Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Bealuigh
briathar
1.
cur gréis ar; déan oilteamhail é.
a.
+
Créafóg nó ithir bhealthuighthe: creafóg nó ithir a bío(nn)s sleamhain, támáilte moirteamhail in diaidh báistighe, nó bíonn cinéalacha ithreach ann, a bhíos amhla d'uireasbha mórán báistighe chor a' bith.
Tá'n ithir ro-bhealthuighthe indiu le dhul in a h-éadan th'éis na báistighe.
TUILLEADH (8) ▼
Ní bheitheá ach de do mheath fhéin a dhul a' spréidheadh ithreach indiu: tá sí ro-bhealthuighthe, ro-mhoirteamhail de bharr an tuile sin aréir.
Tá'n chreafóg atá sa ngarraidhe céadna chomh támáilte bealthuighthe sin, má fhaghann sí múirín báistighe a' bith, a's go sáróchadh sí thú, le dhul a' pléidh léithe.
Bíonn an chreafóg ghainimh buidhe sin an-bhealthuighthe i gcomhnuidhe.
Is mór a' t-iongnadh go bhfuil a' talamh a' cothú chomh bealthuighthe a's atá sé, a's an tiormach a bhí ann ó mhaidin!
Ní chuirfinn láighe idtalamh indiu. Is bealthuighthe liom atá an chreafóg.
Ní lá maith a' múchadh talmhana é indiu. Chaithfeadh sé gur bhealthuigh an méid sin báistighe an talamh thar cíonn. = ní lá maith a' leagan bruachannaí é, mar chaithfead sé go ndearna an méid báistighe a chaith sé an ithir (féach ithir — ní h-ionann a's "soil") moirteamhail támáilte.
Bhí an talamh luirg an-bhealthuighthe, an-do-spréidhte indiu.
Má dhéanann sé brigh báistighe, is fhearr dhaoib, a dhul a' cur amach fheamuinne arae ní bheidh sé in araidheacht a dhul a' spréidheadh ithreach, beidh sí chomh bealthuighthe sin.
+
Fód bealtuighthe = fód láibe in aice cloiche shleamhaine in abhainn, i loch, nó i gclaise sratha. Bíonn sé buidhe scaineamhach sleamhain.
Síolruigheann na bradáin ar a' bhfód bealtuighthe i línn abhann.
TUILLEADH (3) ▼
Gheobhfá a gcuid eochraigh ar an bhfód bealthuighthe sa scainimh faoi Shamhain.
Ba cheart go mbeidís a' síolrú anois ar a' bhfód bealtuighthe sin amuigh 'san áit a bhfuil an linn mharbh (bradáin)
An fód bealtuighthe sin ar fad atá igclaise an tsrotha ingarraidhe an chladaigh, agus is beag an luibhthearnach chor a' bith a fhása(nn)s air, leis a' gclaise a thachtadh.
+
bóthar bealthuighthe = bóthar a lonnuigheann draoib air, a's a bhíos sleamhain, sciorrach th'éis báistighe, fearacht bóithrí na cloiche glaise.
Is contabhairt é an bóthar sin siar anois, ag fear 'bicycle'. Tá sé chomh bealthuighthe sin ag a' mbáisti(gh) a's go sciorrfadh an bicycle fút, mara dtugtá an-aire go deo dhuit féin air.
TUILLEADH (1) ▼
Níl neart aige deor a' bith báistighe a chaitheamh, nach mbíonn an bóthar sin chomh bealthuighthe, a's nach mbíonn sé in araidheacht ag duine siubhal air, mórán leis.
+
Níl feamuinn a' bith is bealthuighthe a bhío(nn)s ná'n fheamuinn tirm ó gheobhfas sé brigh 'bith báistighe th'éis a coctha.
'Sé raibh ann conuas de'n fheamuinn bealthuighthe sin, ar locháin le íochtar. Níorbh fhiú do dhuine mórán dá saothar a chuir air fhéin.
TUILLEADH (5) ▼
Bhí cosamar beag (i.e. feamuinne) isteach, ar maidin, ach níor bhain mé léithe chor a' bith, mar sí'n fheamuinn bhealthuighthe ghiortach sin a bhí ann, a's mhearóchadh sí thú ag iarraidh í 'líonadh.
Ní féidir na fleascannaí bealthuighthe sin a líonadh i mbord chor a' bith. Cléibhín nar mhór do dhuine ina n-éadan (fleascannaí = cineál feamuinne, atá leathan tanaidhe ar dhéanamh cláir).
