Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Bealadh
ainm-fhocal — baininscneach
gein. aonda — bealtha
cineál gréise atá oilteamhail, a's a cuimlighthear d'acastóirí carranna, do rotháin, nó d'acraí iarainn ar bith, le na gcuid screadghaile a bhodhrú, a's le na ndéanamh so-ghluaiste, má's docht dóib.
a.
+
Airighim an-screadach ag acastóir a' chairr. Is géar a theastóchadh bealadh uaidh.
Tá'n t-acastóir an-docht. Ní mór dhuit scráib bhealta a chuir air.
TUILLEADH (13) ▼
Má chastar do'n bhaile mór thú, ceannócha tú punt bealtha cairr dhom.
Níl aon-ghnaithe amach aghainn leis a' gcárr sin, go gcuirtear bealadh air. Chloisfeá míle uait an scréachghail atá air, le seachtmhain.
Má tá na róthaí scoiltighthe, níor mhór dhuit é a chuir ar bogadh i lochán eicínt, a's annsin foracún bealtha a chuir air. Cuir ar a' slaidín a's eile é.
Tá'n t-acastóir an-docht, maran d'uireasbha bealtha é. = is deacair leis a dhul timcheall.
Ní mór do'n acra sin bealadh gan mhoill.
Ní dheanfadh bealadh na h-airí, aon-mhaith do'n bhall uirníse sin anois, arae tá sé caithte ó Dhia a's ó'n saoghal.
Tá'n olann ó rath de bharr bealtha, atá calcuighthe innte.
Tá'n roth an-stodamach cheal bealtha = tá sé docht d'uireasbha bealtha.
Dhá gcuirtheá bealadh air, b'fhéidir go mbainfeá scathamh eile as, ach déarfainn go bhfuil sé ó mhaith ar aon-chor.
Shíl mé gur cheal bealtha a bhí air, ach indeir (indar) liom fhéin nach h-eadh anois, arae tá aois na h-Úire a's na Caillighe Béara aige. Is mór a chruthaigh sé a's seasamh, an fhad, chor a' bith.
Mara mbaine tú aon-fheacadh as anois, leis a' mbealadh; caith i dtraipísí é.
Is mór a' rath air an méid sin fhéin bealtha. Níl mairg a' bith air a dhul timcheall anois.
Ní mór dhuit é a ghlanadh, a's bealadh a chuir air, arae tá sé calcuighthe istigh ann, ag a' salachar.
·
Cuir bealadh faoi t'ioscadaí = déan deabhadh nó deifir.
Marar chuir sé bealadh faoi'n ioscadaí a' teacht, chuir sé bealadh faoi'n teanga = siubhal roighin a bhí aige, ach bhí neart le rádh aige.
b.
+
Shílfeá gur bealadh atá ar 'éadan aige, tá sé chomh buidhe bróthach sin.
Chuir a' cailín sin, bealadh ar a h-éadan = dath buidhe ar a ceannaghaidh
TUILLEADH (1) ▼
Cuireann mná an tsaoghail seo, bealadh eicínt ar a n-éadan le go mbíonn siad chomh buidhe a's bhíonn siad.

Féach freisin

Bealadh in iontrálacha eile (19)

+
Nach bealthuighthe atá an teanga aige?; nach ar a theanga atá an bealadh = tá ruibh na cainnte air; ní thagann iabh ná forus ar a theanga ach a' ropadh léithe; tá an díle cainnte air.
TUILLEADH (1) ▼
Chuir sé bealadh faoi'n teanga trathnóna shul dhá(r) bhog sé amach ar a chuairt.
 
amach
Cuir bealadh faoi t'ioscadaí agus siubhail amach.
+
Cuir bealadh faoi t'ioscadaí = déan deifir; déan deabhadh, brosnaigh; bí bruideamhail.
TUILLEADH (2) ▼
Má's leat breith ar an mbus, ní mór dhuit bealadh a chuir faoi t'ioscadaí = ní mór dhuit deifir a dhéanamh etc.
Mara gcuire tú bealadh faoi t-iosgadaí, beidh an fheamuinn ar fad tóigthe rómhat.
 
Níl aon-chall 'iarraidh air bealadh a chuir faoi'n ioscadaí a' dhul isteach ann (féach ioscadaí)
 
dairt
Deir tú leis a chaith curraintín istigh annseo indiu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timcheall ar an scéal. "Leag mé bosca bealadh a bhí le 'chur ar an gcarr indiu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor-meacan de'n teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dubhairt B. nachar chorruigh sí féin é. Agus níor goideadh é mar 'sé sin an fáth ní raibh aon-duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é." Tá aimhreas aige orainn, ach ní abróchadh sé in a dheidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é ins an oíche ambáireach. Leagfaidh mé ins an áit chéadna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt.
 
deara
Síleann tusa gurb é S. a rinne é. Tabhair faoi deara ab é. Má sé muise, ba diabhlaí an deifir a rinne sé, má tá indán agus gur buaileadh an ceann eile ag an h-aon dhéag. Arae sé sin an fáth, bhí sé ag ól tigh Th. an oíche sin nó gur cuireadh amach muid ag leath-uair th'éis an deich, i gcruthamhnas duit nachar mhór dhó bealadh a chur faoin a ioscadaí le bheith i nD. L. ag an h-aon dhéag: fear nach raibh "bicycle" ná deis marcaigheacht' ar bith aige ach na buinn
 
dearna
Má imigheann tú ar do dhearnachaí siar ins na raithneachaí, dheamhan a bhfeicfidh sé dhíot. Cuir bealadh faoi t'ioscadaí nó beidh sé in do mhullach. Corruigh leat a fhleascaigh!
 
