1.
cur gréis ar; déan oiltiúil é.
a.
+–
Créafóg nó ithir bhealaithe — créafóg nó ithir a bíonns sleamhain támáilte moirtiúil i ndiaidh báistí, nó bíonn cineálacha ithreach ann a bhíos amhlaidh d'uireasa mórán báistí chor ar bith
Tá an ithir róbhealaithe inniu le dhul ina héadan théis na báistí.
TUILLEADH (8) ▼
Ní bheifeá ach de do mheath fhéin a dhul ag spré ithreach inniu: tá sí róbhealaithe rómhoirtiúil de bharr an tuile sin aréir.
Tá an chréafóg atá sa ngarraí céanna chomh támáilte bealaithe sin, má fhaigheann sí múirín báistí ar bith, agus go sáródh sí thú le dhul ag plé léithe.
Bíonn an chréafóg ghainimh buí sin an-bhealaithe i gcónaí.
Is mór an t-ionadh go bhfuil an talamh ag cothú chomh bealaithe agus atá sé agus an triomach a bhí ann ó mhaidin!
Ní chuirfinn láí i dtalamh inniu. Is bealaithe liom atá an chréafóg.
Ní lá maith ag múchadh talúna é inniu. Chaithfeadh sé gur bhealaigh an méid sin báistí an talamh thar cionn — ní lá maith ag leagan bruachannaí é mar chaithfeadh sé go ndearna an méid báistí a chaith sé an ithir (fc. ithir — ní hionann agus soil) moirtiúil támáilte.
Bhí an talamh loirg an-bhealaithe, an-dospréite inniu.
Má dhéanann sé brí báistí, is fhearr dhaoibh a dhul ag cur amach fheamainne, arae ní bheidh sé in araíocht a dhul ag spré ithreach, beidh sí chomh bealaithe sin.
+–
Fód bealtaithe — fód láibe in aice cloiche shleamhaine in abhainn, i loch, nó i gclaise sratha. Bíonn sé buí scaineamhach sleamhain
Síolraíonn na bradáin ar an bhfód bealtaithe i linn abhann.
TUILLEADH (3) ▼
Gheofá a gcuid eochraí ar an bhfód bealaithe sa scainimh faoi Shamhain.
Ba cheart go mbeidís ag síolrú anois ar an bhfód bealtaithe sin amuigh san áit a bhfuil an linn mharbh (bradáin)
An fód bealtaithe sin ar fad atá i gclaise an tsratha i ngarraí an chladaigh, agus is beag an luifearnach chor ar bith a fhásanns air leis an gclaise a thachtadh.
+–
Bóthar bealaithe — bóthar a lonnaíonn draoib air agus a bhíos sleamhain sciorrach théis báistí, fearacht bóithrí na cloiche glaise.
Is contúirt é an bóthar sin siar anois ag fear bicycle. Tá sé chomh bealaithe sin ag an mbáistigh agus go sciorrfadh an bicycle fút, mura dtugtá an-aire go deo dhuit féin air.
TUILLEADH (1) ▼
Níl neart aige deoir ar bith báistí a chaitheamh nach mbíonn an bóthar sin chomh bealaithe agus nach mbíonn sé in araíocht ag duine siúl air mórán leis.
+–
Níl feamainn ar bith is bealaithe a bhíonns ná an fheamainn tirim ó gheobhas sé brí ar bith báistí théis a coctha.
'Sé a raibh ann cunús den fheamainn bealaithe sin ar locháin le íochtar. Níorbh fhiú do dhuine mórán dá saothar a chur air fhéin.
TUILLEADH (5) ▼
Bhí cosamar beag (.i. feamainne) isteach ar maidin ach níor bhain mé léithe chor ar bith mar 'sí an fheamainn bhealaithe ghiortach sin a bhí ann, agus mhearódh sí thú ag iarraidh í a líonadh.
Ní féidir na fleascannaí bealaithe sin a líonadh i mbord chor ar bith. Cléibhín nár mhór do dhuine ina n-éadan (fleascannaí — cineál feamainne atá leathan tanaí ar dhéanamh cláir)
Barr cuanla í agus í chomh bealtaithe agus go n-imeodh sí lofa as do chrúba (barr cuanla — feamainn barr chladaigh, fc. barr cuanla)
Is doiligh an cunús bealaithe sin a líonadh. Dhéanfadh sí mionbhas idir do lámha.
