—
cineál gréise atá oiltiúil agus a cuimlítear d'acastóirí carranna, do rotháin, nó d'acraí iarainn ar bith, lena gcuid screadaíle a bhodhrú, agus lena ndéanamh soghluaiste más docht dóibh.
a.
+–
Airím an-screadach ag acastóir an chairr. Is géar a theastódh bealadh uaidh.
Tá an t-acastóir an-docht. Ní mór dhuit scráib bhealta a chur air.
TUILLEADH (13) ▼
Má chastar don bhaile mór thú, ceannóidh tú punt bealtha cairr dhom.
Níl aon ghnaithe amach againn leis an gcarr sin go gcuirtear bealadh air. Chloisfeá míle uait an scréachaíl atá air, le seachtain.
Má tá na rothaí scoiltithe, níor mhór dhuit é a chur ar bogadh i lochán eicínt agus ansin foracún bealtha a chur air. Cuir ar an slaidín agus eile é.
Tá an t-acastóir an-docht, muran d'uireasa bealtha é — is deacair leis a dhul timpeall.
Ní mór don acra sin bealadh gan mhoill.
Ní dhéanfadh bealadh na hairí aon mhaith don bhall oirnise sin anois, arae tá sé caite ó Dhia agus ón saol.
Tá an olann ó rath de bharr bealtha atá calcaithe inti.
Tá an roth an-stodamach cheal bealtha — tá sé docht d'uireasa bealtha.
Dhá gcuirtheá bealadh air, b'fhéidir go mbainfeá scaitheamh eile as, ach déarfainn go bhfuil sé ó mhaith ar aon chor.
Shíl mé gur cheal bealtha a bhí air ach i ndeir (i ndar) liom fhéin nach ea anois, arae tá aois na hÚire agus na Caillí Béarra aige. Is mór a chruthaigh sé agus seasamh an fhad chor ar bith.
Mura mbaine tú aon fheacadh as anois leis an mbealadh, caith i dtraipisí é.
Is mór an rath air an méid sin fhéin bealtha. Níl mairg ar bith air a dhul timpeall anois.
Ní mór dhuit é a ghlanadh agus bealadh a chur air, arae tá sé calcaithe istigh ann ag an salachar.
·
Cuir bealadh faoi t'ioscadaí — déan deabhadh nó deifir.
Murar chuir sé bealadh faoina ioscadaí ag teacht, chuir sé bealadh faoin teanga — siúl righin a bhí aige, ach bhí neart le rá aige.
b.
+–
Shílfeá gur bealadh atá ar a éadan aige, tá sé chomh buí broghach sin.
Chuir an cailín sin bealadh ar a héadan — dath buí ar a ceannaghaidh
TUILLEADH (1) ▼
Cuireann mná an tsaoil seo bealadh eicínt ar a n-éadan le go mbíonn siad chomh buí agus a bhíonn siad.
Féach freisin
→
bealaigh
bealadh in iontrálacha eile (46)
+
→
bealach
Meas tú an bhfuil aon choca feamainne le díol sna bealaí sin siar? — sna bólaí; sna ceantair; sna lorgáin.
TUILLEADH (18) ▼
Fear aniar as na bealaí sin siar a d'inis dhom é ar an aonach.
Shiúil sé na bealaí sin ar fad.
Níl mé in eolas na mbealaí sin, chor ar bith — na lorgán; na gceantar.
Ní raibh aon lá ariamh fhéin nach raibh muintir na mbealaí sin ag imeacht as a gcranna cumhachta le leithead.
Níor cheart do na bealaí sin suas a bheith folamh gan deoir eicínt a bheith iontub.
Mura bhfaighe sé aon bhean sna bealaí sin anois, tá sé réidh léithe.
"Shiúil mise gleannta agus sléibhte; agus cnoic a bí géar as a mbarr; agus a lán bealaí eile nach ndéarfainn; agus dheamhan unsa ar bith céille in mo cheann" (as Neilí)
Tá bealaí beaga dhá gcuid fhéin acub sin nach bhfuil ag dream ar bith eile — tá gnáis nó nósa acu nach bhfuil ag daoine eile.
Bhí bealaí dhá gcuid fhéin ag muintir an bhaile sin ariamh.
Tá bealaí beaga léithe nach dtaitneodh leat mura mbeadh eolas agat uirthi.
Mura mbeadh eolas ar a chuid bealaí agat, shílfeá gur leibide ceart é, ach ní hea.
Bealaí iad sin atá leis (atá aige) — gnása aisteacha, nó cáilíocht nach mbíonn ach i ndaoine i bhfad ó chéile.
Is beag dhá chuid bealaí an méid sin — sin cuid dhá chuid bealaí nó dhá cháilíocht (le gleacaíocht nó imeartas adeirtear é go hiondúil)
Is beag dhá chuid bealaí an méid sin a rá leatsa; ach cuirfidh mé geall nach ndéanfaidh sé ina dhiaidh sin an rud adúirt sé.
