1.
bóthar; cosán; cis, lorg bhuailte trasna páirce. Tugtar bealach ar bhóthar nó cosán ar bith atá in araíocht é a shiúl ach ní thig bóthar a thabhairt ar chuile bhealach. Cuir i gcás san amhrán deirtear: "Is iomaí bealach caol salach, agus bóithrín cam atá ag dhul idir mé agus an baile a bhfuil mo mhuirnín ann." Nuair nach mbítear cinnte an bóthar a bhíos i gceist, deirtear bealach i gcónaí. "An bhfuil bealach maith ag dul ann?" "Cén sórt bealach atá ag dul go dtí an teach srl." Nuair a bheifí cinnte gur bóthar é, déarfaí "cén sórt bóthar atá ag dul ann?" "An bóthar maith é?" srl.
a.
+–
Airgead Rí Seoirse agus ní dhéanfadh bealach thríd an ngeadán údan, mar is tonn phrochóg fré chéile é
Tá corrthulán ann atá sách crua, ach tá caochphoill ann a mbáfaí bád mór iontub. A cheann fine ní dhéanfaidh aon bhealach choíchin ann a bheas inrásta ag duine ná beithíoch a shiúl.
TUILLEADH (2) ▼
Níl sé inrásta ag an bhfia an bealach sin a shiúl amach sa ngeimhreadh, nuair a bhíonns dubhluachair na bliana ann agus an easca báite.
Is olc an bealach ag capall is carr é.
+–
Tá drochbhealach cairr ann; tá drochbhealach isteach ann srl.
'Sé bealach an diabhail é (an chat mara, an mhí-ádh, na tubaiste, bealach céasta srl.) — is drochbhealach é le dhul ann; bealach achrannach, aistreánach.
TUILLEADH (6) ▼
'Sé bealach an mhí-áidh é, an t-aicearra céanna, lena dhul ann san oíche — bealach achrannach nó dona críochnaithe; "bealach céasta é".
Nuair a bhrisfeas tú amach ar an mbóthar, beidh an bealach réidh faoi do chois uaidh sin amach — ní áit gharbh a bheas le siúl agat.
Tá drochbhealach isteach ann.
Bealach aistreánach achrannach atá ag dul ar an mbaile sin.
Bealach anróiteach treampánach atá ag dul ann.
Ní thabharfadh asal srathar agus cléibh ann anois, tá an bealach chomh bog sin. Beidh sé báite ar fad nuair a bhéarfas an geimhreadh orainn.
+–
Tá bealach cairr déanta go dtí an teach anois aige — tá cosán nó bóithrín a bheadh in araíocht ag carr a dhul air, déanta go dtí an teach aige anois.
Tá bealach cairr ann, ach níl sé thar mholadh beirte.
TUILLEADH (21) ▼
Caitheann siad an mhóin a chur amach le asail go dtí bealach an chairr.
Tá sé ag déanamh bealach cairr go dtí an portach anois.
Choiscfeadh sé anró dhúinn dá mbeadh bealach cairr ann.
Níl aon gharraí ag gabháil leis nach bhfuil bealach cairr ann.
Bíodh sé buíoch don té a bhí ansin roimhe, a réitigh an talamh agus a rinne bealach cairr i chuile áit ar fud na talúna.
Ní mó ná bealach asail atá ann.
Níl bealach an asail fhéin ann, ní airím bealach cairr
Is achrannach an bealach beithíoch é.
Ní mó ná go siúilfeadh an fia ann sa ngeimhreadh, ní áirím bealach cairr a bheith ann.
Is ait a chruthós siad má fhéadann siad bealach cairr a dhéanamh thríd an easca bháite údaí.
Tá an mhóin amuigh uileag ar bhealach an chairr aige.
Bhí bealach capaill ansiúd murach gur ligeadh i léig é.
Dhá ndéantaí cupla cis sna logannaí fliucha, bheadh bealach maith asail ann.
Is ciotach an bealach beithíoch é! Téann siad go bléantrachaí i chuile bhogach dá bhfuil ann.
Nach air atá an fíbín má shíleann sé go ndéanfaidh sé bealach cairr thríd an gciocra údan.
Caithfidh sé an scraith ghlugair údan a thriomú más leis bealach cairr a dhéanamh go dtí an portach.
Is olc an bealach mótair (rothair srl.) é.
Tá bealach an chairr faoi sclaigeannaí ar fad.
Dhá mbeadh an luascáinín feamainne sin ar bhealach a chairr agam, ní aireoinn í a chur amach.
Tá a theach ar bhealach na traenach.
Is gearr ó bhealach na traenach é chor ar bith.
+–
Drochrath ort le bealach mé a thabhairt! — is olc an bealach, an bealach seo ar thug tú nó ar threoraigh tú mé.
Droch-chríoch air le bealach a dhul! Caithfidh sé a dhul an bealach contráilte i gcónaí! — dá mbeadh aon bhealach ní ba dainséaraí ann, is air a thiocfadh sé.
TUILLEADH (1) ▼
Díol cam air le bealach é a chasadh! — scread mhaidne air a tháinig a leithide de bhealach; ba chóra dó a theacht bealach eicínt eile; is mór an t-ionadh go dtáinig sé a mhacasamhail de bhealach.
+–
Tuige a dtiocfadh muid an bealach sin thar bhealach ar bith eile?
"Chuaigh mo ghrása an bealach seo, go deireanach aréir; Níor tháinig sé do m'éileamh, agus mise tinn liom fhéin" (as amhrán)
TUILLEADH (19) ▼
An ndeachaigh fear an phosta an bealach inniu? — an ndeachaigh sé thart.
Má chastar an bealach thú, tiocfaidh mé isteach chuige.
Is fada aríst go gcastar an bealach mé.
Má theagann tú an bealach, fainic nach dtiocfá isteach.
Má thiteann dom a theacht an bealach, níl baol ar bith nach dtiocfaidh mé isteach — má éiríonn liom; má tharlaíonn dom.
Dhá gcastaí an bealach mé, chuirfinn a tuairisc.
Ó bhí mé ag gabháil an bealach, bhuail mé isteach.
Is fada aríst go mbeidh mé ag gabháil an bealach — is fada aríst go dté mé don áit sin (an áit atá i gceist).
Ní fhéadfá a ghabháil an bealach aige nach gcuirfeadh sé araoid ort — níl gair ag duine an bealach a shiúl aige nach gcuirfidh sé aighneas air.; ní fhéadfaidh duine an bóthar a shiúl (bóthar ar bith) nach mbeidh sé ina éadan.
Níl sé inrásta ag duine an bealach a shiúl chomhuain is a bheas sé siúd sa tír.
Níl gair agam an bealach a shiúl nach mbuailfidh sí coc achrainn orm.
Is deacair do dhuine an bealach a shiúl ag madraí.
An mbeidh tú ag gabháil an bealach seo — an bóthar seo, an bóthar a bhfuil mise le dhul air.
Cén bealach a mbeidh tú ag gabháil — cén taobh?
Caithfidh mise a dhul an bealach seo.
"Ag gabháil an bealach duit, má castar ort an cluanaí fir; Ná déan dearmad ar a dhea-chaint, ach bí críonna glic" (as an Draighneán Donn)
An bealach ó dheas a chuaigh sé — an taobh ó dheas, an aird ó dheas.
An é an bealach soir atá tusa ag dul? — an bóthar nó an aird thoir.
An bealach ó thuaidh a tháinig sé.
+–
Níl bóthar ná bealach ag dul ann — níl cosán ar bith ann.
Dheamhan bóthar ná bealach isteach ar an tamhnaigh údan ach cead agat sliabh a ghearradh.
TUILLEADH (15) ▼
Ní fhaca mé aon áit ariamh mar é, nach mbeadh bóthar nó bealach eicínt ag dul ann.
Ní raibh bóthar ná bealach acub gur dearnadh an méid sin de bhóthar dóibh an bhliain cheana.
Níl bóthar ná bealach acub agus dheamhan an fearr leob a bheith, mar b'fhusa do na póilíos a dhul ann dhá mbeadh.
Ní fhéadfar a dhath a dhéanamh ar na gasúir mura dté siad 'na scoile féin — in áit nach bhfuil bóthar ná bealach faoina gcois — ach an criathrach báite.
Is maith an scaitheamh anois nach raibh mé ar bóthar ná ar bealach.
Ní fheicfeá ar bóthar ná ar bealach anois é, muran buailte suas atá sé.
Ní fhaca mé ar bóthar nó ar bealach é le mo chuimhne cinn.
Má fheicimse ar bóthar ná ar bealach díot uaidh seo amach, íocfaidh tú ann (athair ag smachtú páiste)
Dheamhan a chos a chonaic mé ar bóthar ná ar bealach ón lá fadó ar buaileadh ar an aonach é. Ghlac sé fuath den bhóithreoireacht ó shin.
Is mór an t-ionadh nach mbeadh sé le feiceáil ar bóthar ná ar bealach uair eicínt. Tá sé ag cothú na háite istigh go maith.
Níor casadh mac na sceiche liom ar bóthar ná ar bealach go dtáinig mé abhaile aríst.
Má bhíonn sé ar bóthar ná ar bealach, ní i ngan fhios dó siúd é.
Ní bheidh mórán ar bóthar ná ar bealach i ngan fhios dó siúd!
Is fadó an lá nach bhfaca mé ag dul an bóthar ná an bealach é.
Má théann sé an bóthar ná an bealach, feicfidh mise é.
·
'Ní léithe bealach 'na coille ná chun a fágála' (nó fágáil uaireanta); (seanfhocal) — má bhíonn slí ag duine, beidh deis a caite nó dola air freisin; má bhíonn teacht isteach maith ag duine, bíonn glaoch dhá réir air.
Is iomaí punt a tháinig isteach sa teach ó thús bliana, ach ní léithe bealach 'na coille ná chun a fágála.
+–
Fear bóthair is bealaigh — fear nach mbaineann cos de shiúl; fear a bhíonns síoraí ag siúl; fear a bhíonns ag imeacht i ndiaidh a chinn roimhe; fear a bheadh ar thuras nó aistir.
"Is deas an rud bólacht, féar maith agus gabháltas; Cruithneacht is eorna le gearradh; Min ins an gcomhra agus tine tráthnóna; Agus dídean d'fhear bóthar is bealaigh" (Raiftearaí — Caismirt an Phótaire leis an Ól)
TUILLEADH (18) ▼
Is mór an fear bóthair is bealaigh é — duine a bhíos ag síorshiúl nó ag síorimeacht roimhe.
Níor lig sé isteach ariamh fear bóthair ná bealaigh.
Níor chuir sé amach ariamh aon fhear bóthar ná bealaigh a d'éiligh lóistín na hoíche air.
Tá a theach ar shúil an bhóthair agus níl fear bóthair ná bealaigh dhá dtéann soir ná siar nach aige istigh atá.
Tá muid sáraithe ag lucht bóthair is bealaigh ag tarraingt isteach againn chuile phointe.
Tá an teach ar a ndeis acub ó tharla é bheith ar shúil an bhóthair. Tarraingeann an ceannaí mála ann ag iarraidh lóistín na hoíche, fámairí ag cur tuairisc an bhealaigh, Gaeilgeoirí ag iarraidh nathaíochta, agus chuile chineál duine dhá dtéann an bóthar.
Níor eitigh mé fear bóthair ná bealaigh ariamh faoi lóistín na hoíche ó d'iarrfadh sé é in onóir Dé agus Mhuire.
Ní hé chuile fhear bóthair is bealaigh a ligfinn isteach, ach ba mhór an grá Dia lóistín a thabhairt don duine bocht siúd.
Níor cheart do dhuine aon araoid a chur ar fhear bóthair ná bealaigh agus gan a fhios aige cén uair a chasfaí é fhéin in áit strainséara.
Ba mhaith é an seanfhear faoi lucht bóthair is bealaigh a ligean isteach, ach sílim nach mórán gaisce atá ar an mac.
Sin baile nár caitheadh an droch-cheann ariamh le fear bóthair ná bealaigh ann. Tá a shliocht ar fhear na háite seo: áit ar bith dhá gcasfar é, agus a rá gur as C. é, beidh ómós dhó.
Níor ligeadh a shláinte ariamh le fear bóthair ná bealaigh as an tsráidbhaile chéanna. An cluiche scabhaitéaraí ba mhó a bhí ar foth ná ar féar, is istigh sa mbaile sin a bhí siad scaitheamh.
B'olc an geadán é Gleann Bh. tamall le fear bóthair ná bealaigh a chastáil ann deireanach san oíche.
San am a raibh na rógairí reatha ann fadó, ní raibh aon ghair ag fear bóthair ná bealaigh bheith amuigh deireanach. Bhainfidís a mbeadh aige dhi, agus b'fhéidir tuí srathar a bhualadh air ina aice sin.
Níor chuala tú fear bóthair ná bealaigh ariamh buíoch don lorgán sin.
Is teach é nár cuireadh aon chomaoin le lucht bóthair ná bealaigh ariamh ann. Bhí fear an tí daoithiúil doicheallach agus gar dhó fhéin.
Is teach é nár ligeadh fear bóthair ná bealaigh amach as ariamh gan an t-ocras agus an tart a bhaint dhe.
