ioscaid
—
cúl na coise ag cnapán na glúnach.
a.
+–
Bhí m'ioscadaí ag tabhairt uathu le lagar ocrais — is ar éigean a bhí sé in ann siúl
Tá m'ioscadaí támáilte — níl siad solúbtha; ní fhéadaim iad a fheacadh
TUILLEADH (4) ▼
Tá sí támáilte as na hioscadaí — capall nach mbeadh a cuid cos soghluaiste
Tá mé buailte suas ar fad sna hioscadaí — níl cor ná car iontu; cineál scoilteachaí
Ioscaid Chrua — ainm duine i seanscéal. Bhí na hioscadaí an-chrua aige
A ioscadaí righne! — déarfaí é le duine righin támhleisciúil sa siúl
b.
deifir a dhéanamh (le sin a chur i gceist).
+–
Cuir bealadh faoi t'ioscadaí — déan deifir; déan deabhadh, brosnaigh; bí broidiúil
Más leat breith ar an mbus, ní mór dhuit bealadh a chur faoi t'ioscadaí — ní mór dhuit deifir a dhéanamh srl.
TUILLEADH (2) ▼
Tá a cuid ioscadaí bealaithe go maith aici siúd agus an luadar a bhí fúithi — tá sí in ann deifre a dhéanamh (tá siúl maith aice) agus an t-imeacht a bhí fúithi
Mura gcuire tú bealadh faoi t-ioscadaí, beidh an fheamainn ar fad tógtha romhat
Féach freisin
→
isteach
ioscaid in iontrálacha eile (2)
→
dodaíl
Má fheiceann tú aon rún aici a dhul ar dhodaíl, ceangail scothach a driobaill dá hioscaid agus feicfidh tú féin air go bhfaighidh tú bainne uaithi mar sin. Sin é a ghníos muid féin léithe, ach ní bhfuair muid anró ar bith uaithi le fada
Níor éirigh liom ach barr a bhróige sa leath deiridh, ach ar an gcolpa nó ar an ioscaid a bhí sé ag iarraidh mé a bhualadh