Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ioscadaí (21)

+
Cuir bealadh faoi t'ioscadaí — déan deabhadh nó deifir.
TUILLEADH (1) ▼
Murar chuir sé bealadh faoina ioscadaí ag teacht, chuir sé bealadh faoin teanga — siúl righin a bhí aige, ach bhí neart le rá aige.
 
amach
Cuir bealadh faoi t'ioscadaí agus siúil amach.
+
Bhí m'ioscadaí ag tabhairt uathu le lagar ocrais — is ar éigean a bhí sé in ann siúl
TUILLEADH (6) ▼
Tá m'ioscadaí támáilte — níl siad solúbtha; ní fhéadaim iad a fheacadh
A ioscadaí righne! — déarfaí é le duine righin támhleisciúil sa siúl
Cuir bealadh faoi t'ioscadaí — déan deifir; déan deabhadh, brosnaigh; bí broidiúil
Más leat breith ar an mbus, ní mór dhuit bealadh a chur faoi t'ioscadaí — ní mór dhuit deifir a dhéanamh srl.
Tá a cuid ioscadaí bealaithe go maith aici siúd agus an luadar a bhí fúithi — tá sí in ann deifre a dhéanamh (tá siúl maith aice) agus an t-imeacht a bhí fúithi
Mura gcuire tú bealadh faoi t-ioscadaí, beidh an fheamainn ar fad tógtha romhat
 
Níl aon chall a iarraidh air bealadh a chur faoina ioscadaí ag dhul isteach ann (fc. ioscaid)
 
deara
Síleann tusa gurb é S. a rinne é. Tabhair faoi deara ab é. Más é muise, ba diabhlaí an deifir a rinne sé, má tá i ndán is gur buaileadh an ceann eile ag an haon dhéag. Arae sé sin an fáth, bhí sé ag ól tigh Th. an oíche sin nó gur cuireadh amach muid ag leathuair théis an deich, i gcruthúnas duit nár mhór dhó bealadh a chur faoina ioscadaí le bheith i nD. L. ag an haon dhéag: fear nach raibh bicycle ná deis marcaíochta ar bith aige ach na boinn
 
dearna
Má imíonn tú ar do dhearnachaí siar sna raithneachaí, dheamhan a bhfeicfidh sé dhíot. Cuir bealadh faoi t'ioscadaí nó beidh sé in do mhullach. Corraigh leat a fhleascaigh!
 
Shoraidh dhaoibh nár chuir bealadh faoina (bhur) n-ioscadaí, agus a bheith anseo tamaillín níos túisce. Bhí geampa breá de bhradán agam a tháinig ó Ph. I ndeireadh na bliana a rugadh sibh
 
Beidh tú deireanach mura gcuire tú bealadh faoi t'ioscadaí
 
An bhfuil a fhios agat an áit deiridh a bhfaca mé é féin agus a chuid cóitíní: thuas i mullach carr féir agus é dhá ghiogáil thoir ar an bhFaiche Mhóir. Bhí mo choinsias, agus 'sé a bhí cruógach. D'fheicfeá a ioscadaí agus a mhásaí leathmhíle uait, an áit a raibh stolladh maith ann. Bail an diabhail air nach gcaithfeadh na streachláin siúd dó (de) agus feisteas gnaíúil eicínt a chur air féin
 
díle 1
Mura gcuire sibh bealadh faoina (bhur) n-ioscadaí anois, beidh sé ina dhíle oraibh shula bheas sibh sa mbaile. Tá sí ag tolgadh ansin ó dheas. Má bhriseann an meall dubh sin gheobhaidh sibh tuairt
 
dóigh 1
Ba mhaith an dóigh dhuit a Bh. má tá an siopa romhat, a bheith ag dul ann anois, agus gan an oíche a ligean ort féin aríst. Níl siar ná aniar sa lá anois. Ní féidir go bhfuil na scoláirí beaga sa mbaile. M'anam muise má tá nach mór duit a bheith ag cur bealadh faoi t'ioscadaí
+
dóigh 3
Gabh amach as sin a ioscadaí dóite! – le gasúr nó duine a bheadh i gcónaí ag breacadh a loirgne sa tine
TUILLEADH (1) ▼
Ara níl déantús maitheasa ar bith ina ioscadaí dóite siod. Céard a ghníos sé ach ag breacadh a loirgne chois na tine
 
Cuir bealadh faoi t'ioscadaí. Beidh ort a dhul go portach leis an dinnéar anois