Dhá mba fear bóthair is bealaigh é, ba chuma airgead aige ná uaidh, ní fheicfeadh sé aon anó. Bhí sé chomh maith don strainséara nach bhfaca sé ariamh agus a bhí sé don chomharsa. Agus bhí a shliocht air: tháinig an saol bruíonach ar a shochraide.
+–
An bhfuil fios (nó eolas) do bhealaigh agat? — an feasach duit, cén bóthar, cosán srl. a ghabhfas tú, le dhul go dtí an áit sin. Ciallaíonn fios a bhealaigh freisin, fios céard is ceart duit a dhéanamh, a rá, nó an chaoi is ceart do dhuine é fhéin a iompar. fc. fios
Rachainn chuig an teach aige dhá mbeadh fios an bhealaigh agam.
TUILLEADH (23) ▼
Is doiligh fios do bhealaigh a dhéanamh go dtí an áit siúd.
Cén chlóic atá ort má tá fios do bhealaigh agat!
Ní bheinnse dhá fhágáil i gcleithiúnas aon duine dhá mbeadh fios an bhealaigh agam. Ghabhfainn fhéin ann.
D'éagóir Dé dhuit, mura bhfuil fios do bhealaigh fós agat agus a liachtaí uair a chuaigh tú ann cheana!
Níl stró ar bith ort eolas an bhealaigh a dhéanamh. Tá ainm thuas ar chuile shráid ann.
Dhá mbeadh lampa agam is fhearr a bheinn in ann eolas an bhealaigh a dhéanamh.
D'fhiafraigh mé fios an bhealaigh de scrománach mór a raibh a dhroim le balla aige agus má d'fhiafraigh fhéin, is beag an aird a thug sé orm.
Níl treoraíocht ar bith ionat mura bhfuil eolas an bhealaigh go B. agat fós — níl rath ar bith ort ag aithneachtáil bóithrí ná bealaí.
Ceadh nach bhfuil eolas an bhealaigh agat fós?
Is corrdhuine a gheobhadh eolas an bhealaigh go dtí an áit siúd, mura mbeadh fear aitheantais ann go díreach.
Ní mó ná duine a rugadh agus a tógadh ann a dhéanfadh eolas a bhealaigh ann lena bhfuil de chorannaí agus de chasaíochaí ag dul isteach go dtí é.
Ní raibh eolas an bhealaigh aige, agus dhá mbeadh fhéin, agus chomh dorcha agus a bhí an oíche, ghabhfadh sé rite leis a bhealach a dhéanamh ar na leacrachaí agus sna clochair siúd.
Is mór an saothraí thú agus eolas do bhealaigh a dhéanamh amach.
Mura bhfuil eolas an bhealaigh agat, 'sé bhfuil le déanamh agat, tuairisc a chur.
Ní bhfaighinn eolas an bhealaigh dhá mbeinn ann ó shin. Chaithfeadh sé gur bhain fóidín mearaidh, nó mearbhall eicínt dom, nach raibh treoraíocht thairis sin ionam.
Chaith mé uair an chloig go láidir ag fálróid síos is suas ar an mbóthar agus gan duine ná deoraí ag teacht a d'inseodh (a thabharfadh) eolas an bhealaigh dhom.
Níl a fhios cén timpeall a chuirfinn orm fhéin murach gur thug Dia dhom gur fhiafraigh mé de chailín óg a bhí ann cá raibh S. ina chónaí, agus chuir sí ar eolas a bhealaigh mé.
Ach a dteaga tú chomh fada leis an gcúinne, cuirfidh duine ar bith ar eolas an bhealaigh thú ach é a fhiafraí.
Is mór an t-aicearra é ach eolas an bhealaigh a bheith agat.
An bhfuair tú an bealach go réidh? — an bhfuair tú eolas an bhealaigh go réidh.
Cuir bonn ar an mbealach mura bhfuil a fhios agat cheana é — mura bhfuil eolas an bhealaigh agat cheana, cuir tuairisc faoi.
Ná bíodh cás ná náire ort bonn a chur mura mbí eolas an bhealaigh agat.
Is beag an ghus é, nár chuir tuairisc mura raibh sé in ann eolas a bhealaigh a fháil.
b.
cead a bhealaigh: cead imeachta; cead imeachta faoi scoir; cead a chos; é a ligean as géibheann; ligean leis; é a shaoradh as gabháil, bealach a scaoileadh nó a ligean leis.
+–
Tabhair cead an bhealaigh dhó — tabhair cead imeachta dhó; tabhair cead a chinn, nó cead a chos dhó.
Níor thug sé cead an bhealaigh dhúinn go dtí an ceathair a chlog; níor lig sé cead an bhealaigh linn go dtí an ceathair a chlog.
TUILLEADH (15) ▼
Tá sé thar am cead an bhealaigh a thabhairt dó feasta.
Bhí sé ag strócántacht ag iarraidh imeacht ó mhaidin agus thug mé cead an bhealaigh dhó ar báillín. Nach raibh sé chomh maith dhom: d'íosfadh sé beo beithíoch istigh sa teach mé mura dtugainn cead dó imeacht.
Ba gearr a choinnigh siad sa mbeairic é gur tugadh cead a bhealaigh aríst dó.
Dheamhan cead a bhealaigh a gheobhas sé d'uireasa bannaí.
Cén ghnaithe atá acub dhó siúd sa bpríosún: tabharfaidh siad cead a bhealaigh aríst dó.
Is maith a rinne tú cead a bhealaigh a ligean leis. Ní raibh gnaithe ar bith agat ag coinneáil moille air.
Ní bhfaighidh sé cead a bhealaigh chomh réidh agus a shíleanns sé féin. Beidh cóirí catha thairis sin air.
Thug an máistir cead an bhealaigh dóibh (do na scoláirí) ag an dó inniu.
Ar an dá luath is a dtabharfar cead an bhealaigh dhuit ón scoil inniu, teara abhaile ar an bpointe boise go dté tú ag gortghlanadh fataí ansin thiar. Ar chraiceann do chluas, ná déan aon fhánaíocht ar an mbealach.
Shíl mé nach bhfaigheadh muid cead an bhealaigh uaidh go deo, bhí an tseanmóir chomh fada sin aige.
Rinne sé siún sincín díom le caint. Shíl mé faoi dheireadh nach bhfaighinn cead an bhealaigh uaidh chor ar bith.
Ní raibh cuimhne ar bith agam go bhfaighinn cead an bhealaigh chomh héasca agus a fuair mé.
Bailíodh leat anois. Tá cead an bhealaigh agat.
Má tá fonn ort imeacht, tá cead an bhealaigh agat.
Níl duine ar bith ag baint cead an bhealaigh dhíot. Imigh leat, más breá leat é. 'A chomhairle fhéin do mhac Anna, agus ní bhfuair sé ariamh níos measa'.
+–
Scaoil bealach leis; tabhair cead a bhealaigh dó; lig bealach leis — lig chun siúil é; tabhair cead imeachta dhó
Níl a dhath maitheasa dhuit a bheith ag saibhseáil mar sin leis. Scaoil bealach leis.
TUILLEADH (8) ▼
Scaoil bealach leis feasta agus ná coinnigh ar feadh an lae é.
Ní scaoilfeadh sé bealach liom gur dhúirt mé go mbeifí liom (.i. anuas orm) sa mbaile.
Shílfeá gur mó an bhrath a bhí ag na póilíos é a thógáil, ach scaoil siad bealach leis faoi dheireadh is faoi dheoidh.
Is mór an náire don mháistir é nár scaoil bealach libh fadó tharas sibh a bheith stiúgtha leis an ocras an tráth seo de ló.
Scaoil bealach leis. Dheamhan punta oibre a dhéanfas sé aríst go faoithin mura bhfaighe sé cead imeachta.
Scaoilfinn bealach leis an mbuachaill sin dhá mbeadh a fhios agam go bhfaighinn aon bhuachaill eile go réidh. Dheamhan an fiú deich triuf é. Is mó atá sé sa mbealach orm.
Is fadó an lá a scaoilfinnse bealach léithe ina rogha áit, ach is measa leis an tseanbhean í ná gealacán a súl, agus ní mian léithe cead an bhealaigh a thabhairt di chor ar bith.
Dhéanfadh sé ár dá ligeadh muid bealach leis, agus sách rite a chuaigh sé linn é a cheansú chor ar bith.
+–
Sin é amach an bealach agat, má tá fonn imeachta ort. (Déarfaí go gairgeach le duine istigh i dteach é, agus é ag cur a chosa uaidh ag iarraidh imeachta, nó a dhul in áit eicínt)
Sin é amach an bealach agat, ach má thaobhaíonn tú an teach seo aríst anocht, codlóidh tú amuigh.
TUILLEADH (3) ▼
Sin é soir an bealach agat, agus imigh go bhfeice muid cáide go dteaga tú abhaile aríst!
Sin é siar an bealach agat, má tá an oiread sin fonn ort a dhul ann!
Sin é suas an bealach agat, agus nár fhille tú go luath, gan dochar gan díobháil dúinne!
+–
Chuir sé chun bealaigh inniu é — chuir sé (ch)un siúil, (ch)un seoil srl. é.
Tuige nár chuir tú an litir sin chun bealaigh fós.
TUILLEADH (9) ▼
Scríobh sé chun bealaigh ag iarraidh bicycle — go Baile Átha Cliath, Sasana srl.
Ní bhacfa mé le Gaillimh. Scríobhfa mé chun bealaigh faoina dhéint.
Tá sé in am agat an t-airgead sin a chur (ch)un bealaigh feasta.
Ní cuirfear chugat é go gcuire tú an t-airgead (ch)un bealaigh.
Téirigh isteach i dteach an phosta ansin thoir, agus cuirfidh siad an cíos (ch)un bealaigh dhuit.
Cuir un bealaigh, teachtaire eicínt ina choinne.
Cáide go dté tú chun bealaigh? — go n-imí tú (go háirid in áit i bhfad ó láthair, Sasana, Meiriceá, Baile Átha Cliath srl.).
Chuir sé an spailpín chun bealaigh — dhíbir sé é; chuir sé uaidh é. (Is annamh a baintear leas as mar seo, agus is cosúil gur truaillíocht é).
Chuir sé an bhean chun bealaigh go dtí an siopa ag iarraidh fuisce
+–
Bhí mé ag goid an bhealaigh liom — ag déanamh an bhealaigh; ag siúl liom go righin ag déanamh ar cheann scríbe.
Níl ann ach go raibh mé ag goid an bhealaigh liom abhaile, arae bhí mé tuirseach sáraithe de bharr mo lae.
TUILLEADH (2) ▼
Féadfaidh muid a bheith ag goid an bhealaigh linn anois.
Ag goid an bhealaigh liom a bhí mé go tuirseach támáilte, nuair a tháinig sé suas liom agus thug marcaíocht sa gcarr dhom.
+–
Níl siúl an bhealaigh ann, tada leis — ní maith go bhfuil sé in ann an bóthar a shiúl.
Níor fhan siúl an bhealaigh chor ar bith ionam (nó agam) le gairid.
TUILLEADH (12) ▼
Níl siúl an bhealaigh anois inti ó chuaigh sí chun donacht le na scoilteachaí.
Is beag le go bhfuil siúl an bhealaigh ionam le teann ocrais.
Má tá siúl an bhealaigh ann, 'sé a chlochneart é.
Is mór a chuaigh an ruaig (thinnis) sin thríd. Níor fhága sí siúl an bhealaigh aige (ann)
Ní fhaca mé aon fhear ariamh is mó a cloíodh le gairid ná é. Tá sé chomh tugtha uaidh sin anois agus nach mó ná siúl an bhealaigh atá ann.
Níor fhága an slaghdán bradach sin siúl an bhealaigh agam. Seachtain a bhí mé buailte síos leis, agus ba mheasa dhom é ná dhá gcaithinn bliain in mo leaba.
Dhá mbeadh siúl an bhealaigh ionamsa, d'fheicfeá féin air gur gearr a bheinnse ag dul síos agus dhá chasadh léithe.
Bheadh sé ann, dá mbeadh siúl an bhealaigh chor ar bith ann.
An fhad is a bhí siúl an bhealaigh chor ar bith aige, níor fhága sé an t-aifreann ar deireadh (théadh sé 'na aifrinn)
Níl aon ghuth agam air a theacht, arae níl siúl an bhealaigh fanta ann le gairid.
Níor fhan siúl an bhealaigh ionam, tada leis, ó bhí an slaghdán orm anuraidh.
Dheamhan mórán le siúl an bhealaigh a d'fhan ionam ó bhí mé buailte síos anseo i mbliana (fc. ithe a chodach, iarraidh a chodach, srl.)
+–
Béal an bhealaigh — súil bóthair; béal nó ceann bóithrín; cois bóthair, cosáin srl.
Tá a theach i mbéal an bhealaigh; tá a theach chois an bhealaigh, nó le hais an bhealaigh — tá a theach ar shúil an bhóthair
TUILLEADH (17) ▼
Is furasta a aithinte dhuit cá'il sé ina chónaí — botháinín ceann tuí i mbéal an bhealaigh.
Cé atá ina chónaí sa teach mór atá i mbéal an bhealaigh anseo thíos? — ag ceann an bhóithrín nó an chosáin; ag cumar na mbóthar.
