ngruaim a chuir sí uirre fhéin liom.
Is mó sa mbealach é, ná a bhfuil sé a dhéanamh de mhaith = duine a bheadh in ainm's a bheith ag obair, ach nach mbeadh tada de mhaith dá bharr.
Dheamhan congnamh ná cuid de chongnamh atá sé a thabhairt domsa. Is mó sa mbealach go mór é.
Níl maith ná maoin leis. Is mó sa mbealach é.
Ní ghlacfainn é, dhá dteagadh sé liom in aisce. Is mó a bheadh sé sa mbealach ar fhear.
Tá díthchéille ort, má chuireann tú aimsir air sin. Is mó a bheidheas sé sa mbealach ort.
A' bhfuil tú 'ceapadh go dtiubhrainn thusa ag obair liom. Is mó a bheitheá sa mbealach orm.
Díol cam air, an spriosáinín! Tá sé in ainm's a bheith a' chongnamh dhom le seachtmhain, ach is mó atá sé sa mbealach orm, go fada.
Dhá mbeadh Éire taobh leis, ní leigfinn isteach in mo gharrdha é! Is mó sa mbealach ar fhear é.
Dhá mbeadh fear oibre ann, ach is mó sa mbealach ar fhear oibre Seáinín!
+–
Níl duine ar bith sa mbealach anois air, a's dheamhan a bhfuil a' pósadh dhó 'na dheidh sin = níl duine a' bith eile sa teach le cur as dó.
Beidh moill air, shul dhá bhféadfa sé pósadh. Tá lán a' tighe sa mbealach air.
TUILLEADH (8) ▼
Ní féidir gur a' cuimhniú ar phósadh a bheadh sé, a's a bhfuil sa mbealach air.
Níl sa mbealach air, anois, ach a' deirbhshiúr, a's is gearr go n-imthighe sí sin, í fhéin
Nuair a bhí an chuid eile annseo, bhíod sé a' clamhsán nach raibh sé 'fághail cead pósta, a's anois nuair nach bhfuil duine 'bith sa mbealach air, dheamhan a bhfuil 'a' corruighe' dhe.
Is deacair dhó bean a thabhairt isteach annsiúd a's a bhfuil sa mbealach air.
Ná bacaimse thú, má tá fonn pósta ort. Ní bheidh mise sa mbealach ort, ach feadh's mé 'faghail mo phaisinéaracht go Meriocá.
Is deas an áit a fuair sí, a's gan duine ná deoruidhe sa mbealach uirre, ach í fhéin.
Sé'n chaoi 'bhfuil sí sa mbealach air fhéin, a's ar 'chuile dhuine eile = níl aon-mhaith leis ag obair.
Fan as a' mbealach = de'n bhóthar, de'n chasán etc.
d.
+–
Tá tú 'déanamh an bhealaigh leat bail ó Dhia ort!
Bhí mé a' déanamh an bhealaigh liom abhaile aréir, nuair a scoth sé mé, a's dheamhan oiread a's beannú dhom a rinne sé.
TUILLEADH (12) ▼
Is beag a' stróbh atá air sin an bealach a dhéanamh = an t-eolus a fhaghail; a bheith in araidheacht an t-aistear a chuir dhe.
Is ar ín ar éigin a rinne mé mo bhealach abhaile aréir bhí an oidhche chomh dorcha sin.
Is mór a' saothruidhe thú a's a bheith indon do bhealach a dheanamh chor a' bith go dtí an teach seo, a's chomh h-aistreannach a's atá an sean-chasán.
Meastú a' mbeidh tú indon an bealach a dheanamh?
Tiubhra sé 'sháith go binn do'n ghasúr sin an bealach a dheanamh, arae níl aon-éitir ann. = níl aon-neart sa ngasúr a's claochmócha an t-aistear é.
Is beag a' baoghal atá air sin, nach mbeadh indon a' bealach a dhéanamh. Nach bhfuil sé chomh luath, láidir leat fhéin fós.
Is beag a' mhairg air sin, mo léan, a' bealach a dhéanamh nó dhá mbeadh sé 'fhad eile. A' leigean cluanaidheachta air fhéin a bhío(nn)sé sin, nuair adeirea(nn)s sé go mbíonn sé go dona.
Is mór a chruthuigh tú a's do bhealach a dhéanamh thrídh 'na daoine.
Rinneadh bealach dhó thríd an gcruinniú.
'Bhí Máire Maidiléana amach roimpi (roimh an Maighdin Mhuire) a's rinne sí bealach dhi thríd a' gcruinneál'.
B'éigean bealach a dhéanamh dhó, go ndeacha sé síos ar a' teallach, an áit a raibh an scliúchas. Sin é a raibh ann. Shuaimnigh an teach ar a' toirt.
Chuaidh sé righte go leor liom, bealach a dhéanamh thrídh na daoine.
e.
Bealach do leasa = do leas a bheith romhat, a's tú in áithrid breith uirre; bóthar do leasa; clár do leasa. bealach aimhleasa; áit achrannach, aistreánnach (bóthar do leasa — is beag leas a baintear as, a's nuair a baintear, ní fearacht na leabhar é. Déarfaidhe "ní hé bóthar a leasa a thug sé ar fhéin, a's a dhul annsin indiu." Ach ní abróchthaidhe "tá sé ar bhóthar a leasa, anois", nuair ba dhóigh do dhuine a bheith ar chúrsa a d'eireochadh leis).
+–
Ní ar bhealach do leasa a chuirfeas an ceann sin thú, má ghéilleann tú dhó.
Tabhair áird' ar sin, a's cuirfe sé ar bhealach do leasa thú! = bealach a bhasctha atá i gceist.
TUILLEADH (2) ▼
'Sé Pádraicín a chuir ar bhealach a leasa é. Dheamhan láimh a bheadh aige go bráth ann marach é = thug Pádraicín comhairle a leasa dhó.
Ní raibh sé ar bhealach a leasa ariamh go dtí anois, má tá indán's go bhfuil sé a' tarraingt go dtí iad sin! = a mhalrait atá i gceist; i mbealach a bhasctha a cuirfear 'san áit sin, nó sa teach sin é.
+–
Ní hé bealach do leasa atá leat = ní bárúintí do leasa atá fút; níl sé in áithrid duit do leas a dheanamh, a's a bheith ar an gceird a bhfuil tú.
Ní hé bealach do leasa atá leat, ná le aon-duine eile a ghéillfeas do na bacaigh sin.
TUILLEADH (2) ▼
Dhá mbeadh bealach do leasa leat, ní thaobh(ochth)á an teach sin, beag ná mór.
Ní raibh bealach a leasa leis a' gceann céadna ariamh fhéin, ní áirmhighim é 'bheith amhla anois.
+–
Is beag an áirde a bhéarfas sé sin, ar aon-duine atá ar mhaith leis, ná a chuirfeadh ar bhealach a leasa é.
Ní dhéanfa sé sin bealach a leasa, ar chomhairle aon-dhuine.
TUILLEADH (8) ▼
Is beag a' baoghal air bealach a leasa a dhéanamh, pébrí céard a dhéanfas sé le bealach 'aimhleasa = 'sé is dóigh dhó a aimhleas a dhéanamh ach níl baoghal a' bith fhéin, go ndéanfa sé a leas.
Go gcuire Dia ar bhealach do leasa thú, pébrí céard a dhéanfas tú! = go dtuga Dia dhuit do leas a dhéanamh pé'r bith céard a dhéanfas tú (nuair a bheadh duine idir dhá chomhairle faoi rud áithrid eicínt a dhéanamh, a's gan 'fhios aige a mb'fhearr dó é 'dhéanamh nó gan a dhéanamh; nó nuair a bheadh roghain a' dá dhíoghadh ag duine).
Ní minic leis, bealach a leasa a dhéanamh, ní dhá roinnt leis é! = ní minic leis a leas a dhéanamh.
Níl géilleamhaint a' bith aige sin, do'n té a chuirfeadh ar bhealach a leasa é.
Ní ar bhealach do leasa, ach ar bhealach t'aimhleasa a chuirfeas mac Th. Ph. thú má éisteann tú le na chómhráidhtí.
Má's é bealach do leasa atá fút, fanócha tú uatha(b) sin.
Ní hé bealach a leasa atá a' cur síos leis a' scabhtaera sin chor ar bith = níl imnidhe a' bith air faoi na leas a dhéanamh.
Bhí fhios agham go maith, nach hé bealach a leasa a bhí leis, a's a dhul siar annsin, an chéad lá ariamh.
f.
Bealach do bhasctha: malrait "bhealach do leasa"; cúrsa nach bhfuil in áithrid eirghe leat; bealach a bhfuil tú in áithrid do chreach a dheanamh leis. (Tugtar bealach do bhasctha ar dhroch-chasán, nó áit achrannach freisin: "nach thú a thug ar bhealach mo bhasctha mé 'sna breaclachaí seo)
+–
Tá an t-ealadhantóir sin, ar [hob] thú 'chur ar bhealach do bhasctha = má ghéilleann tú dhó, cuirfe sé imbealach do bhasctha thú.
Nach mé a casadh imbealach mo bhasctha, a's a theacht isteach annseo!
TUILLEADH (12) ▼
Tá tú ceart, mara meálla siad sin imbealach do bhasctha thú.
'Sé atá ag (dh)ul imbealach a bhasctha anois muise, dhá mbeadh fhios aige é. Ach 'is cuma leis an óige, cá gcuirfe sí a cois'.
Fan as bealach do bhasctha, má fhéadann tú.
Is beag a' baoghal ar siúd a dhul imbealach a bhasctha, ní hé sin fhearacht ag tuille é.
Má tá tú ag iarraidh a dhul imbealach do bhasctha, teirigh isteach annsin!
Cá'il tú ag iarraidh mé a thabhairt? Imbealach mo bhasctha! Ní beag dom, chomh dona a's atá mé faraor, a's gan mé a bheith níos measa!