Is beag dhá chuid bealaí an méid sin a dhéanamh agus é bhualadh thall ar dhuine eicínt eile.
Tá go leor bealaí aige — tá go leor imeartais, nó gleacaíochta, nó aigeantachta ag siúl leis, nó tá nósa groí aige.
Ná bac le bealaí! Is aige atá a dtabhairt amach.
Ní fhaca mise a chuid bealaí le aon duine sa teach ariamh cheana.
+
→
bealaigh
Nach bealaithe atá an teanga aige?; nach ar a theanga atá an bealadh — tá ruibh na cainte air; ní thagann iamh ná foras ar a theanga ach ag ropadh léithe; tá an díle cainte air.
TUILLEADH (2) ▼
Chuir sé bealadh faoin teanga tráthnóna shular bhog sé amach ar a chuairt.
Tá béasaí agus bealaí Sheáin Bhuí chomh bealaithe isteach i muintir Chúige Uladh sin agus nach dtabharfadh an saol Ádhaimhe ar slí na Críostaíochta iad.
→
beann
"Shiúil mise cnoic agus sléibhte agus beanna a bhí géar as a mbarr; Agus a lán bealaí eile nach bhféadaim, agus tá mo chroíse lag brúite ina lár" (sliocht as Neilí a Chailín Deas)
Tá sé crua ag duine bealaí an fhir sin a dhéanamh amach chor ar bith — is deacair do dhuine a chuid béasa a thuiscint.
→
iontach
Is iontach na bealaí atá leat. Deamhan bealaí níos iontaí a chonaic mise le aon duine ariamh — tá béasa ar leith (go hiondúil drochbhéasaí) ag siúl leat. Níl t-iompar fearacht iompair daoine eile
+
→
ioscaid
Cuir bealadh faoi t'ioscadaí — déan deifir; déan deabhadh, brosnaigh; bí broidiúil
TUILLEADH (2) ▼
Más leat breith ar an mbus, ní mór dhuit bealadh a chur faoi t'ioscadaí — ní mór dhuit deifir a dhéanamh srl.
Mura gcuire tú bealadh faoi t-ioscadaí, beidh an fheamainn ar fad tógtha romhat
→
isteach
Níl aon chall a iarraidh air bealadh a chur faoina ioscadaí ag dhul isteach ann (fc. ioscaid)
Rud ar bith nach dtaitneoidh leis, feicfidh tú é ag cur fuarchruit air. Tá go leor bealaí beaga den tsórt sin leis. Sin í an onóir chreidim!
→
dairt
Deir tú leis a chaith coraintín istigh anseo inniu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timpeall ar an scéal. 'Leag mé bosca bealadh a bhí le a chur ar an gcarr inniu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor meacan den teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dúirt B. nár chorraigh sí féin é. Agus níor goideadh é, mar 'sé sin an fáth, ní raibh aon duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é.' Tá amhras aige orainn, ach ní abródh sé ina dhiaidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é san oíche amárach. Leagfaidh mé san áit chéanna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt
→
deara
Síleann tusa gurb é S. a rinne é. Tabhair faoi deara ab é. Más é muise, ba diabhlaí an deifir a rinne sé, má tá i ndán is gur buaileadh an ceann eile ag an haon dhéag. Arae sé sin an fáth, bhí sé ag ól tigh Th. an oíche sin nó gur cuireadh amach muid ag leathuair théis an deich, i gcruthúnas duit nár mhór dhó bealadh a chur faoina ioscadaí le bheith i nD. L. ag an haon dhéag: fear nach raibh bicycle ná deis marcaíochta ar bith aige ach na boinn
→
dearna
Má imíonn tú ar do dhearnachaí siar sna raithneachaí, dheamhan a bhfeicfidh sé dhíot. Cuir bealadh faoi t'ioscadaí nó beidh sé in do mhullach. Corraigh leat a fhleascaigh!
