Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

bealach (100+)

+
abair
Ní abróinn nach é J. Mór atá as an mbealach freisin, ach d'imigh an diabhal ar an gceann eile féin
TUILLEADH (1) ▼
Deirimse gurb é a bhí as bealach
+
Tá an dá bhealach ann: an Daingean agus an Ceann — d'fhéadfadh bádóirí a dhul go Ros Muc timpeall Cheann Gólaim, nó suas an Daingean; tá dhá chaoi le rud a dhéanamh srl.
TUILLEADH (1) ▼
Tá an dá bhealach leis sin — tá sé cneasta agus cam; tá sé le dhá dhream polaitíochta san am céanna; nó a leithide ba leat uileag é, ach bheadh sé amhlaidh le do dheargnamhaid freisin
+
Siúd í a raibh an daidhce uirthi. Dheamhan corraí dhá cois a dhéanfadh sí, théis gur iarr an mháthair uirthi a dhul amach agus na beithígh a bhleán. Agus chuala mé gurb éard a chuir uirthi é an áit nach ligfidís ag céilí i nD. Ch. í an oíche roimhe sin. Í a ligean chuig céilí go D. Ch. deich míle bealaigh, má tá sé taobh leis
TUILLEADH (1) ▼
Má théann tú di ar an mbealach sin ní chuirfidh tú uirthi ach daidhce, agus beidh muid gan Murchadh gan Mánas ansin. Abair mar seo léithe gur tháinig muid fiche míle bealaigh chuig sochraide agus go bhfuil fiche míle eile le dhul ar ais againn agus go bhfuil bicycle briste orainn. Tosaigh ag dilleoireacht. Maistín maith í. Tá na seacht n-aithne agamsa uirthi, agus sin é an fáth go mb'fhearr dhuitse a dhul chun cainte léithe. Ní móide go n-eiteodh sí thusa faoi dheoch, ach má chaitheann sí ina ceann é, ní thabharfadh sí deoir do Dhia shúlach
 
dairt
Bhí sé thíos anseo thíos oíche aonaigh agus braon maith sa gcoirice aige. Má bhí féin bhealaigh sé an teanga aige. Bhí ruibh na cainte ceart air. D'ionsaigh sé an fear thíos faoi nach raibh sé ag pósadh. 'Tá gabháltas maith go leor agat,' adeir sé, 'ach is gearr go mbí sé ina stopóig ort cheal a shaothraithe. Breá nach bpósann tú agus gan a bheith in do phlíoma ansin, isteach is amach ag cothú an dá splainc sin. Gheofá bean dhá mbeadh sé de ghus ionat fhéin í a iarraidh.' Níor labhair sé ar a inín féin, ach is ag baint dairteachaí aige sin a bhí sé. Bheadh sí le fáil ag an bhfear thíos ach a hiarraidh. Is beag nár thiomain sé air í. Ach ar ndóigh mo léan ní chorródh canta gelignite an fear thíos as an gcúinne
 
Bheadh sé flaithiúil faoin bhfuisce ansin, ach nuair a bhí bainis aige féin is beag a fuair aon bhrabach air. Tháinig siad abhaile as ag an haon déag san oíche, agus gan siúl an bhealaigh iontu le ocras agus tart. Ar chuala tú ariamh é: "Is cóir é Dáithí tigh Fhéilim agus gan maith ar bith ina theach féin leis"
 
dalba
Nach dalba an bealach atá leis: ag imeacht mar sin ag béadán agus ag coiriúint ar a chomharsa, agus i gcónaí ag ullmhúchan achrainn. Dheamhan sástaíocht aige ann mura bhfeice sé daoine i mbroinnleachaí a chéile, agus ag troid agus ag achrann. Sin é a bhuac
 
Tá sí ag cur dallach dubh ceart air. Teagann seisean sé mhíle bealaigh "ag comhrá" léithe gacha le oíche agus fear eile in éindí léithe chuile oíche eile den tseachtain. Ní cheal muise nár hinsíodh dó sách minic cén aisiléireacht atá uirthi …
 
Tá na dalláin ag cur amach ar na crainnte. Más í an t-áibhirseoir de dhris féin í, tá sí ag beochan suas. An bhfeiceann tú ansin í, ag caithriú amach i lár an bhealaigh orm
 