Is mé a casadh imbealach mo bhasctha, ceart, críochnuighthe indiu!
Dhá ngéillinn dó, ní chomhnóchadh sé go dtugadh sé imbealach mo bhasctha mé!
Ní chomhnócha tú, go dteighe tú imbealach do bhasctha, as a dheire! = beidh tú ar siubhal, go gcastar i dtrupás thú.
Is mairg dhom, a thiocfadh imbealach mo bhasctha ar do chomhairle-sa — is mairg sin!
Is mór a chuirea(nn)s a' t-ól imbealach a mbasctha. 'Sé atá deas air!
'Siad na mná a tharraing imbealach a bhasctha é an chéad lá ariamh.
g.
+–
Ní fhaca mé imbealach ná indearmad leis an fhad seo é. = ní fhaca mé in aon-áit é.
Ní fhaca mé an ceann céadna imbealach ná indearmad le mo chuímne.
TUILLEADH (12) ▼
Marach gur buailte suas atá sé d'fheicfinn imbealach nó in dearmad le fada é, ach ní fhacas.
Is mór a' t-iongnadh nach bhfeicfidhe imbealach nó indearmad anois é, nó 'bhfuil sé 'coinneál na leapthan i gcomhnuidhe?
Ó'n lá sin go dtí an lá atá indiu ann, ní fhaca mé imbealach ná i ndearmad dhe.
Thóruigh mé is 'chuile mhíle áit ar fud an aonaigh é, ach dheamhan a chos a bhí le faghail imbealach ná in dearmad ann.
Gheall sí, a bheith anoir leis, an Luan dar gcionn, ach mo chreach mhaidne, thú, ní fhaca mé amharc uirre imbealach ná indearmad ó shoin.
Chaithfead sé go gcoinnigheann sí as mo bhealach, arae ó'n lá ar iarr mé mo phunt uirre, níor leag mé súil uirre, imbealach ná indearmad ariamh ó shoin.
Deir tú leis, nach bhfaca dhom, imbealach ná i ndearmad, ó'n lá ar rug mé air a' bleaghan mo chuid beitheadhach.
Ó'n lá a dtug mé an seicín dó (nóta deich scilleacha), dheamhan a chos ná a chnáimh a chonnaic mé imbealach ná indearmad ó shoin. Beidh a shliocht orm: feicfe tú fhéin air, nach dtaobhócha sé mise níos mó.
Tá sé na cianta ó chonnaic mé imbealach ná indearmad í, go dtí indé, inGaillimh. 'Sí atá tuartha snuighte as a ceann-aghaidh, a's má tá fhéin, cé h-iongnadh dhi sin, a's an fhad a's bhí sí buailte síos.
Sé'n eorna nuadh an ceann céadna a fheiceál, arae is fadó cheana, nar facthas imbealach ná indearmad é.
Meastú an donacht a' bith atá air, le nach bhfuil sé le feiceál imbealach ná indearmad leis an fhad seo.
Is fada aríst, tá faitchíos orm, go bhfeice tú imbealach ná indearmad é, mara dteighe tú de mhaol de mhainge 'na tighe a' breathnú air. Buaileadh síos é an tseachtmhain seo caithte, a's beidh liostachas fada air, mara bhfuil ag Dia.
h.
+–
Tá sé in am a bheith a' giorrú an bhealaigh = tá sé in am imtheacht ar an aistir.
Ní fhleárr dhuinn a bheith giorrú an bhealaigh noiméad a' bith feasta.
TUILLEADH (8) ▼
Dhá mbeitheá ar a' mbóthar chor a' bith, ní aireocha a' giorrú an bhealaighe abhaile.
Nach gearr a bhío(nn)s na busannaí seo a' giorrú an bhealaigh.
Fág seo go beo! Tá sé in am a bheith ag giorrú an bheala(igh).
Dhá mbeadh an mótar sin agad, is air nach mbeadh a' mhoill a' giorrú an bhealaigh dhuit.
Níor airigh muid an bealach dhá ghiorrú aige, le na chuid scéalta a's barramhlachta = is gearr a d'airigh muid an t-aistear, mar ba mhór a' chuideachta dhuinn é.
Is gearr a bheidheas sé siúd a' giorrú an bhealaigh dhaoib = innseocha sé scéalta, a's is mór a' chuideachta é, a's ní aireocha sib an bóthar aige.
'Sé P. dhá mbeadh sé in éindigh linn nach mbeadh i bhfad a' giorrú an bhealaigh. Níl aon-chuideachta go h-éag ach é.
Ní aireochthá a' giorrú an bhealaigh é, le na bhfuil dhe nathaidheacht a's de dheagh-chainnt aige.
+–
Giorruigh an bealach (giorruigh an bothar, giorruigh an oidhche dhuinn etc) = innis scéal, déan bréag, nathuidheacht nó greann, abair amhrán, nó rud ar bith mar sin (seo é adubhairt an Gobán Saor leis an mac, a's iad ar a n-aistir go dtí cúirt an Rí. Thosuigh an mac a' rith i muinghnín a chruite, a's dubhairt a' Gobán go gcaithfidís filleadh abhaile, nach ndéanfaidís aon-chúis an lá sin. Tá'n chiall chéadna fós leis)
Giorruigh an bealach dhuinn, le amhrán nó le scéal breagh.
TUILLEADH (10) ▼
Giorrócha na bréaga fhéin an bealach; Dheamhan lá loicht ar a' mbréig fhéin leis a' mbealach a ghiorrú do dhuine.
Ní miste linn, cé's sórt amhrán adéarfas tú, ach a' bealach a ghiorrú.
Abair do rogha amhrán — rud a' bith leis a' mbealach a ghiorrú.
Ba mhór a' giorrú ar a' mbealach ar dhubhairt sé d'amhráin dhuinn.
Is deas a' chaoi é sin leis a' mbealach a ghiorrú!
Thú fhéin is fhearr leis a' mbealach a ghiorrú.
Is diabhaltaidhe an giorrachan ar a' mbealach an scéal sin fhéin.
Is mór an giorrú bealaigh (is mór an giorrú ar a' mbealach) an comhrádh a's an chainnt.
Is mór a' giorrú ar a' mbealach, an comhluadar.
Ba mhór a' comhluadar dhom abhaile é. Ghiorruigh sé an bealach dhom, le na chuid cumadóireachta. D'éist mise leis, a's mé dhá leigean isteach i gcluais, a's amach sa gcluais eile.
+–
Tá sé a' giorrú an bhealaigh an duine bocht! = duine a bheadh ar a chailleadh; duine a's é dhá ghoid as, ag tinneas a' bháis.
Tá sé ag giorrú an bhealaigh. Sílim gur gearr a' bás uaidh anois.
TUILLEADH (6) ▼
Níl aon-dán biseach (bisighe) dhó. A' giorrú an bhealaigh atá sé. = tá a chuid bisighe ar iarraidh: biseach an bháis atá air.
Tá sé a' giorrú an bhealaigh le gabhail 'un seachtmhaine, a's ní bhfuair sé aon-bhás fós 'na dheidh sin. Nach áidhbhéil a' seasamh aige é!
Is gearr uaidh anois, cheapfainn. Tá sé ar a mhine-ghéire a' giorrú an bhealaigh. = is beag a' seadh a thiubhras sé anois. Tá sé a' teannadh leis an mbás.
Níl pian ná tinneas air, ach é a' giorrú an bheala(igh) leis.
Tiubhra an oidhche anocht fuighleach le déanamh dhó, agus is suarach a' t-iongnadh é, arae is fada anois é a' giorrú an bhealaigh = 'sé a dhicheall an oidhche anocht a shárú etc.
Tá'n chainnt a's an aithne aige fós, ach má tá fhéin, tá sé a' giorrú an bhealaigh.
i.
+–
Is fhearr dhuinn a bheith a' baint choisméig' de'n bhealach = ceann a chuir ar ar n-aistir.
Tá sé thar am aghainn a bheith 'baint choisméig' de'n bhealach.
TUILLEADH (1) ▼
Bí a' baint giota de'n bhealach = imthigh ar an aistir.
+–
Ta bealach fada air, an mhóin a chuir amach = aistear (ní bheadh bóthar ná casán i gceist annseo — aistear amháin).
Is fada an bealach atá air go dtí siopa a's séipéal.
TUILLEADH (13) ▼
Is fada an bealach é go Fionnán = aistear nó turas fada é.
In Domhnach, ní mór dhaoib a bheith a' corruighe amach feasta: tá bealach fada romhaib.
Scaoil amach a' té a bhfuil a' bealach fada air.
Bealach fada é abhaile: beidh an dubh ar an oidhche nuair a bheidheas muid ann.
Níor mhaith liom do bhealach a bheith rómham anois (a bheith le deanamh agham).
Drugal atá air roimh an mbealach fada.
Bealach fada, righte é go dtí na Cnuic.
Dhá mbeadh mo chois ar a' mbealach agham uair, amháin, ní aireochainn dhá shrianadh suas.
'Sé an fear a chaithfeas a dhul sa mbealach fada, is mó cás (is mó truaigh)
'Bhfuil tú 'brath (ar) an bealach fada a thabhairt ort fhéin = 'bhfuil tú brath (ar) an rith-fada a thabhairt ort fhéin?
Is fada an bealach é ag a' té atá a' siubhal dhá chois.
Is beag 'aireochas siad sin é, má's bealach fada fhéin é.
Ní bhainfe tú aon-cheart de'n bhealach aithgiorrach (de'n bhealach treasna) anocht; tá'n oidhche ro-dhorcha.
+–
Níl tú leath-bealaigh fós, ná baol a' bith air = leath an aistir.
Dhá mbeidhinn leath-bealaigh ann, ní aireochainn dhá chur siar = dá mbeadh sé curtha agam go dtí lár báire etc.