Bíonn sé i gcónaí i mbéal an bhealaigh — ar an mbóthar; chois an bhóthair; i dtalamh chois an bhóthair.
Ní fhaca mé ariamh é nach i mbéal an bhealaigh a bheadh sé. Meas tú an ndéanann sé buille ar bith maitheasa?
Ní fhágann sé béal an bhealaigh chor ar bith, agus tá bleid buailte aige ar an bhfear siar agus ar an bhfear aniar.
Tá a chuid talúna uileag i mbéal an bhealaigh. Is leis an réimse talúna sin atá ag síneadh le bóthar ó thuaidh.
Céard a chas i mbéal an bhealaigh tú inniu?
Chomh tráthúil lena bhfaca tú ariamh, chas sé liom i mbéal an bhealaigh.
Ní fhéadaim a dhul soir ná siar nach mbíonn sé romham i mbéal an bhealaigh ag iarraidh scéalta orm.
Sin é a bhfuil ar a aire — a bheith i mbéal an bhealaigh ansiúd — leis an mbean soir, agus leis an mbean siar, a thíolacan píosa den bhóthar!
Bíonn sé go hacht is go háirid i mbéal an bhealaigh!
Deir tú léithe a bhí i mbéal an bhealaigh romham le tosaí ag sciolladóireacht orm.
'Sé an chéad bhall é a chonaic mé i mbéal an bhealaigh romham agus mé ag dul soir.
Is dhó is fusa chuile thuairisc a bheith aige. Tá sé i mbéal an bhealaigh agus forra chainte curtha aige ar chuile dhuine.
'Sé an rud is luath (luar) liom beo, duine a bheith i mbéal an bhealaigh romham ag súil le tuairisc.
Is gránna an bealach atá léithe, amuigh i mbéal an bhealaigh roimh chuile dhuine go bhfaighe sí amach cá'il sé ag dul.
Is chuige atá tarraingt chuile dhuine, arae tá a theach i mbéal an bhealaigh.
+–
Chuaigh tú as an mbealach ar fad — chuaigh tú amú ar chosán, nó chuir tú aistear nó timpeall ort fhéin.
Ní raibh a fhios agam go raibh muid chomh fada as an mbealach gur ghealaigh an lá amach.
TUILLEADH (2) ▼
Mura mbí tú an-airdeallach, is furasta a dhul as an mbealach ann.
Nuair a tháinig muid amach ar an mbóthar, bhí muid míle as a mbealach. Nach mór an mearbhall a bhí orainn!
c.
+–
Tá tú i lár an bhealaigh — tá tú mar a bheadh dris chosáin ann; ní féidir le duine a dhul tharat
Tuige nach bhfágfá lár an bhealaigh.
TUILLEADH (4) ▼
Suigh síos agus ná bí in do staidhce i lár an bhealaigh nach féidir le duine corraí síos ná suas agat.
Tá sé de bheith ort a bheith i lár an bhealaigh i gcónaí. Breá nach seasfá i leataobh agus gan a bheith in do sheasamh ansin,in do liúdramán i gcónaí.
Ní fhéadfaidh duine a dhul síos ná aníos an bóithrín nach bhfuil a charr tarraingthe i lár an bhealaigh aige roimhe. Shílfeá gur leis fhéin an bóithrín ar fad.
Ní raibh aon ghair agam a dhul anonn ná anall aige. Bhí sé i lár an bhealaigh romham.
+–
Tá tú sa mbealach — an áit a mbeifeá ag cur as do dhaoine eile — rompu ar chosán, ar bhóthar, ina gcuid oibre srl.
Tá tú sa mbealach orm.
TUILLEADH (6) ▼
Bhí sé sa mbealach orm, agus dúirt mé leis go gcaithfeadh sé an bealach a fhágáil.
Tá tú sa mbealach ar fad orm; tá tú sa mbealach ar mo chuid oibre.
Tá sceach sa mbealach orthub — i riocht is nach féidir leob obair eicínt a dhéanamh, nó a theacht amach nó a dhul isteach, ag an sceich.
Murach an chloch sin a bheith sa mbealach orainn, b'fhurasta an leac a ardú.
Tá tú sa mbealach ar an solas — tá tú idir mé agus an solas; ní féidir liom tada a fheiceáil agat.
"Murach an taoille sa mbealach, dhéanfainn eolas an bhaile a mbíonn tú; Rachainn do d'fhéachaint chaon Satharn, a stóirín, agus ar maidin Dé Luain" (as Neilí)
+–
Is mór sa mbealach thú — duine nach mbeadh aon iarracht ná aon ghnaoi air, i dteach ná in áit.
Is mó sa mbealach é an duine bocht i gcónaí (leathfhocal)
TUILLEADH (10) ▼
Shílfeá go mba mhór sa mbealach mé leis an ngruaim a chuir sí uirthi fhéin liom.
Is mó sa mbealach é ná a bhfuil sé a dhéanamh de mhaith — duine a bheadh in ainm is a bheith ag obair, ach nach mbeadh tada de mhaith dá bharr.
Dheamhan cúnamh ná cuid de chúnamh atá sé a thabhairt domsa. Is mó sa mbealach go mór é.
Níl maith ná maoin leis. Is mó sa mbealach é.
Ní ghlacfainn é, dhá dteagadh sé liom in aisce. Is mó a bheadh sé sa mbealach ar fhear.
Tá díth chéille ort, má chuireann tú aimsir air sin. Is mó a bheas sé sa mbealach ort.
An bhfuil tú ag ceapadh go dtabharfainn thusa ag obair liom. Is mó a bheifeá sa mbealach orm.
Díol cam air, an spreasáinín! Tá sé in ainm is a bheith a chúnamh dhom le seachtain, ach is mó atá sé sa mbealach orm go fada.
Dhá mbeadh Éire taobh leis, ní ligfinn isteach in mo gharraí é! Is mó sa mbealach ar fhear é.
Dhá mbeadh fear oibre ann, ach is mó sa mbealach ar fhear oibre Seáinín!"
+–
Níl duine ar bith sa mbealach anois air, agus dheamhan a bhfuil ag pósadh dhó ina dhiaidh sin — níl duine ar bith eile sa teach le cur as dó.
Beidh moill air shula bhféadfaidh sé pósadh. Tá lán an tí sa mbealach air.
TUILLEADH (8) ▼
Ní féidir gur ag cuimhniú ar phósadh a bheadh sé agus a bhfuil sa mbealach air.
Níl sa mbealach air anois ach an deirfiúr, agus is gearr go n-imí sí sin í fhéin
Nuair a bhí an chuid eile anseo, bhíodh sé ag clamhsán nach raibh sé ag fáil cead pósta, agus anois nuair nach bhfuil duine ar bith sa mbealach air, dheamhan a bhfuil ag corraí dhe.
Is deacair dhó bean a thabhairt isteach ansiúd agus a bhfuil sa mbealach air.
Ná bacaimse thú má tá fonn pósta ort. Ní bheidh mise sa mbealach ort ach feadh is mé ag fáil mo phaisinéaracht go Meiriceá.
Is deas an áit a fuair sí, agus gan duine ná deoraí sa mbealach uirthi ach í fhéin.
'Sé an chaoi a bhfuil sí sa mbealach air fhéin, agus ar chuile dhuine eile — níl aon mhaith leis ag obair.
Fan as an mbealach — den bhóthar, den chosán srl.
d.
+–
Tá tú ag déanamh an bhealaigh leat bail ó Dhia ort!
Bhí mé ag déanamh an bhealaigh liom abhaile aréir nuair a scoith sé mé, agus dheamhan oiread agus beannú dhom a rinne sé.
TUILLEADH (12) ▼
Is beag an stró atá air sin an bealach a dhéanamh — an t-eolas a fháil; a bheith in araíocht an t-aistear a chur dhe.
Is ar ín ar éigean a rinne mé mo bhealach abhaile aréir bhí an oíche chomh dorcha sin.
Is mór an saothraí thú agus a bheith in ann do bhealach a dhéanamh chor ar bith go dtí an teach seo, agus chomh haistreánach agus atá an seanchosán.
Meas tú an mbeidh tú in ann an bealach a dhéanamh?
Tabharfaidh sé a sháith go binn don ghasúr sin an bealach a dhéanamh, arae níl aon éitir ann — níl aon neart sa ngasúr agus claochmóidh an t-aistear é.
Is beag an baol atá air sin nach mbeadh in ann an bealach a dhéanamh. Nach bhfuil sé chomh luath láidir leat fhéin fós.
Is beag an mhairg air sin, mo léan, an bealach a dhéanamh, nó dhá mbeadh sé a fhad eile. Ag ligean cluanaíochta air fhéin a bhíonnsé sin nuair adeireanns sé go mbíonn sé go dona.
Is mór a chruthaigh tú agus do bhealach a dhéanamh thrí ina daoine.
Rinneadh bealach dhó thríd an gcruinniú.
'Bhí Máire Maidiléana amach roimpi (roimh an Maighdean Mhuire) agus rinne sí bealach dhi thríd an gcruinneáil'.
B'éigean bealach a dhéanamh dhó go ndeachaigh sé síos ar an teallach, an áit a raibh an scliúchas. Sin é a raibh ann. Shuaimhnigh an teach ar an toirt.
Chuaigh sé rite go leor liom bealach a dhéanamh thrí na daoine.
e.
bealach do leasa: do leas a bheith romhat, agus tú in áirid breith uirthi; bóthar do leasa; clár do leasa. Bealach aimhleasa — áit achrannach, aistreánach. Bóthar do leasa — is beag leas a baintear as, agus nuair a baintear, ní fearacht na leabhar é. Déarfaí ní hé bóthar a leasa a thug sé ar fhéin, agus a dhul ansin inniu. Ach ní abrófaí tá sé ar bhóthar a leasa anois, nuair ba dhóigh do dhuine a bheith ar chúrsa a d'éireodh leis.
+–
Ní ar bhealach do leasa a chuirfeas an ceann sin thú má ghéilleann tú dhó.
Tabhair airde ar sin agus cuirfidh sé ar bhealach do leasa thú! — bealach a bhasctha atá i gceist
TUILLEADH (2) ▼
'Sé Pádraicín a chuir ar bhealach a leasa é. Dheamhan láimh a bheadh aige go brách ann murach é — thug Pádraicín comhairle a leasa dhó.
Ní raibh sé ar bhealach a leasa ariamh go dtí anois má tá i ndán is go bhfuil sé ag tarraingt go dtí iad sin! — a mhalrait atá i gceist; i mbealach a bhasctha a cuirfear san áit sin nó sa teach sin é.
+–
Ní hé bealach do leasa atá leat — ní bárúintí do leasa atá fút; níl sé in áirid duit do leas a dhéanamh agus a bheith ar an gceird a bhfuil tú.
Ní hé bealach do leasa atá leat, ná le aon duine eile a ghéillfeas do na bacaigh sin.
TUILLEADH (2) ▼
Dhá mbeadh bealach do leasa leat, ní thaobhófá an teach sin, beag ná mór.
Ní raibh bealach a leasa leis an gceann céanna ariamh fhéin, ní áirím é a bheith amhlaidh anois.
+–
Is beag an airde a bhéarfas sé sin ar aon duine atá ar mhaithe leis ná a chuirfeadh ar bhealach a leasa é.
Ní dhéanfaidh sé sin bealach a leasa ar chomhairle aon dhuine.
TUILLEADH (8) ▼
Is beag an baol air bealach a leasa a dhéanamh, pé brí céard a dhéanfas sé le bealach a aimhleasa — 'sé is dóigh dhó a aimhleas a dhéanamh ach níl baol ar bith fhéin go ndéanfaidh sé a leas.
Go gcuire Dia ar bhealach do leasa thú, pé brí céard a dhéanfas tú! — go dtuga Dia dhuit do leas a dhéanamh pé ar bith céard a dhéanfas tú (nuair a bheadh duine idir dhá chomhairle faoi rud áirid eicínt a dhéanamh, agus gan a fhios aige a mb'fhearr dó é a dhéanamh nó gan a dhéanamh; nó nuair a bheadh roghain aa dá dhíogha ag duine)
Ní minic leis bealach a leasa a dhéanamh, ní dhá roinnt leis é! — ní minic leis a leas a dhéanamh.
Níl géilliúint ar bith aige sin don té a chuirfeadh ar bhealach a leasa é.
Ní ar bhealach do leasa ach ar bhealach t'aimhleasa a chuirfeas mac Th. Ph. thú má éisteann tú lena chomhráití.
Más é bealach do leasa atá fút, fanóidh tú uathub sin.
Ní hé bealach a leasa atá ag cur síos leis an scabhaitéara sin chor ar bith — níl imní ar bith air faoina leas a dhéanamh.
Bhí a fhios agam go maith nach é bealach a leasa a bhí leis agus a dhul siar ansin an chéad lá ariamh.
f.
bealach do bhasctha: malrait bhealach do leasa; cúrsa nach bhfuil in áirid éirí leat; bealach a bhfuil tú in áirid do chreach a dhéanamh leis. Tugtar bealach do bhasctha ar dhroch-chosán, nó áit achrannach freisin: "nach thú a thug ar bhealach mo bhasctha mé sna breaclachaí seo"
+–
Tá an t-ealaíontóir sin ar hob thú a chur ar bhealach do bhasctha — má ghéilleann tú dhó, cuirfidh sé i mbealach do bhasctha thú.