Shoraidh dhaoibh nár chuir bealadh faoina (bhur) n-ioscadaí, agus a bheith anseo tamaillín níos túisce. Bhí geampa breá de bhradán agam a tháinig ó Ph. I ndeireadh na bliana a rugadh sibh
→
deis
Dá gcuirtí deis bheag ar an gcarr sin bheadh sé thar cionn. Ach is deacair dó aon smais a bheith air — carr nár cuireadh bealadh ná paint ariamh air
Is mór atá ag éirí diomdhach de na sagairt chéanna de bharr na mbealaí atá leo féin: ite ag iarraidh airgid, agus gan gair ag duine a bhéal a oscal nach mbeidh siad ag tromachan air
→
dlaoinín
(Rópa dlaoiníní — rópa tuí cáiteach) "Rópa a dhlaoithfeá de bhroibh. Na broibh a fháil suas ansin sna barra. Broibh mhóra láidre: fiógaí. A dtarraingt as an bhfréimh. A gcrochadh suas ar phionna nó ar an gcnagadán cupla lá nó go dtriomaídís. Ní mórán triomach a d'iarrfaidís. Iad a shnoíchan ansin: a ndlaoithiú. Bhéarfá ar an dlaoinín le t'fhiacail. 'Sé an dlaoinín an craiceann atá taobh amuigh ar an mbrobh. B'fhearr t'fhiacail ná t'ionga leis an dlaoinín a tharraingt anuas de na broibh. Mura mbeirteá mar sin air, dhéanfadh an rud bog atá istigh sa bhfióig mionbhas. Níl maith ar bith leis an rud bog sin ach a chaitheamh uait. De na dlaoiníní a dhéanfá an rópa. Le corrán nó le corrshúgáin a dhéanfá é. Dhá mbeadh fear maith dhá dhéanamh, bheadh sé chomh maith le rópa ruainne — rópa rua. Trí duail a chur ann. Chuirfeá ar chocaí féir é. Nuair a chuirfeá ar chocaí é, ní iarrfá é a fhíochan chor ar bith. Dhéanfadh dual amháin thú; agus ar chruacha coirce freisin. Chuirfeá ar mhuic é ag dul ar an aonach agus ar ghadrachaí maoil asail ag tarraingt mallaigh feamainne. Dhéanfadh fear maith an-chaol é, agus bheadh sé go maith ina dhiaidh sin. Dhá mbeifeá ag déanamh rópa muc dhó (dhe), chaithfeá trí rópa a dhéanamh agus na trí rópa a fhíochan suas ina chéile: trí duail … Slata: nuair a bheadh slata bliain istigh chaithfidís a mbáthadh lena mbogadh, má ba leat cléibh, scoilb nó eile a dhéanamh dhíobh. Bheidís mí ar bogadh i gclaise shula n-oibrítí iad. Bhruithfeá slata le aghaidh cléibhín ime. A ndlaoithiú ansin, agus dhéanfadh na dlaoiníní rópa, ach ní bheadh sé chomh maith leis an rópa dlaoinín broibh. D'fheicfeá mná ag cur dlaoiníní na mbroibh nó na slat i gcluasa an tuirne (dlaoinín nó fiataíl an dá rópa is fhearr) mar is ann istigh a bhíos an fearsaid, agus an tsreang ag imeacht ar an bhfearsaid … Solas: dhlaoithfidís anuas na fiógaí agus d'fhágaidís stríoc bheag den dlaoinín ar an mbrobh, i gcruth is nach dtitfeadh a mbeadh istigh ann amach ina mhionbhas. Chuiridís bealadh ansin orthu: ola faoitín nó ola ronnaigh, agus a leá ar cham agus a dtumadh ann. Mura bhfágthá dlaoi bheag síos ar fhad an dlaoinín, leáfadh a mbeadh istigh ann. Bhíodh faoitíní agus ronnaigh ina snáth mara anseo an uair sin. Na haobha a leá ar an tine, agus nuair a bheadh lochán agat, na broibh a thumadh uileag ann, nuair a bheidís dlaoite: an dlaoinín bainte dhíobh. A gcrochadh suas ar stálú sa simléar nó go mbeidís tirim … " (Sliocht as cuntas faoi rópaí, dlaoithiú agus eile ó Mháirtín Ó Cadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
→
droim
Tá an lá ag dul thar droim agus gan an mhaith dhá déanamh. Nach breá nach meabhrófá dhó cén mheanmna a chas anoir muid. Nó an bhfuil fút é a fhágáil mar sin. Mura gcuire muid bealadh faoi na hioscadaí, beidh an dubh ar an oíche shula bheas muid sa mbaile agus cuimhnigh go gcaithfidh mise freastal do bheithígh fós anocht. Mar sin, má tá rún agat an scéal a thionscailt, déan as láimh é gan níos mó deireanais a ligean ort féin
Nach in é ina dhubhchrónach oíche é cheana féin. Seoigí! Cuirigí bealadh faoi na hioscadaí go beo. Tá beithígh le bleán agus le freastal fós romhainn sa mbaile
→
déanta
Deile céard í ach bean Achréidh déanta. Óna máthair a thug sí na bealaí sin. As an Achréidh muintir na máthar fréna chéile. Ach shílfeá go bhfuil siad chomh fada san áit seo anois agus go mbeidís taithithe ann
→
díle 1
Mura gcuire sibh bealadh faoina (bhur) n-ioscadaí anois, beidh sé ina dhíle oraibh shula bheas sibh sa mbaile. Tá sí ag tolgadh ansin ó dheas. Má bhriseann an meall dubh sin gheobhaidh sibh tuairt
→
dóigh 1
Ba mhaith an dóigh dhuit a Bh. má tá an siopa romhat, a bheith ag dul ann anois, agus gan an oíche a ligean ort féin aríst. Níl siar ná aniar sa lá anois. Ní féidir go bhfuil na scoláirí beaga sa mbaile. M'anam muise má tá nach mór duit a bheith ag cur bealadh faoi t'ioscadaí