TUILLEADH (12) ▼
Ní raibh mé ach leath-bealaigh abhaile, nuair a tháinic sé in a dhórtadh as aer orm, a's báitheadh 'chuile shnáth dhá raibh orm.
Tá muid ionann's leath-bealaigh go Gaillimh anois.
'Bhfuil tú leath-bealaigh sa leabhar fós? = a leath-leighte agad.
Tá bóithrín leath-bealaigh siar do'n Chnoc, a's sin é.
Tá'n t-árd leath-bealaigh síos go bóthar.
Tá sé leath-bealaigh go claidhe, go h-árd.
Bhí mé leath-bealaigh isteach a' dorus, nuair a ghoin m'aire mé, a's loic mé aríst.
Leath-bealaigh abhaile a bhí mé nuair a scoth sé mé.
Níl tú fhoisceacht míle do leath-bealaigh fós.
Tá sé seo in a theach leath-bealaigh aige, a' teacht ó chuairt dó chuil' oidhche. Tagann sé isteach scaithín i gcomhnuidhe. (Bíonn clocha a's tighthe leath-bealaigh i gcomhnuidhe ar bhóithrí, ní h-iad na tighthe ná na clocha céadna a bheadh leath-bealaigh ag chuile áit, dar ndóigh. Is iomdha cloch a's teach ar shúil bóithrí a dtugtar cloch leath-bealaigh nó teach leath-bealaigh orra.)
Níl annseo ach teach leath-bealaighe agham. Tá mé ag gabhail píosa eile.
Ní dhéanfa mé cuairt annseo. Níl ann ach teach leath-bealaigh agham. Caithfe mé a dhul go barr a' bhaile.
+–
Níl tú ceathramhadh cuid (cúigmheadh cuid etc) an bhealaigh fós.
Tá'n bealach bearnuighthe go maith anois aghainn = tá píosa maith de'n aistir tharainn.
TUILLEADH (8) ▼
Is gearr ortsa, bail ó Dhia ort, an bealach a bhearnughadh.
Tá bearnughadh maith ar a' mbealach anois aghainn. = tá muid an chuid is mó de'n aistir.
Níl mórán bearnú ar a' mbealach fós aghainn. Caithfe tú foighid a bheith aghad. B'éigean do do mháthair fanacht naoi ráithe leat!
Tá iarracht maith ar a' mbealach anois aghainn; tá congnamh maith de'n bhealach déanta againn; is gearr go mbí muid ag deire an bhealaigh; is gearr go mbí deire an bhealaigh déanta aghainn = tá muid ionann's ag ceann scríbe
A' ndeacha tú an bealach uileag? = a' ndeacha tú an t-aistear ar fad?
A' mb'éigean duit a dhul an bealach fré chéile = go deire an aistir.
'Bhfuil aon-bhaoghal orainn a bheith ag deire an bhealaigh fós.
Is mór is fiú dhuinn tús a' bhealaigh (tosach, toiseach a' bhealaigh) a bheith dhínn (tharainn) ar aon-chor.
+–
Fuair sé treascairt ar a' mbealach abhaile.
Thuit sé ar meisce ar a' mbealach.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí mé ag dul Gaillimh lá, a's casadh cluithche tinncéaraí dhom ar a' mbealach, a's chuir mé carra chainnte orra(b). Bhí siad ag iarraidh mé 'thabhairt ag ól, dhá dteighinn in éindigh leo(b).
Níor scoth sib an ceann se'aghainne ar a' mbealach (ar a' mbealach abhaile dhaoib, ar a' mbealach Gaillimh dhaoib, ar a' mbealach go dtí an portach).
+–
Tá sé ar a bhealach go Ameriocá anois = tá sé imthighthe ar an aistir go Ameriocá.
Tá sé ar a bhealach aníos faoi seo.
TUILLEADH (2) ▼
Badh cheart dó bheith ar a' mbealach abhaile feasta.
Cuireadh aighneas eicínt air, ar a' bhealach 'na tighe aréir.
+–
Tháinic sé suas liom ar a' mbealach = ar an aistir, ar a' turas
Duine eicínt a casadh dhó, ar a' mbealach a choinnigh moill air. (Ní abróchthaidhe "tá sé ar a' mbealach annseo"; ná "tá sé ar a bhealach annseo", ná "tá sé ar a' bhealach go dtí an áit seo" ("he is on his way here"). Déarfaidhe "Tá sé ar a' mbealach anoir, nó aniar (aníos, i leith etc) nó "tá sé ar a' mbealach a' teacht")
TUILLEADH (2) ▼
Marach gur moilligheadh é, ar a' mbealach, is fadó 'bheadh sé ar faghail.
Cé mhéad lá a chaith sib ar a' mbealach? (ar aistir — treasna Mheriocá, ó Mheriocá etc); cé mhéad lá (cé'n t-achar, cáide, cé'n fhad etc) a bhain a' bealach dhaoib.
+–
Buaileadh faoi bhealach é = áit eicínt ar an aistir a raibh sé.
h-Eirigheadh roimhe faoi bhealach, a's níor fágadh sciúrtóg aige.
TUILLEADH (9) ▼
Buaileadh suas faoi bhealach é, a's b'éigean dó a dhul isteach i dteaichín a bhí ar shúil a' bhóthair, go leigeadh sé an oidhche thairis ann.
Bhuail sliabh gortach faoi bhealach mé, a's shíl mé nach gcanglóchainn aon-fhata le mo mharthainn aríst.
Gortuigheadh faoi bhealach é.
D'imthigh sé le na dhul 'dhá h-iarraidh' (bean) a's loic sé faoi bhealach in a dhiaidh sin.
Feicfe tú fhéin air gur gearr ó bhaile a ghabhfas sé sin. Bhí an duthruach chéadna air, ag dul go Sasana an uair dheire, a's chas sé faoi bhealach 'na dheidh sin, a's tháinic sé abhaile in a bhromachán bliadhna.
Ní fhaca tú aon duine aitheantais faoi bhealach?
Cáide a d'fhan tú faoi bhealach?
Tháinic sé in a dhórtadh orm faoi bhealach.
'Is deas a chuir m'athair fúm, capall ag iarraidh mná; leagadh faoi bhealach í, a's briseadh a croidhe in a lár' (as amhrán)
+–
Réidhtigh tú fhéin faoi chomhair a' bhealaigh; gléas thú fhéin faoi chomhair a' bhealaigh.
Tabhair lón leat faoi chomhair a' bhealaigh.
TUILLEADH (3) ▼
Ní mór dhom lón a's costas faoi chomhair a' bhealaigh.
Níor fhága mise an baile ariamh gan lón a's costas (gan cuid a's costas) faoi chomhair a' bhealaigh.
Thug sé lón a's costas leis l'aghaidh an bhealaigh.
+–
Bhí sé 'báisteach ar feadh an bhealaigh; bhí sé 'báisteach i gcaitheamh an bhealaigh.
Níor tháinic iabh na forus air, ach a' baint achrainn asam ar feadh an bhealaigh anoir.
TUILLEADH (6) ▼
Sin é an deis a bheidheas air, anois igcaitheamh an bhealaigh.
Níor tháinic iabh ar a bhéal, ach a' scithleigeadh bréag ar feadh an bhealaigh.
Shíl mé go scothfadh sé mé 'chuile phuínnte igcaitheamh an bhealaigh, ach dheamhan scothadh. Marach gur bhain timpiste eicínt dó, bheadh sé sa mbaile ó ló.
Bhí cóir aghainn ar feadh an bhealaigh soir, ach baineadh siar asainn é, ar a shon sin a' teacht anoir (bhí an ghaoth in ar n-aghaidh ar rothair, a's sháruigh sí muid).
Níor ísligh muid de na 'bicycles' ar feadh an bhealaigh.
Níor leig sé aon-teach ósta thairis, i gcaitheamh an bhealaigh, nach ndeacha sé isteach ann, a's nar ól sé failm ann.
+–
Níl mórán agham (airgead, lón, etc) ach beidh díol a' bhealaigh agham sílim = riar mo cháis ar an aistir.
Má tá díol a' bhealaigh aghad, céard eile 'tá tú iarraidh?
TUILLEADH (9) ▼
Rachainn go Baile Átha Cliath imbáireach, dhá mbeadh díol a' bhealaigh chor a' bith d'airgead agham ach níl.
Seo punt duit anois, a's bain díol a' bhealaigh as, a's tabhair an chuid eile ar ais domsa.
Is beag a' teirgéis airgid a bhí agham, ach rinne sé díol a' bhealaigh dhom mar sin fhéin.
Dheamhan mórán airgid mar sin, is call duit, le díol do bhealaigh a bheith aghad. Gheobha muid an bus ar shaorgáil (saordháil?), a's féadfa muid lón a thabhairt linn as a' mbaile (mórdháil, mórdhálach — mórgáil, a's mórgálach adeirtear).
Meastú a mbeidh tú indon díol a' bhealaigh a bhailiú chor a' bith?
Thug mé deich fichead liom, a's fhobair nach mbeadh díol a' bhealaigh, agham ina dheidh sin. Ní aireochthá ag imtheacht é. Cái'de le dhul puintín gágach, a's chomh daor a's atá 'chuile mhíle nídh!
Marach a fheabhas a's shuidh mé 'na bhun, ní bheadh díol a' bhealaigh agham chor a' bith= marach an tíoghbhus a rinne mé le mo chuid airgid, a's an bharainn a chuir mé air, ní bheadh díol an aistir agam, chor ar bith.
Ar a' bhfaca tú ariamh ná caith díol a' bhealaigh anois.
Is fadó an lá a bhí sé scuabtha go Sasana, dhá mbeadh díol a' bhealaigh aige!
+–
Íocfa an méid sin do bhealach dhuit = 'sé díol do bhealaigh é; tá díol do bhealaigh sa méid sin.
Chuir a deirbhshiúr fios uirre, a's d'íoc sí a bealach dhi, anonn (i.e. go Ameriocá).