Barr-cuanla í, a's í chomh bealtuighthe, a's go n-imtheochad sí lobhtha as do chrúba (barr-cuanla = feamuinn barr-chladaigh, féach "barr-cuanla")
Is doiligh an conuas bealthuighthe sin a líonadh. Dhéanfadh sí mionuas idir do lámha.
Tá mo lámha uileag bealthuighthe ag an bhfeamuinn (feoil etc.) sin.
·
Cuireadh ar a bhéal a's ar fhiacla sa bportach é in áit ar sciorr sé ar a' mbruach bealthuighthe, a raibh siad a' cur aníos na móna air.
Luibh bhealthuighthe í a bhío(nn)s caithte in a cairteannaí ar a' sliabh.
b.
+
Nach bealthuighthe atá an teanga aige?; nach ar a theanga atá an bealadh = tá ruibh na cainnte air; ní thagann iabh ná forus ar a theanga ach a' ropadh léithe; tá an díle cainnte air.
Sin é an buachaill a bhfuil an teanga bealthuighthe aige ar maidin = fear poiliteachta a' cainnt le sluagh.
TUILLEADH (6) ▼
M'anam gur maith bealthuighthe atá a theanga ar maidin. Dheamhan hAiristoitil a choinneochadh a dhíol cainnte anois leis.
Chuir sé bealadh faoi'n teanga trathnóna shul dhá(r) bhog sé amach ar a chuairt.
Ní thiocfa sé gearr sa gcainnt ar chuma'r bith. Nach beathluighthe atá an teanga aige.
Is beag a' stróbh air sin, coc a choinneál leis an oiread eile. Tá'n teanga beathluighthe go maith aige sin, deirimse leat.
Nach hí an teanga atá bealuighthe leis a' gclár mín a chuir ar a' mbréig.
D'fhéadfá teanga bealuighthe a thabhairt uirre. Ní dhéanfa sí staic air, mar dhéanfad sí ar dhuine eile, nuair a bheadh rud le rádh aige.
c.
+
Tá sí buidhe bealtuighthe = tá sí an-bhuidhe (ó nádur — cuirtear an dá fhocal le na chéile, fearacht mór millteach etc).
Is diadhachta dhuit a bheith buidhe bealthuighthe mar atá tú. Níl fhios agam cé uaidh a dtug tú chor a' bith é!
TUILLEADH (6) ▼
Nach buidhe bealthuighthe an ghné chraicinn atá uirre. Tá sí chomh buidhe le Buidhe-Áille!
Ágóidín bheag bhuidhe bheathluighthe í, as a ceann-aghaidh. Tá sí ó shlacht uileag ag a cuid buidhchte.
Bhí craiceann an-gheal air sin, a's é 'na pháiste, ach ó tháinic sé suas, tá sé buidhe bealthuighthe ar fad.
Is beag a' slacht í. Tá sí chomh buidhe bealthuighthe le ní mé cé hé!
Is corr-dhuine a d'fheicfeá chomh buidhe bealtuighthe oilteamhail léithe.
Gairmeach mhór bhuidhe bheathluighthe í, a's dhá mheall de dhá cholpa uirre, nach bhfillfeadh (nach dtillfeadh) síos sa gcléibhín sin amuigh.
+
Ní bealthuighthe ag a' ngréin atá sí chor a' bith, ach bhí sí mar sin, ó rugadh í.
Sin sórt gréis eicínt a chuirea(nn)s sí uirre fhéin, a's ní bheadh fhios aghad, nach bealthuighthe ó'n ngréin a bheadh sí, mara mbreathn(uig)theá an-ghrínn de'n tsaoghal uirre.
TUILLEADH (1) ▼
Tá na 'niggers' a d'fheicfeá in Ameriocá an-bhealthuighthe, as a gceann-aghaidh, a's an-bhrocach le dhul 'na n-aice.
2.
cuir annlan in a aice.
a.
+
Dhá mbeadh ruainnín a' bith feola aghainn leis a' ngabáiste a bhealughadh, d'íosfadh muid greallach bhreagh dhi (i.e de'n ghabáiste).
Má bealthuigheadh nó má bruitheadh an ghabáiste sin i bhfeoil, níl aon-chead ithte uirre indiu (Dia h-Aoine).
TUILLEADH (4) ▼
Tá sé chomh dona an gabáiste sin a ithe, leis a' bhfeoil fhéin, má bealthuigheadh le feoil í.
Féadfa tú an ghabaiste sin a ithe; tá sí bealuighthe go breagh le feoil.
