Ioscaid
—
cúl na coise ag cnapán na glúnach.
a.
+–
Bhí m'ioscadaí ag tabhairt uatha le lagar ocrais = is ar éigin a bhí sé in don siubhal.
Tá m'ioscadaí támáilte = níl siad so-lúbtha; ní fhéadaim iad a fheacadh
TUILLEADH (4) ▼
Tá sí támáilte as na h-ioscadaí = capall nach mbeadh a cuid cos so-ghluaiste.
Tá mé buailte suas ar fad is na h-ioscadaí = níl cor ná car ionntu; cineál scoilteachaí
Iosgaid Chruadh (ainm duine i sean-scéal. Bhí na h-ioscadaí an-chruadh aige).
A iosgadaí roighne! = déarfaí é le duine roighin támh-leisgeamhail sa siubhal.
b.
deifir a dhéanamh — (le sin a chuir i gceist).
+–
Cuir bealadh faoi t'ioscadaí = déan deifir; déan deabhadh, brosnaigh; bí bruideamhail.
Má's leat breith ar an mbus, ní mór dhuit bealadh a chuir faoi t'ioscadaí = ní mór dhuit deifir a dhéanamh etc.
TUILLEADH (2) ▼
Tá a cuid ioscadaí bealuighthe go maith aice siúd agus an luadar a bhí fúithe = tá sí indon deifre a dheanamh (tá siubhal maith aice) agus an t-imtheacht a bhí fúithe.
Mara gcuire tú bealadh faoi t-iosgadaí, beidh an fheamuinn ar fad tóigthe rómhat.
Féach freisin
→
isteach
Ioscaid in iontrálacha eile (2)
→
dodaíl
Má fheiceann tú aon-rún aice a dhul ar dhodaighil, ceangail scóthach a driobaill dá h-ioscaid, agus feicfidh tú féin air go bhfuighidh tú bainne uaithe mar sin. Sin é a ghníos muid féin léithe ach ní bhfuair muid anró ar bith uaithe le fada
Níor eirigh liom ach barr a bhróige 'san leath-deireadh, ach ar an gcolpa nó ar an ioscaid a bhí sé ag iarraidh mé a bhualadh