TUILLEADH (8) ▼
Is fadó a bhí sí thall i Meriocá, dhá bhféadadh sí aon-duine a fhaghail a d'íocfadh a bealach di.
Tá a bealach íoctha go Meiriocá ar ais aríst. Ní chaithfe sí annseo ach ráithe.
D'íoc a' dearbhráthair a bhealach ar a' mbus go Gaillimh dhó.
Marach go bhfuil mo bhealach íoctha dhom meastú a' dtiocfainn annseo? = marach gur h-íocadh dhom é etc.
Ní raibh díol a' bhealaigh d'ola sa motor, a's rinne sé staic orainn thiar ag an D. a's b'éigean domsa a dhul dhá mhíle, go bhfuair mé 'petrol' dó.
'Sé mo chloch neart é, má tá díol a' bhealaigh de 'phetrol' agham, tá sé chomh maith dhom scáird a chuir isteach annseo, faitchíos go mbeadh muid in a' (ar) mbambairne aríst, a's gan aon-deoir le faghail.
Tiubhra mise ann sa gcarr sib, má cheannuigheann sib díol a' bhealaigh de 'phetrol' dom.
'Sé mo mheas, nach bhfuil díol a' bhealaigh de 'carbide' sa lampa seo, a's má mhúchann sé ar a' mbealach orm, gheobha mé maistín de 'shummons' ó'n Seairsint Ruadh.
2.
a.
+–
Ní bheidh mo bhealach go Gaillimh, an tseachtmhain seo = ní bheidh mé ag dul Gaillimh an tseachtmhain seo; ní bheidh aon-ghnaithe Gaillimh agam an tseachtmhain seo.
Ní bheadh do bhealach go Gaillimh, an tseachtmhain seo?; a' bhfuil baoghal a' bith, go mbeadh do bhealach go Gaillimh an tseachtmhain seo?
TUILLEADH (11) ▼
Dá mbeadh mo bhealach do'n bhaile mór, ba bheag a' t-anró orm a' teachtaireacht sin a dhéanamh dhuit, ach tá mé a' ceapadh nach mbeidh.
Má bhíonn mo bhealach ann, tiubharfa mé agad (chugad) é a's fáilte. Tuige nach dtiubhrainn.
Má bhíonn do bhealach go S. Mh. an tseachtmhain seo, abair le M. Sh. mo bhairille a chuir ar ais, go bhfuighe mé fhéin gna(ithe) dhó an tseachtmhain seo chugainn. Tá'n garruidhe sin thiar le h-aith-'sprayáil' agam.
Má bhíonn do bhealach isteach tigh W. A. tabhair abhaile chugam, a' cléibhín a d'fhága mé ann indearmad Dé Sathairn seo (chuai)dh thart.
Is iomdha áit a mbíonn a bhealach. Dheamhan fhios cé'n áit anuas ó Bhaile Átha Cliath a mbíonn sé laetheantaí (duine a bhí ag dul thart a' díolachán le gluaisteán).
Ní bheidh mo bhealach do'n bhaile mór aríst go ceann fada, mar dheamhan seifte agam, le mé 'tharraingt ann.
Bíonn a mbealach sin do'n bhaile mór chuile lá, a's dhá cheann de ló amanntaí, a' díol bhainne.
Ó thárla nach mbeidh mo bhealach fhéin siar ann aríst go ceann scaith(imh) is mór is fiú dhom, gur thug tú aniar í.
Ó thárla nach mbeidh mo bhealach fhéin go M. go ceann míosa ar a laghad a' bith, choiscfeá aistear dhom, ach a' cóta a d'fhága mé mo dhiaidh thuas ann a' lá cheana, a thabhairt abhaile dhom
Dhá mbeadh a bhealach ann, dhéanfad sé dhuit é, in a shean-rith, ach 'sé mo bharamhail, nach mbíonn a bhealach an taobh sin anois chor a' bith!
Dhá mbeadh bealach duine Gaillimh, go minic, is iomdha rud a gheobhfadh sé ann ar shlatmhargadh, ach níorbh fhiú de dhuine an t-aistear a chuir air fhéin, scáth rudaí fánacha, mara mbeadh slighe a's seifte aige, le na thabhairt ann.
+–
Fág mo bhealach = imthigh as an áit a bhfuil fúm siubhal ann.
Fág mo bhealach go beo. Tá deifir orm.
TUILLEADH (3) ▼
D'imthigh mé as bealach 'a' mhótair'.
Tá tú i mbealach an chairr = 'san áit a mbeadh an carr le dhul
Tá tú i mbealach an bhuird = 'san áit a mbeadh an bord le cur.
+–
Má tá an t-ádh air, fanadh sé as mo bhealach-sa feasta. = ná tagadh sé salach orm; coinnigheadh sé uaim.
Caithfe mé fanacht as a bhealach, arae tá sé bruithte ar bhainne aige dhom.
TUILLEADH (8) ▼
Is fiú coinneál as a bhealach siúd = dá dteagthá salach air, bheadh scéal agad air.
Fan as a bhealach ar fad, tá mise 'rádh leat, má tá'n t-ádh in do chaipín.
Coinnigh as bealach an ghamhna sin. Ní éadáil mhór a' bith é.
Ní hé is measa chor a' bith ach sibse, nach gcoinnigheann as a bhealach.
Má tá aon-tsuim in do shlainte agad, fanfa tú amach as a bhealach siúd ar fad.
Shílfeá gur ghlac sí fuath liom, le goirid, a's gur ag iarraidh coinneál as mo bhealach atá sí.
Má tá do leas ar Dhia, is maith fada amach as a bhealach siúd a fhanfas tú a's 'chuile dhuine eile leat.
Níl le déanamh, ach fanacht as a bhealach, go leige sé faoi aríst.
+–
Má chastar in mo bhealach-sa é, gheobha sé an teanga uaim.
Is fadó an lá, nar casadh in mo bhealach anois é.
TUILLEADH (6) ▼
Má fheicim é, déarfa mé sin leis, ach tá faitchíos orm, nach gcasfaidhear in mo bhealach é.
Uair annamh a chastar in a bhealach anois mé = uair annamh a fheicim é, nó chastar liom é.
Má thagann sé in mo bhealach, déanfa mé an oiread dhuit fós = cúiteocha mé an gar seo leat, má fhaghaim fáill air go deo.
Dheamhan bréag muise, má thagann sé in mo bhealach-sa choidhchin aon-mhaith a dhéanamh dhó sin, nach ndéanfa mé é.
Tá faitchíos orm nach dtiocfa sé in mo bhealach choidhchin, an méid seo a chúitiú leat, ach má thagann, déanfa mé é.
Níor chumaoin dhom, gan é 'chúitiú leat, dhá dteagadh sé in mo bhealach go bráth é 'dhéanamh.
b.
+–
Ní chuirfe sé siúd é fhéin mórán as a bhealach le gar a dhéanamh d'aonduine = ní chuirfe sé mórán anró ná stróbh air fhéin le maith a dhéanamh ar aon duine.
Ní chuirfeadh sé é féin as a bhealach a dhath, leis a' teine a thógáil de do chois.
TUILLEADH (7) ▼
Má chastar liom é, fiafrócha mé de é, ach ní chuirfe mé mé fhéin, as mo bhealach le n' fheiceál.
Baoghal ormsa, go gcuirfinn mé fhéin as mo bhealach le rud a chuir ann dó sin! Ní mórán a chuirfeadh sé é fhéin as a bhealach fhéin, le oibliogáid a dhéanamh d'aonduine eile.
Ó thárla nach gcuirfeadh sé é fhéin as a bhealach d'aon-duine béidh a shliocht air: Beidheamuid amhla leis.
Ní mórán a chuirfeadh sé as do bhealach thú, cupla uair a chluig a thabhairt dom, leis a' bhféar a chuir idtoll a chéile.
Dhá mbeadh do chailleadh go deo air, ní chuirfeadh sé siúd é fhéin dubh na h-iongan as a bhealach fhéin, le fóirithint a dhéanamh ort.
Is beag a' soilgheas é a Thighearna! Ní chuirfeadh sé é fhéin as a bhealach, uair a' chluig duit, dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire aghad.
Is beag é gnaoi na ndaoine air, a's dar a shon! A' bhfaca aon-duine ariamh é dhá chuir fhéin as a' mbealach le garaidheacht bheag a dhéanamh do'n chomhursa?
+–
Déan do bhealach, a's ná bac liomsa = déan do ghnaithe fhéin (do chuid oibre fhéin; tabhair aire dhuit fhéin) a's ná cuir araoid a' bith ormsa.
Is maith an rud do 'chuile dhuine a bhealach fhéin a dhéanamh, a's gan bacadh le aon-duine eile = is maith an té a dhéanfas a bhealach fhéin; má dhéanann duine a bhealach fhéin, is maith an rud dhó sin, a's gan araoid a chuir ar aon-duine eile.
TUILLEADH (9) ▼
Déan do bhealach, a's fág a' créatúr sin len' anshógh fhéin.
Ní dhearna sé a leath-cheart leat — druimeáil mhaith a thabhairt duit — a's 'fhusacht duit do bhealach fhéin a dhéanamh, a's gan araoid beag ná mór a chuir air.
Nach bhféadfá do bhealach fhéin a dhéanamh anois, a's gan a bheith a' saimhseoireacht liomsa? Beidh aithmhéala ort as a dheire.
Déan do bhealach anois, a's leig dhomsa ar mhaith leat fhéin.
Nach mbadh caoitheamhail a' rud do dhuine a bhealach a dhéanamh, a's gan a bheith ar a' gceird sin dólúm (dólámh)?
Déan do bhealach, a's ná cuir ceist a' bith ormsa feasta
Is deacair dhom mo bhealach a dhéanamh a's a bhfuil dhá fhaghail de chaidéis dom = is doiligh dhom mo bheart a tharraint ná treabhadh liom, chor a' bith, a's a bhfuil de bhiadán a's de chainnt dhá dhéanamh fúm.