Nach mé a casadh i mbealach mo bhasctha agus a theacht isteach anseo!
TUILLEADH (12) ▼
Tá tú ceart mura mealla siad sin i mbealach do bhasctha thú.
'Sé atá ag dhul i mbealach a bhasctha anois muise, dhá mbeadh a fhios aige é. Ach is cuma leis an óige cá gcuirfidh sí a cois.
Fan as bealach do bhasctha má fhéadann tú.
Is beag an baol air siúd a dhul i mbealach a bhasctha, ní hé sin a fhearacht ag tuilleadh é.
Má tá tú ag iarraidh a dhul i mbealach do bhasctha, téirigh isteach ansin!
Cá'il tú ag iarraidh mé a thabhairt? I mbealach mo bhasctha! Ní beag dom chomh dona agus atá mé faraor, agus gan mé a bheith níos measa!
Is mé a casadh i mbealach mo bhasctha ceart críochnaithe inniu!
Dhá ngéillinn dó, ní chónódh sé go dtugadh sé i mbealach mo bhasctha mé!
Ní chónóidh tú go dté tú i mbealach do bhasctha as a dheireadh! — beidh tú ar siúl go gcastar i dtrupás thú.
Is mairg dhom a thiocfadh i mbealach mo bhasctha ar do chomhairlese — is mairg sin!
Is mór a chuireanns an t-ól i mbealach a mbasctha. 'Sé atá deas air!
'Siad na mná a tharraing i mbealach a bhasctha é an chéad lá ariamh.
g.
+–
Ní fhaca mé i mbealach ná i ndearmad leis an fhad seo é — ní fhaca mé in aon áit é.
Ní fhaca mé an ceann céanna i mbealach ná i ndearmad le mo chuimhne.
TUILLEADH (12) ▼
Murach gur buailte suas atá sé, d'fheicfinn i mbealach nó i ndearmad le fada é, ach ní fhacas.
Is mór an t-ionadh nach bhfeicfí i mbealach nó i ndearmad anois é nó an bhfuil sé ag coinneáil na leabthan i gcónaí?
Ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann, ní fhaca mé i mbealach ná i ndearmad dhe.
Thóraigh mé i chuile mhíle áit ar fud an aonaigh é, ach dheamhan a chos a bhí le fáil i mbealach ná i ndearmad ann.
Gheall sí a bheith anoir leis an Luan dar gcionn, ach mo chreach mhaidne thú, ní fhaca mé amharc uirthi i mbealach ná i ndearmad ó shin.
Chaithfeadh sé go gcoinníonn sí as mo bhealach, arae ón lá ar iarr mé mo phunt uirthi, níor leag mé súil uirthi i mbealach ná i ndearmad ariamh ó shin.
Deir tú leis nach bhfaca dhom i mbealach ná i ndearmad, ón lá ar rug mé air ag bleán mo chuid beathach.
Ón lá a dtug mé an seicín dó (nóta deich scilleacha), dheamhan a chos ná a chnáimh a chonaic mé i mbealach ná i ndearmad ó shin. Beidh a shliocht orm: feicfidh tú fhéin air nach dtaobhóidh sé mise níos mó.
Tá sé na cianta ó chonaic mé i mbealach ná i ndearmad í go dtí inné i nGaillimh. 'Sí atá tuartha snoite as a ceannaghaidh, agus má tá fhéin, cé hionadh dhi sin agus an fhad is a bhí sí buailte síos.
'Sé an eorna nua an ceann céanna a fheiceáil, arae is fadó cheana nár facthas i mbealach ná i ndearmad é.
Meas tú an donacht ar bith atá air le nach bhfuil sé le feiceáil i mbealach ná i ndearmad leis an fhad seo.
Is fada aríst, tá faitíos orm, go bhfeice tú i mbealach ná i ndearmad é, mura dté tú de mhaoil do mhainge 'na tí ag breathnú air. Buaileadh síos é an tseachtain seo caite agus beidh liostachas fada air mura bhfuil ag Dia.
h.
+–
Tá sé in am a bheith ag giorrú an bhealaigh — tá sé in am imeacht ar an aistir.
Ní fholáir dhúinn a bheith ag giorrú an bhealaigh nóiméad ar bith feasta.
TUILLEADH (8) ▼
Dhá mbeifeá ar an mbóthar chor ar bith, ní aireofá ag giorrú an bhealaigh abhaile.
Nach gearr a bhíonns na busannaí seo ag giorrú an bhealaigh.
Fág seo go beo! Tá sé in am a bheith ag giorrú an bhealaigh.
Dhá mbeadh an mótar sin agat is air nach mbeadh an mhoill ag giorrú an bhealaigh dhuit.
Níor airigh muid an bealach dhá ghiorrú aige lena chuid scéalta agus barrúlachta — is gearr a d'airigh muid an t-aistear, mar ba mhór an chuideachta dhúinn é.
Is gearr a bheas sé siúd ag giorrú an bhealaigh dhaoibh — inseoidh sé scéalta, agus is mór an chuideachta é, agus ní aireoidh sibh an bóthar aige.
'Sé P. dhá mbeadh sé in éindí linn nach mbeadh i bhfad ag giorrú an bhealaigh. Níl aon chuideachta go héag ach é.
Ní aireofá ag giorrú an bhealaigh é lena bhfuil dhe nathaíocht agus de dhea-chaint aige.
+–
Giorraigh an bealach (giorraigh an bóthar, giorraigh an oíche dhúinn srl.) — inis scéal, déan bréag, nathaíocht nó greann, abair amhrán, nó rud ar bith mar sin. Seo é adúirt an Gobán Saor leis an mac agus iad ar a n-aistir go dtí cúirt an rí . Thosaigh an mac ag rith i muinín a chruite agus dúirt an Gobán go gcaithfidís filleadh abhaile, nach ndéanfaidís aon chúis an lá sin. Tá an chiall chéanna fós leis
Giorraigh an bealach dhúinn le amhrán nó le scéal breá.
TUILLEADH (10) ▼
Giorróidh na bréaga fhéin an bealach; Dheamhan lá loicht ar an mbréig fhéin leis an mbealach a ghiorrú do dhuine.
Ní miste linn, cé's sórt amhrán adéarfas tú, ach an bealach a ghiorrú.
Abair do rogha amhrán — rud ar bith leis an mbealach a ghiorrú.
Ba mhór an giorrú ar an mbealach ar dhúirt sé d'amhráin dhúinn.
Is deas an chaoi é sin leis an mbealach a ghiorrú!
Thú fhéin is fhearr leis an mbealach a ghiorrú.
Is diabhaltaí an giorrachan ar an mbealach an scéal sin fhéin.
Is mór an giorrú bealaigh (is mór an giorrú ar an mbealach) an comhrá agus an chaint.
Is mór an giorrú ar an mbealach an comhluadar.
Ba mhór an comhluadar dhom abhaile é. Ghiorraigh sé an bealach dhom lena chuid cumadóireachta. D'éist mise leis, agus mé dhá ligean isteach i gcluais agus amach sa gcluais eile.
+–
Tá sé ag giorrú an bhealaigh an duine bocht! — duine a bheadh ar a chailleadh; duine agus é dhá ghoid as ag tinneas an bháis.
Tá sé ag giorrú an bhealaigh. Sílim gur gearr an bás uaidh anois.
TUILLEADH (6) ▼
Níl aon dán biseach (bisigh) dhó. Ag giorrú an bhealaigh atá sé. — tá a chuid bisigh ar iarraidh: biseach an bháis atá air.
Tá sé ag giorrú an bhealaigh le gabháil chun seachtaine agus ní bhfuair sé aon bhás fós ina dhiaidh sin. Nach áibhéil an seasamh aige é!
Is gearr uaidh anois cheapfainn. Tá sé ar a mhine ghéire ag giorrú an bhealaigh — is beag an sea a thabharfas sé anois. Tá sé ag teannadh leis an mbás.
Níl pian ná tinneas air ach é ag giorrú an bhealaigh leis.
Tabharfaidh an oíche anocht fuílleach le déanamh dhó, agus is suarach an t-ionadh é, arae is fada anois é ag giorrú an bhealaigh — 'sé a dhícheall an oíche anocht a shárú srl.
Tá an chaint agus an aithne aige fós, ach má tá fhéin, tá sé ag giorrú an bhealaigh.
i.
+–
Is fhearr dhúinn a bheith ag baint choisméige den bhealach — ceann a chur ar ár n-aistir.
Tá sé thar am againn a bheith ag baint choisméige den bhealach.
TUILLEADH (1) ▼
Bí ag baint giota den bhealach — imigh ar an aistir.
+–
Ta bealach fada air, an mhóin a chur amach — aistear. Ní bheadh bóthar ná cosán i gceist anseo — aistear amháin.
Is fada an bealach atá air go dtí siopa is séipéal.
TUILLEADH (13) ▼
Is fada an bealach é go Fionnán — aistear nó turas fada é.
I nDomhnach, ní mór dhaoibh a bheith ag corraí amach feasta: tá bealach fada romhaibh.
Scaoil amach an té a bhfuil an bealach fada air.
Bealach fada é abhaile: beidh an dubh ar an oíche nuair a bheas muid ann.
Níor mhaith liom do bhealach a bheith romham anois (a bheith le déanamh agam)
Drogall atá air roimh an mbealach fada.
Bealach fada rite é go dtí na Cnoic.
Dhá mbeadh mo chois ar an mbealach agam uair amháin, ní aireoinn dhá shrianadh suas.
'Sé an fear a chaithfeas a dhul sa mbealach fada is mó cás (is mó trua)
An bhfuil tú ag brath (ar) an bealach fada a thabhairt ort fhéin — an bhfuil tú ag brath (ar) an rith fada a thabhairt ort fhéin?
Is fada an bealach é ag an té atá ag siúl dhá chois.
Is beag a aireos siad sin é, más bealach fada fhéin é.
Ní bhainfidh tú aon cheart den bhealach aicearrach (den bhealach trasna) anocht; tá an oíche ródhorcha.
+–
Níl tú leath bealaigh fós ná baol ar bith air — leath an aistir.
Dhá mbeinn leath bealaigh ann, ní aireoinn dhá chur siar — dá mbeadh sé curtha agam go dtí lár báire srl.
TUILLEADH (12) ▼
Ní raibh mé ach leath bealaigh abhaile nuair a tháinig sé ina dhórtadh as aer orm agus báitheadh chuile shnáth dhá raibh orm.
Tá muid ionann is leath bealaigh go Gaillimh anois.
An bhfuil tú leath bealaigh sa leabhar fós? — a leath léite agat.
Tá bóithrín leath bealaigh siar don Chnoc, agus sin é.
Tá an t-ard leath bealaigh síos go bóthar.
Tá sé leath bealaigh go claí go hard.
Bhí mé leath bealaigh isteach an doras nuair a ghoin m'aire mé, agus loic mé aríst.
Leath bealaigh abhaile a bhí mé nuair a scoith sé mé.
Níl tú fhoisceacht míle do leath bealaigh fós.
Tá sé seo ina theach leath bealaigh aige ag teacht ó chuairt dó chuile oíche. Tagann sé isteach scaithín i gcónaí. (Bíonn clocha agus tithe leath bealaigh i gcónaí ar bhóithrí, ní hiad na tithe ná na clocha céanna a bheadh leath bealaigh ag chuile áit, dar ndóigh. Is iomaí cloch agus teach ar shúil bóithrí a dtugtar cloch leath bealaigh nó teach leath bealaigh orthu.)
Níl anseo ach teach leath bealaigh agam. Tá mé ag gabháil píosa eile.
Ní dhéanfaidh mé cuairt anseo. Níl ann ach teach leath bealaigh agam. Caithfidh mé a dhul go barr an bhaile.
+–
Níl tú ceathrú cuid (cúigiú cuid srl.) an bhealaigh fós.
Tá an bealach bearnaithe go maith anois againn — tá píosa maith den aistir tharainn.
TUILLEADH (8) ▼
Is gearr ortsa, bail ó Dhia ort, an bealach a bhearnú.
Tá bearnú maith ar an mbealach anois againn — tá muid an chuid is mó den aistir.
Níl mórán bearnú ar an mbealach fós againn. Caithfidh tú foighid a bheith agat. B'éigean do do mháthair fanacht naoi ráithe leat!
Tá iarracht maith ar an mbealach anois againn; tá cúnamh maith den bhealach déanta againn; is gearr go mbí muid ag deireadh an bhealaigh; is gearr go mbí deireadh an bhealaigh déanta againn — tá muid ionann is ag ceann scríbe
An ndeachaigh tú an bealach uileag? — an ndeachaigh tú an t-aistear ar fad?
An mb'éigean duit a dhul an bealach fré chéile — go deireadh an aistir.
An bhfuil aon bhaol orainn a bheith ag deireadh an bhealaigh fós.
Is mór is fiú dhúinn tús an bhealaigh (tosach an bhealaigh) a bheith dhínn (tharainn) ar aon chor.
+–
Fuair sé treascairt ar an mbealach abhaile.
Thit sé ar meisce ar an mbealach.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí mé ag dul Gaillimh lá agus casadh cluiche tincéaraí dhom ar an mbealach agus chuir mé cara chainte orthub. Bhí siad ag iarraidh mé a thabhairt ag ól dhá dtéinn in éindí leob.