Tá mo lámha uileag bealaithe ag an bhfeamainn (feoil srl.) sin.
·
Cuireadh ar a bhéal agus ar a fhiacla sa bportach é an áit ar sciorr sé ar an mbruach bealaithe a raibh siad ag cur aníos na móna air.
Luibh bhealaithe í a bhíonns caite ina coirteannaí ar an sliabh.
b.
+–
Nach bealaithe atá an teanga aige?; nach ar a theanga atá an bealadh — tá ruibh na cainte air; ní thagann iamh ná foras ar a theanga ach ag ropadh léithe; tá an díle cainte air.
Sin é an buachaill a bhfuil an teanga bealaithe aige ar maidin — fear polaiteachta ag caint le slua.
TUILLEADH (6) ▼
M'anam gur maith bealaithe atá a theanga ar maidin. Dheamhan Haraístatail a choinneodh a dhíol cainte anois leis.
Chuir sé bealadh faoin teanga tráthnóna shular bhog sé amach ar a chuairt.
Ní thiocfaidh sé gearr sa gcaint ar chuma ar bith. Nach beathlaithe atá an teanga aige.
Is beag an stró air sin, coc a choinneáil leis an oiread eile. Tá an teanga bealaithe go maith aige sin, deirimse leat.
Nach í an teanga atá bealaithe leis an gclár mín a chur ar an mbréig.
D'fhéadfá teanga bealaithe a thabhairt uirthi. Ní dhéanfaidh sí staic air mar a dhéanfadh sí ar dhuine eile nuair a bheadh rud le rá aige.
c.
+–
Tá sí buí bealtaithe — tá sí an-bhuí (ó nádur — cuirtear an dá fhocal lena chéile, fearacht mór millteach srl.)
Is diachta dhuit a bheith buí bealaithe mar atá tú. Níl a fhios agam cé uaidh a dtug tú chor ar bith é!
TUILLEADH (6) ▼
Nach buí bealaithe an ghné chraicinn atá uirthi. Tá sí chomh buí le Buí Áille!
Ágóidín bheag bhuí bhealaithe í as a ceannaghaidh. Tá sí ó shlacht uileag ag a cuid buíochta.
Bhí craiceann an-gheal air sin agus é ina pháiste, ach ó tháinig sé suas, tá sé buí bealaithe ar fad.
Is beag an slacht í. Tá sí chomh buí bealaithe le ní mé cé hé!
Is corrdhuine a d'fheicfeá chomh buí bealtaithe oiltiúil léithe.
Gairmeach mhór bhuí bhealaithe í agus dhá mheall de dhá cholpa uirthi nach bhfillfeadh (nach dtoillfeadh) síos sa gcléibhín sin amuigh.
+–
Ní bealaithe ag an ngréin atá sí chor ar bith, ach bhí sí mar sin ó rugadh í.
Sin sórt gréis eicínt a chuireanns sí uirthi fhéin, agus ní bheadh a fhios agat nach bealaithe ón ngréin a bheadh sí, mura mbreathnaíteá an-ghrinn den tsaol uirthi.
TUILLEADH (1) ▼
Tá na niggers a d'fheicfeá i Meiriceá an-bhealaithe as a gceannaghaidh, agus an-bhrocach le dhul ina n-aice.
2.
cuir anlann ina aice.
a.
+–
Dhá mbeadh ruainnín ar bith feola againn leis an ngabáiste a bhealú, d'íosfadh muid greadlach bhreá dhi (.i. den ghabáiste)
Má bealaíodh nó má bruitheadh an ghabáiste sin i bhfeoil, níl aon chead ite uirthi inniu (Dia hAoine)
TUILLEADH (4) ▼
Tá sé chomh dona an gabáiste sin a ithe leis an bhfeoil fhéin, má bealaíodh le feoil í.
Féadfaidh tú an ghabáiste sin a ithe; tá sí bealaithe go breá le feoil.
Is maith leis a chuid aráin a bheith bealaithe i gcónaí — im a bheith air.
Mura bhfaighe sé sin arán bealaithe, ní thabharfaidh sé bolg do arán tur.
b.
+–
Má tá sé ag cinnt ortsa do chuid aráin a bhealú, go bhféacha an tAthair Síoraí orainne! — má tá sé ag cinnt ort thú fhéin a bheathú go maith, cén ghair atá againne é a dhéanamh.