Déan do bhealach a's ná cuir ceist ar aon-duine = dean do ghnaithe fhéin, a's ná bac le aon-duine eile.
Nach bhféadfá do bhealach fhéin a dhéanamh a's leigean (dh)omsa? = nach bhféadfá breacadh leat, a's gan araoid a' bith a chuir ormsa?
+–
Caithfe sé a bhealach fhéin a fhaghail = caithfe sé cead a fhaghail a rogha rud a dheanamh; caithfe sé cead a choise a fhaghail.
Níl aon-tsástuigheacht air, faoi nach bhfaghann sé a bhealach fhéin.
TUILLEADH (8) ▼
Fuair sé a bhealach fhéin ro-mhór, a's sin é 'd'fhága gan smacht gan múineadh é.
Is furast' aithinte air, gur tugadh an iomarca dhá bhealach fhéin dó.
Má thugann tú a mbealach fhéin do ghasúir, suidhfe siad in do bhun, ar fad.
Ní raibh ceannús ceann a' bith air, ó d'imthigh an t-athair (ó fuair sé bás). Thug an mháthair a bhealach fhéin dó, a's tá 'shliocht air, indiu: tá sé leigthe leis fhéin ar fad.
'Sé an rud is measa a rinne athair ná máthair ariamh a mbealach fhéin a thabhairt do ghasúir. Ar chuala tú ariamh é: 'a chomhairle fhéin do mhac Anna, a's ní bhfuair sé ariamh, níos measa'.
Is suarach a' t-iongnadh go n-eireochadh sé imullach na ndaoine, a's a bhfuil sé a' fhaghail dhá bhealach fhéin.
Is fhearr dhuit an malrach sin a smachtú in am. Má thugann tú a bhealach fhéin dó, cinnfe ort aon-cheart a bhaint dhó, ar ball.
Beidh a bealach fhéin aice, de'n bhuidheachas = cead a cinn nó a coise.
3.
giodán; réidhteach.
+–
Tá a dhóthain (a sháith, a dhíol, fuighleach, neart etc) bealaigh aige má tá sé ag iarraidh a dhul amach = réidhteach ag gluaisteán etc le dhul thar chairt ar bhóthar.
Ní raibh mo dhíol bealaigh agam, lena scothadh.
TUILLEADH (11) ▼
Is bóthar an-chumhang é, a's ar ín ar éigin a bhí mo dhíol bealaigh agham le na dhul thairis.
Ní leigfe na 'motors' sin do dhóthain bealaigh leat le na dhul tharta(b) chor a' bith. Is mian leo(b) a' bóthar a bheith fútha(b) fhéin ar fad.
Tá bealach amach annsin aige, má thogruigheann sé a dhul amach.
Níor fhága sé mo leath-dhíol-bealaigh agham le na dhul thairis.
Tá do dhíol bealaigh annsin agad le damhsa = réidhteach, fairsinge.
Níl mo dhíol bealaigh agam leis a' gcarr a thabhairt isteach ann.
Níor mhór dhuit tuille bealaigh a fhágáil ann, má's leat áit carr a's capaill a bheith aghad ann.
Ó chuaidh tú dhá dhéanamh, is gann gortach an bealach a d'fhága tú ann.
Níorbh fhlearr dhom go maith a raibh de bhealach agam le casadh = ar ín ar éigin a bhí mo dhíol bealaigh agam le casadh.
Tá neart bealaigh annseo thuas, má tá tú ag iarraidh an motar a chasadh.
Is gearr nach mbeidh aon-bhealach isteach a' dorus aige, tá sé in a bhruithleach chomh mór sin = réidhteach, nó fairsinge.
4.
áit, áird, ceanntar.
+–
Meastú a' bhfuil aon-choca feamuinne le díol 'sna bealaighe sin siar? = 'sna bólaí; 'sna ceanntair; 'sna lorgáin.
Fear aniar as na bealaighe sin siar a d'innis dhom é, ar an aonach.
TUILLEADH (7) ▼
Shiubhal sé na bealaighe sin ar fad.
Níl bealach a' bith annsin, nach raibh sé ann.
Níl mé in eolus na mbealaighe sin, chor a' bith = na lorgán; na gceanntar.
Ní raibh aon-lá ariamh fhéin, nach raibh muinntear na mbealaighe sin, ag imtheacht as a gcranna cumhachta le leithead.
Níor cheart do na bealaighe sin suas a bheith falamh, gan deoir eicínt a bheith ionnta(b).
Mara bhfagha sé aon-bhean ins na bealaighe sin anois, tá sé réidh léithe.
'Shiubhail mise gleannta 'gus sléibhte; 'gus cnuic a bí géar as a mbarr; 'gus a lán bealaighe eile nach ndéarfainn; a's dheamhan unsa ar bith céille in mo cheann' (as "Neilí")
5.
+–
'Sé Seáinín a bhí as bealach. Dheamhan siúite a' bith a bheadh ann, ó thús, marach é; ach tuille gheár do'n diabhal (do'n chlampar, tubaiste de'n mhíádh etc) aige, mara bhfuair sé garbh é, as a dheire = 'sé Seáinín a bhí contráilte, nó in a chionn-tsiocair, nó in a thús-scéil leis an achrann, ach fuair sé faoi na forbhaí é, shul dhá raibh an t-achrann thart, a's níl mise in a dhiaidh sin air.}}
Marach gurab é Cóil atá as bealach, ní bheadh 'chuile dhuine anuas air, mar atá.
TUILLEADH (11) ▼
Tú fhéin a bhí as bealach, faoi'n achrann ó thús. Níl aon-mhaith dhuit a bheith ag iarraidh an milleán a bhualadh thall ar an té údan eile chor a' bith.
Dhá mbeadh sé as bealach faoi chéad, thiocfainn a chongnamh dhó, mar ní fheicfeadh sé fhéin aon-anshógh ar dhuine. = dhá mbeadh sé chomh contráilte, chomh cionntach, a's d'fhéadfadh duine a bheith thiocfainn a chongnamh dhó, mar thiocfadh sé fhéin a' chongnamh do dhuine a d'fheicfeadh sé dhá bhualadh.
Ní fhaca tú ariamh a' ceann céadna nach hé bheadh as bealach.
D'aithin a' breitheamh gurb é fhéin a bhí as bealach, a's chaith sé amach an chúis.
Bíodh na póilíos as bealach nó ná bíodh, ach is beag a' sásamh a gheobhfas aon-duine in a n-aghaidh ó'n ngiúistís.
Is cam a' dlighe é! Buaileadh bannaí ar a' té a bhí saor, a's leigeadh amach an ceann a bhí as bealach, gan tada.
Tá sé as bealach, a's as bealach go mór.
D'eile cé atá as bealach ach é; nó síleann tú gur leis 'a' pump', ar íoc mé mo leath-choróin thíos tigh W. inGaillimh air, mí ó shoin!
Níl ceachtar de'n chúpla le baint as margadh. Tá 'chaon duine aca(b) as a' mbealach, ach pléidhidís fhéin le chéile é, go dtuirsighe siad. (As a' mbealach = as bealach. Is minicí "as bealach", a's is cosamhail gur duthchasaighe é freisin).
Má bhí tú as bealach thú fhéin, céard 'fhéadfas tú a dhéanamh air. Níl a dhath maitheasa dhuit a' dhul 'un dlighe leis.
'Sé P. a bhí as bealach, ach dheamhan mórán gaisce a bhí ar a' gceann eile fhéin. Ní raibh claonadh 'bith aige ó achrann.
+–
Ní thiubhrainnse aon-dhá phunt dhéag dhó ar a' gcrupach de bhó úd. Bhí sé as bealach fúithe (léithe) = bhí sé ag iarraidh an iomarca.
Is beag a bhí sé as bealach chor a' bith, marar iarr sé ach sin.
TUILLEADH (14) ▼
Níl na siopaí seo thoir, mórán as bealach chor a' bith ina dheidh sin fhéin, nuair fheicfeas tú chomh daor a's atá earraidhthe i siopaí na Gaillimhe.
Má bhain sé punt dhíot, 'scáth a ndearna sé dhuit, bhí sé go mór as bealach leat.
'Tá 'chuile scéal go maith go gcloise tú an dá scéal'. Ní hé an oiread sin chor a' bith atá an gabha se'aghainn fhéin as bealach, thar aon-ghabha eile.
Hébrí (pé'r bith) céard a dhéanfas tada eile, tá siopaí na h-áite seo as bealach ar fad leis a' bplúr. Gheobhfá céad plúir inGaillimh ar chúig déag, a's tá na scriosadóirí atá annseo a' baint seacht-déag a's sé pighne amach air.
Ní bhíonn siad mórán as bealach chor a' bith, má íocann tú ar a' tairnge iad, ach mara n-íoca, mise imbannaí, go leagfa siad ort.
Tá fir oibre as bealach, má's a' ceasacht páighe atá siad aríst. Is gearr ó cheana, bhain siad árdú amach.
Tá tú as bealach leis a' mbó. Iarr deich bpunt, a's b'fhéidir go ndéanfainn tairiscint eicínt annsin, ach má sheasann tú ar an airgead sin, is leat fhéin í, go ceann scatha(imh) eile. (margadh dhá dhéanamh ar aonach).
Tá na bainbh as bealach ar fad, a's gan mórán de'n rath ar mhuca = tá bainbh daor, a's muca saor.
Tá sé as bealach ar fad, má bhaineann sé amach an méid sin.
Ní raibh aon-lá ariamh, nach raibh sé as bealach le daoine bochta. Scrios sé iad, ach dheamhan mórán dhá bharr aige fhéin anois, th'éis a' tsaoghail. 'Tá muileann Dé mall, ach meileann sé go mín'.
Ná bí as bealach liom anois. Créatúr bocht mé, a's níl aon-airgead le dóghadh agham, mar atá ag tuille.