Dhá dtugtá saibhreas Sheoirse dhom, ní dhéanfainn mo bhealach anois ón mbóthar go dtí an teach, mura mbeinn ag sméarthacht le claí. Níl cailleadh ar bith sa ló orm, ach is dallarán mé de shiúl oíche
 
Siar leat a chodladh as an mbealach agus ná bím ag breathnú ansin ort in do dhall dúda le codladh
 
Ní fiú puintín bioráin an méid sin a dhéanamh as bealach, a dhuine chroí. Ar ndóigh más peaca é bheith buí, nach bhfuil na mílte damanta mar adeir an ceann eile
 
Tá mé damnaithe ag bróga cúnga atá do mo thógáil. Tá léas tógtha acu ar chaon laidhricín liom, agus ní mó ná go bhfuil siúl an bhealaigh ionam acu. Ach is ceart do na daoine a bheith buíoch agus a bhfáil mar sin féin agus chomh gann agus atá siad ar ala na huaire
+
danra
Ní raibh aon mhaith leis. Chaithfeadh sé a bhealach féin a bheith aige. A chomhairle fhéin do mhac dhanra agus ní bhfuair sé ariamh níos measa. Tá sé ráite ariamh
TUILLEADH (2) ▼
Is dona na gnaithí a bhí ort a dul ag margáil le P. Ph. Nach bhfuil a fhios agat cén bealach atá leis sin. Mura bhfuil, tá fhios agamsa. Is minic a chuir mise margadh go bun an amhgair leis sin, ach mar sin féin, ní fhéadfainn ceannacht uaidh agus chomh danra agus a bhíodh sé — deacair margadh a chur i gcrích leis. Chaithfeadh sé ag stangaireacht leat go n-imeofá mearaithe uaidh faoi dheireadh
Tá an fheamainn dubh atá againne in áit chomh danra agus a chonaic tú ariamh: thíos ar chúla an charracáin. Bealach chomh haistreánach é agus atá sa gcladach, ach níor chás dúinn é murach chomh hachrannach agus atá an roinn féin: clochair agus clocha gránna ar fad í. Dhá mbeadh crann ní ba mheasa ann, is againn a thitfeadh sé, ach beidh athroinnt ar an gcladach an bhliain seo chugainn le cúnamh Dé
+
daol
Bhuel teagann daol oilc air scaití agus bíonn sé chomh corraithe sin agus go (gur) beag nach mbaineann sé lao as chuile bhó ar an mbaile. Sin é a bhealach. Ar an dá luath is a dtéann sé chun míneadais aríst, dheamhan duine go hiomaí is fheiliúnaí ná é. Bhainfeadh naíonán ceart dó. Dheamhan neart aige air. Sin é an chaoi a bhfuil sé. An té atá saor arsa tusa, caitheadh sé cloch
TUILLEADH (1) ▼
Chomh uain is a bhaineas an daol sin as — daol oilc — dheamhan gair ag aon duine a thaobhachtáil. Má thaobhaíonn, tá sé sáite, nó caite, nó arm ar bith is túisce aige. Dar fia tá! Mharódh sé é féin an nóiméad ina dhiaidh le náire, ach cén mhaith sin, ós é a bhealach é
 
daor 3
Chuir mise ceangal na naoi ndaora ceart uirthi inniu. Ní bhfuair mé aon tiaráil ariamh ach í a sháinniú. Murach putachín beag le M. a casadh an bealach, bheinn in mo bhambairne. Ach mise i mbannaí dhuit nach mbrisfidh sí an chromnasc atá anois uirthi. Ní bhrisfeadh ná Goll Mac Móirne
+
Pé ar bith cén bealach atá leis, ní hé an dea-bhealach é ar chaoi ar bith
TUILLEADH (4) ▼
Tá chuile bhealach leis an gceann céanna ach an dea-bhealach
Níl dea-bhealach ar bith leis an scabhaitéara sin. Mar sin, fan uaidh
D'fheicfeá dea-bhealach eicínt le chuile dhuine, ach leis féin. Níl a leithide ag siúl leis. Diabhal corónta é!
An té a bhfuil an dea-bhealach leis, is furasta a aithinte é. Ní chuirfidh sé aon chaidéis ort
 
deacair 1
Cuirim léan agus deacair air. 'Sé a tharraing mo Sheán Bán i mbealach a bhasctha an chéad lá ariamh
 
