→
bealaigh
bealú (44)
→
cuideáin
Bhí fámaire thart anseo sa samhradh agus go deimhin ba éan cuideáin críochnaithe é. Dhá bhfeictheá chomh buí chomh bealaithe agus a bhí sé, agus na bruachannaí a bhí amach ar a chuid liopaí. Dar liom fhéin gur ó réigiún coimhthíoch eicínt é. Bhí an-chanúint air freisin.
+
→
bealaigh
Tá an chréafóg atá sa ngarraí céanna chomh támáilte bealaithe sin, má fhaigheann sí múirín báistí ar bith, agus go sáródh sí thú le dhul ag plé léithe.
TUILLEADH (34) ▼
Is mór an t-ionadh go bhfuil an talamh ag cothú chomh bealaithe agus atá sé agus an triomach a bhí ann ó mhaidin!
Ní chuirfinn láí i dtalamh inniu. Is bealaithe liom atá an chréafóg.
Má dhéanann sé brí báistí, is fhearr dhaoibh a dhul ag cur amach fheamainne, arae ní bheidh sé in araíocht a dhul ag spré ithreach, beidh sí chomh bealaithe sin.
Gheofá a gcuid eochraí ar an bhfód bealaithe sa scainimh faoi Shamhain.
Bóthar bealaithe — bóthar a lonnaíonn draoib air agus a bhíos sleamhain sciorrach théis báistí, fearacht bóithrí na cloiche glaise.
Is contúirt é an bóthar sin siar anois ag fear bicycle. Tá sé chomh bealaithe sin ag an mbáistigh agus go sciorrfadh an bicycle fút, mura dtugtá an-aire go deo dhuit féin air.
Níl neart aige deoir ar bith báistí a chaitheamh nach mbíonn an bóthar sin chomh bealaithe agus nach mbíonn sé in araíocht ag duine siúl air mórán leis.
Níl feamainn ar bith is bealaithe a bhíonns ná an fheamainn tirim ó gheobhas sé brí ar bith báistí théis a coctha.
'Sé a raibh ann cunús den fheamainn bealaithe sin ar locháin le íochtar. Níorbh fhiú do dhuine mórán dá saothar a chur air fhéin.
Ní féidir na fleascannaí bealaithe sin a líonadh i mbord chor ar bith. Cléibhín nár mhór do dhuine ina n-éadan (fleascannaí — cineál feamainne atá leathan tanaí ar dhéanamh cláir)
Is doiligh an cunús bealaithe sin a líonadh. Dhéanfadh sí mionbhas idir do lámha.
Tá mo lámha uileag bealaithe ag an bhfeamainn (feoil srl.) sin.
Cuireadh ar a bhéal agus ar a fhiacla sa bportach é an áit ar sciorr sé ar an mbruach bealaithe a raibh siad ag cur aníos na móna air.
Nach bealaithe atá an teanga aige?; nach ar a theanga atá an bealadh — tá ruibh na cainte air; ní thagann iamh ná foras ar a theanga ach ag ropadh léithe; tá an díle cainte air.
Sin é an buachaill a bhfuil an teanga bealaithe aige ar maidin — fear polaiteachta ag caint le slua.
M'anam gur maith bealaithe atá a theanga ar maidin. Dheamhan Haraístatail a choinneodh a dhíol cainte anois leis.
Is beag an stró air sin, coc a choinneáil leis an oiread eile. Tá an teanga bealaithe go maith aige sin, deirimse leat.
Nach í an teanga atá bealaithe leis an gclár mín a chur ar an mbréig.
D'fhéadfá teanga bealaithe a thabhairt uirthi. Ní dhéanfaidh sí staic air mar a dhéanfadh sí ar dhuine eile nuair a bheadh rud le rá aige.
Is diachta dhuit a bheith buí bealaithe mar atá tú. Níl a fhios agam cé uaidh a dtug tú chor ar bith é!
Nach buí bealaithe an ghné chraicinn atá uirthi. Tá sí chomh buí le Buí Áille!
Bhí craiceann an-gheal air sin agus é ina pháiste, ach ó tháinig sé suas, tá sé buí bealaithe ar fad.
Is beag an slacht í. Tá sí chomh buí bealaithe le ní mé cé hé!
Ní bealaithe ag an ngréin atá sí chor ar bith, ach bhí sí mar sin ó rugadh í.
Sin sórt gréis eicínt a chuireanns sí uirthi fhéin, agus ní bheadh a fhios agat nach bealaithe ón ngréin a bheadh sí, mura mbreathnaíteá an-ghrinn den tsaol uirthi.
Féadfaidh tú an ghabáiste sin a ithe; tá sí bealaithe go breá le feoil.
Is maith leis a chuid aráin a bheith bealaithe i gcónaí — im a bheith air.
Mura bhfaighe sé sin arán bealaithe, ní thabharfaidh sé bolg do arán tur.
Tá bia bealaithe aige sin — tá éadáil agus airgead aige
Sin é an buachaillín a bhfuil an bia bog bealaithe aige.
Tá an Béarla bealaithe isteach go maith i Muintir na hÉireann, agus is doiligh leob scaradh leis — tá sé iontub go smior is go smúsach.
Tá sé fánach agat a bheith ag trácht ar Ghaeilge le muintir na háite seo, a dheartháir mo chroí thú, tá an Béarla chomh bealaithe isteach iontub anois agus nach bhfuil i ndán dóibh scaradh leis go mbaintear na teangachaí amach astub.
Tá béasaí agus bealaí Sheáin Bhuí chomh bealaithe isteach i muintir Chúige Uladh sin agus nach dtabharfadh an saol Ádhaimhe ar slí na Críostaíochta iad.
Ní féidir duine agus a cháilíocht a scaradh ó chéile, adeir siad. Sin é a fhearacht aige sin é. Tá an bréagadóireacht chomh bealaithe isteach ann anois agus go síleann sé fhéin gurb í an fhírinne í.
→
ioscaid
Tá a cuid ioscadaí bealaithe go maith aici siúd agus an luadar a bhí fúithi — tá sí in ann deifre a dhéanamh (tá siúl maith aice) agus an t-imeacht a bhí fúithi
→
fód
Síolraíonn na bradáin ar an bhfód bealaithe sna haibhneachaí — fód talúna in aice le cloich shleamhain bhealaithe
→
daba
Díogha ceart é sin agus chuile fhear ar a bhaile. Mhair siad sin ariamh ar dhabaí an tiarna sin a bhí i mbéal an dorais acu, agus tá a shliocht orthu: tá béasaí Shasana bealaithe isteach iontu, agus ní scarfaidh siad leo go luath
→
droim
Tá cruit uileag ar dhroim an bhóthair agus é gleannach isteach leis an móinín bán. Tá sé chomh bealaithe leis an mí-ádh freisin. Is éasca le duine treascairt a bhaint as ann
→
duirling
Is beag nár bascadh sa duirling inniu mé. Tá na clocha bealaithe uileag ag an bhfeamainn lofa agus sciorr mé ar cheann acu agus baineadh treascairt asam, agus dar brí an leabhair, cuireadh síos le fána uileag mé
→
déanta
'Siad an mhuintir thiar déanta é. D'aithneofá an truisle cheana féin ann, ainneoin nach bhfuil sé thar naoi nó deich de bhlianta. Agus ar thug tú faoi deara chomh buí bealaithe agus atá sé
→
téigh ar
Chuaigh príosún lena ló air ach is maith a chuaigh sé as nár cuireadh dhá chois é. 'Sé Dia féin a bhí ina fhabhar agus an chaoi ar tugadh ón gcroich é. Bhí an chnáib bealaithe acu dhó