Níor scoith sibh an ceann s'againne ar an mbealach (ar an mbealach abhaile dhaoibh, ar an mbealach Gaillimh dhaoibh, ar an mbealach go dtí an portach)
+–
Tá sé ar a bhealach go Meiriceá anois — tá sé imithe ar an aistir go Meiriceá.
Tá sé ar a bhealach aníos faoi seo.
TUILLEADH (2) ▼
Ba cheart dó bheith ar an mbealach abhaile feasta.
Cuireadh aighneas eicínt air ar an bhealach 'na tí aréir.
+–
Tháinig sé suas liom ar an mbealach — ar an aistir, ar an turas
Duine eicínt a casadh dhó ar an mbealach a choinnigh moill air. (Ní abrófaí "tá sé ar an mbealach anseo"; ná "tá sé ar a bhealach anseo", ná "tá sé ar an bhealach go dtí an áit seo" ("he is on his way here"). Déarfaí "Tá sé ar an mbealach anoir, nó aniar (aníos, i leith srl.) nó "tá sé ar an mbealach ag teacht")
TUILLEADH (2) ▼
Murach gur moillíodh é ar an mbealach, is fadó a bheadh sé ar fáil.
Cé mhéad lá a chaith sibh ar an mbealach? (ar aistir — trasna Mheiriceá, ó Mheiriceá srl.); cé mhéad lá (cén t-achar, cáide, cén fhad srl.) a bhain an bealach dhaoibh.
+–
Buaileadh faoi bhealach é — áit eicínt ar an aistir a raibh sé.
hÉiríodh roimhe faoi bhealach, agus níor fágadh sciúrtóg aige.
TUILLEADH (9) ▼
Buaileadh suas faoi bhealach é agus b'éigean dó a dhul isteach i dteachín a bhí ar shúil an bhóthair go ligeadh sé an oíche thairis ann.
Bhuail sliabh gortach faoi bhealach mé agus shíl mé nach gcanglóinn aon fhata le mo mharthain aríst.
Gortaíodh faoi bhealach é.
D'imigh sé lena dhul dhá hiarraidh (bean) agus loic sé faoi bhealach ina dhiaidh sin.
Feicfidh tú fhéin air gur gearr ó bhaile a ghabhfas sé sin. Bhí an dúrúch chéanna air ag dul go Sasana an uair dheiridh, agus chas sé faoi bhealach ina dhiaidh sin, agus tháinig sé abhaile ina bhromachán bliana.
Ní fhaca tú aon duine aitheantais faoi bhealach?
Cáide a d'fhan tú faoi bhealach?
Tháinig sé ina dhórtadh orm faoi bhealach.
"Is deas a chuir m'athair fúm, capall ag iarraidh mná; leagadh faoi bhealach í, agus briseadh a croí ina lár" (as amhrán)
+–
Réitigh tú fhéin faoi chomhair an bhealaigh; gléas thú fhéin faoi chomhair an bhealaigh.
Tabhair lón leat faoi chomhair an bhealaigh.
TUILLEADH (3) ▼
Ní mór dhom lón agus costas faoi chomhair an bhealaigh.
Níor fhága mise an baile ariamh gan lón agus costas (gan cuid agus costas) faoi chomhair an bhealaigh.
Thug sé lón agus costas leis le aghaidh an bhealaigh.
+–
Bhí sé ag báisteach ar feadh an bhealaigh; bhí sé ag báisteach i gcaitheamh an bhealaigh.
Níor tháinig iamh na foras air ach ag baint achrainn asam ar feadh an bhealaigh anoir.
TUILLEADH (6) ▼
Sin é an deis a bheas air anois i gcaitheamh an bhealaigh.
Níor tháinig iamh ar a bhéal ach ag scilligeadh bréag ar feadh an bhealaigh.
Shíl mé go scoithfeadh sé mé chuile phointe i gcaitheamh an bhealaigh, ach dheamhan scoitheadh. Murach gur bhain timpiste eicínt dó, bheadh sé sa mbaile ó ló.
Bhí cóir againn ar feadh an bhealaigh soir, ach baineadh siar asainn é ar a shon sin ag teacht anoir (bhí an ghaoth inár n-aghaidh ar rothair agus sháraigh sí muid)
Níor ísligh muid de na bicycles ar feadh an bhealaigh.
Níor lig sé aon teach ósta thairis, i gcaitheamh an bhealaigh, nach ndeachaigh sé isteach ann agus nár ól sé failm ann.
+–
Níl mórán agam (airgead, lón, srl.) ach beidh díol an bhealaigh agam sílim — riar mo cháis ar an aistir
Má tá díol an bhealaigh agat, céard eile atá tú a iarraidh?
TUILLEADH (9) ▼
Rachainn go Baile Átha Cliath amárach dhá mbeadh díol an bhealaigh chor ar bith d'airgead agam, ach níl.
Seo punt duit anois, agus bain díol an bhealaigh as agus tabhair an chuid eile ar ais domsa.
Is beag an teirgéis airgid a bhí agam ach rinne sé díol an bhealaigh dhom mar sin fhéin.
Dheamhan mórán airgid mar sin is call duit le díol do bhealaigh a bheith agat. Gheobhaidh muid an bus ar shaorgáil, agus féadfaidh muid lón a thabhairt linn as an mbaile (mórdháil, mórdhálach — mórgáil, agus mórgálach adeirtear)
Meas tú an mbeidh tú in ann díol an bhealaigh a bhailiú chor ar bith?
Thug mé deich fichead liom agus fhóbair nach mbeadh díol an bhealaigh agam ina dhiaidh sin. Ní aireofá ag imeacht é. Cáide le dhul puintín gágach agus chomh daor agus atá chuile mhíle ní!
Murach a fheabhas agusa shuigh mé ina bhun, ní bheadh díol an bhealaigh agam chor ar bith — murach an tíobhas a rinne mé le mo chuid airgid, agus an bharainn a chuir mé air, ní bheadh díol an aistir agam chor ar bith.
Ar a bhfaca tú ariamh, ná caith díol an bhealaigh anois.
Is fadó an lá a bhí sé scuabtha go Sasana dhá mbeadh díol an bhealaigh aige!
+–
Íocfaidh an méid sin do bhealach dhuit — 'sé díol do bhealaigh é; tá díol do bhealaigh sa méid sin.
Chuir a deirfiúr fios uirthi agus d'íoc sí a bealach dhi anonn (.i. go Meiriceá).
TUILLEADH (8) ▼
Is fadó a bhí sí thall i Meiriceá dhá bhféadadh sí aon duine a fháil a d'íocfadh a bealach di.
Tá a bealach íoctha go Meiriceá ar ais aríst. Ní chaithfidh sí anseo ach ráithe.
D'íoc an deartháir a bhealach ar an mbus go Gaillimh dhó.
Murach go bhfuil mo bhealach íoctha dhom, meas tú an dtiocfainn anseo? — murach gur híocadh dhom é srl
Ní raibh díol an bhealaigh d'ola sa motor agus rinne sé staic orainn thiar ag an D. agus b'éigean domsa a dhul dhá mhíle go bhfuair mé petrol dó.
'Sé mo chlochneart é má tá díol an bhealaigh de phetrol agam, tá sé chomh maith dhom scaird a chur isteach anseo faitíos go mbeadh muid ina (ár) mbambairne aríst agus gan aon deoir le fáil.
Tabharfaidh mise ann sa gcarr sibh má cheannaíonn sibh díol an bhealaigh de phetrol dom.
'Sé mo mheas nach bhfuil díol an bhealaigh de carbide sa lampa seo, agus má mhúchann sé ar an mbealach orm, gheobhaidh mé maistín de shummons ón Sáirsint Rua.
2.
a.
+–
Ní bheidh mo bhealach go Gaillimh, an tseachtain seo — ní bheidh mé ag dul Gaillimh an tseachtain seo; ní bheidh aon ghnaithe Gaillimh agam an tseachtain seo.
Ní bheadh do bhealach go Gaillimh an tseachtain seo?; an bhfuil baol ar bith go mbeadh do bhealach go Gaillimh an tseachtain seo?
TUILLEADH (11) ▼
Dá mbeadh mo bhealach don bhaile mór, ba bheag an t-anró orm an teachtaireacht sin a dhéanamh dhuit, ach tá mé ag ceapadh nach mbeidh.
Má bhíonn mo bhealach ann, tabharfaidh mé agat (chugat) é agus fáilte. Tuige nach dtabharfainn.
Má bhíonn do bhealach go S. Mh. an tseachtain seo, abair le M. Sh. mo bhairille a chur ar ais go bhfaighidh mé fhéin gnaithe dhó an tseachtain seo chugainn. Tá an garraí sin thiar le hathsprayáil agam.
Má bhíonn do bhealach isteach tigh W. A., tabhair abhaile chugam an cléibhín a d'fhága mé ann i ndearmad Dé Sathairn seo chuaigh thart.
Is iomaí áit a mbíonn a bhealach. Dheamhan a fhios cén áit anuas ó Bhaile Átha Cliath a mbíonn sé laethantaí (duine a bhí ag dul thart ag díolachán le gluaisteán)
Ní bheidh mo bhealach don bhaile mór aríst go ceann fada, mar dheamhan seifte agam le mé a tharraingt ann.
Bíonn a mbealach sin don bhaile mór chuile lá, agus dhá cheann de ló amantaí, ag díol bhainne.
Ó tharla nach mbeidh mo bhealach fhéin siar ann aríst go ceann scaithimh, is mór is fiú dhom gur thug tú aniar í.
Ó tharla nach mbeidh mo bhealach fhéin go M. go ceann míosa ar a laghad ar bith, choiscfeá aistear dhom ach an cóta a d'fhága mé mo dhiaidh thuas ann an lá cheana a thabhairt abhaile dhom
Dhá mbeadh a bhealach ann, dhéanfadh sé dhuit é ina sheanrith, ach 'sé mo bharúil nach mbíonn a bhealach an taobh sin anois chor ar bith!
Dhá mbeadh bealach duine Gaillimh go minic, is iomaí rud a gheobhadh sé ann ar shladmhargadh, ach níorbh fhiú do dhuine an t-aistear a chur air fhéin scáth rudaí fánacha, mura mbeadh slí is seifte aige lena thabhairt ann.
+–
Fág mo bhealach — imigh as an áit a bhfuil fúm siúl ann.
Fág mo bhealach go beo. Tá deifir orm.
TUILLEADH (3) ▼
D'imigh mé as bealach an mhótair.
Tá tú i mbealach an chairr — san áit a mbeadh an carr le dhul
Tá tú i mbealach an bhoird — san áit a mbeadh an bord le cur.
+–
Má tá an t-ádh air, fanadh sé as mo bhealachsa feasta — ná tagadh sé salach orm; coinníodh sé uaim.
Caithfidh mé fanacht as a bhealach, arae tá sé bruite ar bhainne aige dhom.
TUILLEADH (8) ▼
Is fiú coinneáil as a bhealach siúd — dá dteagtá salach air, bheadh scéal agat air.
Fan as a bhealach ar fad, tá mise ag rá leat, má tá an t-ádh in do chaipín.
Coinnigh as bealach an ghamhna sin. Ní éadáil mhór ar bith é.
Ní hé is measa chor ar bith ach sibhse nach gcoinníonn as a bhealach.
Má tá aon tsuim in do shláinte agat, fanfaidh tú amach as a bhealach siúd ar fad.
Shílfeá gur ghlac sí fuath liom le gairid agus gur ag iarraidh coinneáil as mo bhealach atá sí.
Má tá do leas ar Dhia, is maith fada amach as a bhealach siúd a fhanfas tú, agus chuile dhuine eile leat.
Níl le déanamh ach fanacht as a bhealach go lige sé faoi aríst.
+–
Má chastar in mo bhealachsa é, gheobhaidh sé an teanga uaim.
Is fadó an lá nár casadh in mo bhealach anois é.
TUILLEADH (6) ▼
Má fheicim é, déarfaidh mé sin leis, ach tá faitíos orm nach gcasfar in mo bhealach é.
Uair annamh a chastar ina bhealach anois mé — uair annamh a fheicim é, nó a chastar liom é.
Má thagann sé in mo bhealach, déanfaidh mé an oiread dhuit fós — cúiteoidh mé an gar seo leat, má fhaighim faill air go deo.
Dheamhan bréag muise, má thagann sé in mo bhealachsa choíchin aon mhaith a dhéanamh dhó sin, nach ndéanfaidh mé é.
Tá faitíos orm nach dtiocfaidh sé in mo bhealach choíchin an méid seo a chúiteamh leat, ach má thagann, déanfaidh mé é.
Níor chomaoin dhom gan é a chúiteamh leat, dhá dteagadh sé in mo bhealach go brách é a dhéanamh.
b.
+–
Ní chuirfidh sé siúd é fhéin mórán as a bhealach le gar a dhéanamh d'aon duine — ní chuirfidh sé mórán anró ná stró air fhéin le maith a dhéanamh ar aon duine.
Ní chuirfeadh sé é féin as a bhealach a dhath leis an tine a thógáil de do chois.
TUILLEADH (7) ▼
Má chastar liom é, fiafróidh mé de é, ach ní chuirfidh mé mé fhéin as mo bhealach lena fheiceáil.