Maidir le na murlacha sin atá thíos ansin aige, ní bhuachfaidh sé aon phínn go brách orthu. Dheamhan pínn muis. Nach mór den leibideacht atá air a bheith dhá gcoinneáil fálaithe. Cén bhrí ach bíonn claíochaí chomh hard aige orthu le balla an phríosúin: ag iarraidh daoine a bhascadh, agus treampán a chur orthu, deile. Dhéanfadh an draíodóirín siúd lena chuid aisiléireachta é. An bhfuil a fhios agat céard adúirt sé liom an lá cheana: go raibh sé ag brath ar an gcurach thoir acu a leasú i mbliana. 'Go gcuire Dia an t-ádh ort,' adeirimse. 'Tabhair don deachma iad agus ná bídís ansin in do bhealach féin, agus i mbealach an bhaile, scáth an tairbhe atá orthu'
+
Ní ar dhea-design ar bith a casadh an cloigneachán sin an bealach seo — ní dea-rún ná dea-mheanmna a thug an bealach é. Rún mísce is fáth lena thuras
TUILLEADH (1) ▼
Ní ar dhea-design ar bith adúirt sé é sin leat. Ag iarraidh thú a chur i mbealach do bhasctha atá sé. Diabhal ceo eile
 
Nach beag an lua agat an dea-fhocal a bheith agat. Ach ba deacair dhuit agus an dream atá tú a thaithiú. Cuirfidh siad sin i mbealach do bhasctha tú feicfidh tú fhéin air. Ach bíodh agat. Beatha do dhuine a thoil adeir siad
 
Dá mba mise thú, dhíolfainn an bhó sin as an mbealach. Níl aon dea-ghealladh fúithi chor ar bith. D'aithneoinnse údar maith
 
B'fhéidir dá ndealaíodh an méid sin oilc leis, go suaimhneodh agus go dtiocfadh sé chun sástacht aríst. Ach chomh uain is a bheas an daol sin ag spochadh leis, níl aon cheart le baint de. Sin é a bhealach: taghdannaí mar sin; ach chomh luath agus a ligeas sé faoi aríst, níl aon duine faoin domhan is síodúla a bhíos ná é
 
dealbh 1
Chuile bhall agam ach a dhealbh sin i mbóthar ná i mbealach. Tá sé ag imeacht ag súmaireacht i chuile áit agus ag iarraidh fios gnaithe chuile dhuine, ach do dhúshlán a ghnaithe féin a fháil amach. Dheamhan é muis
 
dealg
Bhí an cineál sin ar fad ar an gcaoi sin. Bhainfeá fuil as chuile dhuine go tóin acu le dealg spíonáin. Ach ina dhiaidh sin agus uileag, ní raibh aon tsláinte den rath acu. Séidte a bhí siad. Breathnaigh ar an gceann seo thíos. Ní bhíonn siúl an bhealaigh inti amantaí
 
Cén mhaith dhuit a bheith do do dheallrú féin ansin. Diabhal cos an lorry sin a thiocfas go maidin. Fanacht faoi bhealach ag ól a rinne sé sin
+
déan 1
Thug sí rud le déanamh dom a tabhairt anoir chor ar bith. Ar an dá luath is a bhfaca sí (capall) an chéad mhótar, d'ionsaigh uirthi ag broimseálacht agus ag dul i ndiaidh a cúil, agus ba mhaith an dícheall dom a ceansú chor ar bith. Agus bhí sí ar an gceird sin anoir ar feadh an bhealaigh
TUILLEADH (5) ▼
Fan as a bhealach siúd má bhíonn ól déanta aige. Is olc an peata é
Meas tú an bhfuil tú in ann do bhealach a dhéanamh ann
Is deacair bealach a dhéanamh thrí na driseachaí siúd
Déanann na capaill uileag seadáin an bealach sin.
Siúd é a dhéanfas muide: imeacht le déanamh an lae. Tá an bealach an-aistreánach. Ní bheadh muid in ann é a bharraíocht de shiúl oíche
 
Chonaic mé fear ag déanamh orm idir mé agus léas. Shíl mé i dtosach gur duine de mhuintir na dTamhnachaí a bhí ann. Nuair a bhí sé tuairim is leath bealaigh go dtí mé, d'iontaigh sé soir aduaidh. 'Dar príosta,' arsa mise, 'is gearr go mbeidh a fhios agam cé atá ann … '
 