Is maith leis a chuid aráin a bheith bealthuighthe i gcomhnuidhe = im a bheith air.
Mara bhfagha sé sin arán bealthuighthe, ní thiubharfa sé bolg do arán tur.
b.
+
Má tá sé 'cínnt ortsa do chuid aráin a bhealthú, go bhféacha an t-Athair Síorruidhe orainne! = má tá sé 'cinnt ort thú fhéin a bheathú go maith, cé'n ghoir atá againne é 'dhéanamh.
Cé'n chaoi bhféadfa créatúr bocht gan slighe ná faghaltas a chuid aráin a bhealthú?
TUILLEADH (2) ▼
Taoiseach láidir é sin, a's is furasta dhó 'chuid aráin a bhealthú go maith = feilméar láidir, nó fear airgid é, a's is beag a aireochas sé é 'fhéin a bheathú thar cionn.
Is dhó is fusa a chuid aráin a bhealthú: 'sé is mó atá 'saothrú.
+
Ní bhealthócha sin do chuid aráin duit = ní bhainfe tú beatha as an obair sin.
Ní bhealthócha an bhóithreoireacht do chuid aráin duit.
TUILLEADH (5) ▼
Má bhealthuigheann a' cheird sin do chuid aráin duit, tuige nach gcaithfeá léithe = má bhaineann tú slighe-bheatha aisti, tuige nach gcuirfeá isteach do chuid ama léithe.
Déanfa mé obair a' bith a bhealthóchas mo chuid aráin dom.
'Siad an dream a bhealthuigh mo chuid aráin domsa, an dream a dtiubhra mé mo bhóta dóib.
Gheobha an fear is fearr a bhealthóchas mo chuid aráin an bhóta atá aghamsa.
'S ar an bhfear a bhealthuigh mo chuid aráin dom, is fhearr an aghaidh mo bhóta.
+
Bealthuigh do chuid aráin le allus do mhailghí fhéin = saothruigh do bheatha fhéin; déan do chuid oibre fhéin; ná bí 'teacht suas ar aon-duine eile.
Bealthuigheadh 'chuile dhuine a chuid aráin in allus a mhailghí féin.
TUILLEADH (3) ▼
Ó rinne Ádhamh a's Éabh peacadh an ubhaill, tá ar chuile dhuine a chuid aráin a bhealthú, in allus a mhailghí fhéin.
Bheadh sé glisteanach (dlisteanach) go leor ag chuile dhuine a chuid aráin a bhealthú in allus a mhailghí fhéin, ach tá cuid mhaith daoine a's ní chuireann siad allus a' bith. Is fhearr leo a gcuid aráin a bhealthú in allus daoine eile.
Fágadh de bheith ar an gcine daoine go gcaithfidís a gcuid aráin a bhealthú in allus a mailghí, ingeall gur ith Ádhamh a's Éabha ubhall na h-aithne i bPárrthas.
c.
·
Tá biadh bealthuighthe aige sin = tá éadáil a's airgead aige.
Sin é an buachaillín a bhfuil an biadh bog, bealthuighthe aige.
3.
+
Tá'n Béarla bealthuighthe isteach go maith i Muinntir na h-Éireann, agus is doiligh leo(b) scaradh leis = tá sé ionnta(b) go smior a's go smúsach.
Tá sé fánach agad a bheith a' trácht ar Ghaedhilge le muinntir na h-áite seo: a dhearbhráthair mo chroidhe thú, tá'n Béarla chomh bealthuighthe isteach ionnta(b) anois, a's nach bhfuil indán dóib scaradh leis, go mbaintear na teangachaí amach asta(b).
TUILLEADH (3) ▼
Tá béasaí a's bealaighe Sheáin Bhuidhe chomh bealthuighthe isteach i muinntir Chúige Uladh sin, a's nach dtiubhradh an saoghal Ádhaimhe ar slighe na Críostuidheachta iad.
Is beag an toradh a thiubhraidís sin ar a' bPápa fhéin, a's tagadh sé a' cainnt leo, arae tá'n bhradghail a's an leiciméaracht chomh bealtuighthe isteach ionnta(b) anois, a's nach scarfa sí leo(b) go n-imthighe an ball dubh de'n fheadóig.
'Ní féidir duine a's a cháilidheacht a scaradh ó chéile' adeir siad. Sin é 'fhearacht aige sin é. Tá'n bréagadóireacht chomh bealthuighthe isteach ann anois, a's go síleann sé fhéin gurb í an fhírinne í.

Féach freisin