Ní bheinn as bealach chor a' bith leis, dhá dtairgeadh sé tada de'n rath dhom, ach níor thairg.
Má chomhaireann tú suas 'chuile shórt anois, dheamhan a raibh mé as bealach leis chor a' bith. Cé'r mhór dhom fhéin luach mo shláinte a fhaghail.
Dhá gcuirtheá-sa an oiread alluis leis a' gcarr sin, a's 'chuir mise dhá dhéanamh, déarfá fhéin annsin, nach raibh mé as bealach leat chor a' bith faoi.
+–
Tá tú scilling as bealach (a's a' mbealach) = duine a bheith scilling contráilte a' déanamh suas cunntais, nó bille.
Dhá fheabhas é leis a' bpeann, bhí sé leithphighinn as bealach in a dheidh sin. Fuair sé leithpighinn le cois ann, nuair a rinne sé suas é in ath-uair.
TUILLEADH (9) ▼
Ní bheadh sé cianóg as bealach le cúnntas, a chinnfeadh ar a' gcléireach is fhearr istigh inGaillimh, a's dheamhan lá a chaith sé ag aon-scoil ariamh.
Níl rath ná ríoghacht [leis] a' déanamh suas cunntais. Bíonn sé go leor as bealach igcomhnuidhe.
Ní mórán a bhí mé as bealach chor a' bith — leithpighinn. Níor chuimhnigh mé go raibh leith-phighinn chorr ann.
Mara bhfuil tú ach cupla pighinn as a' mbealach, cé fiú a bheith trácht orra(b).
Má bhíonn aon-duine de na cléireachaí sin, an leithphighinn fhéin as a' mbealach, gheobha sé bóthar a's bata abhaile.
Dhá chunntasaighe é, bhí sé pighinn as bealach.
Dhá phunt as bealach a bhí an cunntas. Dhá mbaintí an méid sin de dhuine, deirimse leat, go n-aireochadh sé é.
Ba mhinic le na leabhar a bheith as bealach, ach sílim gur in aon-turas a bhío(nn)s sí as bealach scaithtí (leabhar siopadóra)
Is suarach a' t-iongnadh go mbíonn a' cunntas as bealach, a's laghad a' staidéir a ghlacann sé leis fhéin dhá dheanamh suas. Fhobair gur bhain sé scilling a's chúig phighinn thar a' gceart díom an lá faoi dheire, marach gur ghoin m'aire mé a's gur iarr mé fhéin a' leabhar.
6.
cáilidheacht; tréith; béas duine; nós; gnás, páirt de thréartha, nó de cháilidheacht duine.
+–
Sin é an bealach atá leis = sin é an faisean atá aige; sin é a bhéas, a nós, nó a cháilidheacht.
Nach gránna an bealach atá leat, a' cangailt t'ingne i gcomhnuidhe?
TUILLEADH (36) ▼
Nach gránna an bealach atá léithe, má's a' sioscadh bréag a bhío(nn)s sí le 'chuile dhuine.
Is gránna é do bhealach (an bealach atá leat) dá mbeadh fhios agad é!
Sin é an bealach is gráinne a bhí le (no, ag) duine ariamh — ag aithléigheamh ar 'athair nó ar a mháthair.
Tá bealach an athar leis (aige) — an mhochóirighe, a's an antlás.
Níl bealach ar foghnamh a' bith leis a' gceann sin.
Cái'de an bealach sin leis? Níorbh fheasach mé go raibh sé achrannach chor a' bith = cái'de ó thug sé d'fhaisean dó fhéin a bheith a' troid a's ag achrann?
Tá mé ar do bhealach = tá mé mar thú.
Ní bealach maith é sin le duine 'bith a bheith ag ithe a's ag gearradh ar a chomhursa. Cé atá agad, ach do chomhursa lá an anshógha?
Ní thaithnigheann a bhealach chor a' bith liom. B'fhearr liom nach dtarraingeochadh sé 'na tighe chor a' bith agham.
Díol cam air, mara deas é 'bhealach! = droch-rath air, mara gránna an faisean atá aige!
Ní raibh aon-bhealach múinte le aon-duine, dhá dtáinic ar a chine ariamh = ba daoine mío-mhúinte 'chuile dhuine dhá dhreám.
Níl milleán a' bith aghamsa ar a' stóicín. 'Sé'n bealach é 'bhí len 'athair fhéin roimhe. = níl an stócach ag dul in aghaidh duthchais chor a' bith, a's ní díol milleáin é, dhá bh(r)ighthin sin. Bhíodh athair fhéin ar a' gceird, nó ar a' bhfaisean, céadna roimhe.
Nach aisteach a' bealach a thug sé faoi deara dhó fhéin, a' diúl a mhéarachaí.
Tá bealach deas caoitheamhail léithe = tá sí ciúin múinte, tláth.
Ní raibh aon-bhealach deas ariamh leis fhéin, ná le aon-duine dhá dhreám.
Sin é an bealach atá a' siubhal leis = sin é a bhealach; sin é an gnás atá aige.
Ná cuireadh a' méid sin múisiam a' bith ort: sin é a bhealach.
Tá sé taghdach go leor scaithtí, ach sin é 'bhealach.
Nuair a bhuailea(nn)s a' t-olc é, mharbhóchadh sé thú, ach dheamhan fear ar a dhá chois, is feilmheanaighe, ná's soilgheasaighe ná é, in a dhiaidh sin. Níl aon-neart aige ar a' taghd bheag sin. 'Sé a bhealach é.
Is aisteach a' bealach atá leis, ceart go leor, ach 'sé 'bhealach é 'na dheidh sin. Ar chuala tú ariamh é: 'ní h-ionann fad de do mhéar: ní h-ionann tréartha do chuile dhuine'
Níl duine ar a' cháilidheacht sa tír, leis a' mbealach aisteach atá leis.
Cuir stuaic air, a's mise imbannuidhe go mbeidh 'fhios aghad annsin, cé'n bealach atá leis!
Má tá'n bealach sin fhéin leis — a's is gránna an bealach é le duine — dhéanfad sé soighleas a' bith, do'n té a mbeadh aon-bheann aige air.
Tá a bhealach fhéin leis sin = tá sé gar dó fhéin; nó tá sé olc, taghdach, achrannach, nó tá gnás eicínt aige, nach mbíonn ag a' gcuid eile dena daoine.
Tá'n bealach sin leis, ach cé'n mhaith sin, ó tá a mhilleadh ann aríst = duine a mbeadh deagh-cháilidheacht a' siubhal leis, ach a' mbeadh a' droch-cháilidheacht freisin ann, leis a' maith a bhaint as a deagh-cháilidheacht.
Tá'n bealach sin leis ceart go leor, ach tá'n bealach eile leis freisin = tá sé cóir, gnaoidheamhail nó go lághach, ach tá a mhilleadh aríst ann.
Ní dhúinfeadh sé a shúile ar dhuine, a's feiceadh sé an t-anshógh air, ach tá'n bealach eile leis, mar sin fhéin. Tá sé 'baint a dhá luach amach ar chuile mhíle nídh dhá bhfuil istigh in a shiopa.
Tá'n gnaoidheamhlacht a's an chórtas ann ceart go leor, ach tá'n bealach eile leis freisin. Mara bhfuil sé trom nó te, tá sé árduighthe leis aige.
Marach a' bealach atá leis, b'fhurasta dhó é fhéin a thógáil.
Níl a bealach le aon-bhean sa tír, ach léithe fhéin.
Is deas é do bhealach go deimhin!
Má's sin é an bealach atá leis, ní thiubharfa mise aon-chomhluadar dó níos mó.
Cailín beag seifteamhail í, 'bhfuil bealach lághach léithe.
Dhá mbeadh fhios aige go raibh an bealach sin léithe, is dóigh nach bpósfadh sé í. Ach deir siad go bhfaluigheann grádh gráin.
Ní bheidh fhios agad, cé'n bealach atá le aon-duine ceart go n-ithe tú céad salainn ab uil é. Ní aithne go h-aointigheas.
Is olc a' bealach atá leis, nach dteigheann 'uig an Aifreann
+–
Tá bealaighe beaga dhá gcuid fhéin aca(b) sin, nach bhfuil ag dream a' bith eile = tá gnáis nó nósa aca, nach bhfuil ag daoine eile.
Bhí bealaighe dhá gcuid fhéin ag muinntir a' bhaile sin ariamh.
TUILLEADH (9) ▼
Tá bealaighe beaga léithe, nach dtaitneochadh leat, mara mbeadh eolas aghad uirre.
Mara mbeadh eolus ar a chuid bealaighe agad, shílfeá gur leibide ceart é, ach ní h-eadh.
Bealaighe iad sin atá leis (atá aige) = gnása aisteacha, nó cáilidheacht nach mbíonn, ach i ndaoine i bhfad ó chéile.
Is beag dhá chuid bealaighe an méid sin = sin cuid dhá chuid bealaighe nó dhá cháilidheacht (le gleacuidheacht nó imeartas adeirtear é go h-iondamhail)
Is beag dhá chuid bealaighe an méid sin a rádh leatsa; ach cuirfe mé geall nach ndéanfa sé in a dheidh sin, an rud adubhairt sé.
Is beag dhá chuid bealaighe, an méid sin a dheanamh, a's é bhualadh thall ar dhuine eicínt eile.
Tá go leor bealaighe aige = tá go leor imeartais, nó gleacuidheachta, nó aigeantachta a' siubhal leis, nó tá nósa groidhe aige.
Ná bac le bealaighe! Is aige atá a dtabhairt amach.
Ní fhaca mise a chuid bealaighe, le aon-duine sa teach, ariamh cheana.
+–
Ab in é an bealach a bhfuil sé? = ab in é an chaoi atá air; an mar sin atá sé; ab in é an staid a bhfuil sé?
