Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ithir (23)

+
Ní fhágann siad caolóid ar bith san ithir. Múchann siad an talamh as éadan.
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhéadfainn caolóid ithreach a chur anois nach mbuaileann an tinneas droma sin mé. Má bhím cromtha achar an bith, ní fhéadaim mo dhroim a dhíriú chor ar bith ina dhiaidh.
 
baile
Tá an Bhealtaine ar ghort an bhaile cheana, agus gan spreab ithreach spréite fós (gan gráinne coirce nó arbhair curtha. Ithir nó loirg a tugtar ar thalamh a raibh fataí ann an bhliain roimhe sin. Is ann a cuirtear coirce nó arbhar i gcónaí i gceantrachaí nach mbíonn treabhadh ar bith. Fágtar iomrachaí nó gearrógaí na bhfataí ina seasamh thar geimhreadh, sin nó múchtar an talamh, cé is moite de chaolóidín, a cuirtear isteach ar an gclaise aríst do chur an choirce)
+
Créafóg nó ithir bhealaithe — créafóg nó ithir a bíonns sleamhain támáilte moirtiúil i ndiaidh báistí, nó bíonn cineálacha ithreach ann a bhíos amhlaidh d'uireasa mórán báistí chor ar bith
TUILLEADH (3) ▼
Tá an ithir róbhealaithe inniu le dhul ina héadan théis na báistí.
Ní bheifeá ach de do mheath fhéin a dhul ag spré ithreach inniu: tá sí róbhealaithe rómhoirtiúil de bharr an tuile sin aréir.
Má dhéanann sé brí báistí, is fhearr dhaoibh a dhul ag cur amach fheamainne, arae ní bheidh sé in araíocht a dhul ag spré ithreach, beidh sí chomh bealaithe sin.
 
breá
Is breá an scéal atá aige! Ar shíl sé go spréifeadh muid an ithir gan síol ar bith a chur inti?
+
bruach
Níor leag sé aon bhruach go raibh sé ag cur an choirce agus bhí a shliocht air, bhí an ithir ar fad ina carcaireachaí righne.
TUILLEADH (2) ▼
'Sé an chaoi ar chuir sé an coirce inniu, é a spré amach as na hiomrachaí agus gan bruach ar bith a leagan. Dheamhan a fhios agam nárb é an cás céanna dhó é agus an bhail a bhí ar an talamh ithreach (loirg) aige
Nuair a leagann siad sin na bruachannaí, leagann siad an iomaire as éadan: ní fhágann siad caolóid ar bith ina ndiaidh. Is fusa an ithir a spré mar sin, más fíor dóibh fhéin.
 
Bheinn ar bhfeighil mo ghnaithí anois dhá mbeadh na cupla boirdín ithreach atá sa ngarraí sin thiar spréite agam.
 
Tá an ithir sin ina léasáin — talamh ithreach scáineann sé agus gealaíonn sé tar éis tuairt bháistí go minic: déarfaí an leagan seo ansin
 
fód
Dheamhan oinniún a thiocfadh aníos choíchin thríd an bhfód boird sa talamh craicinn sin. Baol orthu! Faigh bráid dheas eicínt in do chuid ithreach agus cuir ann iad
 
daba
Tá an ithir thuas ar fad ina dhabaí de bharr na báistí
 
"Bean a chas le Mícheál Mhac Suibhne agus páiste suirí aici. Thosaigh Mícheál ag magadh fúithi: Mícheál: Cá bhfuair tú an páiste? Ise: Fuair mé ar sop é. Bhí an ithir agam féin, agus fuair mé an síol in aisce. Mícheál: Cé dhár díobh é? Ise: De chlann Donnchadha é idir bhonn agus uachtar. Mícheál: Cé dhár díobh na deiriúchaí? Ise: Dhá mbeifeá ann aimsir an lasctha, bheadh a fhios agat sin. Mícheál: Cáide uainn Margadh Bhaile an Dubhghaill (/dūl′/)? Ise: Má chuireann tú do theanga in mo thóin, beidh do shrón ar an margadh. (Scaoil sé cnaipe). Mícheál: Tóg é sin uaim. Ise: Níor tógadh aon lao ó aon bhó ariamh go líodh sí é. Ligh an chéad uair é. 'Óra a dheaide,' adeir an mac (.i. mac Mhichil), 'nach géar í gan gob'" (Giota faoi bhean ar chuir Mícheál Mhac Suibhne caidéis uirthi. Tá an iomad leagan air seo ar fud na Gaillimhe, ach tá siad uileag gáirsiúil. Tá mé dhá thabhairt anseo mar tá samhail mhaith ann agus magadh focail faoin ngréasaíocht deiriúchaí, lascadh)
 
do- 2
Tá an ithir dospréite théis na báistí
 
Cén áit a bhfaightheá síol. As an síobhaisín coirce sin atá dreoite as éadan. B'fhearr dhuit an ithir a fhágáil ina cónaí ná a dhul dhá chur ann
 
déan 1
Tá an ithir ag déanamh smúdair uileag
+
dóigh 1
Níl aon áit sa gceathrú is fhearr dóigh coirce ná an ithir sin thíos agatsa. Nach bhfeiceann tú go bhfuil sí ina púir uileag, tá sí chomh séasúrach sin. Cuir coirce mór inti sin i mbliana, agus mise i mbannaí go mbeidh an toradh chéatach agat air
TUILLEADH (1) ▼
Is dona an dóigh a dhul ag spré ithreach ar an mbáistigh seo. Coirce ar bith a chuirfear leithide an lae inniu, is coirce gan cur é. Tá an ithir ina leic
 
An bhfeiceann tú garraí Dh. Fh. sin thuas agamsa. Sin ithir dhúrabháin: ithir dheas bhog agus í leasaithe go maith. Créafóg dhubh í. Ní dúrabhán é garraí Dh. Fh. s'agaibhse: cloch bheag é. Tá sé doleasaithe thar mo gharraísa. Tá agus an-doleasaithe, agus níl an tabhairt ann ar aon chor
 
téigh
Rachaidh an coirce síl sin stróic mhaith ar a bhfuil d'ithir againn i mbliana. Dhá bhféadthá buta eile a fháil in áit eicínt, bheadh riar do cháis agat