Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Leath-deireadh
tóin, posterior (ar an duine a thugtar é go h-iondamhail).
+
Bhuail sé isteach ar an leath-deireadh de chic mé
Is maith téagarach an leath-deireadh atá aice bail ó Dhia uirre!
TUILLEADH (9) ▼
Má fhaghaimse failm ar an leath-deireadh ort, beidh scéal agad air
Níor eirigh liom ach barr a bhróige 'san leath-deireadh, ach ar an gcolpa nó ar an ioscaid a bhí sé ag iarraidh mé a bhualadh
Tharraing sé cic 'san leath-deireadh ar an ngasúr, ach sciorr a chois agus cuireadh ar shlatrachaí a dhroma ar an mbóthar é
Tá ceart aige sáimhín aireach a bheith 'san leath-deireadh air, agus a ndeárna sé de thraibhiléaracht ar an gcapall sin druimnochttha le seachtain
Scólfaidh mise an leath-deireadh agad mara mbeidh tú ar t'áirdeall fhéin
Déarfainn go bhfuil léarsachaí (léasrachaí) ar an leath-deireadh ag gasúr J. T. anocht agus an ghriosáil slaite a thug an mháthair dó. Ach níor theastuigh uaidh ach é. Tá sé ro-ámhuilleach ar fad
Is beag an dochar dhá leath-deireadh féin a bheith tuirseach in a shuidhe síos annsiúd ó mhaidin go faoithin ag scríobhadh
Diabhal a dhath faoi'n saoghal a ghníos an mhór-chuid de na cléireachaí sin, ach eirghe de na stóilíní corr-uair len a leath-deireadh a aclú. Nach bhfaca mé iad!
Cuirfidh mise tochas 'san leath-deireadh ag madadh T. Sh. má bheirim ar an tsráid seo aríst air. Rinne sé cuid is mó glafarnach ná a raibh de mhádraí eile ar an tsráid aréir

Féach freisin