Shoraidh dhaoib nachar chuir bealadh faoin a (bhur) n-ioscadaí, agus a bheith annseo tamaillín níos túisce. Bhí geampa breagh de bhradán agam a tháinic ó Ph. Indeireadh na bliana a rugadh sib
 
Beidh tú deireannach mara gcuiridh tú bealadh faoi t'ioscadaí
 
deis
Dá gcuirtí deis bheag ar an gcarr sin bheadh sé thar cíonn. Ach is deacair dó aon-smais a bheith air — carr nachar cuireadh bealadh ná "paint" ariamh air
 
(Rópa dlaoiníní = rópa tuighe cáithteach) "rópa a dhlaoidhfeá de bhruibh. Na bruibh a fháil suas annsin isna bárra. Bruibh mhóra láidre: fidheogaí. A dtarraint as an bhfréimh. A gcrochadh suas ar phionna nó ar an gcragadán cupla lá nó go dtriomuighidís. Ní mórán triomach a d'iarrfaidís. Iad a shnoigheachan annsin: a ndlaoithiú. Bhéarfá ar an dlaoinín le t'fhiacail. 'Sé an dlaoinín an craiceann atá taobh amuigh ar an mbrobh. B'fhearr t'fhiacail ná t'ionga leis an dlaoinín a tharraint anuas de na bruibh. Mara mbeirtheá mar sin air, dhéanfadh an rud bog atá istigh 'sa bhfidheoig mionús. Níl maith ar bith leis an rud bog sin ach a chaitheamh uait. De na dlaoiníní a dhéanfá an rópa. Le corrán nó le corr-shúgáin a dhéanfá é. Dhá mbeadh fear maith dhá dhéanamh, bheadh sé cho maith le rópa rúinne (róinne) — rópa ruadh. Trí duail a chur ann. Chuirfeá ar chocaí féir é. Nuair a chuirfeá ar chocaí é, ní iarrfá é a fhigheachan chor ar bith. Dhéanfadh dual amháin thú; agus ar chruacha coirce freisin. Chuirfeá ar mhuic é ag dul ar an aonach agus ar ghádrachaí maoil asail ag tarraint malaigh feamainne. Dhéanfadh fear maith an-chaol é, agus bheadh sé go maith in a dheidh sin. Dhá mbeitheá ag déanamh rópa muc dhó (dhe), chaithfeá trí rópa a dhéanamh agus na trí rópa a fhigheachan suas in a chéile: trí duail … Slata: nuair a bheadh slata bliain istigh chaithfidís a mbáthadh len a mbogadh, má ba leat cléibh, scoilb nó eile a dhéanamh dhíob. Bheidís mí ar bogadh i gclaise shul a n-oibrighthí iad. Bhruithfeá slata l'aghaidh cléibhín ime. A ndlaoithiú annsin, agus dhéanfadh na dlaoiníní rópa, ach ní bheadh sé cho maith leis an rópa dlaoinín bruibh. D'fheicfeá mná ag cur dlaoiníní na mbruibh nó na slat igcluasa an túirne (dlaoinín nó fiadhtaighil an dá rópa is fhearr) mar is ann istigh a bhíos an fearsad, agus an tsreang ag imeacht ar an bhfearsaid … Solus: dhlaoidhfidís anuas na fidheogaí agus d'fhágaidís stríoc bheag de'n dlaoinín ar an mbrobh, igcruth agus nach dtuitfeadh a mbeadh istigh ann amach in a mhionús. Chuiridís bealadh annsin orra: ola faidhtín nó ola runnaigh, agus a leaghadh ar cham agus a dtumadh ann. Mara bhfágthá dlaoi bheag síos ar fhad an dlaoinín, leaghfadh a mbeadh istigh ann. Bhíodh faidhtíní agus runnaigh in a snáth mara annseo an uair sin. Na h-aobha a leaghadh ar an teine, agus nuair a bheadh lochán agad na bruibh a thumadh uiliog ann, nuair a bheidís dlaoithte: an dlaoinín bainte dhíob. A gcrochadh suas ar stálú 'sa simléar nó go mbeidís tirm … " (Sliocht as cuntas faoi rópaí, dlaoithiú agus eile ó Mháirtín Ó Chadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
 
droim
Tá an lá ag dul thar druim agus gan an mhaith dhá déanamh. Nach breagh nach meabhrochthá dhó cé'n mheanmna a chas anoir muid. Nó an bhfuil fút é a fhágáil mar sin. Mara gcuiridh muid bealadh faoi na h-ioscadaí, beidh an dubh ar an oíche shul a bhéas muid ins an mbaile, agus cuímnigh go gcaithfidh mise freastal do bheithidhigh fós anocht. Mar sin má tá rún agad an scéal a thionnscailt, déan as láimh é gan níos mó deireannais a leigean ort féin
 
Nach shin é ina dhubhchrónach oíche é cheana féin. Seogaí! Cuirigí bealadh faoi na h-ioscadaí go beo. Tá beithigh le bleán agus le freastal fós romhainn san mbaile
 
díle 1
Mura gcuiridh sib bealadh faoin u (bhur) n-ioscadaí anois, beidh sé in a Dhíle oraibh shul dhá bhéas sib ins an mbaile. Tá sí ag tolgadh annsin ó dheas. Má bhriseann an meall dubh sin gheobhaidh sib tuairt.
 
dóigh 1
Ba mhaith an dóigh dhuit a Bh. má tá an siopa romhat, a bheith ag dul ann anois, agus gan an oíche a leigean ort féin aríst. Níl siar ná aniar ins an lá anois. Ní féidir go bhfuil na scoláirí beaga ins an mbaile. M'anam muise má tá nach mór duit a bheith ag cur bealadh faoi t'ioscadaí
 
Cuir bealadh faoi t'ioscadaí. Beidh ort a dhul go portach leis an dinnéar anois