Baol ormsa go gcuirfinn mé fhéin as mo bhealach le rud a chur ann dó sin! Ní mórán a chuirfeadh sé é fhéin as a bhealach fhéin le oibleagáid a dhéanamh d'aon duine eile.
Ó tharla nach gcuirfeadh sé é fhéin as a bhealach d'aon duine beidh a shliocht air: Beidh muid amhlaidh leis.
Ní mórán a chuirfeadh sé as do bhealach thú cupla uair a chloig a thabhairt dom leis an bhféar a chur i dtoll a chéile.
Dhá mbeadh do chailleadh go deo air, ní chuirfeadh sé siúd é fhéin dubh na hiongan as a bhealach fhéin le fóirithint a dhéanamh ort.
Is beag an soilgheas é a Thiarna! Ní chuirfeadh sé é fhéin as a bhealach uair an chloig duit, dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire agat.
Is beag é gnaoi na ndaoine air, agus dar a shon! An bhfaca aon duine ariamh é dhá chuir fhéin as an mbealach le garaíocht bheag a dhéanamh don chomharsa?
+–
Déan do bhealach, agus ná bac liomsa — déan do ghnaithe fhéin (do chuid oibre fhéin; tabhair aire dhuit fhéin) agus ná cuir araoid ar bith ormsa.
Is maith an rud do chuile dhuine a bhealach fhéin a dhéanamh agus gan bacadh le aon duine eile — is maith an té a dhéanfas a bhealach fhéin; má dhéanann duine a bhealach fhéin, is maith an rud dhó sin, agus gan araoid a chur ar aon duine eile.
TUILLEADH (9) ▼
Déan do bhealach agus fág an créatúr sin lena anó fhéin.
Ní dhearna sé a leathcheart leat — droimeáil mhaith a thabhairt duit — agus a fhusacht duit do bhealach fhéin a dhéanamh agus gan araoid beag ná mór a chur air.
Nach bhféadfá do bhealach fhéin a dhéanamh anois agus gan a bheith ag saibhseoireacht liomsa? Beidh aiféala ort as a dheireadh.
Déan do bhealach anois, agus lig dhomsa ar mhaithe leat fhéin.
Nach mba caoithiúil an rud do dhuine a bhealach a dhéanamh agus gan a bheith ar an gceird sin dólúm (dólámh)
Déan do bhealach agus ná cuir ceist ar bith ormsa feasta
Is deacair dhom mo bhealach a dhéanamh agus a bhfuil dhá fháil de chaidéis dom — is doiligh dhom mo bheart a tharraingt ná treabhadh liom chor ar bith agus a bhfuil de bhéadán agus de chaint dhá dhéanamh fúm.
Déan do bhealach agus ná cuir ceist ar aon duine — déan do ghnaithe fhéin agus ná bac le aon duine eile.
Nach bhféadfá do bhealach fhéin a dhéanamh agus ligean dhomsa? — nach bhféadfá breacadh leat agus gan araoid ar bith a chur ormsa?
+–
Caithfidh sé a bhealach fhéin a fháil — caithfidh sé cead a fháil a rogha rud a dhéanamh; caithfidh sé cead a choise a fháil.
Níl aon tsástaíocht air faoi nach bhfaigheann sé a bhealach fhéin.
TUILLEADH (8) ▼
Fuair sé a bhealach fhéin rómhór agus sin é a d'fhága gan smacht gan múineadh é.
Is furasta a aithinte air gur tugadh an iomarca dhá bhealach fhéin dó.
Má thugann tú a mbealach fhéin do ghasúir, suífidh siad in do bhun ar fad.
Ní raibh ceannús ceann ar bith air ó d'imigh an t-athair (ó fuair sé bás). Thug an mháthair a bhealach fhéin dó agus tá a shliocht air inniu: tá sé ligthe leis fhéin ar fad.
'Sé an rud is measa a rinne athair ná máthair ariamh a mbealach fhéin a thabhairt do ghasúir. Ar chuala tú ariamh é: 'a chomhairle fhéin do mhac Anna, agus ní bhfuair sé ariamh níos measa'.
Is suarach an t-ionadh go n-éireodh sé i mullach na ndaoine agus a bhfuil sé a fháil dhá bhealach fhéin.
Is fhearr dhuit an malrach sin a smachtú in am. Má thugann tú a bhealach fhéin dó, cinnfidh ort aon cheart a bhaint dhó ar ball.
Beidh a bealach fhéin aici den bhuíochas — cead a cinn nó a coise.
3.
geadán; réiteach.
+–
Tá a dhóthain (a sháith, a dhíol, fuílleach, neart srl.) bealaigh aige má tá sé ag iarraidh a dhul amach — réiteach ag gluaisteán srl. le dhul thar chairt ar bhóthar.
Ní raibh mo dhíol bealaigh agam lena scoitheadh.
TUILLEADH (11) ▼
Is bóthar an-chúng é, agus ar ín ar éigean a bhí mo dhíol bealaigh agam lena dhul thairis.
Ní ligfidh na motors sin do dhóthain bealaigh leat lena dhul thartub chor ar bith. Is mian leob an bóthar a bheith fúthub fhéin ar fad.
Tá bealach amach ansin aige má thograíonn sé a dhul amach.
Níor fhága sé mo leathdhíol bealaigh agam lena dhul thairis.
Tá do dhíol bealaigh ansin agat le damhsa — réiteach, fairsinge
Níl mo dhíol bealaigh agam leis an gcarr a thabhairt isteach ann.
Níor mhór dhuit tuilleadh bealaigh a fhágáil ann más leat áit carr is capaill a bheith agat ann.
Ó chuaigh tú dhá dhéanamh, is gann gortach an bealach a d'fhága tú ann.
Níorbh fholáir dhom go maith a raibh de bhealach agam le casadh — ar ín ar éigean a bhí mo dhíol bealaigh agam le casadh.
Tá neart bealaigh anseo thuas má tá tú ag iarraidh an mótar a chasadh.
Is gearr nach mbeidh aon bhealach isteach an doras aige, tá sé ina bhruithleach chomh mór sin — réiteach, nó fairsinge
4.
áit, aird, ceantar.
+–
Meas tú an bhfuil aon choca feamainne le díol sna bealaí sin siar? — sna bólaí; sna ceantair; sna lorgáin.
Fear aniar as na bealaí sin siar a d'inis dhom é ar an aonach.
TUILLEADH (7) ▼
Shiúil sé na bealaí sin ar fad.
Níl bealach ar bith ansin nach raibh sé ann.
Níl mé in eolas na mbealaí sin, chor ar bith — na lorgán; na gceantar.
Ní raibh aon lá ariamh fhéin nach raibh muintir na mbealaí sin ag imeacht as a gcranna cumhachta le leithead.
Níor cheart do na bealaí sin suas a bheith folamh gan deoir eicínt a bheith iontub.
Mura bhfaighe sé aon bhean sna bealaí sin anois, tá sé réidh léithe.
"Shiúil mise gleannta agus sléibhte; agus cnoic a bí géar as a mbarr; agus a lán bealaí eile nach ndéarfainn; agus dheamhan unsa ar bith céille in mo cheann" (as Neilí)
5.
+–
'Sé Seáinín a bhí as bealach. Dheamhan siúite ar bith a bheadh ann ó thús murach é; ach tuilleadh gheár den diabhal (den chlampar, tubaiste den mhí-ádh srl.) aige, mura bhfuair sé garbh é as a dheireadh — 'sé Seáinín a bhí contráilte, nó ina chiontsiocair, nó ina thús scéil leis an achrann, ach fuair sé faoi na foraí é shula raibh an t-achrann thart agus níl mise ina dhiaidh sin air.
Murach gurb é Cóil atá as bealach, ní bheadh chuile dhuine anuas air mar atá.
TUILLEADH (11) ▼
Tú fhéin a bhí as bealach faoin achrann ó thús. Níl aon mhaith dhuit a bheith ag iarraidh an milleán a bhualadh thall ar an té údan eile chor ar bith.
Dhá mbeadh sé as bealach faoi chéad, thiocfainn a chúnamh dhó, mar ní fheicfeadh sé fhéin aon anó ar dhuine — dhá mbeadh sé chomh contráilte, chomh ciontach, agus a d'fhéadfadh duine a bheith, thiocfainn a chúnamh dhó, mar thiocfadh sé fhéin a chúnamh do dhuine a d'fheicfeadh sé dhá bhualadh.
Ní fhaca tú ariamh an ceann céanna nach é bheadh as bealach.
D'aithin an breitheamh gurb é fhéin a bhí as bealach agus chaith sé amach an chúis.
Bíodh na póilíos as bealach nó ná bíodh, ach is beag an sásamh a gheobhas aon duine ina n-aghaidh ón ngiúistís.
Is cam an dlí é! Buaileadh bannaí ar an té a bhí saor, agus ligeadh amach an ceann a bhí as bealach gan tada.
Tá sé as bealach, agus as bealach go mór.
Deile cé atá as bealach ach é; nó síleann tú gur leis an pump ar íoc mé mo leathchoróin thíos tigh W. i nGaillimh air mí ó shin!
Níl ceachtar den chúpla le baint as margadh. Tá chaon duine acub as an mbealach, ach pléidís fhéin le chéile é go dtuirsí siad. (as an mbealach — as bealach. Is minicí as bealach, agus is cosúil gur dúchasaí é freisin)
Má bhí tú as bealach thú fhéin, céard a fhéadfas tú a dhéanamh air. Níl a dhath maitheasa dhuit ag dhul chun dlí leis.
'Sé P. a bhí as bealach, ach dheamhan mórán gaisce a bhí ar an gceann eile fhéin. Ní raibh claonadh ar bith aige ó achrann.
+–
Ní thabharfainnse aon dhá phunt dhéag dhó ar an gcrupach de bhó úd. Bhí sé as bealach fúithi (léithe) — bhí sé ag iarraidh an iomarca.
Is beag a bhí sé as bealach chor ar bith murar iarr sé ach sin.
TUILLEADH (14) ▼
Níl na siopaí seo thoir mórán as bealach chor ar bith ina dhiaidh sin fhéin, nuair a fheicfeas tú chomh daor agus atá earraithe i siopaí na Gaillimhe.
Má bhain sé punt dhíot, scáth a ndearna sé dhuit, bhí sé go mór as bealach leat.
Tá chuile scéal go maith go gcloise tú an dá scéal. Ní hé an oiread sin chor ar bith atá an gabha s'againn fhéin as bealach thar aon ghabha eile.
Hé brí (pé ar bith) céard a dhéanfas tada eile, tá siopaí na háite seo as bealach ar fad leis an bplúr. Gheofá céad plúir i nGaillimh ar chúig déag, agus tá na scriosadóirí atá anseo ag baint seacht déag is sé pínne amach air.
Ní bhíonn siad mórán as bealach chor ar bith, má íocann tú ar an tairne iad, ach mura n-íoca, mise i mbannaí go leagfaidh siad ort.
Tá fir oibre as bealach más ag ceasacht páí atá siad aríst. Is gearr ó cheana a bhain siad ardú amach.
Tá tú as bealach leis an mbó. Iarr deich bpunt agus b'fhéidir go ndéanfainn tairiscint eicínt ansin, ach má sheasann tú ar an airgead sin, is leat fhéin í go ceann scathaimh eile. (margadh dhá dhéanamh ar aonach)
Tá na bainbh as bealach ar fad, agus gan mórán den rath ar mhuca — tá bainbh daor, agus muca saor.
Tá sé as bealach ar fad má bhaineann sé amach an méid sin.
Ní raibh aon lá ariamh, nach raibh sé as bealach le daoine bochta. Scrios sé iad, ach dheamhan mórán dhá bharr aige fhéin anois théis an tsaoil. Tá muileann Dé mall, ach meileann sé go mín.
Ná bí as bealach liom anois. Créatúr bocht mé, agus níl aon airgead le dó agam mar atá ag tuilleadh.
Ní bheinn as bealach chor ar bith leis dhá dtairgeadh sé tada den rath dhom, ach níor thairg.
Má chomhaireann tú suas chuile shórt anois, dheamhan a raibh mé as bealach leis chor ar bith. Cér mhór dhom fhéin luach mo shláinte a fháil.
Dhá gcuirtheása an oiread allais leis an gcarr sin agus a chuir mise dhá dhéanamh, déarfá fhéin ansin nach raibh mé as bealach leat chor ar bith faoi.
+–
Tá tú scilling as bealach (agus an mbealach) — duine a bheith scilling contráilte ag déanamh suas cuntais nó bille.
Dhá fheabhas é leis an bpeann, bhí sé leithphínn as bealach ina dhiaidh sin. Fuair sé leithphínn le cois ann nuair a rinne sé suas é in athuair.
TUILLEADH (9) ▼
Ní bheadh sé cianóg as bealach le cuntas a chinnfeadh ar an gcléireach is fhearr istigh i nGaillimh, agus dheamhan lá a chaith sé ag aon scoil ariamh.
Níl rath ná ríocht leis ag déanamh suas cuntais. Bíonn sé go leor as bealach i gcónaí.
Ní mórán a bhí mé as bealach chor ar bith — leithphínn. Níor chuimhnigh mé go raibh leithphínn chorr ann.
Mura bhfuil tú ach cupla pínn as an mbealach, cé fiú a bheith ag trácht orthub.