Ní rabh fhios agam gurbh in é an bealach a raibh sé — in a chráidhteachán de thútachán. Anois d'aile!
TUILLEADH (8) ▼
Is do-chreidthe an scéal é go mbeadh sé ar a' mbealach sin (go dona tinn).
Mara n-eirighe tú as a' mbealach sin (droch-ghnás nó droch-nós), caoinfe tú é, ar ball. Ach bíodh agad a mhic ó. Beatha do dhuine a thoil, mar adeir C. leis a' mac, nuair a chuaidh sé le tincéaracht.
Má tá sé ar a' mbealach sin (ag ól) is mór a' díol truaighe a bhean 'sa chlann.
Má tá sé ar a' mbealach sin, cuirfidhear go Béal Átha na Sluaighe(adh) é. (go dtí an Gealtlann)
'Bhfuil sé i bhfad ar a' mbealach sin? = ar a' gcaoi, ar a' gcuma nó ar a' deis sin (ag ól, tinn, saobhtha, etc).
Duine gnaoidheamhail é, ach ní ar a' mbealach sin é (i.e. ní thiubhrad sé airgead ar iasacht uaidh).
Ní ar a' mbealach sin (i.e. a' tabhairt óil uaidh, ag obair etc) is fhearr é.
Corr-dhuine atá go maith ar a' mbealach sin. (corr-dhuine a thiubhradh rud duit in aisce).
7.
ceird; slighe-bheatha; deis, caoi.
a.
+–
Tá bealach maith maireachtála aige, má thogruigheann sé fhéin é = tá slighe mhaith mhaireachtála aige; nó deis mhaireachtála, nó caoi.
Níl aon-bhealach airgid agam, ní a' ceasacht ar Dhia é.
TUILLEADH (3) ▼
Cá'il a' bealach airgid agham, mara ngoide mé é, a's tá a chiotaighil fhéin sa ngoid!
Tá bealach maith aige, dhá mbeadh aon-rath leis fhéin = tá posta, ceird, nó slighe mhaith airgid aige, dhá mbeadh sé indon é 'thapú, nó é 'chuir ar sochar dó fhéin.
Ní uireasbha bealaigh atá air, ach níl aon-déantús maitheasa ann fhéin.
+–
Ab in é an bealach atá aige (atá leis, féach "bealach" níos fuide amach. Tá ciall eile leis an gceist seo)?
D'eirigh bealach maith leis, ach leig sé uaidh é, le dreabhlás a's siléig = d'eirigh posta, ceird, nó slighe mhaith leis, ach chaill sé é aríst, le dreabhlás a's siléig.
TUILLEADH (6) ▼
Mharbhuigh 'athair a's a mháthair iad fhéin leis a' mbealach sin a thabhairt dó (posta, ceird etc), ach ní raibh sé de rath air, é 'choinneál ina dheidh sin.
Cailleadh lán mála leis lena chur ar bhealach maith (i.e. le dochtúr a dheanamh dhi), ach bhí sé chomh maith é 'chaitheamh sa bhfairrge ná é 'chailleadh leis, mar amudha a chuaidh 'chuile phighinn dhi.
Níl aon-bhealach ar foghnamh (de'n rath etc) aige. Seachtmhaineachaí b'fhéidir dhó lán laidhre a dheanamh, ach ar a shon sin, b'fhéidir go mbeadh sé mí aríst, gan cianóg ruadh a dhéanamh.
Tá sé 'déanamh airgid, a's má tá fhéin, is dhó is fusa, arae 's aige atá 'bhealach.
Níor mhór dhó bealach eicínt eile a tharraingt air fhéin anois, fharra's an bealach atá aige = ní mór dhó a dhul ar shlighe-bheatha eicínt eile a sholáthar dhó fhéin, seachas an tslighe bheatha atá aige.
Má chinneann a' bealach sin air, is beag a' mhoill air siúd bealach eicínt eile a tharraingt air fhéin. Mise imbannaí nach mbeidh sé ar deire ar aon-chaoi. = má chinneann a bheatha a bhaint amach mar tá sé, gheobha sé posta, nó ceird eicínt eile, ach ní bheidh sé d'uireasbha slighe, ar aon-nós.
+–
Is deas é 'bhealach muis, má's in é 'bhfuil de bhealach aige faoi dheire! = is gránna an tslighe bheatha atá aige má's in é an cineál slighe bheatha atá aige (ní raibh fhios ag an gcainnteoir go dtí sin gurb é, arae ní chuirfeadh sé an leagan sin ar a' gcainnt dá mbeadh 'fhios)
'Tuige nach bhfuil de bhealach aige ach mar sin. Má b'fhíor go raibh an-phosta de'n tsaoghal aige sin imBaile Átha Cliath!
TUILLEADH (5) ▼
Tá bealach deas glan aige, má thugann sé aire dhó, ach is iomdha duine níos críonna ná é, ar imir a' t-ól air.
Tá bealach sáthach suaimneach aige, a's gan mórán oibre, ach go gcaitheann sé 'bheith in a shuidhe ó oidhche go maidin.
Is deacair a chomhairleachan a thabhairt do'n cheann céadna. Bhí bealach maith cheana aige in Ameriocá, a's páighe mhór, a's leig sé uaidh é le cion-faillighe.
Is deacair bealach maith a fhaghail ar a' saoghal seo = is doiligh slighe-mhaith maireachtála a dheanamh amach.
D'imthigh (d'imir?) an diabhal uirre, má d'eitigh sí an fear sin, a's an bealach atá aige!
b.
+–
Sin é an bealach anois = sin é an chaoi; sin é an scéal. (sin é an chaoi a bhfuil an scéal. Déarfaidhe seo, dhá n-innsigheadh duine scéal a bheadh buille do-chreidthe b'fhéidir.)
Sin é an bealach a mhic ó! = sin é an chaoi 'bhfuil an scéal; is mar sin atá sé.
TUILLEADH (2) ▼
Ab in é an bealach?: freagra: Sin é an bealach.
Sin é anois a' bealach é; sin é an bealach anois. = sin anois an chaoi a bhfuil sé; an deis atá ar a' scéal etc.
·
Tá sin mar sin, ach tá'n bealach eile ann freisin = sin sleid nó streille amháin ar a scéal, ach tá innseacht eile air freisin; sin é do leagan-sa ar a' scéal, ach chuirfeadh an fear thall leagan eile air.
Tá an scéal sin ceart go leor, an té a chuimhneochadh mar sin air, ach tá'n bealach eile ann chomh maith.
+–
Ab sheo é an bealach atá ort? = dá bhfeiceadh duine, duine eile in áit, nó i staid áithrid, a's súil aige, nach annsin ná ar a' deis sin a bheadh sé. Cuirigcás gur bhuail duine isteach idteach, a's duine istigh ann roimhe, a cheapfadh sé a bheith imthighthe ar bhainis etc.
Dheamhan fhios agham fhéin cé'n bealach é adéarfaidhe, le tabhairt i gceist go raibh iongantas ort faoi scéal a h-innsigheadh duit, nó faoi rud áithrid a bheith ar a' gcaoi a raibh sé.
TUILLEADH (3) ▼
Sin é 'chuala mé anois, a's dheamhan fhios agham fhéin cé'n bealach é thairis sin.
Sin é adubhairt C. Mh. liomsa indiu, a's dheamhan fhios agham féin, cé'n bealach é, ach a méid sin.
Ní bheadh fhios ag duine cé'n bealach é, ná céard 'tá teacht ar a' saoghal chor a' bith.
+–
Tá fonn orm a dhul ann, ar bhealach, a's ar bhealach eile, níl = tá fonn orm a dhul ann ar mhodh, a's nuair a smaoinighim orm fhéin aríst níl; nó tá fonn orm a dhul ann, a's tá rud eile do mo choinneál as.
Fear maith oibre é ar bhealach.
TUILLEADH (7) ▼
B'fhearr dhuit, ar bhealach, gan tada a rádh leis.
Tá olc agham dó ar bhealach, a's ina dheidh sin fhéin, seans gurb é a rinne an ceart.
Seán: tá sé siúd an-droch-(mh)úinte. Pádraic: ar bhealach (ar bhealach tá; tá ar bhealach; 'sé atá ar bhealach; ar bhealach amháin tá etc.)
Is ait an áit a fuair sí ar bhealach, ach indomhnach tá a dhonacht fhéin ann freisin.
Bhí fhios agam, ar bhealach eicínt nach mairfeadh sé i bhfad.
Ar bhealach eicínt, bhí sé dhá fheiceál dom, go raibh an méid sin le m'aghaidh.
Ar aon-bhealach, níl fúm a dhul abhaile anois = ar aon-chor
Bealach in iontrálacha eile (50+)
→
faitíos
Is fear gan faitíos (gan mórán faitiais, gan a dhath faitiais etc.) thú agus a dhul abhaile in t'aonraic an bealach sin 'chuile oíche san aer
Sin feánach atá ag dul chuig an damhsa atá ag an sagart. Ar chuala tú céard adúirt S. an Gh. faoi? "Is gradha an saol é! Is gradha muis", adeir sé. "Cuimnímse fhéin — agus ní hé an fhad sin ar an saol mé — go mbíodh sagairt ag sciolladh agus ag scóladh den altóir ar dhuine ar bith a ghabhfadh amach ag damhsa, de shiúl oíche. Anois tá siad dhá bhfuagairt ón altóir, agus ag maoidheachtáil leo a dhul ann, agus mara dteighe, dar fia is cam a bhreathnós siad orra lár na mháireach má chastar leo i mbóthar ná i mbealach iad! Is gradha an saol e! Is gradha sin!