Scaoil bealach leis agus ná bím ag breathnú ansin air, nó má bhuaileann taghd eile mé, déanfaidh mé deannach muilinn dó. Ní choinneodh arm uaidh mé — ní choinneodh sin
+
Sin é an chaoi a mbeadh sé sin ag ithe agus ag gearradh ar chuile dhuine dhá mbeadh déanta lena bhás. Ní fhaca mé a chuid seamsánacht ag aon duine i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Ach níl aird ar bith le tabhairt air. Sin é a bhealach. Dheamhan peaca air
TUILLEADH (2) ▼
'Sé P. Ó. N. déanta é. 'Siad an dhá chopóig chluas atá air ar chaoi ar bith. Shílfeá go mbeidís siúd sa mbealach air
Deile céard í ach bean Achréidh déanta. Óna máthair a thug sí na bealaí sin. As an Achréidh muintir na máthar fréna chéile. Ach shílfeá go bhfuil siad chomh fada san áit seo anois agus go mbeidís taithithe ann
 
Dhá mbeadh déanta maitheasa ann, ní ag imeacht ina liúiste (leoiste) ar chnocáin a bheadh sé agus a athair bocht agus gan siúl an bhealaigh ann le neart sclábhaíochta
 
dearc
Is tollta an dearcadh atá aige. Ach más ea fhéin, níl sé meabhrach chor ar bith. Sílim nach bhfuil ann ach bealach atá leis
 
dearg 1
Má bheirimse i mbealach ná i ndearmad ar an mbastard dearg sin, bainfidh mé an t-anam as. Ní bheidh sé tada níos lú aige
 
deas 1
Is deas an bealach atá lena leithide de chailín óg, dá mbeadh a fhios aici é! An chaile bhradach, ós ise í
 
Má chastar aon duine deaslámhach an bealach, caithfidh mé an watch seo a 'speáint dó. Rinne sí glugar anseo i mbliana agus chinn sé orm í a chur ag imeacht ó shin
 
Ní raibh sé inrásta acu an bealach a rith meireach an deibhil a tháinig. B'fhada a chaith siad ag maraíocht anonn is anall i mbéal na trá sul má d'fhéad siad a n-aghaidh a thabhairt isteach. Má bhíonn lonnadh ar bith le tír, is olc an bealach í an chuisle sin aníos. Chuaigh sé fhoisceacht mbeannaí Dia dhúinn muid a chur soir ar an bhfearsaid, agus dhá gcuirtí, bhí ar gcuid bádóireacht ar iarraidh
 
Céard a chas an deidearún mór sin an bealach? Isteach againne a ghabhfas sé sin agus caithfidh sé an lá ag codaíocht againn mura bhféada muid siliúr a chur ann
 
deifir
Níl aon deifir leis. Féadfaidh tú a thabhairt aniar uair ar bith a gcasfar an bealach thú
 
déin
B'fhearr dhuit a dhul siar faoina déint. Casfaidh sí leat faoi bhealach
+
Ní raibh aon bhacach ná aon cheannaí ná aon fhear bocht ná aon fhear déirce ag dul an bealach ariamh nach ann a tharraingíodh. Is ann a bhí an leaba dhearg i gcónaí ag lucht bóthair agus bealaigh
TUILLEADH (1) ▼
'Sé atá ag dul i ndiaidh a mhullaigh i mbealach a bhasctha ceart má phósann sé an sladaí sin. Chuirfeadh sí sin mála na déirce ar an sean-Iarla a bhí anseo, agus ba mhaith saibhir an fear é
+
Foighid ort go mbeidh muid ag deireadh na scríbe. Ansin tig linn a (ár) rogha rud a dhéanamh. Maidir lena dhul ag déanamh moille faoi bhealach!
TUILLEADH (1) ▼
Is cur chun deiridh ar na daoine anseo nach bhfuil bealach portaigh acu díreach suas ón mbaile, agus gan dhá mhíle timpill a bheith orthu, mar atá
 
Sin é an bealach deiridh le dhul ann muis — is drochbhealach é má bhí bealaí eile ag dul ann
 
Tá sé ag goid an bhealaigh leis. Sin é an méid. Tá sé deireanach. D'aithneodh dall gan súil é
 
