Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ithir (23)

+
Ní fhágann siad caolóid a' bith 'san ithir. Múchann siad a' talamh as éadan.
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhéadfainn caolóid ithreach a chur anois, nach mbuaileann an tinneas droma sin mé. Má bhím cromta achar a' bith, ní fhéadaim mo dhruim a dhíriú chor a' bith 'na dhiaidh.
 
baile
Tá'n Bhealtaine ar ghort a' bhaile cheana, a's gan spreab ithreach spréidhthe fós. (gan gráinne coirce nó arbhair curtha. Ithir nó luirg a tugtar ar thalamh a raibh fataí ann an bhliadhain roimhe sin. Is ann a cuirtear coirce nó arbhar i gcomhnuidhe i gceanntarachaí nach mbíonn treabhadh a' bith. Fágtar iomrachaí nó gearrógaí na bhfataí in a seasamh thar geimhreadh, sin nó múchtar an talamh, cé's moite de chaolóidín, a cuirtear isteach ar a' gclaise aríst [do] chur an choirce).
+
Créafóg nó ithir bhealthuighthe: creafóg nó ithir a bío(nn)s sleamhain, támáilte moirteamhail in diaidh báistighe, nó bíonn cinéalacha ithreach ann, a bhíos amhla d'uireasbha mórán báistighe chor a' bith.
TUILLEADH (3) ▼
Tá'n ithir ro-bhealthuighthe indiu le dhul in a h-éadan th'éis na báistighe.
Ní bheitheá ach de do mheath fhéin a dhul a' spréidheadh ithreach indiu: tá sí ro-bhealthuighthe, ro-mhoirteamhail de bharr an tuile sin aréir.
Má dhéanann sé brigh báistighe, is fhearr dhaoib, a dhul a' cur amach fheamuinne arae ní bheidh sé in araidheacht a dhul a' spréidheadh ithreach, beidh sí chomh bealthuighthe sin.
 
breá
Is breagh an scéal atá aige! Ar shíl sé, go spréidhfeadh muid an ithir gan síol a' bith a chuir innte?
+
bruach
Níor leag sé aon-bhruach, go raibh sé a' cuir a' choirce, a's bhí 'shliocht air, bhí an ithir ar fad in a carcaireachaí roighne.
TUILLEADH (2) ▼
'Sé'n chaoi ar chuir sé an coirce indiu, é 'spréidheadh amach as na h-iomruchaí a's gan bruach a' bith a' leagan. Dheamhan fhios agham narb é an cás céadna dhó é, a's an bhail a bhí ar an talamh ithreach (luirg) aige.
Nuair a leagann siad sin na bruachannaí leagann siad an iomaire as éadan: ní fhágann siad caolóid a' bith 'na ndiaidh. Is fusa an ithir a spréidheadh mar sin, má's fíor dóib fhéin.
 
Bheinn ar bheidhil mo ghnaithí anois, dhá mbeadh na cupla boirdín ithreach atá sa ngarruidhe sin thiar spréidhte agam.
 
Tá'n ithir sin in a léasáin = talamh ithr[each] sgáinneann sé agus gealuigheann sé tar éis tuairt bháistighe go minic: déarfaidhe an leag[an] seo annsin.
 
fód
Dheamhan oinniún a thiocfadh aníos choichín thríd an bhfód boird san talamh craicinn sin. Baol orra! Fagh bráid dheas eicínt in do chuid ithreach agus cuir ann iad
 
daba
Tá an ithir thuas ar fad in a dhabaí de bharr na báistighe
 
"Bean a chas le Mícheál Mhac Suibhne agus páiste suirghe aice. Thosuigh Mícheál ag magadh fúithe: Mícheál: Cá bhfuair tú an páiste? Ise: Fuair mé ar sop é. Bhí an ithir agam féin, agus fuair mé an síol in aisce. Mícheál: Cé dhár díobh é? Ise: De chlann Donchadha é idir bhonn agus uachtar. Mícheál: Cé dhár díobh na deireadhachaí? Ise: Dhá mbeitheá ann aimsir an lasctha, bheadh a fhios agad sin. Mícheál: Cáide uainn Margadh Bhaile an Dubhghaill (/dūl′/)? Ise: Má chuireann tú do theanga in mo thóin, beidh do shrón ar an margadh. Scaoil sé cnaipe. Mícheál: Tóig é sin uaim. Ise: Níor tóigeadh aon-laogh ó aon-bhó ariamh go ligheadh sí é. Ligh an chéad uair é. 'Óra a dheaidé' adeir an mac (.i. mac Mhichil) 'nach géar í gan gob'" (Giota faoi bhean ar chuir Mícheál Mhac Suibhne caidéis uirre. Tá an iomad leagan air seo ar fud na Gaillimhe, ach tá siad uiliog gáirseamhail. Tá mé dhá thabhairt annseo mar tá samhail mhaith ann agus magadh focail faoi'n ngréasaidheacht deireadhachaí, lasca)
 
do- 2
Tá an ithir do-spréidhte th'éis na báistighe
 
Cé'n áit a bhfuightheá síol. As an síomhaisín coirce sin atá dreoighte as éadan. B'fhearr dhuit an ithir a fhágáil in a comhnaí ná a dhul dhá chur ann
 
déan 1
Tá an ithir ag déanamh smúdair uiliog
+
dóigh 1
Níl aon-áit ins an gceathramhadh is fhearr dóigh coirce ná an ithir sin thíos agad-sa. Nach bhfeiceann tú go bhfuil sí in a púir uiliog, tá sí cho séasúrach sin. Cuir coirce mór innte sin i mbliana, agus mise i mbannaí go mbeidh an toradh chéadtach agad air
TUILLEADH (1) ▼
Is dona an dóigh a dhul ag spréidheadh ithreach ar an mbáistigh seo. Coirce ar bith a chuirfear leithide an lae indiu, is coirce gan cur é. Tá an ithir in a leic
 
An bhfeiceann tú garrdha Dh. Fh. sin thuas agamsa. Sin ithir dhubhrabháin: ithir dheas bhog agus í leasuighthe go maith. Creafóg dhubh í. Ní dubhrabhán é garrdha Dh. Fh. se'agaibhse: cloch bheag é. Tá sé do-leasuighthe thar mo gharrdha-sa. Tá agus an-do-leasuighthe, agus níl an tabhairt ann ar aon-chor
 
téigh
Rachaidh an coirce síl sin stróic mhaith ar a bhfuil d'ithir againn imbliana. Dhá bhféadthá buta eile a fháil in áit eicínt, bheadh riar do cháis agad