Cén chaoi a bhféadfaidh créatúr bocht gan slí ná fáltas a chuid aráin a bhealú?
TUILLEADH (2) ▼
Taoiseach láidir é sin, agus is furasta dhó a chuid aráin a bhealú go maith — feilméar láidir, nó fear airgid é, agus is beag a aireos sé é fhéin a bheathú thar cionn.
Is dhó is fusa a chuid aráin a bhealú: 'sé is mó atá ag saothrú.
+–
Ní bhealóidh sin do chuid aráin duit — ní bhainfidh tú beatha as an obair sin.
Ní bhealóidh an bhóithreoireacht do chuid aráin duit.
TUILLEADH (5) ▼
Má bhealaíonn an cheird sin do chuid aráin duit, tuige nach gcaithfeá léithe — má bhaineann tú slí bheatha aisti, tuige nach gcuirfeá isteach do chuid ama léithe.
Déanfaidh mé obair ar bith a bhealós mo chuid aráin dom.
'Siad an dream a bhealaigh mo chuid aráin domsa, an dream a dtabharfaidh mé mo bhóta dóibh.
Gheobhaidh an fear is fearr a bhealós mo chuid aráin an bhóta atá agamsa.
Is ar an bhfear a bhealaigh mo chuid aráin dom, is fhearr an oidhe mo bhóta.
+–
Bealaigh do chuid aráin le allas do mhalaí fhéin — saothraigh do bheatha fhéin; déan do chuid oibre fhéin; ná bí ag teacht suas ar aon duine eile.
Bealaíodh chuile dhuine a chuid aráin in allas a mhalaí féin.
TUILLEADH (3) ▼
Ó rinne Ádhamh agus Éabh peaca an úill, tá ar chuile dhuine a chuid aráin a bhealú in allas a mhalaí fhéin.
Bheadh sé glisteanach (dlisteanach) go leor ag chuile dhuine a chuid aráin a bhealú in allas a mhalaí fhéin, ach tá cuid mhaith daoine agus ní chuireann siad allas ar bith. Is fhearr leo a gcuid aráin a bhealú in allas daoine eile.
Fágadh de bheith ar an gcine daoine go gcaithfidís a gcuid aráin a bhealú in allas a malaí i ngeall gur ith Ádhamh agus Éabha úll na haithne i bParthas.
c.
·
Tá bia bealaithe aige sin — tá éadáil agus airgead aige
Sin é an buachaillín a bhfuil an bia bog bealaithe aige.
3.
+–
Tá an Béarla bealaithe isteach go maith i Muintir na hÉireann, agus is doiligh leob scaradh leis — tá sé iontub go smior is go smúsach.
Tá sé fánach agat a bheith ag trácht ar Ghaeilge le muintir na háite seo, a dheartháir mo chroí thú, tá an Béarla chomh bealaithe isteach iontub anois agus nach bhfuil i ndán dóibh scaradh leis go mbaintear na teangachaí amach astub.
TUILLEADH (3) ▼
Tá béasaí agus bealaí Sheáin Bhuí chomh bealaithe isteach i muintir Chúige Uladh sin agus nach dtabharfadh an saol Ádhaimhe ar slí na Críostaíochta iad.
Is beag an toradh a thabharfaidís sin ar an bPápa fhéin agus tagadh sé ag caint leo, arae tá an bhradaíl agus an leiciméireacht chomh bealtaithe isteach iontub anois agus nach scarfaidh sí leob go n-imí an ball dubh den fheadóig.
Ní féidir duine agus a cháilíocht a scaradh ó chéile, adeir siad. Sin é a fhearacht aige sin é. Tá an bréagadóireacht chomh bealaithe isteach ann anois agus go síleann sé fhéin gurb í an fhírinne í.