Tá bealach fada roimhe. Tiocfaidh sé chun deireanadais air ar an mbóthar — béarfaidh an deireanadas air ar an mbóthar
+
deis
Níl duine ar an bhfeadhain acu nach bhfuil an bealach céanna leis: ardnós agus onóir. Chuala mise ariamh é: putóig gan geir nó onóir gan deis. Sin é a fhearacht acu sin anois é. Is iomaí cor sa saol ón am a bhféadfaidís sin cis ar easair a dhéanamh den tír. Ní dhéanfaidh siad níos mó é, dar mo choinsias
TUILLEADH (1) ▼
Sílim leis an deis atá ar an mbealach théis na báistí, nach bhfuil sé inrásta ag asal ar bith ualach móna a thabhairt ann. Ní shiúlfadh an fia na cíocraí bradacha sin scaití
+
Tabhair deoladh beag le n-ithe don ghasúr sin agus scaoil ina bhealach é. Cén mhaith a bheith ag coinneáil moille air má tá siad ag súil leis sa mbaile
TUILLEADH (1) ▼
Má ardaíonn geoladh beag ar bith caithfidh mé an gráinnín coirce. Níl gnaithe ar bith aige ansin níos faide sa mbealach ar na daoine. Go deimhin ní fiú an tairbhe an trioblóid. Níl ann ach síobhaisín beag
 
Cuir an deolcachán sin a chodladh as an mbealach, agus ná bíodh muid ag éisteacht lena chuid píobaireachta níos faide. Tá sé as compás ar fad
 
Níor tháinig aon bhiseach ariamh air, ach ina dheoraí dhona mar sin. Cén bhrí ach dá mbeadh aon dreach air. Ach mo léan níl, ach ina bhás ar sliobarna mar a fheiceas tú. Dheamhan bás a gheobhadh sé ina dhiaidh sin, ach ag imeacht thart ag déanamh bioráin agus sa mbealach ar chuile dhuine
+
dia 1
Dia linn agus Muire! Breá nach mbreathnaíonn tú romhat! Ach ní thú is measa ach an dream a d'fhága an stól i lár an bhealaigh
TUILLEADH (1) ▼
Dia linn agus Muire! Tá an bealach sin an-achrannach
 
diabhal 2
An diabhal mór féin ní dhéanfadh a bhealach ann
 
Ní léir dhom go bhfuil maith ar bith a dhul ag cur chomhairle aríst air. Nach bhfuil an teanga caite ag na daoine ag cur chomhairle. Is diachta ghéar nár thug tú cead dó lascadh leis go Sasana nuair a bhí sé ag éileamh a dhul ann, thar is é a bheith ag tarraingt droch-chlú air féin agus ar chuile dhuine a bhaineas leis. Dá mba ag tobar dheireadh an domhain a bheadh sé ag dul, ní bhacfainnse é, ach moladh leis go n-imíodh sé as an mbealach
+
diaidh
Ní fhaca aon duine í i mbóthar ná i mbealach le cúig nó sé de bhlianta nach bhfeicfí eisean agus cois ina diaidh aige
TUILLEADH (4) ▼
An ag imeacht i ndiaidh do chinn romhat atá tú, nó céard a thug an bealach seo thú
I ndiaidh damhsaí a thug sé sin an tabhairt sin air féin anois. Nach é an t-amadáinín é a theacht dhá mhíle dhéag bealaigh ar an gcuntar sin
Is fada mé i ndiaidh buille a fháil ar an gcarrachán sin, ach níor casadh in mo bhealach ceart é ina dhiaidh sin
Ní bheinn i ndiaidh a raibh istigh is amuigh agam a thabhairt di, ná ní mhaífinn uirthi go brách é, murach an bealach gránna atá léithe féin. Dhá dtugtá an saol mór di, bheadh sí ag banrán ina dhiaidh sin nach raibh a díol aici
 
Cuirfidh sé seo soir anois pórtar ar an smaois ag Jóín ó chuaigh sé ar chomaoin a chaitheamh chor ar bith leis … Go bhfóire Dia ar do cheann a mhic ó. Deirimse comaoin leat. Tá tusa ag ceapadh go bhfuil sé ag tabhairt Jóín soir go dtí teach an ósta. Tá muis. Soir leat anois ag an tsáil acu go bhfeice tú an dtabharfaidh, agus cuirfidh mé mo rogha geall leat go siúlfaidh sé féin isteach i dteach an ósta agus go dtabharfaidh sé cead an bhealaigh do Jóín, mura dté sé isteach agus a chuid féin a sheasamh. Bíodh a fhios agat anois go seasfadh sé istigh ar an dradaireacht sin leis in aghaidh an chuntair, gan fiafraí dó (de) an raibh béal air. Sin é an cineál tútacháin é féin. Ní bhfaigheadh Dia shúlach an deoir uaidh
 