Má bhíonn aon duine de na cléireachaí sin an leithphínn fhéin as an mbealach, gheobhaidh sé bóthar is bata abhaile.
Dhá chuntasaí é, bhí sé pínn as bealach.
Dhá phunt as bealach a bhí an cuntas. Dhá mbaintí an méid sin de dhuine, deirimse leat, go n-aireodh sé é.
Ba mhinic lena leabhar a bheith as bealach, ach sílim gur in aon turas a bhíonns sí as bealach scaití (leabhar siopadóra)
Is suarach an t-ionadh go mbíonn an cuntas as bealach agus laghad an staidéir a ghlacann sé leis fhéin dhá dhéanamh suas. Fhóbair gur bhain sé scilling is chúig phínn thar an gceart díom an lá faoi dheireadh murach gur ghoin m'aire mé agus gur iarr mé fhéin an leabhar.
6.
cáilíocht; tréith; béas duine; nós; gnás, páirt de thréathra, nó de cháilíocht duine.
+–
Sin é an bealach atá leis — sin é an faisean atá aige; sin é a bhéas, a nós, nó a cháilíocht.
Nach gránna an bealach atá leat, ag cangailt t'ingne i gcónaí?
TUILLEADH (36) ▼
Nach gránna an bealach atá léithe más ag sioscadh bréag a bhíonns sí le chuile dhuine.
Is gránna é do bhealach (an bealach atá leat) dá mbeadh a fhios agat é!
Sin é an bealach is gráinne a bhí le (nó ag) duine ariamh — ag athléamh ar a athair nó ar a mháthair.}}
Tá bealach an athar leis (aige) — an mhochóirí agus an antlás.
Níl bealach ar fónamh ar bith leis an gceann sin.
Cáide an bealach sin leis? Níorbh fheasach mé go raibh sé achrannach chor ar bith — cáide ó thug sé d'fhaisean dó fhéin a bheith ag troid agus ag achrann?
Tá mé ar do bhealach — tá mé mar thú.
Ní bealach maith é sin le duine ar bith a bheith ag ithe agus ag gearradh ar a chomharsa. Cé atá agat ach do chomharsa lá an anó?
Ní thaitníonn a bhealach chor ar bith liom. B'fhearr liom nach dtarraingeodh sé 'na tí chor ar bith agam.
Díol cam air, mura deas é a bhealach! — drochrath air, mura gránna an faisean atá aige!
Ní raibh aon bhealach múinte le aon duine dhá dtáinig ar a chine ariamh — ba daoine mímhúinte chuile dhuine dhá dhream.
Níl milleán ar bith agamsa ar an stóicín. 'Sé an bealach é a bhí lena athair fhéin roimhe — níl an stócach ag dul in aghaidh dúchais chor ar bith agus ní díol milleáin é dhá bhíthin sin. Bhíodh a athair fhéin ar an gceird, nó ar an bhfaisean, céanna roimhe.
Nach aisteach an bealach a thug sé faoi deara dhó fhéin ag diúl a mhéarachaí.
Tá bealach deas caoithiúil léithe — tá sí ciúin múinte tláth.
Ní raibh aon bhealach deas ariamh leis fhéin ná le aon duine dhá dhream.
Sin é an bealach atá ag siúl leis — sin é a bhealach; sin é an gnás atá aige.
Ná cuireadh an méid sin múisiam ar bith ort: sin é a bhealach.
Tá sé taghdach go leor scaití ach sin é a bhealach.
Nuair a bhuaileanns an t-olc é, mharódh sé thú, ach dheamhan fear ar a dhá chois is feiliúnaí ná is soilíosaí ná é ina dhiaidh sin. Níl aon neart aige ar an taghd bheag sin. 'Sé a bhealach é.
Is aisteach an bealach atá leis ceart go leor, ach 'sé a bhealach é ina dhiaidh sin. Ar chuala tú ariamh é: 'ní hionann fad de do mhéar: ní hionann tréathra do chuile dhuine'
Níl duine ar a cháilíocht sa tír leis an mbealach aisteach atá leis.
Cuir stuaic air agus mise i mbannaí go mbeidh a fhios agat ansin cén bealach atá leis!
Má tá an bealach sin fhéin leis — agus is gránna an bealach é le duine — dhéanfadh sé soilíos ar bith don té a mbeadh aon bheann aige air.
Tá a bhealach fhéin leis sin — tá sé gar dó fhéin; nó tá sé olc, taghdach, achrannach, nó tá gnás eicínt aige nach mbíonn ag an gcuid eile de na daoine.
Tá an bealach sin leis, ach cén mhaith sin ó tá a mhilleadh ann aríst — duine a mbeadh dea-cháilíocht ag siúl leis ach a mbeadh an droch-cháilíocht freisin ann leis an maith a bhaint as a dea-cháilíocht.
Tá an bealach sin leis ceart go leor, ach tá an bealach eile leis freisin — tá sé cóir gnaíúil nó go lách, ach tá a mhilleadh aríst ann.
Ní dhúnfadh sé a shúile ar dhuine agus feiceadh sé an t-anó air, ach tá an bealach eile leis mar sin fhéin. Tá sé ag baint a dhá luach amach ar chuile mhíle ní dhá bhfuil istigh ina shiopa.
Tá an gnaíúlacht agus an chórtas ann ceart go leor, ach tá an bealach eile leis freisin. Mura bhfuil sé trom nó te, tá sé ardaithe leis aige.
Murach an bealach atá leis, b'fhurasta dhó é fhéin a thógáil.
Níl a bealach le aon bhean sa tír ach léithe fhéin.
Is deas é do bhealach go deimhin!
Más sin é an bealach atá leis, ní thabharfaidh mise aon chomhluadar dó níos mó.
Cailín beag seiftiúil í, a bhfuil bealach lách léithe.
Dhá mbeadh a fhios aige go raibh an bealach sin léithe, is dóigh nach bpósfadh sé í. Ach deir siad go bhfolaíonn grá gráin.
Ní bheidh a fhios agat cén bealach atá le aon duine ceart go n-ithe tú céad salainn abuil é. Ní aithne go haontíos.
Is olc an bealach atá leis nach dtéann chuig an aifreann
+–
Tá bealaí beaga dhá gcuid fhéin acub sin nach bhfuil ag dream ar bith eile — tá gnáis nó nósa acu nach bhfuil ag daoine eile.
Bhí bealaí dhá gcuid fhéin ag muintir an bhaile sin ariamh.
TUILLEADH (9) ▼
Tá bealaí beaga léithe nach dtaitneodh leat mura mbeadh eolas agat uirthi.
Mura mbeadh eolas ar a chuid bealaí agat, shílfeá gur leibide ceart é, ach ní hea.
Bealaí iad sin atá leis (atá aige) — gnása aisteacha, nó cáilíocht nach mbíonn ach i ndaoine i bhfad ó chéile.
Is beag dhá chuid bealaí an méid sin — sin cuid dhá chuid bealaí nó dhá cháilíocht (le gleacaíocht nó imeartas adeirtear é go hiondúil)
Is beag dhá chuid bealaí an méid sin a rá leatsa; ach cuirfidh mé geall nach ndéanfaidh sé ina dhiaidh sin an rud adúirt sé.
Is beag dhá chuid bealaí an méid sin a dhéanamh agus é bhualadh thall ar dhuine eicínt eile.
Tá go leor bealaí aige — tá go leor imeartais, nó gleacaíochta, nó aigeantachta ag siúl leis, nó tá nósa groí aige.
Ná bac le bealaí! Is aige atá a dtabhairt amach.
Ní fhaca mise a chuid bealaí le aon duine sa teach ariamh cheana.
+–
Ab in é an bealach a bhfuil sé? — ab in é an chaoi atá air; an mar sin atá sé; ab in é an staid a bhfuil sé?
Ní raibh a fhios agam gurbh in é an bealach a raibh sé — ina chráiteachán de thútachán. Anois deile!
TUILLEADH (8) ▼
Is dochreidte an scéal é go mbeadh sé ar an mbealach sin (go dona tinn)
Mura n-éirí tú as an mbealach sin (drochghnás nó drochnós), caoinfidh tú é ar ball. Ach bíodh agat a mhic ó. Beatha do dhuine a thoil mar adeir C. leis an mac nuair a chuaigh sé le tincéireacht.
Má tá sé ar an mbealach sin (ag ól), is mór an díol trua a bhean is a chlann.
Má tá sé ar an mbealach sin, cuirfear go Béal Átha na Sluaighe é (go dtí an Gealtlann)
An bhfuil sé i bhfad ar an mbealach sin? — ar an gcaoi, ar an gcuma, nó ar an deis sin (ag ól, tinn, saofa, srl.)
Duine gnaíúil é, ach ní ar an mbealach sin é (.i. ní thabharfadh sé airgead ar iasacht uaidh)
Ní ar an mbealach sin (.i. ag tabhairt óil uaidh, ag obair srl.) is fhearr é.
Corrdhuine atá go maith ar an mbealach sin. (corrdhuine a thabharfadh rud duit in aisce)
7.
ceird; slí bheatha; deis, caoi.
a.
+–
Tá bealach maith maireachtála aige má thograíonn sé fhéin é — tá slí mhaith mhaireachtála aige; nó deis mhaireachtála, nó caoi.
Níl aon bhealach airgid agam, ní ag ceasacht ar Dhia é.
TUILLEADH (3) ▼
Cá'il an bealach airgid agam, mura ngoide mé é, agus tá a chiotaíl fhéin sa ngoid!
Tá bealach maith aige dhá mbeadh aon rath leis fhéin — tá posta, ceird, nó slí mhaith airgid aige dhá mbeadh sé in ann é a thapú, nó é a chur ar sochar dó fhéin.
Ní uireasa bealaigh atá air, ach níl aon déantús maitheasa ann fhéin.
+–
Ab in é an bealach atá aige? (atá leis), fc. bealach, ciall a 2. Tá ciall eile leis an gceist seo
D'éirigh bealach maith leis ach lig sé uaidh é le drabhlás agus siléig — d'éirigh posta, ceird, nó slí mhaith leis, ach chaill sé é aríst le drabhlás agus siléig.
TUILLEADH (6) ▼
Mharaigh a athair agus a mháthair iad fhéin leis an mbealach sin a thabhairt dó (posta, ceird srl.), ach ní raibh sé de rath air é a choinneáil ina dhiaidh sin.
Cailleadh lán mála leis lena chur ar bhealach maith (.i. le dochtúr a dhéanamh dhi), ach bhí sé chomh maith é a chaitheamh sa bhfarraige ná é a chailleadh leis, mar amú a chuaigh chuile phínn dhi.
Níl aon bhealach ar fónamh (den rath srl.) aige. Seachtaineachaí b'fhéidir dhó lán laidhre a dhéanamh, ach ar a shon sin, b'fhéidir go mbeadh sé mí aríst gan cianóg rua a dhéanamh.
Tá sé ag déanamh airgid, agus má tá fhéin, is dhó is fusa, arae is aige atá a bhealach.
Níor mhór dhó bealach eicínt eile a tharraingt air fhéin anois tharas an bealach atá aige — ní mór dhó a dhul ar shlí bheatha eicínt eile a sholáthar dhó fhéin seachas an tslí bheatha atá aige.
Má chinneann an bealach sin air, is beag an mhoill air siúd bealach eicínt eile a tharraingt air fhéin. Mise i mbannaí nach mbeidh sé ar deireadh ar aon chaoi — má chinneann a bheatha a bhaint amach mar atá sé, gheobhaidh sé posta nó ceird eicínt eile, ach ní bheidh sé d'uireasa slí ar aon nós.
+–
Is deas é a bhealach muis, más in é a bhfuil de bhealach aige faoi dheireadh! — is gránna an tslí bheatha atá aige más in é an cineál slí bheatha atá aige (ní raibh a fhios ag an gcainteoir go dtí sin gurb é, arae ní chuirfeadh sé an leagan sin ar an gcaint dá mbeadh a fhios)
Tuige nach bhfuil de bhealach aige ach mar sin. Má b'fhíor go raibh an-phosta den tsaol aige sin i mBaile Átha Cliath!
TUILLEADH (5) ▼
Tá bealach deas glan aige má thugann sé aire dhó, ach is iomaí duine níos críonna ná é ar imir an t-ól air.
Tá bealach sách suaimhneach aige agus gan mórán oibre ach go gcaitheann sé a bheith ina shuí ó oíche go maidin.
Is deacair a chomhairleachan a thabhairt don cheann céanna. Bhí bealach maith cheana aige i Meiriceá, agus páí mhór, agus lig sé uaidh é le cion faillí.
Is deacair bealach maith a fháil ar an saol seo — is doiligh slí mhaith maireachtála a dhéanamh amach.
D'imigh (d'imir?) an diabhal uirthi má d'eitigh sí an fear sin agus an bealach atá aige!
b.
+–
Sin é an bealach anois — sin é an chaoi; sin é an scéal. (sin é an chaoi a bhfuil an scéal. Déarfaí seo dhá n-insíodh duine scéal a bheadh buille dochreidte b'fhéidir.)
Sin é an bealach a mhic ó! — sin é an chaoi a bhfuil an scéal; is mar sin atá sé.
TUILLEADH (2) ▼
Ab in é an bealach?: Freagra: Sin é an bealach.