bealaigh in iontrálacha eile (50+)
→
fearann
Rinne sí cheithre leith den cháca, agus thug sí dóibh é: fearann an duine. Níor bhain sí fhéin oiread agus an bhearna bhruite as. Dheamhan é muis. Ba mhór an trua iad ar aon chor: lucht bóthair agus bealaigh
+
→
fios
Níl fios an bhealaigh go dtí an teach agam — eolas an bhealaigh
TUILLEADH (5) ▼
Mura bhfuil fios an bhealaigh agat, gabhfaidh mise ag déanamh treoir duit
Is duine é nach bhfuil fios a bhealaigh aige — tá sé mímhúinte, míchuibhiúil; ní hiad na rudaí cearta, nó na rudaí dea-bhéasacha a níos sé
Dhá mbeadh fios a bealaigh aici, ní scáth leith ar asal a ghabhfadh sí. Ní den chuibhiúlacht rud mar sin a dhéanamh
Is dream iad sin nach raibh fios a mbealaigh ariamh acu: ag sciotaráil gháirí faoin gcorp. Is deas an chaoi é sin
Ní bhfaightheá fios a bhealaigh amach go deo — ní bheadh a fhios agat cén bealach atá leis, nó cén sórt méin nó intinn atá aige
Tá an bus breá freagrach daoibhse, ach féacha muide a chaithfeas a dhul sé mhíle bealaigh d'aistear ár gcos le dhul chomh fada leis
+
→
fág
Fág sin. Tá tú i lár an bhealaigh.
TUILLEADH (1) ▼
Fág mo bhealach as sin. Níl mo dhíol bealaigh agam le dhul thart.
→
caolóid
Bhí mo chaolóid féin spréite amach agamsa shul dhó bhí sé leath bealaigh ina chaolóid seisean. Agus deamhan leathchlúdú a thug sé ar an gcoirce ina aice sin. Deargspreallaire é. Is mór leis a dhroim a lúbadh chor ar bith.
→
cinnire
Dar mo choinsias muise, mura bhfuil an capall an-mhín, ní hin é an cinnire ab fhearr liom ina héadan — bás bradach. Má chuireann sí cosúlacht ar bith uirthi, dheamhan an dóichíde rud a dhéanfadh sé sin ná cead an bhealaigh a thabhairt di
Is diachta dhuit a bheith ag clamhsán scáth an t-achar a chuaigh tú. Má tá sé míle bealaigh, 'sé a chlochneart é (bhí an gasúr ag casaoid faoi gur cuireadh ar aistear é)
→
cuideáin
Bhí fámaire thart anseo sa samhradh agus go deimhin ba éan cuideáin críochnaithe é. Dhá bhfeictheá chomh buí chomh bealaithe agus a bhí sé, agus na bruachannaí a bhí amach ar a chuid liopaí. Dar liom fhéin gur ó réigiún coimhthíoch eicínt é. Bhí an-chanúint air freisin.
→
baile
'Tá sé in am againn a bheith ar ghort an bhaile feasta,' adeirim fhéin. 'Tá moill ort,' adeir seisean. 'Dheamhan mórán le leath bealaigh fós muid'.
+
→
bealach
Fear bóthair is bealaigh — fear nach mbaineann cos de shiúl; fear a bhíonns síoraí ag siúl; fear a bhíonns ag imeacht i ndiaidh a chinn roimhe; fear a bheadh ar thuras nó aistir.
TUILLEADH (33) ▼
"Is deas an rud bólacht, féar maith agus gabháltas; Cruithneacht is eorna le gearradh; Min ins an gcomhra agus tine tráthnóna; Agus dídean d'fhear bóthar is bealaigh" (Raiftearaí — Caismirt an Phótaire leis an Ól)
Is mór an fear bóthair is bealaigh é — duine a bhíos ag síorshiúl nó ag síorimeacht roimhe.
Níor lig sé isteach ariamh fear bóthair ná bealaigh.
Níor chuir sé amach ariamh aon fhear bóthar ná bealaigh a d'éiligh lóistín na hoíche air.
Tá a theach ar shúil an bhóthair agus níl fear bóthair ná bealaigh dhá dtéann soir ná siar nach aige istigh atá.
Tá muid sáraithe ag lucht bóthair is bealaigh ag tarraingt isteach againn chuile phointe.
Tá an teach ar a ndeis acub ó tharla é bheith ar shúil an bhóthair. Tarraingeann an ceannaí mála ann ag iarraidh lóistín na hoíche, fámairí ag cur tuairisc an bhealaigh, Gaeilgeoirí ag iarraidh nathaíochta, agus chuile chineál duine dhá dtéann an bóthar.
Níor eitigh mé fear bóthair ná bealaigh ariamh faoi lóistín na hoíche ó d'iarrfadh sé é in onóir Dé agus Mhuire.