Is dona na gnaithe a bheadh ort a dhul do do chailleadh féin suas an bealach díbeartha sin leithide an lae inniu. Dhá mbeadh an bóthar faoi do chois, níor chás duit é, ach ag coraíocht le réchosáin nach siúlfadh na gabhair. Ní leithne an t-aer ná an timpiste a mhic ó. Is fánach an chaoi a mbainfí leagan asat, agus thú a chur go dtí do dhá shúil i gcaochpholl. Tá do dhóthain breithe agat a dhul ansin. Is iomaí lá breá a thiocfas as seo go dtí Lá Bealtaine seo chugainn
 
díbir
Rinne sé díbirt aríst inniu ar lucht na himeartha. Dheamhan blas den cheart nach bhfuil aige leo. Níl áit ar bith dhá sásamh ach i lár an bhealaigh
 
dílis
Go gcuire Dia dílis ar bhealach mo leasa mé anois!
 
Cár fhága tú an dínáire? Dar fia, d'iarrfadh sí siúd airgead ar an bPápa dhá gcastaí ina bealach é
 
Ba mhór an chontúirt é. Ó d'éirigh an braon sa gcoirricín chor ar bith aige, bhí díocas air go sádh sé duine eicínt. Bhí mé féin ag iarraidh chuile dhrocharm dá bhfaca mé — sceana agus pící — a chrapadh as a bhealach, ach ar ndóigh ba ghearr air siúd arm a fháil dá mbaintí amach ceart é
 
Ní bréag Doll a thabhairt air agus chomh giogáilte agus a bhíos sé i gcónaí. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo den lá ar bhaist M. i dtosach air é thiar ar bhóithrín an T. Spréach sé. B'éigean do M. imeacht as an mbealach nó speirfeadh sé é — speirfeadh a mh'anam. 'Sé an boss a fuair an spóirt air nuair a chuala sé é
 
Bhí sé thoir romhainn ag an D. Mh. Choinnigh sé ina (ár) seasamh muid. 'Cá'il do sholas,' adeir sé liomsa. 'Cén solas,' adeirimse. 'Nach bhfeiceann tú an lá ann.' Agus bhí díogarnach lae ann freisin, arae bhí sé ina lá gheal againn ag S. na bhF. 'Níl aon mhaith in do dhíogarnach lae dhomsa,' adeir sé. ''Sé an dlí é go gcaithfidh soilse a bheith ag daoine óna leithéid seo de chlog go dtí n-a leithéid seo de chlog.' Dheamhan a fhios agamsa cén t-am adúirt sé. Dá mbeadh ceachtar den dream eile ann, ligfidís bealach linn, ach thógfadh seisean an mháthair a d'oil é, tá sé chomh doghrainneach sin. Is beag a bheas dhá bharr sin aige muis. Dheamhan ceo!
 
D'éirigh mé as an dole ar fad. Nach raibh sé chomh maith dhom ar scáth a raibh mé a fháil. Ní raibh agam ach roghain an dá dhíogha ar aon chor: a dhul amach ag obair i lár mo chruóige; sin nó é a chailleadh. Ba deacair do sheanduine bocht mar mise a dhul trí mhíle bealaigh ag obair ar bhóithrí maidin is tráthnóna. Is dona atá mé in ann a dhul chuig an ngarraí féin feasta choíchin
+
díol 2
Thabharfadh sé a dhíol le déanamh dhó é a leagan murach go raibh an stól sa mbealach. Mar a bhí sé féin, ní raibh tada le reic aige
TUILLEADH (2) ▼
An lá a ndeachaigh mé go Sasana an chéad uair, tháinig mé amach den traein ag Euston. Bhí an oiread Béarla agam agus go raibh mé in ann eolas an bhealaigh a chur, ach cén mhaith dhom sin agus nach raibh mé in ann focal ariamh dhá gcuid lapaireachta a thuiscint. Bhí canúint an diabhail orthu. Sin é an uair adúirt mise liom féin nach raibh de Bhéarla agam ach díol mo náire
Tá an cosán róchaol. Níl a dhíol bealach cairr ann
 
díon 1
Cró concrete é agus hé brí cén sórt suaitheadh a thug sé don choncrete nó cén bealach a ndearna sé é, níl díon an deoir féin sna ballaí. Shoraidh dhó nach ndearna cró cloiche. B'fhearr balla fuar go fada ná é siúd. B'fhéidir go mbeadh sé buille fuar, ach bheadh sé tirim. Dheamhan fuar a bheadh dó ach an oiread dhá mbuailtí le bualtraigh bó é mar a ghníodh na daoine ariamh. Tá chuile intreacht ag teacht amach anois, ach níl ina leath ach ealaín le dallamullóg a chur ar dhaoine. Sin é an méid
 