Sin é anois an bealach é; sin é an bealach anois — sin anois an chaoi a bhfuil sé; an deis atá ar an scéal srl.
·
Tá sin mar sin, ach tá an bealach eile ann freisin — sin sleid nó streille amháin ar a scéal, ach tá inseacht eile air freisin; sin é do leagansa ar an scéal, ach chuirfeadh an fear thall leagan eile air.
Tá an scéal sin ceart go leor, an té a chuimhneodh mar sin air, ach tá an bealach eile ann chomh maith.
+–
Ab eo é an bealach atá ort? — dá bhfeiceadh duine duine eile in áit, nó i staid áirid, agus súil aige nach ansin ná ar an deis sin a bheadh sé. Cuir i gcás gur bhuail duine isteach i dteach agus duine istigh ann roimhe a cheapfadh sé a bheith imithe ar bhainis srl.
Dheamhan a fhios agam fhéin cén bealach é adéarfaí le tabhairt i gceist go raibh iontas ort faoi scéal a hinsíodh duit, nó faoi rud áirid a bheith ar an gcaoi a raibh sé.
TUILLEADH (3) ▼
Sin é a chuala mé anois agus dheamhan a fhios agam fhéin cén bealach é thairis sin.
Sin é adúirt C. Mh. liomsa inniu, agus dheamhan a fhios agam féin cén bealach é, ach an méid sin.
Ní bheadh a fhios ag duine cén bealach é, ná céard atá ag teacht ar an saol chor ar bith.
+–
Tá fonn orm a dhul ann, ar bhealach, agus ar bhealach eile, níl — tá fonn orm a dhul ann ar mhodh, agus nuair a smaoiním orm fhéin aríst, níl; nó tá fonn orm a dhul ann agus tá rud eile do mo choinneáil as.
Fear maith oibre é ar bhealach.
TUILLEADH (7) ▼
B'fhearr dhuit, ar bhealach, gan tada a rá leis.
Tá olc agam dó ar bhealach, agus ina dhiaidh sin fhéin, seans gurb é a rinne an ceart.
Seán: tá sé siúd an-droch(mh)úinte. Pádraic: ar bhealach (ar bhealach tá; tá ar bhealach; 'sé atá ar bhealach; ar bhealach amháin tá srl.)
Is ait an áit a fuair sí ar bhealach, ach i nDomhnach tá a dhonacht fhéin ann freisin.
Bhí a fhios agam, ar bhealach eicínt, nach mairfeadh sé i bhfad.
Ar bhealach eicínt, bhí sé dhá fheiceáil dom go raibh an méid sin le m'aghaidh.
Ar aon bhealach, níl fúm a dhul abhaile anois — ar aon chor
bealach in iontrálacha eile (50+)
→
faitíos
Is fear gan faitíos (gan mórán faitís, gan a dhath faitís srl.) thú agus a dhul abhaile in t'aonraic an bealach sin chuile oíche san aer
Sin feadhnach atá ag dul chuig an damhsa atá ag an sagart. Ar chuala tú céard adúirt S. an Gh. faoi? 'Is groí an saol é! Is groí muis,' adeir sé. 'Cuimhnímse fhéin — agus ní hé an fhad sin ar an saol mé — go mbíodh sagairt ag sciolladh agus ag scóladh den altóir ar dhuine ar bith a ghabhfadh amach ag damhsa de shiúl oíche. Anois tá siad dhá bhfuagairt ón altóir, agus ag maíochtáil leo a dhul ann, agus mura dté, dar fia is cam a bhreathnós siad orthu lá arna mhárach má chastar leo i mbóthar ná i mbealach iad! Is groí an saol e! Is groí sin!'
→
fearann
Rinne sí cheithre leith den cháca, agus thug sí dóibh é: fearann an duine. Níor bhain sí fhéin oiread agus an bhearna bhruite as. Dheamhan é muis. Ba mhór an trua iad ar aon chor: lucht bóthair agus bealaigh
+
→
fios
Níl fios an bhealaigh go dtí an teach agam — eolas an bhealaigh
TUILLEADH (6) ▼
Mura bhfuil fios an bhealaigh agat, gabhfaidh mise ag déanamh treoir duit
Is duine é nach bhfuil fios a bhealaigh aige — tá sé mímhúinte, míchuibhiúil; ní hiad na rudaí cearta, nó na rudaí dea-bhéasacha a níos sé
Dhá mbeadh fios a bealaigh aici, ní scáth leith ar asal a ghabhfadh sí. Ní den chuibhiúlacht rud mar sin a dhéanamh
Is dream iad sin nach raibh fios a mbealaigh ariamh acu: ag sciotaráil gháirí faoin gcorp. Is deas an chaoi é sin
Ní bhfaightheá fios a bhealaigh amach go deo — ní bheadh a fhios agat cén bealach atá leis, nó cén sórt méin nó intinn atá aige
Bhí (ag) Seán ní b'fhearr a fhios ná a dhul i mbealach a bhascha — bhí fios ní b'fhearr aige ná …
→
fliuchán
Tá an bealach sin thar a bheith go dona le fliuchán — go leor uisce, locháin srl. ar bhóthar
Tá an bus breá freagrach daoibhse, ach féacha muide a chaithfeas a dhul sé mhíle bealaigh d'aistear ár gcos le dhul chomh fada leis
+
→
fág
Fág sin; fág an bealach — éirigh as an áit a bhfuil tú, nó lig thart mé
TUILLEADH (6) ▼
Fág sin. Tá tú i lár an bhealaigh.
Fág sin, agus tabhair bealach dhom. Cén fáth dhuit a bheith in do staidhce ansin i mbealach chuile dhuine
Fág mo bhealach as sin. Níl mo dhíol bealaigh agam le dhul thart.
Fág mo bhealach a bhreastairín!
Má shíleann tú go bhfuil doicheall romhat a dheartháir mo chroí, sin é amach an bealach agat. 'Sé an chaoi a bhfuil sé againne anseo: an té ar cúng leis fágadh. Níl buairthín bara againn ar aon duine
Ní léithí bealach chun na coille 'na coille ná chun a fágáil — má bhíonn duine i dteannta, tá neart bealaí i gcónaí ann lena theacht as, ach an duine a bheith sách meabhrach agus sách fíriúil; má bhíonn teacht isteach mór fhéin ag duine, is furasta a chaitheamh aríst srl.
→
fáinne
Chuaigh mé siar an bealach seo agus aniar ó thuaidh agus anoir abhaile aríst. Ní raibh mé taobh le céad míle an lá sin. Bhí Conamara i bhfáinne uilig agam.
+
→
cadhail
Níor mhór a bhfuil de chlocha sa ngarraí sin a phiocadh agus iad a chaidhleadh suas in áit eicínt as an mbealach más linn é a ligean amach chun féir i mbliana. Tá an draoi cloch air.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan coisméig den bhealach nach raibh mé do mo chaidhleadh le sneachta, agus cén bhrí ach nár léir dhom troigh den bhóthar.
+
→
caidéis
Chloisfeá daoine ag clamhsán nach bhfuil cinneadh ar bith lena bhfuil sna bólaí sin. Well, tá mise ag gabháil an bhealach sin, go hacht is go háirid, le cheithre bliana agus dheamhan caidéis a cuireadh ariamh orm.
TUILLEADH (1) ▼
Déan do bhealach agus ná cuir caidéis ar aon duine, agus ní chuirfidh aon duine aon chaidéis ort. Níl buille ar bith is fhearr ná an buille réidh
→
cailm
Tá braon maith ar bord aige, ach má tá fhéin, dheamhan cailm air an bealach a dhéanamh abhaile.
→
caolóid
Bhí mo chaolóid féin spréite amach agamsa shul dhó bhí sé leath bealaigh ina chaolóid seisean. Agus deamhan leathchlúdú a thug sé ar an gcoirce ina aice sin. Deargspreallaire é. Is mór leis a dhroim a lúbadh chor ar bith.
Shílfeá go mba chosúil é le fear a bheadh ar a chaomhúint. Dheamhan fonn ar bith a bhí air aon duine a thaobhachtáil agus dhá bhfeiceadh sé aon duine ag teacht, d'imeodh sé as an mbealach. Duine é a tháinig as cathadh eicínt dhá mbeadh an saol ag caint.
+
→
carcair
Bhí sé ina charcair sa mbealach orm agus gan aon ghair agam a dhul thairis.
TUILLEADH (2) ▼
Is diabhlaí an charcair sceach atá ann. Chuaigh sé rite liom mo bhealach a dhéanamh ann chor ar bith.
Tá carcaireacha draighin ann agus is maith an dícheall do dhuine a bhealach a dhéanamh thríothub chor ar bith. Casadh i dtreascairt ann mé an oíche faoi dheireadh agus níor fhága na sceacha liobar leathair ar aon láimh liom.
→
carraera
Dheamhan cos aon charraera a bhíodh sa mbaile an tráth sin go mbíodh an oíche caite thar droim go minic. D'fhanaidís ag ól agus ag ragairne faoi bhealach dhá n-éiríodh leob aon phínn airgid a bheith ar iompar acub.
→
cinnire
Dar mo choinsias muise, mura bhfuil an capall an-mhín, ní hin é an cinnire ab fhearr liom ina héadan — bás bradach. Má chuireann sí cosúlacht ar bith uirthi, dheamhan an dóichíde rud a dhéanfadh sé sin ná cead an bhealaigh a thabhairt di
+
Is beag an néal atá air sin ina bhealach fhéin léis (thar éis) a bhfuil de chipiléireacht aige. Do dhúshlán faigh aon bhrabach air ina dhiaidh sin.
TUILLEADH (1) ▼
Gnaitheach maith é. Dhá mbeadh giotamáil ná cipiléireacht ar bith le déanamh timpeall an tí, dhéanfadh sé é, ach maidir le obair amuigh is mó a bheadh sé in do bhealach.
Is diachta dhuit a bheith ag clamhsán scáth an t-achar a chuaigh tú. Má tá sé míle bealaigh, 'sé a chlochneart é (bhí an gasúr ag casaoid faoi gur cuireadh ar aistear é)
Níl cló stiúrtha ar bith ar na scoláirí atá ag gabháil chuig an scoil seo thíos, ó tháinig an philibín de mháistir nua seo ann. Neart bata nár mhór dófa sin lena gceansú. Tá an domhnaíocht slat síos sna rosáin sin thíos, dá mbeadh fonn air iad a bhaint. Níorbh fhearr sa mbealach iad.
+
Tá beithígh éigéille amach sna tíreachaí coimhthíocha, agus níl gair ag aon duine a theacht ina mbealach gan é bheith straclaithe ó chéile acub.
TUILLEADH (2) ▼
Is coimhthíoch an duine é. Níl ceo ar bith ach nach bhfágfadh sé do bhealach nuair a d'fheicfeadh sé ag teacht thú.
Ní feasach mé beirthe ná beo cén fáth atá aige a bheith chomh coimhthíoch leis an teach seo agus atá sé. Shílfeá nach araoid ná múisiam ar bith a chuir muid ariamh air, mura bhfuil i ndán is gurb é a bhealach é.
+
→
colg
Má ghníonn sé báisteach, beidh an tsráid ina ciseach ag an gcolg sin. Breá nár chart sibh suas san iothlainn é as an mbealach.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé istigh ansiúd i súil na háfaí agus colg air; féint a dtiocfadh aon ghadhar isteach chomh fada leis. Dheamhan bealach le é sin (broc in áfach) a chur amach, ach neart deataigh a chur faoin tsrón aige. Chaithfeadh sé treabhadh nó tiomáilt (tiomáint) a dhéanamh ansin.
Níl aon cheo dhá ndéanann duine as bealach, i ngan fhios ná i gcomhfhios, nach bhfuil scríofa síos ansiúd ar leabhar an chuntais, agus dúshlán aon duine dallach dubh a chur ar Dhia. Siúd í an chúirt nach nglacfaidh na bréaga, a mhic ó.
→
conán
'Sé Seán fhéin a bhí as bealach. Murach gurb é, dheamhan baol a bheadh ar an gconán siúd araoid ná éileamh a chur air.
+
→
cora
Más aicearra ná aicearra anois é, ní bealach í an chora le dhul uirthi san oíche.
TUILLEADH (1) ▼
Tá cora spairtithe ar bruach ann nár tógadh as an scaradh ariamh. Dheamhan an fiú trumpa gan teanga anois í, ná aon mhóin eile a fhaigheas an sioc ina scaradh. Ach gur mór sa mbealach í.
Deir na seanfhondúirí gurb iad an dá rud is siúráilte amuigh comhar na gcomharsan agus cothromacan síne na huaire. Well, níl locht ar bith ar chothromacan síne na huaire, ach 'sé mo mheas go bhfuil comhar na gcomharsan caite in aer. D'fheicinnse le mo linn fhéin iad agus dheamhan ceann oibre dhá mbeifeá a dhéanamh — crapadh an fhómhair, ag baint mhóna, ná ag bualadh coirce — nach mbeadh daoine sa mbealach ar a chéile a chúnamh dhuit. Ach dheamhan meitheal a d'fheicfeá in aon áit anois. Caitheadh an obair sin i gcártaí. 'Sé do chlochneart é scorach a fháil a ligfeadh súgán dhuit, tada leis.