Ní hé chuile fhear bóthair is bealaigh a ligfinn isteach, ach ba mhór an grá Dia lóistín a thabhairt don duine bocht siúd.
Níor cheart do dhuine aon araoid a chur ar fhear bóthair ná bealaigh agus gan a fhios aige cén uair a chasfaí é fhéin in áit strainséara.
Ba mhaith é an seanfhear faoi lucht bóthair is bealaigh a ligean isteach, ach sílim nach mórán gaisce atá ar an mac.
Sin baile nár caitheadh an droch-cheann ariamh le fear bóthair ná bealaigh ann. Tá a shliocht ar fhear na háite seo: áit ar bith dhá gcasfar é, agus a rá gur as C. é, beidh ómós dhó.
Níor ligeadh a shláinte ariamh le fear bóthair ná bealaigh as an tsráidbhaile chéanna. An cluiche scabhaitéaraí ba mhó a bhí ar foth ná ar féar, is istigh sa mbaile sin a bhí siad scaitheamh.
B'olc an geadán é Gleann Bh. tamall le fear bóthair ná bealaigh a chastáil ann deireanach san oíche.
San am a raibh na rógairí reatha ann fadó, ní raibh aon ghair ag fear bóthair ná bealaigh bheith amuigh deireanach. Bhainfidís a mbeadh aige dhi, agus b'fhéidir tuí srathar a bhualadh air ina aice sin.
Níor chuala tú fear bóthair ná bealaigh ariamh buíoch don lorgán sin.
Is teach é nár cuireadh aon chomaoin le lucht bóthair ná bealaigh ariamh ann. Bhí fear an tí daoithiúil doicheallach agus gar dhó fhéin.
Is teach é nár ligeadh fear bóthair ná bealaigh amach as ariamh gan an t-ocras agus an tart a bhaint dhe.
Dhá mba fear bóthair is bealaigh é, ba chuma airgead aige ná uaidh, ní fheicfeadh sé aon anó. Bhí sé chomh maith don strainséara nach bhfaca sé ariamh agus a bhí sé don chomharsa. Agus bhí a shliocht air: tháinig an saol bruíonach ar a shochraide.
An bhfuil fios (nó eolas) do bhealaigh agat? — an feasach duit, cén bóthar, cosán srl. a ghabhfas tú, le dhul go dtí an áit sin. Ciallaíonn fios a bhealaigh freisin, fios céard is ceart duit a dhéanamh, a rá, nó an chaoi is ceart do dhuine é fhéin a iompar. fc. fios
Rachainn chuig an teach aige dhá mbeadh fios an bhealaigh agam.
Is doiligh fios do bhealaigh a dhéanamh go dtí an áit siúd.
Cén chlóic atá ort má tá fios do bhealaigh agat!
Ní bheinnse dhá fhágáil i gcleithiúnas aon duine dhá mbeadh fios an bhealaigh agam. Ghabhfainn fhéin ann.
D'éagóir Dé dhuit, mura bhfuil fios do bhealaigh fós agat agus a liachtaí uair a chuaigh tú ann cheana!
Níl stró ar bith ort eolas an bhealaigh a dhéanamh. Tá ainm thuas ar chuile shráid ann.
Dhá mbeadh lampa agam is fhearr a bheinn in ann eolas an bhealaigh a dhéanamh.
D'fhiafraigh mé fios an bhealaigh de scrománach mór a raibh a dhroim le balla aige agus má d'fhiafraigh fhéin, is beag an aird a thug sé orm.
Níl treoraíocht ar bith ionat mura bhfuil eolas an bhealaigh go B. agat fós — níl rath ar bith ort ag aithneachtáil bóithrí ná bealaí.
Ceadh nach bhfuil eolas an bhealaigh agat fós?
Is corrdhuine a gheobhadh eolas an bhealaigh go dtí an áit siúd, mura mbeadh fear aitheantais ann go díreach.
Ní mó ná duine a rugadh agus a tógadh ann a dhéanfadh eolas a bhealaigh ann lena bhfuil de chorannaí agus de chasaíochaí ag dul isteach go dtí é.
Ní raibh eolas an bhealaigh aige, agus dhá mbeadh fhéin, agus chomh dorcha agus a bhí an oíche, ghabhfadh sé rite leis a bhealach a dhéanamh ar na leacrachaí agus sna clochair siúd.