Dream an-díonmhar a bhí i muintir Ph. Mh. Mh. sin. Níor chuir a mháthair sin bean bhocht ón doras ariamh agus níor eitigh sí fear bóthair ná bealaigh faoi lóistín. Nach iad a thóg na G. bheaga sin chuile lá ariamh. Meas tú murach gurb iad an mbeidís beo. Bhí sé fánach acu
 
Bhí muid ag teacht as Árainn théis beithígh a thabhairt isteach ann. Oíche dhíotúil a bhí inti ar an bhfarraige — oíche dhíotúil as gaoth aduaidh, agus chaith muid an bealach ar fad a tornáil. Bhí sé ina lá gheal shul má rinne muid caladh
 
Má chloisim aon bhlas de do chuid diúgaireachta aríst go faoithin, bainfidh mé na scairteachaí asat le a mbuailfidh mé ort, creid mise dhuit ann. Thosaigh tú ansin théis am dinnéir nuair nach ligfí go L. in éindí leis an gcuid eile thú, agus go mbeifeá tite in do chnap shula mbeifeá leath bealaigh siar. Ligfear ann thú ach a mbeidh tú in ann a dhul ann. Ní ligfear go dtí sin
 
Bhí sé ag siúl soir agus anoir an bóthar agus a chaimín aige agus ba diúltach an dreach a bhí air. Ag tnúthán a bhí sé go gcasfaí aon chúpla an bealach, a bheadh ag cúirtéireacht. Dhá gcastaí gheobhaidís bata ar na dromáin. Diabhal bréag nach bhfaigheadh. Ar ndóigh sé atá siad a thuaradh dhóibh féin: ag imeacht ansin ar bhóithrí go dtí gairm na gcoileach. Is suarach an t-ionadh go mbíonn sé ag cur dhó chuile Dhomhnach. Faigheann sé a údar
 
Caithigí amach as an mbealach na dlaoiníní sin mura bhfuil sé de stuaim i gceachtar agaibh rópa a dhéanamh dhíobh. Níl aon ghnaithe ansin acu
 
dligh
Níor dhligh mise tada ó mhuintir Mh. Mh. ach an carthanas. Is mó a chuir mé ann ariamh dóibh ar chuma ar bith ná a chuir mé as dóibh. Ach siúd é aríst é. Féacha gur mé a bhualadh ba mhian leo a dhéanamh lá an aonaigh: agus gan a fhios cén fáth. Ní raibh mé ag cur acu (chucu) ná uathu ach ag tabhairt mo bhealaigh liom anoir abhaile, nuair a d'ionsaigh beirt bhromairí acu mé
 
Ná bac le dliteanais. Níor íoc an cneámhaire sin aon cheo i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Bheadh sé ag gealladh i gcónaí, agus ag iascach leis mar sin, nó go mbeifeá chomh meata sa deireadh aige agus go maithfeá dhó é. Chonaic mé S. Mh. ag dul chun dlí leis faoi luach cairr. M'anamsa ón diabhal gur chaith sé S. pé ar bith cén bealach a rinne dhó é. Chaith mo choinsias. Dheamhan comhaireamh na sop a fuair S. théis go dtug sé go seisiún é. An breitheamh a bhí bríbeáilte aige nó caoi eicínt. Ara bhí an-teacht i láthair ann agus níl aon duine beo nach mionnódh gurb í an fhírinne a bheadh aige nuair a thosódh sé ag ceartú dhuit
+
dlús
Tá an t-athair ag cur dlús leis an bpósadh. Deifir atá air go bpósa sé an mac siúd as an mbealach, faitíos go dtosódh sé ag stróiceadh ag iarraidh a dhul Sasana aríst
TUILLEADH (1) ▼
Tá rún agam dlús a chur le cuid mhaith den rud sin fhéin a dhéanamh amach anseo. Beidh mé ag stócáil, agus ag cur na leacrachaí sin soir ar an mbealach i leaba a chéile. Is mór an úis iad ansin