→
fearann
Rinne sí cheithre leith den cháca, agus thug sí dóibh é: fearann an duine. Níor bhain sí fhéin oiread agus an bhearna bhruite as. Dheamhan é muis. Ba mhór an truaighe iad ar aon-chor: lucht bóthair agus bealaigh
+
→
fios
Níl fios an bhealaigh go dtí an teach agam = eolas an bhealaigh
TUILLEADH (6) ▼
Mara bhfuil fios an bhealaigh agad, gabhfaidh mise ag déanamh treóir duit
Is duine é nach bhfuil fios a bhealaigh aige = tá sé mí-mhúinte, mí-chuibhiúil; ní hiad na rudaí cearta, nó na rudaí deagh-bhéasacha a níos sé
Dhá mbeadh fios a bealaigh aice, ní scath leith ar asal a ghabhfadh sí. Ní den chuibhiúlacht rud mar sin a dhéanamh
Is dream iad sin nach raibh fios a mbealaigh ariamh aca: ag sciotráil gháirí faoin gcorp. Is deas an chaoi é sin
Ní bhfuightheá fios a bhealaigh amach go deó = ní bheadh a fhios agad cén bealach atá leis, nó cén sórt méin nó intinn atá aige
Bhí (ag) Seán ní b'fhearr a fhios ná a dhul i mbealach a bhascha = bhí fios ní b'fhearr aige ná …
→
fliuchán
Tá an bealach sin thar a bheith go dona le fliuchán = go leór uisce, locháin etc. ar bhóthar
Tá an bus breá freagrach daoibhse, ach feacha muide a chaithfeas a dhul sé mhíle bealaigh d'aistear ar gcos le dhul cho fada leis
+
→
fág
Fág sin; fág an bealach = eirigh as an áit a bhfuil tú, nó leig thart mé
TUILLEADH (6) ▼
Fág sin. Tá tú i lár an bhealaigh.
Fág sin, agus tabhair bealach dhom. Cén fáth dhuit a bheith in do staidhce annsin i mbealach chuile dhuine
Fág mo bhealach as sin. Níl mo dhíol bealaigh agam le dhul thart.
Fág mo bhealach a bhreastairín!
Má shíleann tú go bhfuil doicheall romhat a dheárthair mo chroí, sin é amach an bealach agad. Sén chaoi a bhfuil sé againne annseo: an té ar cumhang leis fágadh. Níl buairín barra againn ar aonduine
Ní leithí bealach una coille ('na coille) ná 'un a fágáil = má bhíonn duine idteannta, tá neart bealaighe i gcomhnaí ann len a theacht as, ach an duine a bheith sách meabhrach agus sách fíriúil; má bhíonn teacht isteach mór fhéin ag duine, is furasta a chaitheamh aríst etc.
→
fáinne
Chuaigh mé siar an bealach seo agus aniar ó thuaidh agus anoir abhaile aríst. Ní raibh mé taobh le céad míle an lá sin. Bhí Conamara i bhfáinne uilig agam.
+
→
cadhail
Níor mhór a bhfuil de chlocha sa ngarrdha sin a phiocadh a's iad a chaidhleadh suas in áit eicínt as a' mbealach, má's linn é 'leigean amach 'un féir imbliadhna. Tá an draoi cloch air.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan coisméig de'n bhealach nach raibh mé do mo chaidhleadh le sneachta, a's cé'n bhrigh ach nar léar dhom troigh de'n bhóthar.
+
→
caidéis
Chloisfeá daoine a' clamhsán, nach bhfuil cinneadh a' bith le na bhfuil 'sna bólaí sin. Well, tá mise a' gabhail a' bhealach sin, go h-acht a's go h-áithrid le cheithre bliadhna, a's dheamhan caidéis a cuireadh ariamh orm.
TUILLEADH (1) ▼
Déan do bhealach a's ná cuir caidéis ar aon duine, a's ní chuirfe aon-duine aon-chaidéis ort. Níl buille 'bith is fhearr ná'n buille réidh
→
cailm
Tá braon maith ar bord aige, ach má tá fhéin, dheamhan cailm air, an bealach a dhéanamh abhaile.
→
caolóid
Bhí mo chaolóid féin spréidhte amach agamsa, shul dhó bhí sé leath-bealaigh in a chaolóid seisean. A's deamhan leath-chlúdú a thug sé ar an gcoirce in' aice sin. Dearg-spreallaire é. Is mór leis a dhruim a lúbadh chor a' bith.
Shílfeá go mbadh chosamhail é, le fear a bheadh ar a chaomhamhaint. Dheamhan fonn a' bith a bhí air aon-duine a thaobhachtáil a's dhá bhfeiceadh sé aon-duine a' teacht, d'imtheochadh sé as a' mbealach. Duine é 'tháinic as cathadh eicínt dhá mbeadh a' saoghal a' cainnt.
+
→
carcair
Bhí sé in a charcair sa mbealach orm, a's gan aon-ghoir agam a dhul thairis.
TUILLEADH (2) ▼
Is diabhluidhe an charcair sceach atá ann. Chuaidh sé righte liom mo bhealach a dhéanamh ann, chor a' bith.
Tá carcaireacha droighin ann, a's is maith an dicheall do dhuine, a bhealach a dhéanamh thríotha(b) chor a' bith. Casadh i dtreascairt ann mé an oidhche faoi dheire, a's níor fhága na sceacha liobar leathair ar aon-láimh liom.
→
carraera
Dheamhan cos aon-charraera a bhíodh sa mbaile an tráth sin, go mbíodh an oidhche caithte thar druim go minic. D'fhanaidís ag ól a's a' ragairne faoi bhealach, dhá n-eirigheadh leo(b) aon-phighinn airgid a bheith ar iomchur aca(b).
→
cinnire
Dar mo choinsias muise, mara bhfuil an capall an-mhín, ní shin é an cinnire ab fhearr liom in a h-éadan — bás bradach. Má chuireann sí cosamhlacht a' bith uirre, dheamhan a' dóichide rud a dhéanfadh sé sin, ná cead a' bhealaigh a thabhairt di.
+
Is beag a' néal atá air sin, in a bhealach fhéin léis (thar éis) a bhfuil de chipiléaracht aige. Do dhubhshlán fagh aon-bhrabach air 'na dheidh sin.
TUILLEADH (1) ▼
Gnaitheach maith é. Dhá mbeadh giotamáil ná cipiléaracht a' bith le déanamh timcheall a' tighe, dhéanfadh sé é, ach maidir le obair amuigh is mó a bheadh sé in do bhealach.
Is diadhachta dhuit a bheith a' clamhsán, 'scáth an t-achar a chuaidh tú. Má tá sé míle bealaigh, sé a chloch-neart é. (bhí an gasúr a' casaoid faoi gur cuireadh ar aistear é).
Níl cló-stiúrtha ar bith ar na scoláirí atá a' gabhail chuig an scoil seo thíos, ó tháinic a' philibín de mháighistir nuadh seo ann. Neart bata nar mhór dóbhtha sin le na gceannsú. Tá an domhnuidheacht slat síos 'sna rosáin sin thíos, dá mbeadh fonn air iad a bhaint. Níorbh fhearr sa mbealach iad.
+
Tá beithidhigh éigcéille, amach 'sna tíreachaí coimhightheacha, a's níl goir ag aonduine a' theacht in a mbealach, gan é bheith stracluighthe ó chéile aca(b).
TUILLEADH (2) ▼
Is coimhightheach a' duine é. Níl ceo a' bith, ach nach bhfágfadh sé do bhealach, nuair a d'fheicfeadh sé a' teacht thú.
Ní feasach mé beirthe ná beo cé'n fáth atá aige a bheith chomh coimhightheach leis a' teach seo a's atá sé. Shílfeá nach araoid ná múisiam a' bith a chuir muid ariamh air, mara bhfuil indán's gurb é a bhealach é.
+
→
colg
Má ghníonn sé báisteach, beidh an tsráid in a ciseach ag an gcolg sin. Breagh nar chart sib suas 'san iothlainn é, as a' mbealach.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé istigh annsiúd i súil na h-áfaighe a's colg air; fé'int a dtiocfadh aon-ghadhar isteach chomh fada leis. Dheamhan bealach le é sin (broc in áfach) a chur amach, ach neart deataighe a chuir faoi'n tsrón aige. Chaithfeadh sé treabhadh nó tiomáilt (tiomáint) a dhéanamh annsin.
Níl aon-cheo dhá ndéanann duine as bealach i ngan-fhios ná i gcoimhfhios nach bhfuil scríobhtha síos annsiúd ar leabhar a' chunntais, a's dubhshlán aon-duine dallach dubh a chuir (a chur) ar Dhia. Siúd í an chúirt nach nglacfa na bréaga, a mhic ó.
→
conán
'Sé Seán fhéin a bhí as bealach. Marach gurab é, dheamhan baoghal a bheadh ar a' gconán siúd, araoid ná éiliughadh a chuir air.
+
→
cora
Má's aithgiorra ná aithgiorra anois é, ní bealach í an charra le dhul uirre 'san oidhche.
TUILLEADH (1) ▼
Tá carra spairtighthe ar bruach ann, nar tóigeadh as a' scaradh ariamh. Dheamhan a' fiú trompa gan teanga anois í, ná aon-mhóin eile a fhaghas an sioc in a scaradh. Ach gur mór sa mbealach í.
Deir na sean-anndúirí gurb iad an dá rud is siúráilte amuigh Comhar na gComharsan a's Cothromacan Síne na h-Uaire. Well, níl locht a' bith ar Chothromacan Síne na h-Uaire, ach 'sé mo mheas go bhfuil Comhar na gComharsan caithte in aer. D'fheicinnse le mo linn fhéin iad, a's dheamhan ceann oibre dhá mbeitheá a dhéanamh — crapadh an fhoghmhair, a' baint mhóna, ná 'bualadh coirce — nach mbeadh daoine sa mbealach ar a chéile a chongnamh dhuit. Ach dheamhan méitheal a d'fheicfeá in aon-áit anois. Caitheadh an obair sin igcártaí. 'Sé do chloch-neart é, scurach a fhaghail a leigfeadh súgán dhuit, tada leis.